17.12.23

Feidhmiú na Reachtaíochta Teanga Nua – Inniúlacht agus Freagrúlacht.

Seo Ráiteas Tosaigh an Choimisinéara Teanga, Séamas Ó Concheanainn, ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agusPhobal Labhartha na Gaeilge ar an ábhar ‘Feidhmiú na Reachtaíochta Teanga Nua – Inniúlacht agus Freagrúlacht.’ Bhí an cruinniu ar an 13ú lá Nollag 2023 ag Tithe an Oireachtais. Sé Aengus O Snodaigh TD atá mar Chathaoirleach ar an gcoiste seo.

>>A Chathaoirligh, agus a chomhaltaí coiste uile,
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leatsa agus le comhaltaí an Chomhchoiste as an gcuireadh freastail. Is mór an chomaoin atá curtha ag an gComhchoiste orm teacht in bhur láthair inniu i ndiaidh mo cheapacháin mar Choimisinéir Teanga ag Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, an tseachtain seo caite. Tá mé féin agus foireann Oifig an Choimisinéara Teanga ag súil go mór leanacht den dea-chaidreamh idir an Oifig agus an Comhchoiste chun go neartófaí cearta teanga phobal labhartha na Gaeilge. Tá an dea-chaidreamh sin ríthábhachtach ar mhaithe le tapú na deise atá againn anois cearta teanga phobal na Gaeilge a láidriú de thoradh theacht i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.

Rónán Ó Domhnaill & Seán Ó Cuirreáin
Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin aitheantas a thabhairt don obair cheannródaíoch a rinne na Coimisinéirí Teanga a bhí ann romham. Is iad a sheas an fód do chearta teanga in Éirinn. Bhí sé de dheis agam a bheith ag obair le Rónán Ó Domhnaill le breis agus dhá bhliain agus is é a rinne obair chéadach ar réim reachtaíochta nua a thabhairt chun cinn, réim a laghdaíonn an bhearna idir fís agus feidhmiú na gceart teanga. Leag an chéad Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, dúshraith théagartha agus sheasmhach do shaothrú cearta teanga phobal na Gaeilge agus d’Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá moladh ar leith ag dul do na hAirí Gaeltachta agus d’oifigigh uile na Roinne a chinntigh go gcuirfí acmhainní cuí ar fáil do thionscnamh, d’achtú agus d’fheidhmiú na reachtaíochta agus Oifig an Choimisinéara Teanga i gcaitheamh na mblianta.

Is iad an líon ard gearán agus ábhar na ngearán a fhaigheann Oifig an Choimisinéara Teanga ó bhliain go bliain a léiríonn an géarghá le cearta teanga a neartú. Má tá feabhas le teacht ar an bhfreastal a dhéanann an Stát ar phobal na Gaeilge trí sheirbhísí poiblí, creidim go bhfuil tréimhse chinniúnach amach romhainn. Bainfear amach bunaidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla – is é sin líon na seirbhísí poiblí atá á gcur ar fáil don phobal a mhéadú agus caighdeán na seirbhísí a fheabhsú – trí fheidhm iomlán a thabhairt d’fhorálacha an Achta leasaithe. Tá forálacha suntasacha sa reachtaíocht teanga leasaithe chun críche na bunaidhme seo.

An Plean Náisiúnta.

Séamas Ó Concheanainn & Uachtarán na hÉireann
I gcroílár an dualgais náisiúnta seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú agus a mhéadú ar bhonn earnála agus córasach beidh an Plean Náisiúnta do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tá an Plean Náisiúnta reachtúil seo á fhorbairt i láthair na huaire faoi stiúir an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge, a bhunaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán anuraidh (2022). Cuimseofar bearta criticiúla sa Phlean Náisiúnta, lena n-áirítear caighdeáin teanga a leagfaidh amach na seirbhísí nua a mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a sholáthar (Ailt 18 & 19 d’ Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021). Cuimseoidh na caighdeáin teanga freisin sainiú ar na hinniúlachtaí teanga a bheidh de dhíth ar fhoireann na gcomhlachtaí poiblí leis na seirbhísí a bheidh leagtha amach a sholáthar ar chaighdeán sásúil, do phobal na Gaeilge. Is é an tAire a dhéanfaidh forordú ar na caighdeáin teanga a chuimseoidh na seirbhísí éagsúla a mbeidh ar chomhlachtaí poiblí, nó ar chatagóirí de chomhlachtaí poiblí, a chur ar fáil don phobal(Alt 19(A)(2) d’ Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021).

