30.3.16

GaelVóta á leanúint i dTithe an Oireachtais.

Is beag tagairt atá a dhéanamh ar éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i rith fheachtais don tSeanaid ach mar sin féin tá dul chun cinn áirithe á dhéanamh sa Dáil nua thofa.

Deireann Conradh na Gaeilge o bhfuil dul chun cinn leanúnach á dhéanamh san fheachtas ó dheas chun na dtrí éileamh olltoghcháin a chur chun cinn leis na polaiteoirí a toghadh le déanaí (mar a chuireamar in iúl duit cheana, tá móramh na dTeachtaí Dála nua ag tacú leis na móréilimh).


Trí Éileamh
1. Eileamh: An cás le haghaidh maoinithe bhreise!
2. Éileamh: Aire Sinsearach!
3. Eileamh: Coiste Oireachtas.
Léiriú ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ná alt a scríobh Maitiú Ó Coimín ar Tuairisc.ie, ag tuairisciú nach mbunóidh Fianna Fáil aon rialtas ná nach dtacóidh siad le bunú aon rialtais mura áirítear aire sinsearach le Gaeilge ann le cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge air nó uirthi. (Tá feabhas ar an suíomh acu le níos mó Gaeilge le feiscint ann!)

"Is mór againn an brú a chuir tú ar do pholaiteoirí áitiúla go dtí seo, ach is gá dúinn an brú a choinneáil ar na polaiteoirí go fóill" a deireann Ard-Rúnaí an Conartha, Julian de Spáinn. "Bheimis an-bhuíoch duit dá bhféadfá na rudaí seo a leanas a dhéanamh roimh an 6 Aibreán le do thoil:
  • Ceist a chur ar na polaiteoirí a thacaíonn leis na héilimh agus a toghadh i do dháilcheantar, cén dul chun cinn atá déanta acu leis na trí éileamh a bhaint amach (tá sonraí teagmhála na bpolaiteoirí ar fáil ar shuíomh #GaelVóta)
  • Teagmháil a dhéanamh le foireann idirbheartaíochta na bpáirtithe éagsúla (m.sh. tá Barry Cowen, Charlie McConalogue, Jim O’Callaghan agus Michael McGrath mar chuid d’fhoireann idirbheartaíochta Fhianna Fáil) agus labhairt leo faoi na héilimh
  • Teagmháil a dhéanamh le baill an choiste a bunaíodh le déanaí le hathchóiriú a dhéanamh ar an gcaoi a fheidhmíonn an Dáil. Tá an-deis againn brú a chur ar an gcoiste seo go háirithe chun an tríú éileamh a bhaint amach, .i. go mbunófaí Comhchoiste Oireachtais seasta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar comhchéim leis na Comhchoistí Oireachtais eile."
Na baill ón gcoiste nua seo a thacaíonn leis an éileamh seo (naonúr as an gcúigear déag ar an gcoiste mar eolas) ná:
    • Seán Ó Fearghaíl, Ceann Comhairle & cathaoirleach an choiste;
    • Thomas Byrne, Éamon Ó Cuív agus Darragh O’Brien ó Fhianna Fáil;
    • Louise O’Reilly agus Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin;
    • Paul Murphy ó Phobal Roimh Bhrabús;
    • Thomas Pringle, Neamhspleách; agus
    • Eamon Ryan ón gComhaontas Glas.
("Cá bhfuil Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre sa liosta seo?" a deirim liom féin!)

"Tuigeann muid go bhfuil sé deacair teagmháil leanúnach a dhéanamh leis na polaiteoirí arís agus arís eile ach tá sé ríthábhachtach má táimid chun an trí éileamh a bhaint amach," a deireann de Spáinn.

@OireachtasNews @CnaG #Seanad16

Share/Save/Bookmark

18.3.16

Céiliúradh Phadraig! An chuid de #PnaG iad lucht riaracháin na tíre?

Bunreacht na hÉireann
Agus Lá Fheile Pádraig á chéiliúradh againn bhí lucht twitter an ghnóthach ar ndóigh. Bhí an chuid le focal nó dhó i nGaeilge in onóir don ocáid agus bheithfeá ag súil leis sin. Is dócha gur comharha measa ar ár dteanga  féin atá ann.

Bhí ceann nó dhó ó shuíomh an Rialtas, @merrionst.ie - "Irish Government News Service is a service provided from Government Buildings in Dublin."(sic) agus is i mBéarla ar fad a bhí sé. Ar ndóigh is beag a roinneann siad sa teanga náisiúnta ar lá ar bith ach mach mbeithfeá ag súil go mbeadh nod ina treo ar an Lá Náisiúnta?

