20.7.21

Udaráis áitiúla agus Eircode faoi scrudú.

Tá Tuarascáil Faireacháin Oifig an Choimisinéara Teanga 2020/21* foilsithe. 
 
Tugtar cuntas sa tuarascáil seo ar an obair a cuireadh i gcrích i leith na réimsí oibre seo a leanas a sonraíodh mar thosaíochtaí faireacháin don bhliain 2020: 
  • Cur i bhfeidhm moltaí imscrúduithe
  • Gealltanais teanga de chuid ceithre Bhord Oideachais agus Oiliúna
  • Suíomhanna gréasáin na n-údarás áitiúil
Ní fhéadfaí iniúchadh a bhí beartaithe a dhéanamh ar úsáid na dteangacha oifigiúla ar chomharthaíocht ag suíomhanna oidhreachta a chomhlíonadh de thoradh srianta a bhain le Covid-19.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, gur léirigh Tuarascáil Faireacháin 2020/21 go raibh roinnt údaráis áitiúla nach ndeachaigh i mbun gnímh lena Oifig le linn a cuid oibre faireacháin agus go mbeadh sé ag meabhrú dóibh an dualgas reachtúil atá orthu comhoibriú leis agus é i mbun a chuid feidhmeanna.

“Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla is féidir liom imeachtaí i leith ciona a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh sa chás go gcuirtear bac orm mo chuid feidhmeanna a chomhlíonadh. Níor baineadh úsáid as an bhforáil ábhartha sin d’Acht na dTeangacha Oifigiúla ó bunaíodh an Oifig ach i bhfianaise easpa comhoibrithe ó roinnt údaráis áitiúla d’fhéadfadh nach mbeadh de rogha agam ach tabhairt faoin gníomh tromchúiseach sin gan mhoill.”

Priomh Pointí
• Ní raibh aon údarás áitiúil a scrúdaíodh ag cloí go hiomlán leis na gealltanais a bhí tugtha acu maidir lena suíomhanna gréasáin agus lena seirbhísí idirghníomhacha.
• Leibhéil éagsúla ghéilliúlachta le sonrú i measc na mBord Oideachais & Oiliúna maidir leis na dualgais reachtúla atá orthu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
• Fáilte curtha ag an gCoimisinéir Teanga roimh an bhfianaise go bhfuil gníomhartha curtha i bhfeidhm ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar na láithreacha ar bronnadh rátáil mhíshásúil orthu in 2019 maidir le comharthaíocht ag láithreacha oidhreachta.
• Fógra tugtha go bhfuil tuarascáil le leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais maidir le heaspa cur i bhfeidhm moltaí imscrúdaithe a bhain le córas Eircode.

Dúirt an Coimisinéir Teanga freisin gur údar díomá dó gur léiríodh in obair faireacháin a Oifige nár cuireadh moltaí a rinne sé maidir le húsáid logainmneacha Gaeltachta do chóras Eircode i bhfeidhm go sásúil agus go mbeadh tuarascáil ar an ábhar á cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Bhí súil aige, nuair a achtófar Bille Teanga nua, go mbeidh deis aige faireachán a dhéanamh ar achtacháin eile a bhaineann le cúrsaí teanga seachas Acht na dTeangacha amháin.

“Ba chóir go mbeadh deis ann, le hachtú an Bhille nua, faireachán níos uileghabhálaí a dhéanamh ná mar a cheadaítear don Choimisinéir Teanga faoin Acht reatha. Thabharfadh sé seo deis faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm reachtaíochta teanga a bhaineann le cúrsaí oideachais, craolacháin, pleanála agus iompair i measc nithe go leor eile”, a dúirt sé.

*Tá an Tuarascáil Faireacháin le fáil anseo ar shuíomh an Choimisinéara.


Share/Save/Bookmark