Tá sé soiléir ó nádúr na ngearán atá á bhfáil ag m’Oifigse ón bpobal ar bhonn rialta go mbeidh dóthain foirne le cumas sásúil sa Ghaeilge a bheith ar fáil, cinniúnach lena chinntiú go dtiocfaidh feabhas, ar líon agus ar chaighdeán seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tá soláthar soiléir sa reachtaíocht teanga leasaithe don riachtanas seo tríd an mórsprioc 20% d’earcaithe nua le Gaeilge a bhaint amach faoin mbliain 2030. Beidh sé riachtanach go leagfaidh an Plean Náisiúnta, a bheidh forbartha faoi stiúir an Choiste Comhairligh, cosán soiléir amach a mbeidh dul chun cinn céimnitheach agus intomhaiste leagtha amach ann. Mar aon leis an gcur chuige do shroichint na mórsprice 20% d’earcaithe nua le Gaeilge leagfar síos na leibhéil inniúlachta teanga faoi réir Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CECR Fraincís) a bheidh i gceist don fhoireann a bheidh freagrach as seirbhísí poiblí ar leith a sheachadadh. Foráil shuntasach freisin gur féidir leis an gCoiste Comhairleach comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí faoi líon agus faoi ghráid na foirne a bheidh riachtanach leis na seirbhísí poiblí éagsúla trí Ghaeilge a chur ar fáil. Beidh tuairisc le foilsiú ag an gCoiste Comhairleach ar chur i bhfeidhm an Phlean (Alt 18(F)(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021) agus beidh tráchtaireacht le heisiúint agamsa mar Choimisinéir Teanga taobh istigh de 6 mhí ar obair an Choiste Chomhairligh agus ar an dul chun cinn leis an bPlean Náisiúnta. Tacóidh mise le haon iarracht cur le comhar, comhpháirtíocht agus comhoibriú idir comhlachtaí poiblí, an pobal, agus Tithe an Oireachtais, ar mhaithe le fíorú na móraidhme náisiúnta seo.

Forálacha Nua.

Oifig an Choimisinéara Teanga
In 2022 mar ullmhúchán do theacht i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 reachtáil an Oifig an clár ardaithe feasachta ba mhó riamh ó bunaíodh an Oifig. D’fhreastail breis is 2,100 rannpháirtí ar sheimineáir ghréasáin a reachtáil an Oifig, cuid acu a reáchtáladh i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Díol suntais ab ea an méadú de 81%, ó 189 go dtí 284, a tháinig ar líon na gcásanna inar roinn an Oifig comhairle le comhlachtaí poiblí faoina ndualgais faoin Acht. D’eascair an méadú is suntasaí ar líon na gcásanna comhairleacha go príomha ó theacht i bhfeidhm foráil fógraíochta na gcomhlachtaí poiblí i mí Dheireadh Fómhair 2022 (Alt 10A d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021). Tá an méadú atá tagtha ar líon na bhfógraí trí Ghaeilge atá le feiceáil ar na meáin chumarsáide le roinnt míonna ag cur go mór le seasamh agus le feiceálacht na Gaeilge i measc an phobail. Beart tábhachtach atá san fhoráil seo a thacaíonn le forbairt earnáil na meán Gaeilge trí shruthanna úra ioncaim a ghiniúint. Beidh faireachán á dhéanamh ag an Oifig an bhliain seo chugainn ar ghéilliúlacht na gcomhlachtaí poiblí don fhoráil fógraíochta.

