31.3.14

Toscaireacht ó Chonamara le stocaireacht a dhéanamh ar na gCoiste Comhairleach!

Tá sé socraithe ag toscaireacht ó Chonamara taisteal go Bailr Átha Cliath ar an gCéadaoin seo chugainn (2 Aibreáin 2014) le stocaireacht a dhéanamh ar ionadaithe atá roghnaithe ag na heagraíochtaí éagsúla Gaeilge is Gaeltachta ar Coiste Comhairleach (Féach Tic Toc...coiste eile 28 Márta 2014) atá á bhunú ag Roinn na Gaeltachta.

Litir don Aire Stáit 23 Feabh 2014
An tseachtain seo tháinig freagra i bhfoirm litreach ón Aire Stáit Mc Ginley ar an achainí a leagadh isteach sa Roinn dhó ar an 23 Feabhra, tar éis an máirseáil ó Oifig an Choimisinéara Teanga go Ceanncheathrú Roinn na Gaeltachta. Sa bhfreagra tugtar le fios go bhfuil an Coiste Comhairleach atá bunaithe ag Roinn na Gaeltachta le bheith mar 'chéad chéim sa phróiséas plé' maidir leis na héilimh atá ag lucht labhartha na Gaeilge.

Ach deireann Donncha Ó hÉallaithe, urlabhraí an grúpa a dhréachtaigh an achainí ar an Aire, go bhfuil sé tábhachtach nach mbeidh lámha an Choiste Comhairleacht ceangailte ag na téarmaí tagartha atá leagaithe síos ag an Roinn don choiste agus go mbeidh deis ag an gComhairle buaileadh le chéile níos minicí ná uair sa ráithe faoi cathaoirleacht neamhspléach.

"Tá sé tábhachtach chomh maith go mbeidh deis ag an gCoiste Comhairleach nithe a chur ar an gclár oibre as nós na leasaithe a theastaíonn a bheith curtha ar Acht na Gaeltacht 2012 agus an gá práinneach atá le Bord Oideachais don Ghaeltacht, má tá aon rath le bheith leis an bpleanáil teanga, sa mhéid bheag den Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt."

Seo píosa ó Julian de Spáin, Rúnaí Chonradh na Gaeilge,  faoin gcruinniú: Beidh an chéad chruinniú de Coiste Comhairleach faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar siúl Dé Céadaoin ag 11.00. Mar a luamar cheana féin, beidh le feiceáil an ionann an coiste seo agus an struchtúr a bhí ag teastáil uainn, i. an mbeimid in ann mianta an phobail a chur chun cinn ann agus go mbeidh gníomh déanta orthu go sásúil. 
Is féidir aon mholtaí don chruinniú a chur chuig an Chonradh féin. (mar eolas, tháinig na moltaí seo a leanas ó Dhonncha Ó hÉallaithe cheana féin: 

  • (i) cathaoirleach neamhspleách ach rúnaíocht ón Roinn; 
  • (ii) castáil le chéile ar a laghad uair sa mhí, ní uair sa ráithe, mar atá ráite; 
  • (iii) cead fochoistí a chur ar bun faoi gnéithe éagsúla, mar shampla Teorannacha na Gaeltachta, Cúrsaí Oideachais sa Ghaeltacht, Leasaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla etc.)"

Share/Save/Bookmark

28.3.14

"Tic! Toc!" - Coiste eile....

"....idir an dá linn, tic-toc, tá an t- am ag sleamhnú agus más fíor gur go mall a mheileann muilte Dé, is léir gur níos moille fós a mheileann muilte an státchórais, go speisialta i réimse na teanga."

"..tá an t- am ag sleamhnú.."
Seo mar a labhair Seán Ó Cuirreáin ós comhair Choiste Oireachtais i mí Eanáir faoin Straitéis 20 Bliain: "...tá mé go mór in amhras an gcreideann fiú na daoine sin a bhfuil cúram oifigiúil orthu i dtaca le feidhmiú na Straitéise agus na pleanála teanga ina gcroí féin go bhfuil aon seans dáiríre ann go mbeidh rath nó dea-thoradh go cinnte ar na beartais seo. Agus mura gcreideann an lucht ceannais féin é, bhuel, cinnte le Dia, níl mórán cúis ag aon duine eile é a chreidiúint: ní féidir reachtaíocht shóisialta a chur i bhfeidhm mura bhfuil muinín agus tacaíocht an phobail i gcoitinne aici."

Coiste eile!
Anois tá Coiste Comhairleach eile bunaithe ag Roinn na Gaeltachta. Seo é an toradh ar an agóid i mBaile Átha Cliath ar an 15 Feabhra agus ar an máirseál ar an 23 Feabhra ó Oifig an Choimisinéara go Ceanncheathrú Roinn na Gaeltachta. Níl amhrás ar bith gur bealach é seo leis an ngaoth a bhaint amach as na seolta.

