30.12.11

An fiú Gaeilge gan Gaeltacht?

"An bhagairt is cinnte agus is dainséarai do thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht...."

Bhí alt mhaith ag Conchubhar Ó Liatháin i nGaelscéal na Nollag faoin mbagairt is mó don Ghaeltacht agus saol na Gaeltachta dár leis. “Tá gluaiseacht na Gaeilge fós ag fidléireacht agus tinte á lasadh faoin bpobal teanga!” a deireann sé! Agus cad iad na tinte nach bhfuil aghaidh lucht na gluaiseachta tugtha dó? Na scoileanna! Tá sé fíor aige nach bhfuil rid ar bith ar shuíomh Conradh na Gaeilge faoi - ach i ndairíre ní fhéadfá "suíomh aighneachta" a thabhairt ar shuíomh mar an suíomh áirithe sin. D'fhéadfá a rá nach bhfuil a leithéad ag aon ghluiaseacht Ghaeilge nó Gaeltachta. (Tá sé foilsithe ar-líne anseo!)

"Tá líon mór scoileanna Gaeltachta ar liosta thargaidí na Roinne.
I mo cheantar féin, Múscraí, tá dhá scoil as seisear i gceist.
I gCiarraí, tá 13 as 14 i mbaol ag na ‘treoirlínte’ nua;
i nGaillimh tá 22 as 41 i gcontúirt agus
i Maigh Eo níl ach trí scoil as 24 slán.
I dTír Chonaill tá ocht scoil is fiche faoi bhagairt agus
tá dhá scoil as an trí cinn sa Rinn ar liosta thargaidí na Roinne.
 
Má dheineann tú do chuid matamaitice, tuigfidh tú go bhfuil beagnach leath de na scoileanna Gaeltachta sa bhearna bhaoil."
Bhí clár ar RTÉ inné faoin na hábhair a bhí á lorg ag an bpobal ar an idirlíon - an nuacht a bhí á lorg i rith 2011 (Béarla). Ar ndóigh níl an méid sin suíomhanna i nGaeilge le fáil ach tá siad ann! Rinne mé chuardach "Scoileanna Gaeltachta" - bain triall as - agus ar maidin inniú (29 Nol 2011) agus is beag tagairt d'fhadhb na scoileanna Gaeltachta atá ann ó ghluaiseacht ar bith! Is ceart dár ngluaiseacht a bheith "amuigh ansin" ag blagáil, ag agóid, ar facebook, ar twitter ar chuile diabhal meán sóisialta atá ann. Cuirtear réabhlóidí i gcríoch ansin!

Tá an-chuid faoin gCoimisinéir agus an phlean deireadh a chuir len a oifig siúid. Tá sé sin tabhachtach gan aon amhras. Ach is beag tabhacht a bheidh ag Coimisinéir muna bhfuil pobal Ghaeltachta agus Gaeilge ann. Le bheith "féarálta" bhí agóid déanta roimhe seo i gcoinne tuairimí "Snip" Mhic Charthaigh i dtaobh chúrsaí oideachas i 2009 ag Guth na Gaeltachta! Ach is léir anois go n-aontaíonn an Roinn Oideachas le Mac Carthaigh!

Is ionsaí ar saol agus pobal na Gaeltachta an plean seo gach scoil beag sa Ghaeltacht a dhúnadh tré nascadh a dhéanamh le scoileanna móra.  Ach baineann an scéal seo le níos mó ná an Ghaeltacht. Sa Chúradh Chonnachtach tá scéal a léiríonn cé chomh trom is a bheidh sé ar saol gach pharóiste ní hamháin sa Ghaeltacht ach i nGaillimh agus ar fud na tíre -"Fears for future of more than half of county’s small schools!" Breathnaigh ar an alt seo san Irish Times - "Save our small schools by applying good practice rather than cuts!" Agus é so i The Hidden Ireland!  90% of Gaeltacht Schools to close!


Thár n-ais chuig Conchubhair Ó Liatháin: "Mar gheall ar lofacht na mbaincéirí, na bhforbróirí agus míchumas agus mí-ionracas na haicme polaitiúla, tá éiric le díol ag ár bpáistí. Ní leor go mbeidh siad ag díol as an gcalaois ollmhór a deineadh orthu i gcaitheamh a saol oibre tré cháin, dhleachtanna is a leithéid, tá orthu tosnú anois agus iad fós ar scoil." Ar bhealach tá Rialtas na hÉireann ag díol fíor-shaibreas na tíre, Óige na hÉireann!

"Is léir ón méid atá le rá sa ráiteas a d’éisigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta (ní híoróin go dtí an teideal seo!) go bhfuil siad ag iarraidh na scoileanna beaga a dhúnadh agus níos mó páistí a bhrú isteach i scoileanna comhnasctha......An chosúlacht atá ar an scéal anois go bhfuil sé ina pholasaí ag an Roinn na scoileanna a dhúnadh le go múchfaí na pobail atá timpeall orthu...." Níos mó ná sin fiú "is cinneadh frith-oideachais é freisin – nó is fearr iad na scoileanna áitiúla chun oideachas a chur ar pháistí go háitiúil."

Is beag eagrais Gaeilge a léiríonn go dtuigeann siad an cinneadh seo! "...níl na mór-eagrais Ghaeilge tar éis ráitis a éisiúint nó agóidí a chur ar bun faoin gcinneadh seo de chuid na Roinne Oideachais." An t-aon eagrais go bhfios dom-sa a thuigeann an bagairt seo agus atá ag eagrú i gcoinne an cinneadh marfach seo, ESG - Eagraíocht Na Scoileanna Gaeltachta. Ach níl suíomh idirlíon acu! Tá an scéal ar Gaelscéal afach, "Scoileanna Gaeltachta i mbun feachtais in aghaidh ciorruithe!"


Nach ceart dúinn go léir dul taobh thiar den fheachtas seo ESG? 

Mar a deireann Ciarán Dunbar in alt eile "an é atá i ndán don Ghaeilge ná í a bheith ina teanga chultúrtha amháin? Gan í a bheith beo mar theanga phobail agus theaghlaigh, gan í a bheith mar ‘chaitheamh aimsire’ ach oiread, ach mar rud éigin idir eatarthu - ach ní mar chéad teanga labhartha?"

Mairfidh an Ghaeilge mar teanga chultúrtha ach an mairfidh sí mar teanga bheo? 
Share/Save/Bookmark

20.12.11

An dara rud! Páirt láidir a ghlacadh sa phróiseas athbhreithnithe.

Glacadh le dhá cinntí ag an gcruinniú sa bPillo i nGaillimh ar 2 Nollaig 2011 maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga agus an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá na príomh poinntí faoin gCoimisinéir luaite cheanna againn agus anseo tá na tuairimí faoin athbhreithniú a d'éirigh as an gcruinniú!

"Tá súil ag an Roinn go dtapóidh an pobal agus na príomhpháirtithe leasmhara eile an deis a gcuid moltaí faoin Acht a chur faoi bhráid na Roinne tríd an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí. Is é an 31 Eanáir 2012 an spriocdháta chun an suirbhé agus/nó an aighneacht a chur faoi bhráid na Roinne i nGaeilge nó i mBéarla."

Éamon Mac Niallais ag caint
ag an gcruinniú i nGaillimh

Is iad seo na cinntí a glacadh ag an gcruinniú sa bPillo i nGaillimh ar 2 Nollaig 2011 maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga agus an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003:

• Feachtas láidir a chur ar bun le hOifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil mar oifig neamhspleách.

Le déanamh:

Tá sé ríthábhachtach go labhróidh muid len ár bpolaiteoirí féin le hiarraidh orthu tacú leis an éileamh seo agus dul i bhfeidhm ar an Aire Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe, ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ar Aire Stáit na Gaeltachta.

• Páirt láidir a ghlacadh sa phróiseas athbhreithnithe.

Le déanamh:
Aontaíodh ar an lá go líonfadh gach duine suirbhé agus go bhfaigheadh gach duine deichniúr eile le suirbhé a líonadh.

Tuigtear go bhfuil roinnt oibre i gceist anseo ach is gá tarraingt le chéile leis an gcinneadh tromchúiseach a rinneadh maidir le hOifig an Choimisinéara a Teanga a athrú.

D'éirigh leis an bhfeachtas le stop a chur leis na moltaí chun deireadh a chur le hÚdarás na Gaeltachta agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta le cúpla bliain anuas. Is féidir mar sin an cinneadh seo a athrú chomh maith.
Aontaíodh ar an lá go líonfadh gach duine suirbhé agus go bhfaigheadh gach duine deichniúr eile le suirbhé a líonadh. Tuigtear go bhfuil roinnt oibre i gceist anseo ach is gá tarraingt le chéile leis an gcinneadh tromchúiseach a rinneadh maidir le hOifig an Choimisinéara a Teanga a athrú.

Tugadh roinnt nodanna agus moltaí ar chonas an suirbhé a líonadh. Is féidir é a líonadh ar líne nó pdf a íoslódáil ó suíomh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Ar bhealach tá sé níos simplí é a líonadh ar líne ach ansin níl aon taifead den rud a cuireadh isteach chucu. Mar sin déarfainn go mbeadh sé níos éifeachtaí é a líonadh ar an bhfoirm pdf agus chuir sa phost chuig an Roinn. Seo an foirm (agus seo i mBéarla é!).

Tá roinnt oibre i gceist anseo ach is gá dúinn tarraingt le chéile leis an gcinneadh tromchúiseach a rinneadh maidir le hOifig an Choimisinéara a Teanga a athrú. D’éirigh linn stop a chur leis na moltaí chun deireadh a chur le hÚdarás na Gaeltachta agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta le cúpla bliain anuas. Is féidir linn an cinneadh seo a athrú chomh maith.

Nuair atá sé lionta agat chuir ar aghaidh chuig Roinn na Gaeltachta, Na Forbacha, Co na Gaillimhe!


Seo na Moltaí:
Eolas don suirbhé i dtaca leis an Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
‘Tá an-deis againn an Acht a láidriú san athbhreithniú seo’
Tá roinnt nótaí thíos maidir le roinnt de na ceisteanna. Ní gá cloí leis na moltaí dar ndóigh ach tá cúpla pointe an-tábhachtach déanta iontu:

Ceist 1:
Cé hiad na comhlachtaí poiblí is mó a dhéanann tú teagmháil leo?
Tá an chéad cheist deacair le freagairt mar gheall go bhfuil seans ann nach raibh ort labhairt le Garda Síochána nó teagmháil a dhéanamh le Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte go fóill.
Moladh: Ní fiú ‘riamh’ a chur síos mar fhreagra má cheapann tú go mbeidh plé agat le pé comhlacht poiblí amach anseo ach ní raibh agat fós.