Spreag sé mé le scrudú a dhéanamh ar na trí chuntais twitter a bhaineann le riaracháin na tíre. B'iad cuntais an Uachtaráin, An Oireachtais agus an Rialtas féin.

Agus seo a fuair mé.

1. Uachtarán na hÉireann (@PresidentIRL). 
Meas ón Uachtarán
Cé go bhfuil tideal i mBéarla ar an gcúntas ("Twitter account for Áras an Uachtaráin, providing updates about the work of Uachtarán na hÉireann Michael D. Higgins.") is léir go bhfuil meon an Uachtaráin i leith na Gaeilge le feiscint sna píosaí a bhí roinnte ag a oifig linn. Foilsíodh 18 teachtaire sa dá la 16-17 Márta 2016. Bhí ceann amháin dhá theangach ann, ocht gcinn i nGaeilge amháin agus naoi gcinn i mBéarla amháin.

2. Rialtas na hÉireann (@merrionstreet).
Chuireadar cúig chinn de giolcacha amach sa tréimhse céanna agus gan oiread is ceann amháin fiú dhá theangach. (Bhí giolch amháin dhá theangach sa tréimhse ó @endakenny - rud atá anamh!)

3. Tithe an Oireachtais (@OireachtasNews).
Socrú deanta?
Deireann siad gur "Houses of the Oireachtas - Tithe an Oireachtais - Official Twitter account of the Irish Houses of Parliament!" Bhí ceithre tuíteanna uatha siúd agus ceann amháin a bhí dhá theangach.

Is léir go bhfuil an Rialtas agus "the Irish Houses of Parliament" ag baint lán úsáid as mír a trí d'Airteagal 8 den Bhunracht: "Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d’fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de."

Tá dhá rud á léiriú sa mion súirbhé anseo agam dár liom. An t-uafás obair atá ar siúl ag Oifig an Uachtaráin agus muid go léir ar saoire agus tá a mheas ar an teanga le feiscint ann chomh maith. Ní féidir an rud céanna a rá faoin dá mír eile de chóras riarachán na tíre. Faraoir tá sé soiléir ón a gcleachtadh nach an Ghaeilge "an fórsa diamhair a thiomáin chun cinn" iad na baol air!

Nach léir nach chuid den mBaile 'sagainne - an Ghaeltacht digiteach nó #PnaG aon chuid de Rialtas na hÉireann seachas ár n-Uachtarán féin? Bhfuil íontas ar éinne?

"...agus beagáinín den Ghaeilge tríd!"

Teachtaireacht nach féidir le Parlaimint na hÉireann a chuir amach?


Share/Save/Bookmark

12.3.16

An baile s'againne! - an Ghaeltacht digiteach! #PnaG

"Tá daoine ag cúrdach pobal.... tá pobal againne!"


An Baile Beag
Bhí mé ocáid an suimiúil ar siúl i rith na seachtaine a bhí ag plé "Pobal na Gaeilge sa Ré Dhigiteach!" Deirtear liom go minic gur giolcaire neamhshrianta mé, "ar an ríomhaire i gcónaí," bhí orm dul ann. Agus bfhiú an lá iomlán a caitheam i measc iad siúd ar a bhfuil aithne agam, ní le buaileadh leo sa "fíor shaol" ach is saol eile atá bfhéidir ar bhealach chomh fíor leis - an saoil "réaltachta fíorúla!"

B'íontach buaileadh le daoine cosúil le @andycaomhanach - Fear an Ríomhairí,  @TomaiRua - an Ruabhlóidí iomráiteach, agus @kscanne, laoch fíorúla na dteangacha dúchasacha mar aon le daoine eile.

V.R. - mar a bhí 20 bl ó shin mar atá anois
Bhí léiriú an spéisiúil ó James Corbett (Simvirtua) ag taispeáint an dul chun chinn atá déanta i ngort na Réaltachta Fhíorúla. Tá sé ann anois is cosúil agus tá an cuma air go n-athródh sé ár saol amach anseo, luath nó mall.

Ní raibh fhios ag a lán dúinn an méid oibre atá ar siúl in "earnáil na Gaeilge" ó thaobh acmhainní agus taighde agus tá gá le cruinnithe mar seo le oan obair seo a nochtadh don saol mór. Obair mar atá ag Forbairt in Olscoill Cathair Bhaile Átha Cliath ar tearma.ie (agus na chomh suíomhanna) agus Foras na Gaeilge ar focloir.ie, mar aon le h-obair le do na scoileanna.

