31.10.25

Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí (Alt10a).

€20 milliún nach mór an tsuim a chaith comhlachtaí poiblí in 2024 ar fhógraíocht i nGaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

I dtuarascáil atá Oifig an Choimisinéara Teanga tar éis a fhoilsiú, léiríonn torthaí iniúchta gur chaith comhlachtaí poiblí €19m ar fhógraíocht i nGaeilge in 2024. Is ionann an caiteachas €19m sin agus méadú 34% ar an gcaiteachas a rinne comhlachtaí poiblí in 2023. Tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí faoi alt 10A, (Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, arna leasú, sciar dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge chuile bhliain.

Ar na torthaí eile ba shuntasaí caitheadh €5.2m ar fhógraíocht ar na meáin Ghaeilge in 2024, arb ionann é sin agus méadú 37% ar an mbliain 2023. Cuimsíodh gníomhaíochtaí fógraíochta 397 comhlacht poiblí san iniúchadh do 2024. D’éirigh leis na 397 comhlacht poiblí trí chéile, ar an meán, na tairseacha reachtúla caiteachais 5% de bhuiséad bliantúil fógraíochta a chaitheamh ar na meáin Ghaeilge a bhaint amach, agus 20% dá bhfógraíocht iomlán a dhéanamh i nGaeilge ar mheáin Bhéarla agus Ghaeilge trí chéile.

Tháinig méadú 32% ar an méid airgid a caitheadh ar fhógraíocht i nGaeilge ar na meáin Bhéarla freisin, ó €10.4m in 2023 go €13.7m in 2024. Deir an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn gur: “ábhar misnigh i dtreisiú chearta teanga Phobal na Gaeilge an méadú €5 mhilliúin nach mór a tháinig ar chaiteachas ar fhógraíocht i nGaeilge in 2024, i gcomparáid le 2023. Is tuar dóchais é an méadú ar láithreacht agus ar fheiceálacht na Gaeilge ar na meáin nua thraidisiúnta agus dhigiteacha do neartú na Gaeilge go náisiúnta. Is maith ann an borradh a tháinig ar na meáin Ghaeilge agus na sruthanna breise ioncaim a chruthaigh an reachtaíocht. Tá Oifig an Choimisinéara Teanga ag leanúint den iniúchadh ar chomhlachtaí poiblí lena chinntiú go gcloíonn gach comhlacht poiblí aonair leis an bhforáil i dtaca le fógraíocht i nGaeilge.”


@ceartateanga


Share/Save/Bookmark

27.6.25

An teanga sa bhliain 2024.

Foilsíodh Tuairisc 2024 * ó Oifig an Choimisinéir Teanga ar maidin. Seo an ráiteas a éisíodh on gCoimisinéir ag an am céanna.  Tá géarghanntanas foirne le Gaeilge agus easpa dualgas seirbhísí bunúsacha a sholáthar i nGaeilge ina ndris chosáin d’fheabhsú seirbhísí poiblí do phobal na Gaeilge dár leis an tuairisc. Seo ráiteas ón gCoimisinéir:

Léiríonn mórchuid na 594 ghearán a fuair m’Oifig in 2024 go bhfuil dhá chúinse ar leith ag cur bac as cuimse ar fheabhsú seirbhísí poiblí i nGaeilge i láthair na huaire. Is iad na cúinsí sin gan dóthain foirne atá inniúil i nGaeilge a bheith ag obair le comhlachtaí poiblí agus easpa dualgas a bheith ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí poiblí bunúsacha a sholáthar i nGaeilge. Cuimsítear clárú, iarratas a dhéanamh ar sheirbhísí stáit agus coinne a dhéanamh ina gcomhair, mar aon le heaspa seirbhísí faisnéise teileafóin agus seirbhísí deisce cabhrach i measc na seirbhísí poiblí is bunúsaí nach bhfuil ranna rialtais ná údaráis áitiúla a chur ar fáil i nGaeilge faoi láthair.

Léirigh imscrúdú foirmiúil a rinne m’Oifig ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha (Oifig na bPasanna) nach raibh dóthain foirne a bhí inniúil i nGaeilge ar fáil le seirbhís teileafóin i nGaeilge a chur ar fáil don phobal a bhí ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar phas i nGaeilge. Léirigh an t-imscrúdú céanna go raibh easnaimh sa tseirbhís iarratais ar líne ar phas i nGaeilge ar shuíomh gréasáin Oifig na bPasanna. Nuair nach féidir le pobal na Gaeilge muinín a bheith acu go bhfuil seirbhís poiblí chomh bunúsach le hiarratas ar phas i nGaeilge ar fáil, is tuilleadh cruthúnais é ar an ngéar-riachtanas atá ann dhá bheart chriticiúla a chur i bhfeidhm gan mhoill, dhá bheart a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, ach nár tugadh lánfheidhm dóibh go fóill.