Ceist 4:
Céard iad na seirbhísí is tábhachtaí a mheasann tú gur chóir a bheith ar fáil i nGaeilge ó chomhlachtaí poiblí?
Níl aon rud mícheart má cheapann tú go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh gach seirbhís ar an liosta ar fáil i nGaeilge.
Moladh: Cuir tic i ngach bosca ‘An-tábhachtach’ má shíleann tú go bhfuil gach seirbhís an-tábhachtach, nó freagra eile

Ceist 5:
An bhfuil tú sásta leis an mbealach a gcuirtear na foilseacháin seo a leanas ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach ó chomhlachtaí poiblí?
Arís tá an cheist seo deacair le freagairt mar gheall go bhfuil seans ann nach raibh gá duit na foilseacháin sa liosta a lorg fós.

Ceist 7:
Ar mhian leat na foilseacháin oifigiúla seo a bheith ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach?
Arís, níl aon rud mícheart más mian leat go mbeadh na foilseacháin ar fad ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach.
Moladh: Cuir tic i ngach bosca ‘Gaeilge’ nó ‘Go dátheangach’ gur mhaith leat

Ceist 8:
Ar fearr leat foilseacháin oifigiúla a bheith ar fáil ar na bealaí seo a leanas?
Tá sé aisteach nach bhfuil rogha ‘d)’ ann, .i. ‘Leagan dátheangach ar fáil go leictreonach taobh le taobh faoi aon chlúdach amháin’. Mar eolas, beimid ag moladh go mbeadh gach cáipéis chorparáideach ar fáil go leictreonach taobh le taobh faoi aon chlúdach amháin. Sábhálfadh a leithead de mholadh na milliúin ar an Stáit gach bliain mar gheall nach mbeadh orthu na mílte cáipéis chorparáideach a chur i gcló1. D’fhéadfadh na comhlachtaí poiblí nó na leabharlanna cóipeanna aonaracha de na cáipéisí a chur i gcló ar ghnáth inneall fótachóipeála d’aon duine gan teacht ar ríomhaire.
Moladh: Bain úsáid as ‘Eile’ agus bain úsáid as ‘d)’ luaite thuas má aontaíonn tú lenár moladh.

Ceist 11:
Dá mbeadh an leibhéal céanna seirbhíse ar fáil duit i nGaeilge agus atá i mBéarla, arbh fhearr leat do chuid cumarsáide a dhéanamh i nGaeilge le comhlachtaí poiblí?
Moladh: Níl aon rud mícheart le ‘I gcónaí’ nó eile a roghnú do gach freagra más mian leat.
1 Dar ndóigh, tá argóint láidir ann nach léann mórán daoine na cáipéisí curtha i gcló i nGaeilge nó i mBéarla, agus dóibh siúd a léann go bhfuil sé i bhfad níos éasca teacht ar eolas i leagan leictreonach d’aon cháipéis mar gur féidir le duine cuardach a dhéanamh le haghaidh focail nó téarma go gasta

Ceist 12:
Céard iad na seirbhísí leictreonacha de chuid chomhlachtaí poiblí is mó a úsáideann tú?
Is trua nach bhfuil bosca nó ceist eile ann ar nós 'Dá mbeadh na seirbhísí leictreonach sa liosta thíos ar fáil an mbainfeá úsáid astu' cosúil le Ceist 11.
Moladh: Má aontaíonn leis an abairt thuas, d’fhéadfaí é a scríobh sa bhosca eile.


Ceist 13:
Má bhaineann tú úsáid as seirbhísí leictreonacha de chuid chomhlachtaí poiblí, an gnáth leat an leagan Gaeilge nó an leagan Béarla a úsáid?
Is trua nach bhfuil bosca nó ceist eile ann ar nós ‘Dá mbeadh na seirbhísí leictreonach sa liosta thíos ar fáil an mbainfeá úsáid astu' cosúil le Ceist 11.
Moladh: Níl aon rud mícheart le ‘Leagan Gaeilge i ngach cás gur ann dá leithéid’ nó eile a roghnú do gach freagra más mian leat.


Ceist 16:
Cé chomh tábhachtach is atá sé duit go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh Stáit a oibríonn sa Ghaeltacht nó a fhreastalaíonn ar phobal na Gaeltachta?
Is trua nach bhfuil ‘d)’ ann leis an rogha ‘Riachtanach’

Ceist 18:
Cé chomh tábhachtach is atá sé duit go mbainfí úsáid as Gaeilge agus Béarla araon maidir leis na nithe seo a leanas?
Is trua nach bhfuil comharthaí bóthair agus sráide mar dhá rogha éagsúla mar gheall nach dtagann comharthaí bóthair faoin Acht (d’fhéadfaí a mholadh gur chóir go dtiocfadh siad faoin Acht i bhfreagra 20 – Tuairimí Ginearálta).
Moladh: Níl aon rud mícheart má cheapann tú go bhfuil sé ‘An-tábhachtach’ go mbeadh an Ghaeilge in úsáid i ngach rud ar an liosta

Ceist 20:
Bhainfinn úsáid as níos mó seirbhísí Stáit trí Ghaeilge dá mbeadh
Ní chóir tú féin a theorannú go dtí seirbhísí amháin. Mar shampla, d’fhéadfaí moltaí a chur in iúl a bhaineann le infheictheacht na Gaeilge, mar shampla go mbeadh comharthaí bóthair na hÉireann dátheangach i gceart leis an nGaeilge ar chomh-mhéad leis an mBéarla ar aon chomharthaí nua amach anseo.
Moladh: Tá roinnt moltaí thíos más mian leat iad a úsáid:
• BA CHÓIR GO mBEIDH OIFIG AN CHOIMINÉARA TEANGA COINNITHE MAR OIFIG NEAMHSPLEÁCH
• Ba chóir go mbeadh seirbhís Ghaeilge ar an gcaighdeán céanna leis an tseirbhís Béarla ar fáil ó gach comhlacht poiblí ag feidhmiú sa Ghaeltacht do phobal na Gaeltachta
• Caithfear fógraíocht a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil ó chomhlachtaí stáit as Gaeilge
• Caithfear daoine a earcú le Gaeilge sna comhlachtaí stáit (ní gá go mbeadh Gaeilge ag gach fostaí nua, ach ba chóir go mbeadh céatadán den fhoireann le Gaeilge ann)
• Ní chóir go mbeadh comharthaí bóthair na hÉireann mar eisceacht faoi na rialacháin a bhaineann le comharthaíocht faoin Acht
• Ba chóir go mbeadh 20% den fhógraíocht déanta ag comhlachtaí poiblí sna meáin déanta sna meáin Ghaeilge
Share/Save/Bookmark

14.12.11

Práinn na Gaeilge! Cinneadh le n-athrú!

D'fhógair Aire Stáit na Gaeltachta go raibh tús á chur le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar an 03 Samhain 2011.

Éamon Mac Niallais ag caint
ag an gcruinniú i nGaillimh

Is iad seo na cinntí a glacadh ag an gcruinniú sa bPillo i nGaillimh ar 2 Nollaig 2011 maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga agus an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003:

• Feachtas láidir a chur ar bun le hOifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil mar oifig neamhspleách.

Le déanamh:

Tá sé ríthábhachtach go labhróidh muid len ár bpolaiteoirí féin le hiarraidh orthu tacú leis an éileamh seo agus dul i bhfeidhm ar an Aire Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe, ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ar Aire Stáit na Gaeltachta.

• Páirt láidir a ghlacadh sa phróiseas athbhreithnithe.

Le déanamh:
Aontaíodh ar an lá go líonfadh gach duine suirbhé agus go bhfaigheadh gach duine deichniúr eile le suirbhé a líonadh.

Tuigtear go bhfuil roinnt oibre i gceist anseo ach is gá tarraingt le chéile leis an gcinneadh tromchúiseach a rinneadh maidir le hOifig an Choimisinéara a Teanga a athrú.

D'éirigh leis an bhfeachtas le stop a chur leis na moltaí chun deireadh a chur le hÚdarás na Gaeltachta agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta le cúpla bliain anuas. Is féidir mar sin an cinneadh seo a athrú chomh maith.
D'fhógair an Rialtas ar an 17 Samhain 2011 áfach, go bhfuil sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a cuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil poiblí.
(Féach: Deireadh leis an gCoimisinéir Teanga! 17/11/2011; Croí na hAchta Teanga le baint ag an Rialtas! 17/11/2011; Caomhnaigh ár gCoimisinéir Teanga! 21/11/2011; Cosaint gan fhaisnéis! 29/11/2011; Cá seasann Fianna Fáil i dtaobh an Choimisinéara? 1/12/2011; agus i mBéarla: Government undermines language act 17/11/2011; Developing a language policy by hunch! 21/11/2011 agus an alseo san Irish Times (Béarla) Language experts question merger! 15/12/2011)

Cén fáth go bhfuil an cinneadh seo mícheart?
1. D’admhaigh Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil ar an 24 Samhain go bhfuil an baol ann go gcosnóidh an cinneadh seo airgead ar an Stát. (“B’fhéidir, nuair a bheadh an deireadh thart go gcosnóidh sé níos mó." Aire Shoisearach McGinley sa Dáil.)

 Leis an státchiste i gcruachás faoi láthair níor chóir aon chostas breise a chur air gur féidir a sheachaint. ("We all know that if, in our own lives, we are spending more than we are earning — we have a problem!" Taoiseach Éireann ina aitheasc (i mBéarla amháin) don phobal - Pobal an Bhéarla - níor labhair sé le poball na Gaeilge go fóill seachas tré chinntí bhorb gan miniú an Rialtais amháin?)

2. Níor tógadh san áireamh nuair a rinneadh an cinneadh go bhfuil conradh ag an gCoimisinéir Teanga le bheith mar choimisinéir neamhspleách go dtí 2016. Ní féidir, mar sin, cinneadh an Rialtais a chur i bhfeidhm i 2012 gan baol ann go mbeidh an Stát oscailte do chásanna dlí amach anseo.