Bhí an léiriú ar an obair atá ar siúl ag na hollscoileanna eile agus ar úsáid na teichneolaíochta ar líne - daoine ag úsáid na Gaeilge sna meán shóisialta. Bhí tagairt don nos atá ag Pobal na Gaeilge, sa Ghaeltacht fiú, ag úsáid Béarla sna meán nua seo. Ach i ndairíre tá an-chuid á phostáil i nGaeilge agus tá an méid sin ag méadú an t-am ar fad. Ach is ceart chuir leis a dúirt Eilís Ní Dhúill ó OEG. "Bígí ag tuíteáil i nGaeilge!" a dúirt sí ag deireadh a píosa cainte!

Neart Gaeilge ag an Dalai Lama!
Léríodh todhchaí mheáin na Gaeilge ar-líne ag eagarthóir Tuairisc.ie, agus ubhlábhraí ó TG4 & NÓS. Bhí duine le bheith ann ó RTÉ ach bhí se tinn agus ní raibh sé i ndán bheith linn. Sa mír seo chuir Tommaí Rua Ó Chonghaile, in aithne dúinn a shean chara an Dalaí Láma agus a dhearcadh ghéarchúiseach ar an nGaeilge.

Ag an deireadh bhi scrudú ar an obair atá á dhéanamh le forbairt a dhéanamh ar líne. Breatníodh ar an tionscnamh ag Conradh na Gaeilge, Peig.ie á fhorbairt mar "Lár-phointe eolais ar shaol na Gaeilge." Bhí léiriú ar ghníomhaíocht ag gluaiseacht i dtreo Ghaeltacht fhíorúil ag Ciarán Ó Cofaigh , "Mairfidh tú go deo ar lín, ábhar dóchais don Ghael!" Dúirt sé nach bhfuil aon teorainn ann ar líne ach teorainn na samhlaíóchta.

Pic ó Peig.ie
Bhi an tOll Kevin Scannell ag caint faoi a dtaithí féin agus a chuid oibre le teangaí dúchasacha - is fuath leis an tearma "mionteanga" - níl a leithéad ann dár leis is móre teangacha iad uilig is cuma cé mhéid daoine atá a n-úsáid. Rine sé tagairt do bheirt cheannródaithe i saol na dteangacha dúchasacha duine sa Siséivis sa Mhaláiv, Edmond Kachale,  agus Michael Bauer i nGaeilge na hAlban atá ag déanamh obair na gcapal ag chuir an teicneolaíocht in oiriúnt dá dteangacha éagsúla. Tá sé tabhachtach a rá go raibh an Ghaeilge ar an bhfód i bhfad roimh Google ná Facebook agus beidh sí ann nuair a bheidh siad imithe. mar aon le h-aon teang ar sa saol digiteach tá gá le  saineolas teicniúil, saineolas teanga, acmhainní agus comhoibriú. (tá nos mó ar a dúirt se i d tuairisc.ie‘Ní mór don phobal agus don Rialtas araon brú a chur ar leithéidí Apple agus Google tacú leis an nGaeilge’

Bhí mír amháin ann áfach a chuir beagáinín díomá ann agus b'shin an chaint a thug Aodhán Mac Cormaic ón Roinn OEG. An Straitéis Dhigiteach a bhí air agus bhí mé ag súil gur faoi straitéis an Rialtais a bheidh sé, ag tabhairt dúinn léiriú ar atá beartaithe ag Rialtas na hÉireann a láithreacht in nGaeilge ar líne agus sa saol VR a fhorbairt. Ní mar sin a bhí agus cé go raibh sé an suimiúl (agus thár a bheith tabhachtach) an obair atá ar siúl agus an maoiniú atá ar fáil ón roinn don obair ar fhorbairt na Gaeilge féin mar theanga digiteach is beag a bhí ann, má bhí aon rud ann, a gcabhródh pobal na Gaeilge ceadúnas tiomána a fháil ar líne "gan ceist gan coinníol."  Ba thrua liom san.

Tríd is tríd is mór an rud é tionól mar seo a bheith ann, agus bhí a lán le foghlaim ann. Níl anseo agam ach blaseadh an bheag den méid a tháral ann agus mát tá fonn ort níos mó a fhaíl b'fhiú bhrathnó ar na tuíteanna go léir a roinneadh i rith na cruinnithe faoin haisclib #PnaG.

Molaim Gréasáin na Meán agus Rosg a d'eagraigh é le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta. Agus tá súil agam go mbeidh ceann eile ann amach anseo.



Share/Save/Bookmark