Ar an gcoiste beidh ionadaithe óna heagraíochtaí Gaeilge móra agus ó roinnt eagraíochtaí Gaeltachta: Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta, Muintearas, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Comhar Naíonraí na Gaeltachta, Óige na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta.

Níl aon áit ar an gCoiste Comhairleach seo do ionadaí ó Thuismitheoirí na Gaeltachta (a bhí an-ghníomach sa dá máirseáil), ó na heagraíochta pobail éagsúla, ó Mná Tí na Gaeltachta, ó Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus coistí deonacha eile sa Ghaeltacht.

Is sean chleas ag an státchóras nuair a tháinig brú orthu faoi rud éicint, coiste a bhunú, faoi cheannas an státchórais agus ní tharlaíonn tada.


Beidh chéad chruinniú den Coiste Comhairleach seo ar an gCéadaoin, 2 Aibreán ag 11.00 ag oifigí Roinn na Gaeltachta, 23, Sráid Chill Dara i mBaile Átha Cliath!

Toscaireacht!
Tá toscaireacht bheag ag dul ann ó Ghaeltacht Chonamara le stocaireacht a dhéanamh ar na ionadaithe éagsúla, atá ceapaithe ar an gCoiste Comhairleach, lena a chur ina luí orthu, gur cheart go mbeadh an coiste in ann cuid dena ceisteanna atá ag déanamh imní dona daoine a bhí ar an máirseáil ar an 23 Feabhra agus a leag isteach sa Roinn an litir achainí don Aire Stáit Dinny Mc Ginley, curtha ar chlár an Choiste Comhairleach: Acht na Gaeltachta 2012 mar shampla agus an gá atá le Bord Oideachas don Ghaeltacht. 

Share/Save/Bookmark

23.3.14

Bhfuil Fianna Fáil dairíre faoin nGaeilge?


Seo mar a labhair Micheál Martin ag Ard Fhéis a pháirtí i leith na Gaeilge:

"Táid ann a chaitheann le háit na gaeilge i saol Náisiúnta na hÉireann mar iarsma stairiúil.

Ní fhéad faidís a bheith níos faide ón bhfírinne. Seo ré le beatha agus fuinneamh nua i ndán don teanga.

Sa lá atá inniu ann, tá níos mó ná caoga míle duine óg ag fáil oideachais trí mheán na gaeilge i scoileanna timpeall na tíre. Ba chóir go mbeidís agus na teaghlaigh lena mbaineann siad, in ann gnó a dhéanamh leis an gcóras stáit sa teanga inar tógadh iad.

Is bunphrionsabal daonlathach chearta daonna é agus is cuid bhunúsach d`fhorbairt shochaí a léiríonn meas ar chultúr a muintire.

A chairde, nuair a bhíonn ar an gCoimisinéir Teanga cinneadh a dhéanamh gur chóir dó éirí as oifig mar agóid, tá rud éigin ar strae ar fad maidir le polasaí an rialtais.

Beidh Fianna Fáil ag troid agus ag seasamh an fhóid i gcoinne mheath agus lagú cearta bunúsacha teanga atá ag saoranáigh na tíre seo i ngach cuid den oileán."

Agus seo an leathanach "Gaeilge" ar shuíomh Fhianna Fáil ar líne ar maidin:



Share/Save/Bookmark

13.3.14

Straitéis aithrithe ina chorpán!

Is léir ón "díospóireacht" a bhí ag an Coiste Oireachtas i leith na Straitéise 20 Bliain go bhfuil aithrithe suntasach deanta ag an Rialtas ar an Straitéis gan dul chuig, agus uaireanta i ngan fhios don Oireachtas.

Dúirt Seán Ó Cuirreáin nach raibh fhios aige cad a bhí ag tárlúint,  "An bhfuil an Straitéis á cur i bhfeidhm? Níl a fhios agamsa. Agus, i gcead daoibh mar Fhochoiste, ní shílim go bhfuil a fhios agaibhse ach an oiread mar nach bhfuil aon iniúchadh ná léirmheastóireacht neamhspleách á dhéanamh ar fheidhmiú na Straitéise."

Nuair a bhí an Aire Stáit, agus ní Aire Sínsearach é, ós comhair an Choiste bhí sé soiléir nach raibh an Rialtas ag claoí leis an straitéis fiú ar eagrú na straitéise. Seo mar atá scríofa faoi "Struchtúir Feidhmithe" sa straitéis!