3. Aithnítear go forleathan an Coimisinéir Teanga mar choimisinéir thar a bheith éifeachtach agus dinimiciúil atá molta ní hamháin dá chuid oibre le cearta saoránaigh a chosaint ach chomh maith mar dhuine réamhghníomhach i gcur chun cinn an dea-chleachtais teanga. Mar shampla, le déanaí d’fhorbair a oifig modúl ar chearta teanga go ginearálta le húsáid san idirbhliain in ár scoileanna dara leibhéal.

4. Tógadh an cinneadh faoi Oifig an Choimisinéara Teanga, atá croí-lárnach i gcur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, gan an próiseas comhairliúcháin poiblí a thógáil san áireamh. Tá go dtí 31 Eanáir 2012 ag an bpobal aighneachtaí a chur chuig Roinn na Gaeltachta. Níor chóir aon athrú a dhéanamh go dtí go bhfuil an t-athbhreithniú curtha i gcrích agus mianta an phobail tógtha san áireamh.

5. Níor aithin an Bord Snip Nua aon éifeachtúlacht le déanamh nuair a rinneadh measúnú ar Oifig an Choimisinéara Teanga agus níor mhol an tuairisc aon athrú i stádas na hoifige mar oifig neamhspleách. Níl Aire Stáit na Gaeltachta tar éis aon éifeachtúlacht a aithint chomh maith agus ní dócha go mbeidh aon ann nuair a thógtar san áireamh go bhfeidhmíonn Oifig an Choimisinéara Teanga go hiomlán trí Ghaeilge agus Oifig an Ombudsman trí Bhéarla. (Ait go leor níl a chuid dhualgaisí féin faoin Áct Teanga á chomhlíonadh ag Oifig an Ombudsman go fóil! "Tá comhlacht amháin a sheasann amach  ar liosta na gcomhlachtaí atá ag feitheamh ar scéim nua agus is é sin Oifig an Ombudsman.  D’imigh scéim teanga an Ombudsman in éag sa bhliain 2007. Díol spéise conas mar atá ag éirí leis an Ombudsman a dhualgais féin faoin Acht Teanga a chur i bhfeidhm- go háirithe más amhlaidh go mbeidh cúraimí an Choimisinéara teanga le cur faoina scáth."Gaelport 12/12/2011!)

6. Tá gach páirtí polaitiúil agus na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta tar éis tacaíocht a léiriú don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030. Aithnímid go mbeidh fadhbanna le maoiniú sa ghearrthéarma ach céard is fiú an bonn agus an dea-thoil a bhaint den straitéis leis an gcinneadh seo atá aitheanta nach ndéanfaidh aon choigilt don státchiste.

Céard atá le déanamh?
Creidim gur chóir don Rialtas na hargóintí geilleagrach chomh maith le mianta agus tuairim láidir phobal na Gaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, a thógáil san áireamh agus gur chóir tacaíocht a chur ar fail d’Oifig an Choimisinéara Teanga Tá muinín an phobail ag an oifig agus tá seirbhís an-éifeachtach curtha ar fáil ó bunaíodh é i 2004.


Is é, mar sin, an rud loighciúil agus ceart le déanamh ná an cinneadh a athrú láithreach.

Céard is féidir liom a dhéanamh?

An triúir a shabhálaigh Oifig an Choimisinéara Teanga?

Tá gá brú a chur ar an Aire Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin T.D., ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Séamus Ó Duibhneacháin T.D. ,  agus ar Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. leis an gcinneadh a athrú go práinneach in ionad moill a chur leis agus níos mó damáiste a dhéanamh d’éifeacht Oifig an Choimisinéara Teanga.

Share/Save/Bookmark

1.12.11

Cá seasann Fianna Fáil i dtaobh an Choimisinéara?

"Tá Fianna Fáil ag tacú le dúnadh Oifig an Choimisinéara Teanga," a deireann an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. "Tá sé ráite go soiléir i ndoiciméid réamh bhuiséad Fhianna Fáil go leanfaidís de pholasaí an Rialtais chun comhtháthú a dhéanamh ar na heagrais Stáit agus tá an comhnascadh idir Oifig an Choimisinéara agus Oifig an Ombudman mar chuid den clár sin."

Trevor le Martin McGuinness i nGaillimh
i rith feachtas Uachtarántachta.
Mar sin, dár leis, is cosúiul gur Sinn Féin an t-aon pháirtí i dTeach Laighean atá ag seasamh le stádas neamhspleách an Choimisinéara Teanga a choinneáil.

'Faoin mír maidir le 'Gearradh siar ar Chaiteachas' sa gcáipéis réamh bhuiséad a d'fhoilsigh Fianna Fáil inné, fáiltíonn siad roimh beartais an Rialtais maidir le líon na neagrais Stáit a laghdú. Tá an comhnascadh idir an Choimisinéara agus Oifig an Ombudsman lárnach sa bplean sin. Ní aontaíonn muidne i Sinn Féin leis an seasamh sin agus cuireann sé iontas orainn go dtacaíonn Fianna Fáil leis. Throid pobal na Gaeilge go láidir ar son Acht Teanga agus Oifig an Choimisinéara leis an Acht a chuir i bhfeidhm. Is léir nach raibh comhoibriú dhá fháil ag an gCoimisinéir ó na heagrais Stáit a bhfuil na dualgais teanga seo orthu. In áit díriú ar an easpa comhoibriú a cheartú sé'n chaoi a bhfuil na páirtithe eile ag iarraidh cumhachtaí na h-oifige a lagú', a deir Ó Clochartaigh, 'agus níl sé sin ceart ná cóir'.

Is ceart a rá gur shéan an TD Éamonn Ó Cuív ar Raidío na Gaeltachta ar maidin (1/12/2011) gur féidir an míniú sin a thabhairt ar an doiciméad áirithe sin. Tá Fianna Fáil i bhfabhar roinnt mhaith de na heagrais stáit a chomhnascadh ach ní luadh Oifig an Choimisinéara Teanga ina measc. Dúirt sé go bfhuil Fianna Fáil idir ceannaire agus baill glan ina choinne mar a léiríonn an géar-cheistiúchán a rinne Micael Kitt, urlabhraí FF ar an nGaeltacht sa Dáil le déanaí faoin ábhar.


Ostán Pillo, Gaillimh 2 Nollaig 2011 · 14:00 - 17:00
 
Béarla amháin!
Ait go leor nuair a chuamar chuig bheathfhaithnéis Trevor Uí Chlochartaigh ar shuíomh Shinn Féin is i mBéarla amháin atá sé. Mar atá ar leathanach Éamon Uí Chuív ar shuíomh Fianna Fáil.

Share/Save/Bookmark

30.11.11

Daichead a dó!

Seo íomha bunnaithe are chinn ón ngluaiseacht "Áitiú" (Occupy an Bhéarla!) casadh eile ar scéal na Gaeilge! Tá  sé bunaithe ar chinn atá foilsithe ar libcom.org (Béarla) agus occupypocatello.org (Béarla) cé go bfuaireamar é seo ón Sionnach Fionn (Béarla). Tá cinn eile aige anseo!

Tagraíonn an 42% ar ndóigh don an gcéatadán de mhuintir na hÉireann dúirt go raibh líofacht na Gaeilge acu nó a dúirt go raibh "roinnt" Gaeilge acu i nDaonáireamh 2006 na hÉireann. Tathar fós ag fanacht ar na figiúirí seo ón daonáireamh is déanaí (2011).

Ná déan dearmad ar an gCruinniú faoi Dhúnadh Oifig an Coimisinéara Teanga sa Pillo in nGaillimh ar an Aoine!
Share/Save/Bookmark

29.11.11

Cosaint gan fhaisnéis!

"Níl aon rud socraithe go fóill ach an cónascadh a dhéanamh!"- An tAire Stáit

Níl sé soiléir go fóill cén socrú atá beartaithe ag an rialtas maidir le ról Oifig an Choimisinéara Teanga amach anseo. Agus d’admhaigh Aire Stáit na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Dinny McGinley TD go raibh an chosúlacht ann nach mbeidh airgead le sábháil ag an Stát de dheasca an chinnte.

Is beag faisnéis a tháinig chun cinn maidir le fís an Raltais do ról an Choimisinéara amach anseo sa Dáil Déardaoin seo caite nuair a bhí an t-ábhar á phlé ach amháin gur chosain an tAire Stáit Dinny McGinley cinneadh an rialtais go láidir.

“Molaim go mór an obair atá á dhéanamh ag an gcoimisinéir agus molaim go mór go ndéanfar é a athcheapadh. Is oifigeach de chuid an Oireachtais é agus tá sé léirithe aige go dtí seo go bhfuil sé neamhspleách. Tá sé iontach tábhachtach gur mar sin a bheidh sé,”
Dinny McGinley ag caint sa Dáil ar an 18ú Feabhra 2010
In ainneoin gur fógraíodh go mbeidh an Oifig ag cónascadh le Oifig an Ombudsman, is cosúil go bhfuil deacrachtaí éigin ag baint leis an Oifig neamhspleách a dhúnadh i bhfianaise gur athcheapadh Seán Ó Cuirreáin mar Choimisinéir go ceann sé bliana eile i Mí Feabhra na bliana seo caite.

Cheistigh an Teachta Michael P Kitt éifeacht an chinnte nuair nach mbeadh aon airgead le sábháil go dtí 2016 agus mheabhraigh sé don Aire Stáit go raibh Coimisinéir Teanga nua-cheaptha sa Bhreatain Bheag.

D’admhaigh an tAire Stáit nach mbeidh aon chailliúint post i gceist mar is státseirbhísigh iad an fhoireann atá fostaithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga.

Bheadh leasú sa reachtaíocht ag teastáil chun an cónascadh a chur i gcríoch agus is cosúil go ndéanfar é seo tar éis an athbhreithnithe ar an Acht Teanga a gcuirfear i gcríoch i mí Eanáir 2012.

“ Déanfar iad a shocrú agus déanfar cinneadh ainsín i dtuilleamaí an phróisis athbhreithnithe athchóirithe.” a dúirt sé.

Labhair an tAire Stáit faoin gcúis ar ghlac an rialtas an cinneadh, agus dar leis bhí sé fréamhaithe go smior i gcuspóir an rialtais “na heagraíochtaí uilig a bhíonn ag plé le hábhair mar sin a chónascadh sa dóigh is go mbeidh sábhailt airgid ann nuair a bheidh seo curtha i gcríoch.”

Ach tháinig an cheist chun cinn arís níos déanaí sa díospóireacht Dála nuair a cheistigh Peadar Tóibín na sábháiltí a bheidh á dhéanamh ag an rialtas.