Tabharfar feidhm do dhualgais reachtúla nua gan mhoill. Ina measc, tá an dualgas a bheidh ar chomhlachtaí poiblí ainm, sloinne agus seoltaí baile an duine aonair a thaifeadadh agus a úsáid go cruinn trí mheán na Gaeilge. Bhí an fhaillí a bhíothas a dhéanamh ar an bpobal ina leith seo ar cheann de na húdair ghearáin ba mhó a tarraingníodh anuas leis an Oifig le roinnt blianta. Táthar ag súil go dtabharfar feidhm go luath freisin d’fhorálacha maidir le foirmeacha oifigiúla, lógónna agus ainmneacha comhlachtaí poiblí nuabhunaithe. Dualgas nua suntasach eile ná dualgas conraitheoirí nó soláthraithe tríú páirtí atá ag obair thar ceann comhlachtaí poiblí a bheith géilliúil don reachtaíocht. Is cumhacht reachtúil bhreise a bheith in ann faireachán agus tráchtaireacht réamhghníomhach a dhéanamh ar achtacháin eile a bhaineann le stádas nó úsáid na Gaeilge. Treiseoidh na cumhachtaí breise seo le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga an phobail sa Ghaeltacht agus mar theanga náisiúnta chomhaimseartha.

Inniúlacht agus Freagrúlacht Chórais na Seirbhíse Poiblí.

Aengus O Snodaigh TD, Cathaoirleach
Mar is eol daoibh, tá fiche bliain ann ó bunaíodh an Oifig agus is údar bróid domsa mar Choimisinéir agus d’fhoireann na hOifige go ndearnadh freastal fónta ar éilimh phobal na Gaeilge agus cuidiú le comhlachtaí poiblí a ndualgais reachtúla a chur i bhfeidhm. Ó bunaíodh an Oifig go deireadh na bliana 2022, tá os cionn 12,000 ghearán curtha faoinár mbráid. Le linn na tréimhse céanna, tháinig breis agus 3,000 iarratas ar chomhairle chugainn ó chomhlachtaí poiblí. Déantar gach iarracht freastal go pras ar fhiosruithe agus ar ghearáin ón bpobal. Seoladh 149 n-imscrúdú foirmiúil ar chomhlachtaí poiblí idir 2003 agus 2022 nuair a bhí gach iarracht déanta ag foireann na hOifige an cás a réiteach go neamhfhoirmeálta.

Ina dhiaidh sin féin, tá roinnt dúshlán ag teacht chun cinn maidir le hinniúlacht (nó cumas) an chórais bunseirbhísí a sheachadadh trí mheán na Gaeilge nuair a éilítear sin. Tar éis fiche bliain, ba dhóigh leat go mbeadh socruithe ardleibhéil déanta ionas go ndéanfaí soláthar don seachadadh teanga ina cheann ar sheachadadh na mbunseirbhísí mar bhunsraith feidhmithe. Is iad na himscrúduithe is fearr a léiríonn na bearnaí córasacha. Má scrúdaítear fionnachtana an 149 n-imscrúdú atá seolta ó 2003, is minic trí dhúshlán ar leith a bheith le tabhairt faoi deara iontu:

  1. Ní thuigtear an dualgas reachtúil teanga ag leibhéal ard ceannaireachta;
  2. Ní dhéantar córais inmheánacha phleanála a dhearadh dá réir;
  3. Ní bhíonn dlús criticiúil de líon foirne atá inniúil ar an nGaeilge le leanúnachas soláthair a chinntiú.

