Seo nótaí an
Choimisinéara Teanga,
Rónán Ó Domhnall, le
Buan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán mar réamhrá agus é ag bronnadh cóip den dTráchtaireacht ar Chóras na Scéimeanna Teanga agus cáipéisí eile ar an Máirt 4 Aibreán 2017.
A Chathaoirligh,
Gabhaim buíochas leat féin agus leis an gCoiste as an gcuireadh teacht in bhur láthair anseo tráthnóna. Tá sé mhí caite ó bhí mé os bhur gcomhair go deireanach, tráth a raibh an Coiste ag cur tús lena chuid oibre. Tréaslaím libh as an méid atá curtha i gcrích agaibh ó shin agus an fóram atá curtha ar fáil agaibh chun plé a dhéanamh ar chúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileánda. Cuirim fáilte ar leith roimh an spéis atá léirithe agaibh i gcúrsaí cearta teanga agus na céimeanna atá glactha ag an gCoiste chun eolas a bhailiú ar chumas ranna rialtais agus eagraíochtaí stáit eile seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge.
Mar is eol daoibh, tá bóthar fada le taisteal againn más ann go mbeidh ar chumas an Státchórais seirbhísí a thairiscint go réamhghníomhach i gceachtar teanga oifigiúil do shaoránaigh na tíre. Tá taithí na mblianta againn ar an gcleachtas a fhágann go dtiteann sé ar an saoránach seirbhísí a lorg agus an crá croí a bhaineann go minic le teacht ar na seirbhísí sin ar aon bhealach sásúil. Ar ndóigh, tá eisceachtaí ann freisin agus is ceart go n-aithneofaí an méid sin. Níl aon amhras orm ach gurb é an easpa foirne le Gaeilge an bac is mó a bhaineann le cumas an Státchórais seirbhísí a sholáthar i nGaeilge. Is léir dom, ón gcur chuige atá glactha ag an gCoiste le roinnt míonna anuas, go dtuigeann sibh féin an méid sin go maith.
I gcur i láthair an lae inniu ba mhaith liom díriú ar thrí phríomhábhar:
• Tráchtaireacht ar fheidhm phraiticiúil an Achta atá á foilsiú agam i gcomhréir le halt 29 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla. Sa tráchtaireacht seo tá mionscagadh, bunaithe ar fhianaise, déanta agam ar chóras na scéimeanna teanga.
• Tuarascáil Bhliantúil 2015
• Tuarascáil speisialta chuig Tithe an Oireachtais faoi alt 26(5) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla maidir le heaspa cur i bhfeidhm moltaí imscrúduithe.
TRÁCHTAIREACHT
Díreoidh mé ar dtús ar an tráchtaireacht ar fheidhmiú chóras na scéimeanna teanga atáim a sheoladh inniu. Is foilseachán suntasach é seo a dhéanaim agus mé leath bealaigh trí mo thréimhse cheapacháin.
Le linn dom a bheith os bhur gcomhair go deireanach thug mé cuntas ar mo mhíshástacht le feidhmiú chóras na scéimeanna teanga. Dúirt mé an t-am sin go raibh níos mó scéimeanna á n-aontú anois ná mar a bhí le tamall de bhlianta roimhe sin ach go raibh mé thar a bheith
amhrasach faoi fhiúntas na ngealltanas a bhí á n-aontú agus dá réir gur beag muinín a bhí agam sa gcóras trí chéile.
Braith mé gur theastaigh scrúdú grinn a dhéanamh ar na scéimeanna teanga i bhfianaise an chomhrá a bhí agam leis an gCoiste anuraidh chun freagra cuimsitheach, bunaithe ar fhianaise, a chur ar fáil daoibh. Is é sin atá déanta sa tráchtaireacht seo, an dara tráchtaireacht oifigiúil a foilsíodh ó theacht i bhfeidhm an Achta. Tá an tráchtaireacht curtha i láthair ina dhá cuid; sa chéad chuid den tráchtaireacht tá anailís ghrinn déanta ar na scéimeanna teanga uile a aontaíodh le linn na mblianta 2015 agus 2016. Sa dara cuid den tráchtaireacht déanaim moltaí faoi bhealaí ina bhféadfaí feabhas a chur ar na socruithe atá i bhfeidhm chun seirbhísí Stáit a chur ar fáil i gcéadteanga oifigiúil na tíre.