Bhí casadh eile ar an scéal áfach nuair a d’admhaigh an tAire Stáit nach raibh an méid airgid atá le sábháil chomh mór sin.“B’fhéidir, nuair a bheadh an deireadh thart go gcosnóidh sé níos mó. Tá an-chuid sonraithe le déanamh go fóill”, a dúirt sé.


Ostán Pillo, Gaillimh 2 Nollaig 2011 · 14:00 - 17:00

Share/Save/Bookmark

21.11.11

Caomhnaigh ár gCoimisinéir!

Tá cinneadh tubaisteach glactha ag an Rialtas le hOifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman. (Féach "Deireadh leis an gCoimisinéir Teanga?" 17/11/2011). Tá seo le bheith déanta in ainneoin gur fógraíodh athbhreithniú poiblí 15 lá ó shin maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, athbhreithniú go bhfuil ról agus feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga ag a chroílár.

Agóid Tobstailce @ Dáil Éireann

Eagraíodh agóid lasmuigh den Dáil an tseachtain seo caite le cur in iúl don Rialtas láithreach ár míshástacht agus uafás leis an gcinneadh glactha acu (grianghraif le feiceáil anseo) . Chomh maith leis sin éisíodh preasráitisí is ar an ábhar.

Creideann Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta araon  go bhfuil gá an cinneadh seo a throid agus brú damanta a chur ar an Rialtas go dtí go ndéanfar an cinneadh a fhreaschuir.

Bí ag an gCruinniúCláraigh anseo!
Chuige sin tá cruinniú eagraithe i nGaillimh ar an Aoine, 02 Nollaig, ag 14.00 in Óstán Pillo, Bóthar Áth Chinn (trasna ó Óstán Menlo Park) le cás Oifig an Choimisinéara Teanga agus an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a phlé. Ba mhaith linn feachtas láidir a aontú leis an méad is mó do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta taobh thiar de.


Share/Save/Bookmark

17.11.11

Croí na hAchta Teanga le baint ag an Rialtas

D'fhógair an Rialtas inniu go bhfuil sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil poiblí. (Féach ar "Deireadh leis an gCoimisinéir Teanga?")

"Tá an fógra seo ón Rialtas go bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách ar an gcinneadh is cúlaithí, is meathlaí dá bhfuil glactha ag Rialtas ar bith i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge le blianta fada anuas. Baineann níos lú céille fós leis an gcinneadh ó tá an Rialtas céanna tar éis athbhreithniú poiblí a fhógairt 14 lá ó shin maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, athbhreithniú go bhfuil ról agus feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga ag a chroílár. An bhfuil fiúntas ar bith ann don phobal páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo más rud e go bhfuil na cinntí déanta cheana féin?" a deireann Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge
"Ó ceapadh agus athcheapadh Seán Ó Cuirreáin ina Choimisinéir Teanga le déanaí, ní foláir a luaigh go bhfuil dul chun cinn dochreidte déanta ag an oifig s'aige i dtaca le monatóireacht ar chomhlachtaí poiblí lena chinntiú go gcomhlíonann siad forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá siad tar éis aon sárú den Acht a thuairisc an pobal dóibh a imscrúdú, agus tá siad tar éis comhairle den chéad scoth a chur ar fáil don phobal maidir lena gcearta teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Creideann pobal na Gaeilge i neamhspleáchas na hoifige, tá muinín acu aisti, agus tá seo anois á chur i mbaol ag an Rialtas."

Léirsiú ag Teach Laighin 17 Samhain
Arsa Éamonn Mac Niallais, Urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: "Tá sé dochreidte go bhfuil a leithéid de chinnidh á ghlacadh agus muid ag cur tús le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 de chuid an Rialtais. Níl bun ná barr leis an chinneadh agus beidh an-amhras go deo ar phobal na Gaeilge go bhfuil an Rialtas seo dáiríre faoi phleanáil go straitéiseach do phobal na teanga ar chor ar bith anois. Cén teachtaireacht atá seo ag tabhairt don Státchóras a bhfuil pobal na Gaeilge ag lorg a gcearta uaidh leis na cianta? 'Séard atá á rá nó nach bhfuil tábhacht leis an oifig neamhspleách seo agus de bhrí sin, nach bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí an Acht Teanga i bhfeidhm.

"Níl sábháil ar bith le déanamh. Ní chaillfidh duine ar bith a bpost. Le fírinne an scéil a insint, beidh costas breise ar an státchiste más amhlaidh go ndéanann siad iarracht an fhoireann reatha a bhogadh go hOifig an Ombudsman i mBaile Átha Cliath. Fiú nuair a bhreathnaigh an Bord Snip ar an cheist seo, mhol siad an Oifig a fhágáil mar atá. Tá roinnt ceisteanna le cur mar sin. Cé a rinne an moladh seo?  Cén chosaint a rinneadh laistigh den Roinn féin ar Oifig an Choimisinéara nuair nach bhfuil aon loighic ó thaobh sábháilteachtaí airgid leis an chinneadh? Cén dearcadh atá ag an Rialtas seo agus ag an Státchóras ar chearta na gcainteoirí Gaeilge in Éirinn?"

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag éileamh ar an Taoiseach agus ar an Tánaiste, atá spéis mhór acu beirt féin sa Ghaeilge agus i bpobal na teanga, an cinneadh seo a fhreaschuir agus tacú le hobair mhaith, éifeachtach, neamhspleách Oifig an Choimisinéara Teanga.
Share/Save/Bookmark

Deireadh leis an gCoimisinéir Teanga?

Fógraíodh go mbeidh deireadh le hOifig an Choimisinéir Teanga tré h-í a nascadh le Oifig an Ombudsman de réir an phlean nua faoi leasú na seirbhíse phoiblí a foilsíodh (i mBéarla amháin!) ar amháin ar ndóigh.
Seans go mbeidh roinnt sábháil i gceist leis an gcinneadh, ach caillfidh siad neamhspleáchas. Ach i ndairíre sé deireadh leis an gCoimisinéir atá i gceist!

Rud eile faoin bpáipéar ná go bhfuil an mírín faoin gCoimisinéara amháin dhá theangach. Cén fáth nach bhfuil na ranna eile (nó an páipéar ina iomlán) dhá theangach.

Feach an scéal leis ar shuíomh Foinse - Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh!

Tá roinnt oifigí eile stáit le nascadh leis an Ombudsman. Mar An Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CPSA), Ombusman do Leanaí agus Oifig an Chomisinéara Cosanta Sonraí.

Seo Ráiteas a éisíodh ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi:

  • Cúis mhór dhíomá do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge cinneadh an Rialtais feidhmeanna an Choimisineára Teanga a chomhnascadh le hOifig an Ombudsman. 

    D’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe inniu go ndéanfar feidhmeanna an Choimisineára Teanga a chomhnascadh le hOifig an Ombudsman faoi chlár athchóirithe na hearnála phoiblí mar chuid de bheartais an Rialtais comhlachtaí neamhspleácha Stáit a shruthlíniú.

    Ceapadh Seán Ó Cuirreáin ina chéad Choimisinéir Teanga de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar an 23 Feabhra 2004.  Tá sé ag tabhairt faoi obair na hoifige le dearcadh agus cur chuige stuama, praiticiúil, tomhaiste, ciallmhar ó shin i leith. 

    Tá toradh díreach na hoibre sin le feiceáil go soiléir sa dul chun cinn atá á déanta maidir le seirbhísí níos fairsinge agus ar chaigheán níos airde trí Ghaeilge a sholáthar don phobal ag na Comhlachtaí Poiblí faoin Acht Teanga. 

    Ag labhairt dó ag Tóstal na Gaeilge 2004 go luath i ndiaidh dá cheapachán mar Choimisinéir Teanga leag an tUasal Ó Cuirreáin béim ach go háirithe ar an dtábhacht a bhaineann le neamhspleáchas oifig an Choimisinéara faoin dlí.  Chuir sé in iúl go raibh mar aidhm aige go mbeadh Oifig an Choimisiéara Teanga ina hacmhainn ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta maidir lena gcearta a fháil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. 

    Tá an aidhm sin bainte amach agus á bhaint amach aige go laethúil i gcomhlíonadh a ndualgais mar Choimisinéir.

    Athcheapadh an tUasal Ó Curreáin do thréimhse eile 6 bliana ar an 23 Feabhra 2010.

    Ag tagairt do chinneadh an Rialtais fógartha inniu, dúirt Stiúrthóir na Comhdhála, Pádraig Mac Criostail go bhfuil “tús curtha le hathbhreithniú ar fheidhmiú an Achta Teanga ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le fíor-dhéanaí. Beag ciall atá ann, mar sin, réamhchinneadh a fhógairt maidir le hOifig an Choimisineára Teanga a bheidh go mór chun aidhleasa feidhmiú ar bhonn neamhspleách na hoifige sin, gan trácht ar an dtionchar diúltach ar chur i bhfeidhm an Achta Teanga a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an gcinneadh seo.  Is dócha gur féidir glacadh leis gur ar mhaithe le caiteachas ón gciste Stáit a laghdú an cinneadh seo, cé nach léir cén sábháil airgid a eascróidh as.” 

    Lorgóidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge cruinniú práinneach leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun impleachtaí an chinnidh seo agus cinntí eile faoin gclár athchóirithe a mbeidh tionchar acu ar chur chun cinn na Gaeilge a phlé leis.

Share/Save/Bookmark

15.11.11

Ciúnas timpeall ar an nGaeilge sa saol poiblí

Ba é an tOllamh Alan Titley a thug Léacht Nollaig Uí Ghadhra ag seimineár ar rialachas, idé-eolaíocht agus dlí-eolaíocht a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath thar an deireadh seachtaine.

Ciúnas!
“Tá ciúnas mór timpeall ar an nGaeilge in Éirinn inniu”,  dar leis agus nocht sé an tuairim nach raibh lárionad don Ghaeilge sa saol poiblí anois agus go raibh neamart iomlán déanta ar na  foinsí Gaeilge ag cuid mhaith de staraithe na tíre.

Luaigh sé chomh maith gur beag tagairt a bhí ann don teanga sna meáin Bhéarla.  Níos measa fós,  dar leis, tá “naimhdeas  fíochmhar" le brath i gcuid de na nuachtáin agus i measc aicmí áirithe sa tír, a dúirt sé.