Cuirfidh forálacha sa reachtaíocht leasaithe feabhas ar cheist na feasachta agus an rialachais chorparáidigh i measc comhlachtaí poiblí. Tá freagracht tuairiscithe le leagan ar bhall foirne sinsearach i ngach comhlacht poiblí chun maoirsiú a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta. Beidh ar an gcomhlacht poiblí tuairisc a thabhairt i dTuarascáil Bhliantúil an chomhlachta ar aon ábhar a ndéantar tuairisciú air maidir leis an reachtaíocht teanga. (Alt 3 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021) Maidir leis na dúshláin dlús criticiúil de líon foirne atá inniúil ar an nGaeilge a bheith ar fáil do chomhlachtaí poiblí, teastaíonn béim atreisithe a leagan ar inniúlacht teanga mar thréith infhostaitheachta sa tSeirbhís Phoiblí, an tSeirbhís Phoiblí Shinsearach san áireamh. Mura bhfuil ceannaireacht teanga ón mbarr anuas, agus cultúr treoraithe comhlíonta, is beag is fiú an líofacht Ghaeilge a bheith luaite le gráid shóisearacha amháin. Mar a luaigh mé cheana, tá an-tábhacht leis an gcosán soiléir a leagfaidh an Coiste Comhairleach amach sa Phlean Náisiúnta chun go mbeadh 20% d’earcaithe nua le Gaeilge faoi mbliain 2030. Beidh ról cinniúnach freisin le himirt ag earnáil an ardoideachais Ghaeilge i soláthar na gcéimithe a chinnteoidh go mbeidh an acmhainn dhaonna sin ar fáil.

Creidim go bhfuil tábhacht mhór leis an mbéim atá leagtha ar phróiseas agus ar an bhonneagar na Pleanála Teanga sa reachtaíocht (Alt 18(3)(a) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021). Tá sé i gceist go méadófar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge. Don chéad uair riamh, beidh ailíniú reachtúil idir cuspóirí náisiúnta Acht na Gaeltachta 2012 agus Achtanna na dTeangacha Oifigúla agus is fearr an seans go bhfíorófar cur chun cinn na Gaeilge dá bharr. Léiríonn gearáin an phobail teanga go gcuirtear bac ar phobal na Gaeilge rochtain a bheith acu ar sheirbhísí Gaeilge atá ar chomhchaighdeán le seirbhísí comhchosúla i mBéarla. Is fiú gach leas seiftiúil a bhaint as an mbonneagar náisiúnta pleanála teanga atá forbartha ag an Stát le blianta beaga anuas chun freastal i bhfad níos fearr a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge go náisiúnta.

Séamas Ó Concheanainn, Coimisinéir Teanga
Bíodh seirbhísí poiblí trí Ghaeilge á seachadadh go fíorúil, ar líne nó ar láithreacha fisiciúla sa Ghaeltacht, i mBailte Seirbhíse nó trí Líonraí Teanga, d’fhéadfaí forbairt a dhéanamh ar mholchampais sheachadta seirbhísí poiblí tríd an mbonneagar náisiúnta pleanála teanga. Laghdófaí ar na bearnaí reatha i seachadadh seirbhísi poiblí trí Ghaeilge dá dtapófaí na deiseanna seo agus mhaolófaí ar an mbearna idir an pobal teanga agus an córas stáit go fíorúil agus go fisiciúil.

Focal scoir.
Mar chlabhsúr, is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl don phobal agus do na comhlachtaí poiblí as a gcomhar agus a gcúirtéis. Táim thar a bheith buíoch freisin den Chomhchoiste as a n-airdeall seasta ar cheisteanna a bhaineann le cearta teanga. Is é mo rún daingean é cur le creat na gceart sin trí bhéim a leagan ar inniúlacht chórais agus treisiú a dhéanamh ar an obair a dhéanfar i bpáirt le comhlachtaí poiblí chun an fhreagrúlacht a shaothrú ag gach leibhéal den chóras. Cé go bhfuil bóthar dúshlánach amach romhainn, creidim gur féidir éachtaí a dhéanamh agus cearta teanga phobal na Gaeilge á gcur chun cinn trí chomhar agus trí chomhpháirtíocht idir an pobal, an tSeirbhís Phoiblí agus Tithe an Oireachtais.<<


@ceartateanga @aosnodaigh @OireachtasNews #CGGPLnaG

Share/Save/Bookmark

6.12.23

An triú Coimisinéir Teanga.