Léiríonn an anailís sa tráchtaireacht nach bhfuil córas na scéimeanna teanga ag baint amach na gcuspóirí a bhí i gceist leis, is é sin cur le raon agus caighdeán na seirbhísí atá ar fáil ón Státchóras trí Ghaeilge. Go deimhin, tá imní orm gur cur chuige íosta atá á ghlacadh in aontú scéimeanna teanga, gur beag fiúntas i ndáiríre atá i gcuid mhaith a bhíonn geallta agus go gcúlaítear ó ghealltanais a bhí tugtha má tharlaíonn go mbíonn a gcur i bhfeidhm ródhúslánach. Nuair a tharlaíonn an méid sin tá seasamh reachtúil á thabhairt do chur chuige lochtach.
Tá fianaise á cur ar fáil sa tráchtaireacht ar na laigí atá le sonrú, agus na patrúin atá le brath.
Is iad seo a leanas na nithe is suntasaí a léiríonn an anailís atá déanta:
• Bhí gealltanas a bhí mar ábhar d’imscrúdú laghdaithe nó curtha go leataobh in 64% de na chéad scéimeanna teanga eile a aontaíodh.
• As na 23 dara nó tríú scéim teanga a aontaíodh le linn na mblianta 2015 agus 2016, ní raibh dul chun cinn suntasach, i leith aon réimse gealltanas, le brath ach i gcás 17% díobh.
• Ní raibh post sainaitheanta le riachtanas Gaeilge ach i seacht gcinn den dá scór scéim a daingníodh in 2015 agus 2016.
• Sa bhreis ar na laigí atá le brath, léiríonn anailís go dtógann sé ar an meán trí bliana go leith ón am a iarrtar ar chomhlacht poiblí an chéad scéim teanga a ullmhú nó go mbíonn sí daingnithe agus ceithre bliana i gcás an dara scéim teanga.
Tá trí phríomh-mholadh á ndéanamh agam sa tráchtaireacht:
1. Ar an gcéad dul síos, táim ag moladh polasaí nua earcaíochta a fheidhmiú ina sonrófar íosmhéid foirne le Gaeilge d’eagraíochtaí stáit. Níl aon amhras orm ach gurb é an easpa foirne le Gaeilge an chonstaic is mó do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus ní mór polasaí earcaíochta a cheapadh agus a fheidhmiú a théann i ngleic leis sin. Mar chuid den mholadh sin is dóigh liom go mbeadh sé tairbheach dá mbeadh monatóireacht neamhspleách á déanamh ar fheidhmiú an pholasaí earcaíochta le tuairisciú rialta chuig Coiste Oireachtais.
2. An dara príomh-mholadh atá á dheanamh agam ná go dtósófaí ag éabhlóidiú ó chóras scéimeanna teanga chuig córas rialachán. Bheadh mar bhuntáiste leis seo go ndéanfaí socruithe cinnte do sholáthar réimse seirbhísí nach mbeadh ag brath ar chóras
idirbheartaíochta na scéimeanna teanga. Molaim go ndéanfaí seo go céimnitheach agus de réir mar a bheifí ag cur le réimse na rialachán bheadh laghdú ag teacht ar fheidhm agus ar éifeacht chóras na scéimeanna teanga.
3. An tríú príomh-mholadh atá á dhéanamh agam ná go bhforbrófaí plean cuimsitheach do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge, bunaithe ar thaighde gairmiúil. In ainneoin na ndeacrachtaí atá léirithe sa tráchtaireacht caithfear a aithint go bhfuil muid i riocht níos fearr de thoradh Acht na dTeangacha Oifigiúla ná mar a bhíomar sula raibh Acht ann. Tá feasacht i bhfad níos airde ann anois i dtaobh cearta teanga agus tá feabhas ar sholáthar seirbhísí sa dá theanga oifigiúla. Tá bunchloch ann ar féidir tógáil air. Creidim go dtacódh plean cuimsitheach do sholáthar na seirbhísí poiblí sa dá theanga oifigiúla chun muid a threorú ar an tslí cheart. Chuideodh a leithéid de phlean linn scrúdú a dhéanamh ar an staid reatha, pleanáil a dhéanamh do na seirbhísí is gá a chur ar fáil, na hacmhainní a thógfadh sé chun an méid sin a bhaint agus an creat reachtaíochta is fearr a thacódh le soláthar na seirbhísí poiblí sa dá theanga oifigiúla. Ní hé sin le rá, áfach, nach féidir céimeanna a ghlacadh láithreach chun aghaidh a thabhairt ar na laigí is eol dúinn go maith a bheith ann, go háirithe i réimse na hearcaíochta agus tabhairt faoi shocruithe do leathnú réimse feidhme na rialachán.