I láthair ag an seimineár Dé Sathairn bhí Eoin Ó Murchú a thug faoin gceist chéanna ar bhealach eile agus a dúirt go raibh cogadh aicmeach ann. D’áitigh sé nach raibh cúis na Gaeilge mar bhunsprioc ag an bhuannaíocht anois in ainneoin an taighde a thugann le fios go bhfuil muintir na hÉireann báúil don Ghaeilge.

Labhair Áine Hyland, Ollamh Emeritus le hOideachas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh faoin gcóras pátrúnachta atá i bhfeidhm in Éirinn, córas nach bhfuil ann i dtír ar bith eile ar domhan dar léi.

Thug sí léargas ach go háirithe ar na forbairtí a thit amach ó bunaíodh an córas scoile náisiúnta le Litir Stanley sa bhliain 1831 leis an sprioc ‘to unite in one system, children of different faiths.’ Ní mar sin a tharla áfach agus thug sí léargas ar an gcoimhlint a bhain le scoileanna ilchreidmheacha agus idirchreidmheach a bhunú ó  thús na 70í.
Nocht sí an tuairim go mbeidh deacrachtaí ag an rialtas úr polasaí a chinntiú maidir le scoileanna náisiúnta ilchreidmheacha a bhunú ar láithreacha  ina mbíodh scoileanna caitliceacha ann . D’aontaigh an Roinn Oideachais gníomhas malartú sa bhliain 2002 le roinnt de na scoileanna caitliceacha, rud a chiallódh gurb é an t-oideachas caitliceach amháin a bheidh ar fáil ar shuíomhanna áirithe amach anseo.

Bhí reachtaíocht, cearta teanga agus an t-athbhreithniú ar Bhunreacht na hÉireann  faoi chaibidil ag Séamus Ó Tuathail, SC agus Tom O’Malley léachtóir Sinsearach le Dlí, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.
Ó pléadh tiontú oifigiúil na reachtaíochta sa Chúirt Uachtarach i gCás Uí Beoláin tá go leor tite amach sna cúirteanna agus sa Dáil maidir le ceist na reachtaíochta. 
Go dtí seo,  pléadh  tiontú Achtanna an Oireachtais agus  tiontú na nIonstraimí Reachtúla os comhair na gcúirteanna ach tá ceist ann fós maidir le Billí a aistriú go Gaeilge,  dar leis an abhcóide Séamus Ó Tuathail. 
Nocht sé an tuairim áfach go raibh cúrsaí ag dul i bhfeabhas sa tseirbhís chúirteanna – tá cuid de na breithimh cumasach go leor agus ar a gcompord leis an teanga agus le déanaí foilsíodh tuarascálacha oifigiúla i nGaeilge ar cheithre chúis Ghaeilge.

Bhí an t-athbhreithniú ar Bhunreacht na hÉireann mar atá geallta i gclár an rialtais á phlé ag Tom Ó Malley. Is iontach an deis atá ann plé poiblí a bheith againn maidir le luachanna an bhunreachta ach ba chóir dúinn a bheith cúramach maidir le leasuithe a mholadh, dar leis.
Mhol sé don chomhdháil bhunreachtúil díriú isteach ar cheisteanna práinneacha, an leasú bunreachtúil maidir le cearta leanaí agus ar athmhúnlú an tSeanaid i dtús báire.  “Caithfimid a bheith  cúramach gan a bheith ró-thoilteanach bunreacht a leasú”,  a dúirt sé.

Craolfar na léachtaí ar fad ar RTÉ Raidió na Gaeltacha amach anseo.

 ©Foilsithe ar Gaelport.com 15 Samhain 2011

Share/Save/Bookmark

11.11.11

Tuarascáil ar Chaiteachas Caipitil 2012-16

Ó thaobh an tuarascáil a dfhoilsigh an Roinn Airgeadais an tseachtain seo ar chaiteachas caipitil do na blianta 2012-16, ní féidir a rá ag an am seo, cé na himpleachtaí a bhéas aige don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.  Nuair a foilsíodh na figuirí deireannacha i mí Iúil 2011, bhí an Ghaeltacht agus an Ghaeilge faoi chúram na Roinne Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais & Gaeltachta
Caiteachas Caiptil 2008-2016 (EURMillliúin)

Ins an tuarascáil úr seo, tá an Ghaeltacht sa rannóg céanna le cursa ealaíona agus oidhreachta.  (Maith dúinn an Bhéarla!)

ARTS HERITAGE AND GAELTACHT

Capital expenditure in this area will focus in particular on supporting jobs in the film & TV sector and in the Gaeltacht. It will also seek to target investment in priority areas in the cultural and heritage sectors that can support cultural tourism as one of the most important elements of Ireland's tourism product. Other investment will help to ensure continued implementation of EU Directives and support waterways development in the context of the implementation of the Good Friday/St Andrew's Agreements. Table 12 Arts, Heritage and Gaeltacht Programme Investment 2012-16.


Infrastructure and Capital Investment, 2012-16

Mar sin de agus de bharr nach bhfuil aon bhriseadh síos ar fáil taobh istigh dén rannóg é féin, sé sin cén méíd d'allúntas na roinne a chaitear ar chúrsaí Gaeltachta go sonrach, beidh orainn fanacht go dtí Cainfhaisnéis 2012 i mí na Nollag leis na himpleachtáí do leithéidí Údarás na Gaeltachta a mheas.

Ráiteas ó Ghuth na Gaeltachta

Share/Save/Bookmark

3.11.11

Plean forfheidhmithe na straitéise

Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh Phlean forfheidhmithe na Straitéise

Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh fhoilsiú Phlean forfheidhmithe na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta don bhliain 2011 maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030. 

Leagtar amach i dtéarmaí ginearálta an dul chun cinn atá déanta ag an Roinn faoin bplean forfheidhmithe maidir le bunú na struchtúr eagrúcháin agus oibríochta is gá chun go mbainfear amach spriocanna na Straitéise, chomh maith le frámaí ama, nó ar a laghad dátaí tosaithe do roinnt de na céimeanna ar gá a thionscain chuige sin. 

Tugann an Chomhdháil suntas ar leith don tagairt sa phlean forfheidhmithe do na nithe seo leanas:
    • Dréachtbhille Gaeltachta le hullmhú faoina gceapfar forálacha reachtúla, i measc eile, do:
            o shainmhíniú nua ar an nGaeltacht bunaithe ar chritéir theangeolaíocha;
            o phróiseas pleanála teanga faoina ndéanfar pleananna teanga a ullmhú ag leibhéal an phobail do gach limistéar Gaeltachta;

            o chineál nua de cheantair ‘Gaeltacht gréasáin’ a bheidh lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta reachtúla atá ann faoi láthair;
    • Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 faoi Chlár an Rialtais 2011 – 2016 atá le tionscnamh an mhí seo.
    • Scéim nua le teacht i gcomharbacht ar Scéim Labhairt na Gaeilge le fógairt i mí na Nollag 2011.

Ag tagairt go sonrach dó do na nithe áirithe sin, dúirt Stiúrthóir na Comhdhála, Pádraig Mac Criostail gur “bearta príomha iad seo nach mór a chur i bhfeidhm anois chun úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di a threisiú agus chun céim mhór a ghlacadh i dtreo bhunaidhm na Straitéise a bhaint amach. Níl aon amhras ach go gcabhraíonn foilsiú an phlean seo leis an Straitéis a choinneáil i mbéal an phobail agus tá oifigigh na Roinne le moladh as an gcur chuige oscailte seo”. 

Beidh foriomlánú le déanamh ar an bplean forfheidhmithe maidir le heilimintí tábhachtacha na Straitéise, ar a n-áirítear leithdháileadh na n-acmhainní a bheidh de dhíth chun spriocanna na Straitéise a bhaint amach, maraon leis na nósanna imeachta monatóireachta agus athbhreithnithe, luachála agus modhnaithe.  Beidh an Chomhdháil ag tnúth le foilsiú an eolais sin gan rómhoill.
Share/Save/Bookmark

11.10.11

Díospóireacht TG4

Seo pictiúir íontach a chuir Ciarán Ó Brolcháin ar facebook agus é ag caint faoin díospóireacht uachtarántachta atá le bheith ar TG4  - "Tá siad ag teacht..." Ní gá a thuilleadh a rá!
Beidh an clár ar siúil ar an 18ú lá Deireadh Fomhair 2011.
Share/Save/Bookmark

28.9.11

Yu ming sa rang!


Tabharfar deis do gach dalta scoile dara leibhéal in Éirinn foghlaim faoi chearta teanga i dtionscnamh nua ilmheánach oideachais a d’fhorbair Oifig an Choimisinéara Teanga agus a sheol an tAire Stáit Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., i nGaillimh inniu/inné (27 Meán Fómhair 2011).

Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh léargas a thabhairt ar chearta teanga go ginearálta agus ar chás na Gaeilge go háirithe, i gcomhthéacs chearta an duine. Sraith de cheachtanna scoile agus tionscadail dhátheangacha atá ann a mhúinfear mar chuid de chúrsa an Teastais Shóisearaigh san Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitiúil (OSSP). Leabhrán do mhúinteoirí, CD Rom, DVD de ghearrthóga físe, póstaeir agus acmhainní ar líne atá i gceist. Tá cóipeanna á ndáileadh faoi láthair ar chuile scoil dara leibhéal sa tír.

Pléitear ann na buntáistí agus na dúshláin a bhaineann leis an ilteangachas agus scrúdaítear Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe. Taispeántar an gearrscannán Yu Ming is Ainm Dom, scannán a insíonn scéal an ógánaigh ón tSín a d’fhoghlaim Gaeilge mar ullmhúchán dá thuras ar Éirinn ach a mbíonn deacrachtaí cumarsáide aige i dtús aimsire go dtí go n-aimsíonn sé post mar fhreastalaí beáir sa Ghaeltacht.

Úsáidtear íomhánna a bhaineann le féiniúlacht náisiúnta i bhfíseán a léirigh Nuacht TG4/RTÉ le fuaimrian le The Coronas (Béarla) mar chuid de cheacht ar chultúr agus náisiúntacht. Baintear leas as sraith tasc-chartaí i gceacht ina n-iarrtar ar daltaí gnéithe de shaol na hÉireann a mhíniú do chuairteoir Marsach agus bunaítear ceacht eile ar fhorbairt comharthaíocht agus stáiseanóireacht dhátheangach.

Rinneadh tástáil ar an iarracht seo mar ‘thionscnamh píolótach’ i 15 scoil ar fud na hÉireann anuraidh agus baineadh úsáid as an aiseolas a tháinig dá bharr sin le barr feabhais a chur air. Is féidir é a mhúineadh trí Ghaeilge, trí Bhéarla nó go dátheangach de réir mar a oireann do scoileanna, múinteoirí nó ranganna ar leith.