"Seo a leanas na príomhstruchtúir a bheidh ag an Rialtas chun an Straitéis a sheachadadh:

"• Déanfaidh an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, a mbeidh an Taoiseach ina chathaoirleach air, maoirseacht ar an dul chun cinn agus tabharfaidh sé tuairisc don Rialtas mar is gá.Níl aon tuairisc ar aon cheann de na cruinnithe seo! Táid faoi rún! (rúndacht comh-aireachta)

"• Tacóidh Grúpa Oifigeach Sinsearach a bheidh comhdhéanta d’oifigigh ardleibhéil ó Ranna cuí leis an gCoiste Rialtais.Ní fios dúinn mórán faoi seo ach an oiread! Cé h-iad baill an Grúpa seo má táid ann?
"• Beidh Aire sinsearach agus Roinn Rialtais (an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta) ar a mbeidh lárfhreagracht maidir le cúrsaí Gaeilge fós ann.Níl Aire Sinsearach ann!
Is cosúil nach bhfuil an Roinn seo freagrach ach as a chuid dualigaisí féin - Dúirt an Aire Stáit go bhfuil go leor le déanamh aige seachas bheith freagrach as dualgaisí aon roinn eile!

"• Déanfar pleanáil agus feidhmiú na Straitéise a threorú ó Aonad Straitéise laistigh den Roinn sin. Beidh foireann thiomanta ann agus sannfar dualgais agus róil feidhmithe do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe mar is gá."Níl Aonad Straitéise faoi leith sa roinn dár leis an Aire Stáit!

Níl ach mírín beag scrúdaithe ag an gCoiste Oireachtais agus ní deas an pictiúir atá á léiriú ag an iniúcadh sin. Mar a dúirt an saineolaí teanga Dr John Walsh, "Is geall le corpán an Straitéis 20 Bliain anois agus tá an Ghaeilge níos imeallaí ná riamh sa státseirbhís”. 

Mar adúradh ag an gCoiste is gá dul tré an straitéis, focal ar fhocal agus tá súil agam go mbeidh toradh ar an iniúcadh sin - má thárlaíonn sé!
Share/Save/Bookmark

12.3.14

Coimisinéir nua ceaptha!

Cheap Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, an tUasal Rónán Ó Domhnaill ina Choimisinéir Teanga tráthnóna inniu.

Ag labhairt dó i ndiaidh a cheapacháin in Áras an Uachtaráin, dúirt an tUasal Ó Domhnaill gur ‘pribhléid agus onóir mhór’ dó a bheith ceaptha ina Choimisinéir Teanga.

“Tá an-áthas orm gur ceapadh tráthnóna mé mar Choimisinéir Teanga agus táim ag súil go mór le tabhairt faoin ról ríthábhachtach seo," arsa an Coimisinéir nua. Tá sé i gceist agam an fód a sheasamh do phobal na Gaeilge, a gcearta teanga a chosaint gan chamadh gan chlaonadh agus na dualgais reachtúla atá anois orm a chomhlíonadh le fuinneamh agus le díograis. Tuigim go rímhaith go bhfuil dúshláin nach beag romham agus roimh Oifig an Choimisinéara Teanga sna blianta atá amach romhainn, ach creidim go láidir gur dúshláin iad seo ar fiú dul i ngleic leo ar mhaithe leis an nGaeilge, le pobal na Gaeilge agus le pobal na hÉireann.”

Ghabh an tUasal Ó Domhnaill buíochas speisialta leis an iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. “Ba chúis uchtaigh agus mhisnigh dom an chabhair a chuir Seán Ó Cuirreáin ar fáil dom ó ainmníodh mé mar Choimisinéir Teanga agus gabhaim buíochas ó chroí leis as an tacaíocht spreagúil sin. Gabhaim buíochas freisin le foireann Oifig an Choimisinéara Teanga as an bhfáilte chroíúil a chuir siad romham.”

Insealbhú Rónáin Uí Dhomhnaill (RnaG)
Ghabh Rónán Ó Domhnaill buíochas freisin le hAire Stáit na Gaeltachta, an Teachta Dála Dinny McGinley, agus leis an Rialtas as ucht é a ainmniú mar Choimisinéir Teanga. Ghabh sé buíochas chomh maith leis an Dáil agus an Seanad as glacadh leis an ainmniúchán sin d'aon ghuth agus leis an Uachtarán as é a cheapadh go hoifigiúil tráthnóna in Áras an Uachtaráin.

Tá Rónán Ó Domhnaill 38 bliain d'aois. Is as an gCeathrú Rua ó dhúchas dó agus le seacht mbliana anuas d’oibrigh sé mar Chomhfhreagraí Polaitíochta le Nuacht RTÉ/TG4 agus mar bhall d'Aonad Polaitíochta RTÉ. Tá sé pósta leis an iriseoir Irene Ní Nualláin agus tá beirt chlainne orthu.