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL (pdf)
Ba mhaith liom díriú anois ar Thuarascáil Bhliantúil dhá mhíle agus a cúig déag.
Tháinig ardú 6.5% ar líon na ngearán a rinneadh le m’Oifig in 2015. Ar an iomlán rinneadh
755 gearán le m’Oifig maidir le deacrachtaí a bhí ag daoine teacht ar sheirbhísí trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí na tíre. Bhain os cionn an tríú cuid de na gearáin sin le foráil de scéim teanga do sheirbhísí ar nós suíomhanna gréasáin, seirbhísí leictreonacha, foirmeacha agus mar sin de. Bhain an ceathrú cuid le heaspa Gaeilge ar chomharthaíocht agus stáiseanóireacht agus naoi faoin gcéad de na gearáin a bhain le freagraí i mBéarla ar chumarsáid i nGaeilge. Is éard a léiríonn na figiúirí sin ar fad ná go bhfuil cuid mhaith deacrachtaí ag an Státchóras go fóill freastal ar riachtanais teanga phobal na Gaeilge.
Tháinig formhór na ngearán, péire as chuile chúig cinn a rinneadh leis an oifig, ó Bhaile Átha Cliath, a cúig déag faoin gcéad as Gaillimh agus a sé faoin gcéad as Contae na Mí.
Réitítear formhór mhór na ngearán tríd an bpróiseas neamhfhoirmiúil réitithe gearán a fheidhmíonn an Oifig. Tabharfaidh sibh faoi deara gur naoi n-imscrúdú fhoirmiúla a thug mé chun críche le linn na bliana 2015; bhain an ceann is suntasaí acu sin le Eircode. Thug mé gearrchuntas ar an imscrúdú seo i mo chur i láthair deiridh don Choiste de bharr gur cheangail sé le chéile cuid mhaith de na deacrachtaí is bunúsaí a bhaineann le cúram a dhéanamh de chúrsaí teanga i ngnóthaí oifigiúla an Stáit.
In 2015 freisin rinneadh iniúchadh ar 17 scéim teanga agus leantar próiseas caighdeánach ina mbailítear fianaise maidir le cur i bhfeidhm na scéime i bhfoirm comhfhreagrais agus cruinnithe le hionadaithe na gcomhlachtaí poiblí.
Tháinig ardú ollmhór ar líon na gcomhairlí do chomhlachtaí poiblí, ardú 79% go deimhin. Tá sé mar aidhm agam go nglacfadh m’Oifig ról réamhghníomhach ag cur comhairle ar chomhlachtaí poiblí. Le linn na bliana d’eagraíomar cruinnithe le roinnt comhlachtaí poiblí chomh maith le sraith seimineár chun an cuspóir sin a bhaint amach. Tá sé i gceist agam go leanfar agus go dtógfar ar an méid sin sa todhchaí.
IMSCRUDÚ – AN ROINN OIDEACHAIS & SCILEANNA
Ar deireadh, ba mhaith liom díriú ar an triú hábhar a luaigh mé níos túisce, is é sin tuarascáil a sheol mé chuig Tithe an Oireachtais de thoradh moltaí imscrúdaithe gan a bheith curtha i bhfeidhm go sásúil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.