“Thar rud ar bith eile ba cheart do gcinnteodh an tionscnamh seo go dtugtar comhthéacs d’fhoghlaim na Gaeilge do dhaltaí agus go mbeadh tuiscint agus meas acu ar an gcoincheap a bhaineann le cearta teanga” dar leis an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. Dúirt sé “go bhféadfadh an iarracht seo a bheith ar an tionscnamh is tábhachtaí ag a Oifig ó bunaíodh í má chiallaíonn sé go mbeidh an tábhacht atá le cearta teanga á teagasc do líon suntasach daltaí gach bliain.”
Mheabhraigh sé do na daltaí a bhí i láthair ag an ócáid seolta ó Choláiste na Coiribe i nGaillimh go raibh muintir na hÉireann ina gcosantóirí ag an nGaeilge agus iad ag caomhnú gné thábhachtach d’oidhreacht an domhain atá faoi bhagairt.

Agus é ag seoladh an tionscnaimh dúirt an tAire Stáit Gaeltachta, Donncha Mac Fhionnlaoich TD, go raibh súil aige go gcuideodh sé le daltaí scoile forbairt a dhéanamh ar a bhféiniúlacht féin mar shaoránaigh i dtír a bhfuil dhá theanga oifigiúla aici agus go méadódh sé a dtuiscint ar a thábhachtaí agus atá cosaint agus cur chun cinn ár dteanga náisiúnta. Tá an acmhainn oideachais ar chearta teanga á dáileadh le tacaíocht ó COGG, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Dúirt Príomhfheidhmeannach COGG, Muireann Ní Mhóráin, go raibh súil aici go mbainfeadh múinteoirí úsáid iomlán as an acmhainn a thug gach deis dóibh tuiscint ar chearta teanga a chur ar chlár oibre an chórais oideachais ar bhealach a d’fhágfadh gur buntáiste mór é do dhaltaí. Painéal de mhúinteoirí OSSP a d’fhorbair an t-ábhar le cabhair ó raon leathan eagraíochtaí ar a n-áirítear an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (Béarla) de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, COGG, Nuacht TG4/RTÉ agus tuilleadh nach iad.
Share/Save/Bookmark

16.9.11

MFG san Oireachtas!

Cailleadh 130 postanna go tobann, gan coinne sa Chomhlucht Meitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG) ar an 7ú lá Meán Fomhair 2011.

Árdaíodh an cheist seo sa Dáil agus sa tSeanaid:

15 Mean Fomhair 2011 sa Dáil:

• Deputy (sic) Éamon Ó Cuív:
Mar is eol don Aire Stáit, d’éirigh MFG as trádáil gan choinne an tseachtain seo caite. Bhí iniúchadh a chur mé féin ar bun á dhéanamh ar gnóthaí MFG. Bhí an tuarascáil sin réidh roimh an Aire nuair a tháinig sé isteach sa Roinn. Ba mhaith liom i dtosach báire ceist a chur ar an Aire Stáit faoin eolas a bhí ag an Aire maidir leis na fadhbanna a bhí in MFG agus, go deimhin, na céimeanna a bhíá ghlacadh ag an Roinn agus ag an Aire chun déileáil leis na fadhbanna sin, a bhí ar eolas acu. Is dóigh liom nach dtuigeann an Aire an caillteanas mór atá i gceist sa chinneadh a rinneadh an tseachtain seo caite, ó thaobh cailliúnt seirbhísí agus postanna de.


Sa tSeanaid!
20/9/2011
An Cathaoirleach: I have also received notice from Senator Trevor Ó Clochartaigh of the following matter: (sic)
"Ar an gá don Aire Chomhsaol Pobal agus Rialtas Aitiúil soléiriú stádas na noibrithe i Meitheal Forbartha na Gaeltachta, agus cad atá i ndán dóibh ó thaobh dlí de, agus cad atá an Roinn tar éis a dhéanamh, nó atá sé d’intinn don Roinn a dhéanamh, chun leasa agus cearta fostaíochta na noibrithe a chosaint...
..I regard the matters raised by Senator Ó Clochartaigh as suitable for discussion on the Adjournment and they will be taken at the conclusion of business. (sic)


Ag deireadh an lae:
Senator Trevor Ó Clochartaigh: Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Tá beagán díomá orm nach bhfuil an tAire ó hÓgáin anseo leis an gceist seo a fhreagairt mar is ceist fíor-thábhachtachí i gcomhthéacs na Gaeltachta í agus sílim go bhfuil ceist le freagairt aige.

Táim ag caint faoi Meitheal Forbartha na Gaeltachta, MFG. Go minic nuair a bhíonn jabanna á chailliúint ar fud na tíre, feiceann muid Airí agus Airí Stáit ag léimneach suas agus anuas agus ag déanamh scéal chailleach an uafáis os comhair na ceamaraí teilifíse agus raidío, ach is beag caint atá déanta faoi MFG. Tá 130 jabanna sna ceantair Gaeltachta ag imeacht mar gheall ar an teip atá ar an gcomhlacht seo agus tá ceisteanna tromchúiseacha le freagairt faoi sin. Tá sé curtha in iúl go rí-mhinic agam féin agus ag daoine eile go raibh deacrachtaí le Meitheal Forbartha na Gaeltachta le roinnt blianta anuas. Go deimhin, d’ordaigh an t-iar Aire go ndéanfaí cúpla iniúchtaí ar an gcomhlacht ó thaobh chleachtais bainistíochta an bord stiúrtha agus iad a chomhlíonadh, na dualgais, cúrsaí airgeadais agus mar sin de.

Chonaic muid an tseachtain seo caite go bfhuil an comhlacht le scor, go bhfuil na jabanna le n-imeacht, go bhfuil cuid de na cláir le cur in áit éiginnte agus nach bhfuil sé soiléir cén todchaí a bheidh ag an chuid eile. Tá imní orainn ó thaobh na daoine atá fostaithe sna comhlachtaí, ach imní orainn freisin i dtaobh na daoine ar a bhfuil na cláir seo ag freastal. Le coicís anuas, táim ag iarraidh soiléirithe a fhail ó Phobal, ón Roinn agus ón gcomhlacht féin faoi céard atá ag tarlú. Tá faitíos orm go bhfuil daoine ag dul ar chúl sceiche le cuid den scéal seo.

I will revert to English to make this point. I believe there is significant buck passing happening in the Meitheal Forbartha na Gaeltachta scenario. We have the Department funding programmes through Pobal to the independent company, Meitheal Forbartha na Gaeltachta which operates State-funded programmes. When one asks MFG what is going on, one is told it is a question for Pobal. When one asks Pobal, it says it cannot say anything until it talks to the Department and when one talks to the Department, one is told it is an issue for the independent company, Meitheal Forbartha na Gaeltachta. This is completely unacceptable. There are 130 jobs in the balance but this has not made the media headlines it should have and when I have asked for answers, they have not been forthcoming.

We have been raising serious governance issues about this company for quite a long time. As far back as three years ago, the directors of the company were written to by certain parties warning them of their responsibilities as directors with regard to the governance of the programmes they administer. These are all State sponsored programmes. Three of these programmes were audited approximately a year and a half ago by Pobal, but the report has not been published despite our calls for its publication. I have seen a copy of the report and it raises massive issues regarding the governance of the company. Why did the Department and the Minister not step in sooner? Why has Pobal not acted and why was the board of directors of Meitheal Forbartha na Gaeltachta not held to task before we ended up in a scenario where the company is to close down - I believe there is talk of it being liquidated - and 130 jobs are to go? It is an incredibly serious issue and the people of the Gaeltacht are dismayed and angry that the reaction to the news has been so slow and muted.


Sin í mo cheist agus sin an fáth gur chuir mé an cheist. Cuirfidh mé fáilte roimh an freagra ón Aire Stáit.
Deputy Willie Penrose:
The Minister is away on Government business and cannot be here.

Meitheal Forbartha na Gaeltachta Teoranta, MFG, is an independent company with its own board of management and memorandum and articles of association which has responsibility under company law for the proper stewardship of the company. My Department has no role in the internal operations of local development or partnership companies and, therefore, does not have a role in staff matters, which are for the board of the company as the employer, to manage.

Pobal, which manages programmes on behalf of the Department, commenced an audit of MFG in January 2010. The audit findings and associated recommendations were notified to MFG in June 2010. An independent executive, Mazars, was appointed by Pobal to MFG on 30 June 2011 to examine the outstanding audit issues and to identify suitable mechanisms for their resolution. The executive presented its interim findings to Pobal in mid-August 2011 and presented its recommendations and progress to the board of MFG on 7 September 2011. The final status on the recommendations was scheduled to be presented by the independent executive to Pobal by 30 September 2011.

MFG has confirmed that its board, on examination of the company’s financial situation, took the decision to cease trading as of 4 p.m. on 7 September 2011 on the basis of insolvency. The board has also confirmed that all staff contracts have been terminated since the board meeting. The Department and Pobal met with MFG and the independent executive, Mazars, on 9 September 2011 to establish the facts with regard to the specific decisions taken by the company and on its progress on implementing these decisions. The company was strongly encouraged to avail of financial advice alongside the legal advice, which it was stressed was imperative, and it was encouraged to access the same immediately. It also committed to immediately effect all other necessary work to meet its statutory obligations with regard to staff. It was agreed at that meeting that MFG would take full legal advice on the necessary steps in this process and ensure it fulfils all statutory duties in that respect. The Department and Pobal are awaiting a written update on the implementation of this work. Pobal will continue to offer any appropriate support to aid this work. In parallel, my Department and Pobal are examining mechanisms to support the continuation of services previously supplied by MFG within the Gaeltacht areas. However, it should be noted that MFG is a private limited company and it is beyond the remit of my Department to direct the business of such a company in any way. It is the responsibility of the company’s board of directors to fulfil all its obligations under company and employment law. As the Senator will know, the issue of employee rights is the responsibility of the Department of Jobs, Enterprise and Innovation while responsibility for welfare rights rests with the Department of Social Protection.


Senator Trevor Ó Clochartaigh:  I understand the Minister of State is saying that he has no right to interfere with an independent company, but the programmes are State programmes that are directed by the Department. Guidelines are laid down for the proper implementation of the Leader programme, the LCD programme, the CSP programme, etc. Does the Minister of State agree that this gives him a right and that the Department should have stepped in sooner? If it had a report in June 2010 that showed up such deficiencies in the company, why did he not act sooner so that, instead of the jobs going, the company could perhaps have been salvaged and the jobs saved?