Pointí Ardleibhéil eile ó Thuarascáil Bhliantúil 2024
• Léirigh imscrúduithe foirmiúla gur sháraigh na comhlachtaí poiblí seo a leanas dualgas reachtúil teanga ar leith atá daingnithe sa reachtaíocht teanga
Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath – sháraigh an tÚdarás an reachtaíocht teanga i gcás comharthaí a cuireadh in airde i mBéarla amháin i gCríochfort 1 in Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Uisce Éireann – sáraíodh foráil sa reachtaíocht teanga a leagann dualgas ar chomhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn a dhéanamh leis an bpobal, i nGaeilge nó go dátheangach, nuair ar seoladh cumarsáid i mBéarla amháin tríd an bpost.
Comhairle Contae Chill Dara – sháraigh an Chomhairle an reachtaíocht teanga maidir le dualgas i ndáil doiciméid áirithe a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla nuair a d’fhoilsigh sí Dréachtphlean Forbartha Contae i mBéarla amháin, gan leagan a sholáthar go comhuaineach i nGaeilge.
Comhairle do Chomhlachtaí Poiblí - tháinig méadú 55% ó 381 (2023) go 593(2024) ar líon na gcásanna inar cuireadh comhairle ar chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais reachtúla
Córas na Scéimeanna Teanga - bhain 37% de na gearáin a fuair an Oifig le gealltanais Scéimeanna Teanga. Tá deireadh le cur le córas na Scéimeanna Teanga tráth a bhforordóidh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta córas nua na gCaighdeán Teanga.

Tá córas na gcaighdeán teanga agus an phleanáil d’fhórsa saothair atá inniúil i nGaeilge (20% d’earcaigh atá inniúil i nGaeilge) ar an dá chrann taca is tábhachtaí d’fheidhmiú éifeachtúil an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí i nGaeilge, plean a d’fhoilsigh an Rialtas i Mí Dheireadh Fómhair 2024. Is maith ann an Plean Náisiúnta, an chéad phlean dá leithéid i stair an Stáit. Ní thiocfaidh an feabhas as cuimse atá riachtanach ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge, áfach, gan dualgas reachtúil a bheith ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí bunúsacha poiblí ar nós iarratas ar phas, iarratas ar chárta seirbhíse poiblí nó ar cheadúnas tiomána a bheith ar fáil ó thús deireadh i nGaeilge, idir an ghné idirghníomhach den iarratas ar an Idirlíon agus an ghné chumarsáide labhartha idir an pobal agus foireann an chomhlachta phoiblí. 

Is ábhar mór imní é a laghad croísheirbhísí poiblí ar an lárthairseach náisiúnta MyGovID atá ar fáil i nGaeilge i gcomparáid leis an soláthar i mBéarla. 

 Is feidhm de chuid an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta é córas na gcaighdeán teanga, a theastaíonn ar bhonn práinne, le dul i ngleic leis an ngéarchéim thuasluaite i soláthar seirbhísí poiblí bunúsacha i nGaeilge, a thabhairt i bhfeidhm.

Caithfear scála, scóip agus éagsúlacht na seirbhíse poiblí in Éirinn a chur san áireamh agus pleanáil ar siúl d’fhórsa saothair ag a bhfuil inniúlacht i nGaeilge mar atá leagtha síos sa bhforáil 20% d’earcaigh le Gaeilge. Tá breis agus 500 comhlacht poiblí forordaithe faoin reachtaíocht teanga agus léiríonn figiúirí a d’fhoilsigh an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe gur tháinig méadú de bhreis agus 13,000 fostaí ar an meán in aghaidh na bliana ar an tseirbhís phoiblí idir 2018 agus 2023. 

Teastóidh aonán comhordúcháin agus tuairiscithe straitéise d’earcú fórsa saothair atá inniúil i nGaeilge ar bhonn náisiúnta le tacú leis an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge maoirseacht a dhéanamh ar earcú dóthain foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge le go gcomhlíonfaidh an Stát a chuid dualgas reachtúil maidir leis an bhforáil 20% d’earcaigh le Gaeilge. Bhunaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge i 2022 d’fhonn stiúradh a dhéanamh ar fhorbairt agus ar fheidhmiú an Phlean Náisiúnta. Príomhdhúshlán a bheidh ann don Choiste Comhairleach tacú le comhlachtaí poiblí a chinntiú go neadófar earcú fórsa saothair atá inniúil i nGaeilge i bpleanáil eagraíochtúil na gcomhlachtaí poiblí ar bhonn leanúnach.