Dúirt mé roimhe seo go bhfáiltím roimh an bPolasaí Oideachais Gaeltachta, 2017 – 2022 a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair na bliana anuraidh. Aithníonn an polasaí sin an soláthar is gá a dhéanamh don chainteoir dúchais Gaeilge agus do sheachadadh an oideachais i gcomhthéacs teangeolaíochta na Gaeltachta. Tá an creimeadh atá tagtha ar úsáid na Gaeilge sna pobail Ghaeltachta trí chéile aitheanta i roinnt píosaí éagsúla taighde atá foilsithe le tamall de bhlianta anuas. Níl aon amhras orm ach go mbeidh cur i bhfeidhm an pholasaí oideachais Gaeltachta dúshlánach go háirithe sna pobail Ghaeltachta a bhfuil lagú suntasach tagtha ar úsáid na Gaeilge iontu. Ba bhreá, ar ndóigh, dá mbeadh an polasaí seo tagtha ar an saol ag tráth a raibh úsáid na Gaeilge níos tréine ná mar atá faoi láthair. Tá áit lárnach ag an oideachas agus ag an scoil áitiúil in aon phobal. In ainneoin na ndúshlán teangeolaíochta atá romhainn sa Ghaeltacht caithfear aghaidh a thabhairt orthu ionas go dtacaíonn polasaithe an Stáit, go praiticiúil, leis na hiarrachtaí chun úsáid na Gaeilge a chaomhnú agus a láidriú sna pobail.
I gcaitheamh na mblianta tá cuid mhaith imscrúduithe déanta ag m’Oifig ar an Roinn Oideachais maidir le cur i bhfeidhm forálacha éagsúla de chuid an Achta Oideachais, 1998. Is forálacha iad sin a bhaineann le húsáid nó le stádas na Gaeilge.
Sa bhliain 2013 rinne bunscoil Ghaeltachta gearán le m’Oifig go raibh an Roinn ag cur brú orthu glacadh le múinteoir ón bpainéal ath-imlonnaithe múinteoirí in ainneoin nach raibh cumas Gaeilge na múinteoirí a bhí i gceist sách maith le go bhféadfaidís múineadh i scoil Ghaeltachta. Bhí an méid sin admhaithe ag na múinteoirí féin. Rinneadh imscrúdú foirmiúil ar an ábhar seo agus rinneadh fionnachtain gur sáraíodh fórálacha an Achta Oideachais. I ndiaidh dom teacht ar an tuairim nach raibh moltaí an imscrúdaithe sin á gcur i bhfeidhm go sásúil chinn mé tuarascáil speisialta a chur faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, an chéim dheiridh is féidir liom a thógáil faoin Acht.
Mheas mé ag an am nach raibh na socruithe leasaithe a bhí curtha i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais & Scileanna dóthanach chun a chinntiú nach bhféadfaí tabhairt ar scoil Ghaeltachta glacadh le múinteoir, gan an inniúlacht chuí sa Ghaeilge, ón bpainéal ath-imlonnaithe. Táim fós den bharúil sin, fiú is go dtugann an Polasaí Oideachais Gaeltachta le fios go gcoinneofar na socruithe atá i bhfeidhm faoi athbhreithniú.
Ní féidir aon spás a chruthú don amhras sna cúrsaí seo. Ní féidir glacadh le socruithe a d’fhágfadh an baol ann go fóill go gceapfaí múinteoirí ar bheagán Gaeilge i scoileanna Gaeltachta. Tugann an tuarascáil speisialta atá curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais léargas níos iomláine ar an ábhar seo agus tá mé sásta glacadh le haon cheist atá agaibh ar an ábhar.
CRÍOCH
A chairde, mar fhocal scoir, ba mhaith liom filleadh ar an gcéad ábhar a chuir mé faoi bhur mbráid. Is é seo an dara huair in imeacht trí bliana déag ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga a foilsíodh tráchtaireacht ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha an Achta. Tá aird tarraingthe ag m’Oifig ar laigí chóras na scéimeanna teanga chomh fada siar le 2008. Sa tráchtaireacht seo tá fianaise bheacht againn anois, bunaithe ar fhíricí, a léiríonn go bhfuil an córas teipthe. Is léir na cuspóirí fiúntacha a bhí leis an gcóras ach teastaíonn cur chuige nua anois – cur chuige a neartóidh cearta teanga an tsaoránaigh, a laghdóidh an maorlathas a théann le haontú agus le daingniú scéimeanna do Roinn na Gaeltachta agus na comhlachtaí stáit eile agus a chuirfidh le hiarrachtaí bille leasaithe nua a aontú a bheidh oiriúnach dá fheidhm.
Ós comhair Choiste Oireachtais le tráchtaireacht.