Deputy Willie Penrose:  This is an issue I will follow up in the context of the particular matter the Senator has raised. 

Tabhair faoi dearadh nár labhair an tAire Stáit abairt amháin i nGaeilge.
Tá práinn le réiteach a fháil ar na fadhbanna seo. Creidim gurb é an bealach is fearr ar aghaidh ná teacht ar réiteach eatramhach ar na fadhbanna. Tógadh an cinneadh Dé Céadaoin seo caite agus bhí cruinniú Dé hAoine seo caite idir an Roinn, Pobal agus MFG. De réir mar a thuigim é, ní raibh an tAire i láthair - níor b’fhiú don Aire bheith i láthair nuair a bhí an cheist fíor-thábhachtach seo don Ghaeltacht á phlé. Ba mhaith liom míniú a fháil ón Aire, a bhfuil freagracht air i dtaobh na ceiste seo, cén fáth nach raibh sé i láthair ag an gcruinniú sin. Ba mhaith liom eolas a fháil ar céard atáá dhéanamh, nó céard atá beartaithe le déanamh, chun déileáil leis an gceist seo anois, agus cad atá i gceist a dhéanamh chun na seirbhísí seo a chur ar fáil arís agus poist a chaomhnú.

Tá sé thar a bheith tábhachtach, in aon socrú nua a dhéanfar, go gcuirfear na seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge. Bunaíodh Meitheal Forbartha na Gaeltachta chun déanamh cinnte go mbeidh seirbhísí ar fáil do Ghaeilgeoirí na Gaeltachta ina dteanga fhéin. Ní bheadh sé sásúil dom, nó do phobal na Gaeltachta, dá smaoineófaí ar na seirbhísí sin a chur ar fáil in aon teanga eile. Ba mhaith liom a dheimhniú go bhfuil sé i gceist ag an Aire casadh le bórd iomlán MFG. Cén uair atá sé i gceist aige casadh leo? Cad iad na socruithe atá i gceist a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh na cláracha Leader agus LCDP, agus na cláracha eile a bhíá reachtáil ag MFG, ar fáil do phobal na Gaeltachta amach anseo?

• Deputy (sic) Fergus O’Dowd:
Ba mhaith liom freagra a thabhairt don Teachta. Tá sé an-thábhachtach go réiteofaí an cheist práinneach seo ar son muintir na Gaeltachta, go háirithe. Tá an Aire agus an Roinn ag déanamh a ndícheall lá agus oíche chun an scéal seo a socrú, i dtreo is go gheobhaidh gach chuid de gach Gaeltacht sa tír an buntáiste atá ag teastáil ón airgead seo. Is é sin an bun-aidhm atá againn ar an taobh seo den Dáil. Tá súil agam go bhfuil an Teachta Ó Cuív ag cabhrú linn sa mhéid sin.

Mar is eol don Teachta, is comhlacht é Meitheal Forbartha na Gaeltachta atá ag obair sna Gaeltachtaí i gCorcaigh, Ciarraí, Dhún na nGall, Gaillimh, Maigh Eo, an Mhí agus Port Láirge. This company operates a number of programmes on behalf of the Department of the Environment, Community and Local Government, agus Ranna eile. Tá an comhlacht seo ag obair sa Roinn ina bhfuil mé i mo Aire Stáit. The programmes that are being delivered from my Department are rural walkways, rural development programmes and the local and community development programme. Is comhlacht neamhspleách lena mbord fhéin é MFG. Tá dualgaisí aige ó thaobh company law de. It - bord an chomhlacht -  has responsibilities under company law with regard to the proper stewardship of that company.

Níl aon baint ag an Roinn leis na rudaí inmheánacha atá ar siúl i measc na gcomhlachtaí seo, ach go háirithe. Dá bhrí sin, níl aon ról ag an Roinn in relation to rudaí inmheánacha, go mórmhór na daoine atá ag obair ionta agus na rudaí a bhaineann leo. Tá an dualgas iomlán ar an mbord na rudaí sin a réiteach agus a chur chun cinn, más féidir. Mar is eol duit, a Theachta, Pobal, which manages the Local and Community Development Programme on behalf of the Department, commenced an audit of MFG in January 2010. The audit findings and associated recommendations were notified don comhlacht sin in June 2010.

An independent executive, Mazars, was appointed by Pobal to MFG on 30 June 2011 to examine the outstanding audit issues and identify suitable mechanisms for their resolution. The executive presented their interim findings to Pobal in mid-August 2011 and presented their recommendations and progress to the board of MFG on 7 September 2011. The final status on the recommendations was scheduled to be presented by the independent executive to Pobal by 30 September 2011.


LCDP funding was temporarily extended to September 2011 to facilitate the completion of the final report. MFG has confirmed that its board, on examination of the company’s financial situation, took the decision to cease trading as of 4 p.m. on 7 September 2011 on the basis of insolvency. The board has also confirmed that all staff contracts have been terminated since the board meeting.

On 9 September, a meeting was held with representatives from the Department, Pobal, Mazars and MFG. This meeting was used to gain clarifications on the specific decisions taken by the company and on its progress on implementing these decisions. The company was strongly encouraged to avail of financial advice, alongside the legal advice which, it was stressed, is imperative immediately. It also committed to effect all other necessary work to meet its statutory obligations.

It was agreed that MFG would take full legal advice on the necessary steps and that the company would ensure it is fulfilling all statutory duties relevant to its situation. The Department and Pobal are awaiting a written update on this work.

Deputy (sic) Éamon Ó Cuív:
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire ach, in ndáiríre, níor fhreagair sé na buncheisteanna. An chéad cheist, muna n-éiríonn le MFG ord a chur a a chuid gnóithe céard iad na socruithe eile atá i gceist a dhéanamh leis na seirbhísi a chur ar fáil don phobal, is é sin, seirbhísí chomhlucht Leader agus LCDP, an local community and development programme? Ar ndóigh tá an comhlucht neamhspleách. Ach muna bhfeidhmíonn sé de réir critéir na Roinne níl sé neamhspleách, mar tá an Roinn ag tabhairt a gcuid airgid. Mar sin, muna bhfuil sé ag feidhmiú cad iad na malairt socruithe atá i gceist a dhéanamh le déanamh cinnte go mbeidh na seirbhísí seo ar fáil do phobal na Gaeltachta? Bhí dóthain ama agus dóthain fógra go raibh an fhadhb seo ann.

An dara rud, an bhféadfadh an t-Aire a dheimhniú dom go raibh an dliteanas ar fad a tharraing an trioblóid seo ag dul don Stáit? I gcás amháin, tá ordú Ard Chúirte go gcaithfear duine áirithe a íoc agus ní raibh aon rogha ag an Stáit ach aisíoch a dhéanamh ag MFG i dtaobh an duine sin. De bhreis ar sin, de réir mar a thuigim is dliteanas de thart ar €100,000 é, de réir tuairiscí. An bhféadfadh an t-Aire a dheimhniú gurb shin an dliteanas atá i gceist? Cuireann sé iontas orm nach rabhthas in ann teacht ar shocrú leis an gcomhlucht maidir leis an €100,000 sin agus déanamh cinnte go leanfadh an comhlucht ag déanamh na hoibre a raibh sé ceapaithe a dhéanamh ar son phobal na Gaeltachta.

Níor thug an t-Aire aon fhreagra céard atá i gceist a dhéanamh. Ta pobal na Gaeltachta gan na seirbhísí seo. Cén uair ar féidir linn a bheith ag súil go mbeidh na seirbhísí seo ar fáil do ghnáth mhuintir na Gaeltachta atá ag braith ar na seirbhísí seo agus atá ag fanacht ar chúnamh airgid nach bhfuil ar fáil anois.

Deputy (sic) Fergus O’Dowd:
Tá sé an-tábhachtach go mbéadh na seirbhísí sin ar fáil ins na gaeltachtaí chomh luath agus is féidir iad a bheith ann. Tá sé an-thábhachtach go mbéadh an Roinn ag déanamh a dhícheall chun na seirbhísí a chur ar fáil, más rud é nach bhfuil an comhlucht in ann é sin a dhéanamh.

Tá an Roinn ag déanamh a dhícheall. It is currently working on both long-term and short-term solutions to ensure the continued delivery of the programme for rural and Gaeltacht areas. At this stage, is féidir liom geall a thabhairt gur féidir aon project promoter who already has contractual commitments under RDP to have his or her contract honoured. Tá sé sin thar a bheith soiléir anois.

I assure the Deputy that the intention is to find an efficient and effective solution that can be applied at the earliest opportunity. My Department would be happy to brief Deputies from Gaeltacht areas to ensure they are fully informed at every stage of this process, which is critical for the Gaeltacht.

The funding that MFG has been given to spend in 2011 amounts to €1.8 million. It is also contracted to deliver other services between 2007 and 2013. The financial allocation to MFG over the programme period to the end of 2015 will be more than €17 million. Tá sé an-thábhachtach ar fad go mbéadh an t-airgead caite san áit cheart. Déanfaidh mé sár-dhícheall go dtarlóidh sé sin.


Deputy (sic) Éamon Ó Cuív: An féidir leis an Aire a dheimhniú gur €100,000 atá i gceist, give or take?

15 Meán Fomhair 2011 sa tSeanaid.

Senator (sic) Trevor Ó Clochartaigh:
Ba mhaith liom mo dhíomá a léiriú mar gur gealladh dúinn, nuair a bhíomar ag scor, go mbéadh díospóireacht ar na healaíona ar siúl inniu ach níor tharla sin. Deirtear liom go mbeidh sé ag tarlú an tseachtain seo chugainn. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ar sin, mar tá cuid mhaith grúpaí ealaíne atá ag súil leis an díospóireacht sin.

Ar ábhar i bhfad níos tromchúisigh, fad is atá muid ag geadsaíocht anseo tá 130 post idir dhá cheann na meá ins na ceantair Gaeltachta i Meitheal Forbartha Gaeltachta. Ba mhaith liom leasú a iarraidh ar Riar na hOibre inniu le go dtiocfadh an t-Aire, an Teachta Phil Hogan, isteach sa Teach le míniú dúinn céard tá ag tarlú.