Léiríonn alt 10A (Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí) an tionchar dearfach atá ag feidhmiú na reachtaíochta teanga go tráthrialta ar láidriú cearta teanga. Tá úsáid agus feiceálacht na Gaeilge ar na meáin éagsúla i bhfad níos suntasaí anois ná riamh de thoradh na forála sin. De thoradh na forála rinne comhlachtaí poiblí fógraíocht dar luach €3.8m ar mheáin Ghaeilge i gcaitheamh 2023 agus fógraíocht i nGaeilge dar luach €10.4m ar mheáin Bhéarla freisin i gcaitheamh 2023. Léiríonn alt 10A an dlúthcheangal atá idir feidhmiú cearta teanga agus cothú bhisiúlacht na Gaeilge ina teanga chomhaimseartha. 

 Ábhar dóchais freisin is ea go raibh 50 as 51 comhlacht poiblí a ndearnadh faireachán orthu géilliúil d’fhoráil san Acht leasaithe (2021) a d’fhorordaigh go n-ainmneofaí ball foirne den bhainistíocht le cúram a dhéanamh d’fheidhmiú na reachtaíochta teanga laistigh den chomhlacht poiblí.

Tuarascáil Bhliantúil 2024 (pdf)



Share/Save/Bookmark

29.5.25

Gradaim na Gaeltachta 2025.

Údarás na Gaeltachta ag lorg iarratas ó eagraíochtaí pobail agus coistí deonacha ar fud na Gaeltachta do chomórtas náisiúnta Ghradaim na Gaeltachta 2025. Is deis iontach é seo d'eagraíochtaí a gcuid oibre a chur i láthair agus aitheantas a fháil don obair fhiúntach atá ar siúl acu ina bpobail féin, i gcomórtas atá ag dul ó neart go neart ó bunaíodh é dhá bhliain ó shin.

Pádraig Ó hAoláin 1944-2021
Bronnfar gradam speisialta - Gradam Phádraig Uí hAoláin i mbliana, chomh maith le duaiseanna réigiúnacha do na coistí pobail is fearr. Ainmníodh an gradam i gcuimhne ar iar-Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, fear a bhí ceannródaíoch ina chur chuige agus tiomántas don earnáil forbartha pobail. Tabharfaidh an gradam seo, lena n-áirítear trófaí buan, aitheantas ar leith don choiste nó don eagraíocht dheonach a léiríonn sárobair ina bpobal.

"Is mór an onóir dár gclann go bhfuil gradam á ainmniú i gcuimhne ar m'athair," arsa Fionnuala Ní Aoláin, iníon Phádraig ar son mhuintir Uí hAoláin. "Chaith sé a shaol ag obair ar son phobal na Gaeltachta agus bhí grá mór aige don obair dheonach a rinne daoine ina bpobail féin. Tá sé thar a bheith oiriúnach go mbeidh a chuimhne á cheiliúradh trí aitheantas a thabhairt don obair iontach atá ar siúl ag coistí deonacha ar fud na Gaeltachta. Thar ceann ár gclainne, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hÚdarás na Gaeltachta as an onóir seo a bhronnadh ar oidhreacht m'athar."

Tá réimse leathan catagóirí sa gcomórtas, lena n-áirítear:

  • Fiontraíocht Shóisialta
  • Turasóireacht
  • Timpeallacht
  • Seirbhísí Sóisialta Pobail
  • Obair na gCoistí Pobail
  • Tionscnaimh don Óige

Spreagtar gach eagraíocht agus coiste deonach sa Ghaeltacht le hiarratas a chur isteach, beag beann ar mhéid nó ar réimse oibre roimh spriocdháta an 25 Iúil 2025.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Pobail Réigiúnaí agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta: "I ndiaidh an rath a bhí ar chomórtas na bliana seo caite, táimid ag súil go mór leis na hiarratais a thiocfaidh isteach i mbliana. Bhí caighdeán na n-iarratas an-ard anuraidh agus léirigh sé an obair dochreidte atá ar siúl inár bpobail Ghaeltachta. I mbliana, táimid ag súil le tuilleadh tograí nuálacha a fheiceáil, go háirithe ó na coistí deonacha beaga atá ag obair go dian ina bpobail féin."