• Insealbhú an Choimisinéara (Gaelport, 13/3/2014)


Share/Save/Bookmark

9.3.14

Glas agus Gaelach?

Ritheadh an rún seo a leanas le móramh mór ag Ard-Fheis an Chomhaontais Ghlais i mBaile Átha Cliath i rith na Deireadh Seachtaine.

"Déanann an Comhaontas Glas cáineadh géar ar an mbéalghrá, neamhréir agus bac leanúnach i gcur chun cinn na Gaeilge ag an Stát, i measc polaiteoirí agus lucht na státseirbhíse araon. 


Tá sé seo á dhéanamh againn mar thoradh ar éirí as an Choimisinéara Teanga mar agóid i gcoinne thoirmeasc an Stáit in aghaidh soláthar bunseirbhísí Gaeilge do chainteoirí Gaeilge, easpa shoiléir chur i bhfeidhm/chomhordú na Straitéise Náisiúnta 20 Bliain don Ghaeilge, agus mar gheall ar an scéal atá faighte againn faoi phlean an Rialtais maolú a dhéanamh ar an reachtaíocht ar chomhionannas teanga atá i bhfeidhm faoi láthair. 

Anuas air sin, ar mhaithe le cabhrú le deireadh a chur leis an mbéalghrá agus fimíneacht stairiúil i leith na teanga sa saol poiblí a bhfuil an oiread sin dochair déanta acu do chás na teanga, tiomnaím an Comhaontas Glas é féin do chur i bhfeidhm Cairt Teanga cheangailteach taobh istigh den pháirtí i mbliana, d’fhonn dátheangachas agus fíor-chomhionannas teanga a dhaingniú taobh istigh dár bpáirtí féin do dhá theanga oifigiúla an stáit." (Seo Preasráiteas faoin rún ar shuíomh an Pháirtí Féin!)


Má leanann siad an moladh seo nach gearr go mbeidh an Comhaontas Glas mar ceann ródaí i measc na páirtithe eile ag tabhairt a h-áit ceart do Teanga Náisiúnta - an teanga is sine atá á h-úsáid mar teanga phobal sa Eoraip. 

Is léir nach ó na páirtithe éile, is chuma cé chomh díograsach is atá baill aonrach sna páirtithe sin, a thiocfaidh an ceannaireacht sin má fhéacann tú ar na staitisticí seo. Tá comhairthí maith ann mar tá leagan Gaeilge dá bpolasaíthe do Cháin Fhaisnéis 2014 agus faoin Athchóiriú Seanad Éireann foilsithe cheana féin i nGaeilge ar a suíomh, cé go bhfhuil an suíomh féin i mBéarla amháin. 

Cá bhfios go ceann bliana beidh, "fíor-chomhionannas teanga.." daingnithe ar a suíomh, "...do dhá theanga oifigiúla an stáit."
Share/Save/Bookmark

4.3.14

Mugadh magadh, briolla brealla, bréaga nó freagraí cinnte?

Tiocfaidh an tAire Stáit don Ghaeltacht, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., os comhair dhá Choiste Oireachtais i rith na seachtaine seo.

Ar an gCéadaoin (5 Marta 2014 4.00i.n) is ós comhair an Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha a bheidh sé. Is ag cruinniú den gcoiste sin a d'fhogair Seán Ó Cuirreáin go raibh sé le h-éirí as mar Coimisinéir teanga.

Mugadh magadh, briolla brealla
Dúirt sé "Mura féidir leis an Stát aghaidh a thabhairt ar an dá ghné seo – úsáid na Gaeilge i mbun cumarsáide le pobal na Gaeltachta agus cinntiú go mbeadh dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí ‒ nuair a bheidh an tAcht á leasú, creidim go dtuigfear ansin gur mugadh magadh, briolla brealla nó bréaga a bheas i gceist. Tráth a bhfuil muid ag teannadh lenár bhflaitheas eacnamaíoch a fháil ar ais, ba mhór an feall é dá gcaillfimis ár bhflaitheas teanga – bunchloch dár bhféiniúlacht chultúrtha, dár n-oidhreacht agus dár n-anam mar náisiún. Creidim gur measa mar bhaol é sin anois ná riamh."  (Mar a labhair an Coimisinéir Teanga!)

Cur i gcéill!
Ar an lá dár cionn, Déardaoin (6 Marta 2014 2.30i.n.) beidh sé ós comhair Fochoiste Oireachtais um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Rudaí Gaolmhara. Is ós comhair an choiste seo a thug an Coimisinéir na cúiseanna go mionn ar chén fáth ar éirigh sé as. "An rogha a bhí agam ná seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill."

Tá súil ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go mbeidh an Aire ábalta freagra pointe ar phointe ar a bhí á rá ag Seán Ó Cuirreáin.



Share/Save/Bookmark