I call for an amendment to the Order of Business. As we sit here, 130 jobs in Gaeltacht areas are on the brink of disappearing. Last week, Meitheal Forbartha na Gaeltachta, a company fully funded by the State, had a board meeting at which the members discussed advice by management consultancy Mazars that the company should close because it was trading in a way it should not. The board took a decision that day to cease trading immediately. The manager rang a number of employees to ask them to tell their colleagues they no longer had jobs. In the interim, there were meetings between officials from Pobal, under the aegis of the Department of the Environment, Community and Local Government, and members of the board of directors and ex-management of this company. Up to half an hour ago, none of the employees of this company had been given any notification of where they stood. They cannot collect their dole or use their mortgage protection plans, and they really do not know what to do.

Some of the people concerned are employed under FÁS schemes, and they were told yesterday to go back into work today under these FÁS schemes, although when we sought clarification from FÁS we were told there was no contract for these people to be at work and that they would not be covered by insurance if they did go to work. It is a serious matter. All the funding for this company comes from the State. It is under the aegis of the Minister. These jobs could be saved and the company could be put right. The reason the company is in trouble is bad management, as highlighted by a number of audit reports done by Pobal. We have asked for these reports to be published but they have not been. However, I have seen a copy of one report, and it is a damning indictment of the company.


An Cathaoirleach:  
Can the Senator reiterate his proposed amendment to the Order of Business?

Senator (sic) Trevor Ó Clochartaigh:
I propose that we call on the Minister, Deputy Hogan, to come to the House to clarify what his Department intends to do to save the 130 jobs at MFG. This needs to be done immediately because the people concerned are in limbo. It is simply not acceptable. The company has been given ample time to act but it has not done so. This is a matter of great urgency.

-)•(-

An Cathaoirleach:
Senator Ó Clochartaigh has proposed an amendment to the Order of Business: “That statements on the imminent closure of the Meitheal Forbartha na Gaeltachta company in County Galway be taken today.” Is the amendment being pressed?

Senator (sic) Trevor Ó Clochartaigh:  
Yes.


Amendment put (sic):

The Seanad divided (sic):
Tá, 17; Níl, 26.


Share/Save/Bookmark

14.9.11

Saoirse teanga?

Bhí orm breathnú ar shuíomh Údarás Chuain Caerdydd (Cardiff Harbour) ar maidin agus mé ag déanamh taighde. Go bhfios dom níl mórán Breatnais le cloisint sa chathair sin i gcomparáid le tuaisceart na Breataine Bige agus mar sin chuir sé íontas orm go raibh leagan Breathnaise den súiomh ann. Agus níos mó ná san ní sop in áit na scuaibe atá ann. Is leagan Breatnaise dairíre atá ann.

Rinne mé comparáid leis an suíomh atá ag Comhlucht Chalafort Átha Cliath agus taobh amuigh de leagan Gaeilge d'ainm na chomhluchta, gur leis an stáit í, níl fiú focal amháin Gaeilge ann.

"Mór mo náir...." mar a dearfadh an Cailleach fadó!
Share/Save/Bookmark

30.8.11

Tumoideachas i dTír Chonaill

Leabhair do pháistí ó Futa Fata



Tá tús curtha inniu ag trí bhunscoil Ghaeltachta san Iarthuaisceart leis an tumoideachas ins na naíonáin bheaga; Scoil Rann na Feirste, Scoil Dhoire Chonaire agus Scoil Chaiseal na gCorr.  Séard atá i gceist go bunúsach leis seo nó nach mbeidh na scoileanna seo ag tosnú ar theagasc an Bhéarla leis na daltaí go dtí na naíonáin mhóra ar a laghad.  Déanann muid comhghairdeas leis na tuismitheoirí, na Boird Bhainistíochta agus na múinteoirí ins na scoileanna seo a ghlac an cinneadh dearfach seo.

Is cinnte ón taighde idirnáisiúnta agus náisiúnta atá déanta ar an tumoideachas, ní amháin go bhfuil sé chun leas na mionteanga (an Ghaeilge) ach go mbíonn torthaí foghlama níos airde á mbaint amach ag na daltaí ins an dá theanga.  Mar sin de, is chun leas an pháiste atá an cleachtas seo.

Tá buíochas ag gabháil d'Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus COGG a d'eagraigh seimineár do lucht teagaisc na scoileanna Gaeltachta san Earrach ar an ábhar seo.  Chomh maith le sin, d'eagraigh siad seisiúin eolais do na Boird Bainistíochta agus cúrsa traenála do mhuinteoirí ar fhoghraíocht na Gaeilge.  Tá seacht mbunscoil eile i gCatagóir A san Iarthuaisceart agus tuigeann muid go bhfuil cinneadh le déanamh go fóill ag roinnt acu seo agus tá súil againn go nglacfaidh siad uilig an cinneadh céanna.

Tá sé fíorthábhachtach dúinn mar phobal Gaeltachta na céimeanna dearfacha seo a ghlacadh le léiriú go bhfuil muid dáiríre faoi thodhchaí na teanga a chinntiú.  Tá géarchéim ann ó thaobh úsáid na Gaeilge i measc aos óg na Gaeltachta; ní réiteach na faidhbe ann féin atá sa tumoideachas ach is cinnte gur cuid den réiteach é. 
Share/Save/Bookmark

28.7.11

Seimineár oibre ar phleanáil sa phobail

Aontas Phobal na Gaeilge ag nascadh geallsealbhóirí na teanga le chéile sg seimineár oibre ar phleanáil sa phobail



Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn.

Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d’fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

Déanfaidh an tAontas freastal ar éilimh ghluaiseacht na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann sna sála ar fhógra na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) (Béarla) go mbeadh ar Fhoras na Gaeilge iarratais mhaoinithe a lorg ón earnáil dheonach ó “Eagras amháin (nó b’fhéidir líon teoranta eagras, […]), le ról ionadaíochta, scaipeadh eolais, abhcóideachta agus soláthar acmhainní agus tacaíocht, don earnáil go hiomlán” ar an 02 Nollaig 2009.

Leanfaidh Aontas Phobal na Gaeilge leis an obair reatha atá ar bun ag eagrais chomhaontaithe an Aontais, agus cuirfear leis an gclár oibre sin. Forbrófar ar an obair reatha stocaireachta agus abhcóideachta; leagfar béim ar thábhacht an aistriú teanga ó ghlúin go glúin; eagrófar scothfhéilte náisiúnta a dhéanfaidh an Ghaeilge a cheiliúradh go poiblí; reáchtálfar comórtais teanga náisiúnta agus idirnáisiúnta; cinnteofar deiseanna forleathan foghlamtha Gaeilge; agus cothófar deiseanna nuálacha úsáidte teanga. Seo a leanas cuspóirí straitéiseacha Aontas Phobal na Gaeilge:


1. Comhphlean, struchtúr, acmhainní daonna agus fisiciúla a chinntiú d’fheidhmiú an Aontais;
2. Cumas labhartha agus foghlama, seachadadh agus sealbhú na Gaeilge a fheabhsú agus a neartú;
3. Úsáid na Gaeilge i measc an phobail a mhéadú;
4. Stádas, íomhá, cearta agus feasacht na Gaeilge a aithint agus a leathnú;
5. An t-aistriú teanga ó ghlúin go glúin ar bhonn uile-Éireann a chothú; an Ghaeltacht a chaomhnú agus a fhorbairt; agus gréasáin Ghaeltachtaí nua a fhorbairt mar thearmainn teanga.

Cuireann Aontas Phobal na Gaeilge luach ar shaothar dhaoine deonacha na hearnála agus cinnteofar tacaíocht ghairmiúil saineolach leanúnach d’oibrithe deonacha, móide fóram neamhspleách mar thacaíocht don sár-obair a thugann an duine deonach faoi, ar son na Gaeilge.
Tiocfaidh pobal na Gaeilge le chéile ag seimineár oibre san Óstán Menlo Park, Bóthar Áth Cinn, Cathair na Gaillimhe, Dé hAoine, 30 Meán Fómhair 2011, chun moladh a réiteach don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó Dheas, don Roinn Cultúrtha, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh, agus d’Fhoras na Gaeilge a chuimseodh a gcuid mianta pleanála agus a thógfadh mianta pleanála an phobail san áireamh.

Seo an chéad imeacht oifigiúil arna eagrú ag Aontas Phobal na Gaeilge (APG), eagras Gaeilge nua-nasctha ina bhfuil Comhluadar, Comhaltas Uladh, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge ag obair le chéile ar gnéithe éagsúla d’fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail, ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.
Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Ó tá athruithe móra ag teacht ar an gcóras maoinithe in earnáil na Gaeilge, agus ar na bealaí go bhfuil an dá rialtas thuaidh agus theas ag tabhairt faoin nGaeilge a chur chun cinn, tá Aontas Phobal na Gaeilge go láidir den tuairim gur ghá go mbeadh gach cuid de phobal na teanga pro-ghníomhach agus ag obair go dlúth le chéile lena chinntiú go mbíonn ionchur comhtháite, céillí, comhsheasmhach againn sa phróiseas.”

Dá réir, tá seimineár oibre á eagrú ag Aontas Phobal na Gaeilge i nGailllimh chun naisc a aimsiú idir na spriocanna sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ó Dheas agus scéimeanna nua uile-oileánda Fhoras na Gaeilge, go háirithe i leith bhunú gréasáin Ghaeltachta agus pleanáil sa phobal ar bhonn réigiúin.

Dúirt Feargal Ó Cuilinn, Stiúrthóir Comhluadar: “Tabharfaidh an seimineár oibre Gaeilge seo deis do dhaoine ag obair leis an bpobal ar an talamh - idir dhaoine deonacha agus oibrithe gairmiúla araon - teacht le chéile chun deiseanna a aimsiú sna beartais fhiúntacha phobail atá le léamh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 don deisceart, agus molfar áit dóibh sa phleanáil bheartaithe i samhail nua mhaoinithe Fhoras na Gaeilge don tír iomlán.”

Beidh oifigigh i láthair ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó Dheas le labhairt leis an slua maidir le Bunú Gréasáin Ghaeltachta, agus Ceathrú na Gaeltachta ag an seimineár, chomh maith le hionadaí ó Fhoras na Gaeilge a thabharfaidh léargas ar aidhmeanna agus spriocanna pleanáil de réir réigiúin. Beidh cainteoir neamhspleách ann ar an lá freisin, chun amharc neamhchlaonta a thabhairt ar na naisc agus na deiseanna féideartha don phobal in earnáil na Gaeilge.
Share/Save/Bookmark