"Is mór an onóir dúinn gradam a bhunú in ómós do Phádraig Ó hAoláin, a d'fhág oidhreacht shaibhir i bhforbairt pobail na Gaeltachta," Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin. "Is breisiú tábhachtach é seo ar Ghradaim na Gaeltachta, atá anois sa tríú bliain agus a bhfuil meas agus ardchéim bainte amach acu. Léiríonn an gradam nua seo ár dtiomantas leanúnach don phobal agus don obair dheonach atá mar chroílár shaol na Gaeltachta. Tá súil againn go spreagfaidh an gradam seo níos mó coistí agus eagraíochtaí chun a gcuid oibre luachmhaire a roinnt agus a cheiliúradh."

Moltar do gach eagraíocht agus coiste deonach sa Ghaeltacht smaoineamh ar iarratas a chur isteach agus a gcuid oibre luachmhar a chur os comhair an phobail. 

Ní mór na hiarratais a chuir isteach ar an bhFoirm Iontrála Oifigiúla atá le fáil anseo.


@UdarasnaG #Gaeltacht

Share/Save/Bookmark

14.2.25

Aitheantas don Bhéarla.

Tá trí fhoireann nó sraith stampái nua á éisiúnt ag An Post i mí Feabhra agus Márta.

Thug mé faoi deara nach bhfuil ach Bearla amháin ar sraith amháin*. 

Tá na cinn ag comóradh Noomh Pádraigh dhá theangach ceart go leor ach na cinn eile?

Baineann ceann de na sraithe eile le Rugbaí - tá an Cumann Náisiúnta 15 bliain d'aois is cosúil.

Baineann an srath eile lé mná na hÉireann i gcursai ETIM.

Ní thuigim cén fáth nach bhfuil an Post sásta aitheantas a thabhairt dár dTeanga Náisiúnta ar gach uile stampa dá gcuid!

Cad a cheapann tusa?


* Ní rud nua é seo. Féach ar an bpíosa ar an dearca ag An Post dár dteanga a scríodh sa bhliain 2019! Gealach Gaelaithe! (22/7/2019)
Bhí litir agam i Lá sa bhliain 2003 chomh maith, Díspeagadh An Post (15/5/2003) agus blian ina dhiaidh san cheapamar go raibh Casadh Taoide!  ann (20/5/2004),  ach an raibh?

Share/Save/Bookmark

31.10.24

Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí.

Mar chuid de Sheimineár ar Chearta Teanga ag Oifig an Choimisinéara Teanga a reáchtáil ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne (1/11/24), seoladh tuairisc ar an bhfás atá tagtha ar fhógraíocht i nGaeilge ar na meáin. Faoi alt 10A. d’Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasaíodh in 2021 leagadh dualgas ar eagraíochtaí stáit:

  • 20% dá bhfógraíocht bhliantúil a bheith i nGaeilge
  • 5% dá mbuiséad bliantúil fógraíochta a chaitheamh ar fhógraíocht ar na meáin Ghaeilge

Léiríonn an tuairisc treochtaí agus torthaí ardleibhéil maidir leis an bhfógraíocht atá á déanamh i nGaeilge ag an earnáil phoiblí de thoradh na reachtaíochta nua teanga. Tá torthaí na tuairisce bunaithe ar iniúchadh a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga ar ghníomhaíochtaí fógraíochta 334 comhlacht poiblí i gcaitheamh 2023. I measc na dtorthaí is suntasaí tá:

  • €3.8m caite ar fhógraíocht ar mheáin Ghaeilge in 2023
  • €14.2m caite ar fhógraíocht i nGaeilge im 2023, idir fhógraíocht i nGaeilge ar na meáin Ghaeilge agus ar na meáin Bhéarla
  • €97m ina iomláine caite ag comhlachtaí poiblí ar fhógraíocht trí chéile in 2023, caitheadh 4% (€3.8m) ar na meáin Ghaeilge agus 11% (€14.2m) eile ar fhógraíocht i nGaeilge ar na meáin Bhéarla
  • Léiríonn na torthaí go bhfuil leibhéal ard úsáide á bhaint as na meáin shóisialta, na meáin chlóite agus raidió le fógraíocht i nGaeilge a dhéanamh
  • Clúdaíonn sonraí an iniúchta aighneachtaí féintuairiscithe ó 334 comhlacht poiblí go dtí seo
  • Cumhdaíonn an t-iniúchadh 98% den chaiteachas iomlán a rinne comhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Rinneadh cros-seiceáil le tuairisciú Nielsen Ad Intel (foinse sonraí fógraíochta idirnáisiúnta) ar an bhfógraíocht a rinne comhlachtaí poiblí in Éirinn
  • Léiríonn na torthaí tosaigh gur shroich an earnáil phoiblí tairseach 15% ar an meán d’fhógraíocht i nGaeilge chun críoch na forála 20% - Alt 10A(1)(a)
  • Léiríonn na torthaí tosaigh gur shroich an earnáil phoiblí tairseach 4% ar an meán d’fhógraíocht i nGaeilge chun críoch na forála 5% - Alt 10A(1)(b)