An English Version
Cheap Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn,Séamas Ó Concheanainn inniu ina Choimisinéir Teanga. I ndiaidh do Thithe an Oireachtais glacadh le rún de chuid an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán, Catherine Martin, chuir an tUachtarán a lámh le ceapachán Shéamuis Uí Choncheanainn in Áras an Uachtaráin inniu.

Tagann Séamas i gcomharbacht ar Rónán Ó Domhnaill a chaith naoi mbliana mar Choimisinéir Teanga sular ceapadh i measc na gCoimisinéirí i gCoimisiún na Meán é ag tús na bliana seo.

“Tá mé ag súil go mór leis an deis i mo ról mar Choimisinéir Teanga tionchar suntasach a imirt ar mhéadú agus ar fheabhsú na seirbhísí poiblí atá á gcur ar fáil trí Ghaeilge ag eagraíochtaí stáit." dúirt Séamas Ó Concheanainn ag an ocáid. "Is dea-scéala é go bhfuil reachtaíocht teanga leasaithe (Acht nadTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021) ag teacht i bhfeidhm i láthair na huaire leis na cearta teanga atá ag pobal na Gaeilge a láidriú. Tá gealltanais shuntasacha sa reachtaíocht teanga nua, ar nós an Plean Náisiúnta a leagfaidh amach cur chuige na hearnála poiblí, a chuimsíonn breis agus 500 comhlacht poiblí, le freastal cóir agus cothrom a dheánamh ar phobal na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus go náisiúnta. Beidh feidhmiú na ngealltanas maidir le dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge a bheith ar fáil do sholáthar na seirbhísí poiblí nua criticiúil freisin. Teastóidh beart náisiúnta ina mbeidh ról lárnach ag an earnáil ardoideachais trí Ghaeilge leis an acmhainn dhaonna a sholáthar, d’fhíorú na gcearta teanga atá sa reachtaíocht leasaithe.”

Labhair sé ar na forálacha atá tagtha i bhfeidhm cheana, “Tá fáilte mhór le cur roimh an mborradh follasach faoi fhógraíocht Ghaeilge ar na meáin chumarsáide éagsúla. Leagann alt 10A. (Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí) dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí sciar suntasach dá gcuid fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge. Is den tábhacht é go mbeadh an Ghaeilge á saothrú mar mheán plé agus dioscúrsa san uile réim phoiblí.”

Is as Baile an tSagairt, an Spidéal i gContae na Gaillimhe é, Shéamas Ó Concheanainn. Tá achar trí bliana caite aige ag obair mar Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga. Roimhe sin, bhí sé ina Riarthóir ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (Ollscoil na Gaillimhe), i gCarna, mar a raibh sé ag plé le fearainn na hacadúlachta agus bainistíochta araon.

Is iomaí ábhar taighde teangabhunaithe ar chuir Séamas faoi réir le linn a chuid ama ina measc Fios Físe, tionscadal taighde náisiúnta a bunaíodh d’fhonn tomhas a dhéanamh ar an tóir agus ar an éileamh atá ag pobal abhartha na Gaeilge ar TG4. Tá spéis ar leith aige sa bpleanáil teanga agus sa bhforbairt pobail agus sealanna éagsúla caite aige thar na mblianta ag obair go deonach le raon leathan eagraíochtaí agus coistí pobail.

Seo an chéad uair ar fógraíodh folúntas an Choimisinéara Teanga mar chomórtas earcaíochta, oscailte don phobal. Téarma 6 bliana atá sa cheapachán mar Choimisinéir Teanga.


@ceartateanga @DeptCultureIRL

Share/Save/Bookmark