Séamus Ó Coincheanainn
“Cé gur foráil reachtaíochta nua í seo a cuireadh i bhfeidhm i Mí Dheireadh Fómhair 2022, is díol suntais é an fás atá tagtha ar an bhfógraíocht i nGaeilge atá le feiceáil, le cloisteáil agus le léamh anois ar na meáin éagsúla," arsa an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn. "Léiríonn na torthaí go bhfuil borradh faoi fhógraíocht i nGaeilge ar gach cineál meáin anois, idir na meáin chlóite agus na meáin shóisialta agus dhigiteacha. Tá caiteachas suntasach á dhéanamh ar fhógraíocht i nGaeilge ar na meáin Ghaeilge agus ar fhógraíocht i nGaeilge ar na meáin Bhéarla freisin. Tá m’Oifig ag leanúint den mhionscagadh ar ghníomhaíochtaí fógraíochta comhlachtaí poiblí chun géilliúlacht don fhoráil nua fógraíochta a chinntiú.”

Thug eochairchaint “Crosbhóthar Cearta Teanga: Deiseanna agus Dúshláin” ag an Ollamh Fionnuala Ní Aoláin ag an Seimineár freisin.


@ceartateanga 


Share/Save/Bookmark

13.10.24

Céad míle fáilte?

Is cosúil nach bhfuil eagrán Gaeilge den tréadlitir ó Easpaig na hÉireann le fáil. Rinne mé iarracht é a fháil ar shuíomh Chomhdháil Easpag Caitliceach Éireann ach níl sé ann.

Meas tú cad as a dtánaigh an teideal - "A Hundred Thousand Welcomes?"

Bhfuil "Glór na nGael" a chuala Pádraigh fadó múchadh faoi dheire? 




Share/Save/Bookmark

26.8.24

Carta is cearta!

Chaill mé mo Carta Saor Thaistil (nó mo Bhus Pas mar a glaotar air go minic)i rith na seachtaine. Ar an Aoine a thárla sé agus ní raibh tuairim agam cá raibh sé. Bím an chúramach leis agus tá áit faoi leith agam i mo sparán agus de gnath chuirim thár n-ais é á úsáid. Is cosúil nach ndearna mé sin an uair seo mar tá an póca sin folamh ann!

Cád deanann tú má chaileann tú do bhus pás?

Féach ar line ar ndóigh!

Chuaigh mé chuig suiomh "Faisnéis do Shaoránaigh" agus tá leathanach acu ansin faoi Saorthaisteal in Éirinn. Chuaig mé trén leathanach agus beagnach ag a deireadh tá "Má chailltear, má ghoidtear nó má dhéantar díobháil do do Chárta Seirbhísí Poiblí Saorthaistil, ba cheart duit glaoch ar 0818 837 000 agus iarraidh ar chárta ionaid." (sic)

Ní raibh éinne ag obair ag an deireadh seachtaine agus mar sin glaoigh mé ar an uimhir go luath ar an Luain. Bhí teachtaireacht i nGaeilge ann a dúirt cnaipe uimhir a h-aon a bhrú le haghaidh seirbhís i nGaeilge. Bhrú me é.

Chuala mé "ceol" ar an líne a lean ar feadh píosa agus ansin guth in mBéarla ag rá go raibh an bhrú ar a gcuid sheibhíse ach go mbeadh "agent" liom a luath agau b'fhéidir. Tár éis seacht neomad le ceol agus teachtaireacht fite fúite le chéile tháinig guth chugam. Nuair a thosaigh mé ag caint leithí gabh sí leithscéal ag rá nach raibh an teanga náisiúnta ar a toil aici. Ar eagla go mbeadh orm fanacht go dtí go mbeadh "an duine le Gaeilge" ar fáil dom dúirt me go raibh beagáinín Béarla agam agus rinne me mo chuid i mBéarla lethí - go tapaidh agus go héifeachtúil.

Níor thóg sé mórán ama mo chuid ghnó a chriochnú agus beidh an pás aga i gcionn seacht lá nó mar sin.

Dúirt sí go raibh brón uirthí nach raibh Gaeilge aici. "Is trua nach bhfuil níos mó lé Gaeilge sa Roinn seo" a dúirt sí

Nach trua?


Share/Save/Bookmark