24.2.14

Litir ó "phobal labhartha na Gaeilge sa mhéid bheag den Gaeltacht atá fágtha!"

D'éirigh Seán Ó Cuirreáin as a phost mar Coimisinéir Teanga ar an 23u Lá Feabhra 2014, díreach deich bliain ó cheapadh é ag Uachtarán na hÉireann sa bhliain 2004.

Bhailigh slua mór, suas le míle daoine, an chuid is mó as Ghaeltacht Chonamara, ag Oifig an Choimisinéara Teanga le slán agus buíochas a rá leis, "Slán le Seán!" D'fhágadar ansin agus shúileadar soir ar bhóthar chúng Chois Fharraige go dtí Roinn na Gaeltachta ar na bhForbacha.
Litir don Aire Stáit ón chéad glúin eile!
Thógadar leo litir don Aire Stáit, Dinny Mc Ginley T.D., a léadh amach go poiblí ag Darach Ó Tuairisc (Fíbín), taobh amuigh den Roinn sula fágadh isteach le lámh ag feidhmeannach de chuid na Roinne ag páistí na Gaeltachta, - an chéad glúin eile - mar ní raibh an Aire Stáit féin ann!

Dinny Mc Ginley T.D.,
Aire Stáit na Gaeltachta.

23 Feabhra, 2014.
Achainí

A Aire Stáit,

Ar an Domhnach seo, 23 Feabhra, shiúlamar ó Oifig an Choimisinéara Teanga sa Spidéal go Ceanncheathrú Roinn na Gaeltachta sna Forbacha leis an litir seo a chur os do chomhair.

Darach Ó Tuairisg  ag léamh
an litir sular seachadadh é!
Litir atá inti len ár míshástacht a chur in iúl dhuit faoin mbealach a bhfuil an státchóras ag caitheamh le pobal labhartha na Gaeilge sa mhéid bheag den Gaeltacht atá fágtha. Achainí atá sa litir seo chomh maith, ag iarraidh ortsa mar fhear Gaeltachta seasamh a thógáil, sara mbeidh sé ró dheireannach. Thar duine ar bith eile a bhí sa bpost riamh roimhe seo, bheadh tuiscint faoi leith agatsa ar an gcailliúint ollmhór atá ag bagairt orainn, má choinníonn an Ghaeilge ag sleamhnú uainn. Mar phobail Ghaeltachta tá ár bhféiniúlacht i mbaol. Ach is cailliúint ollmhór don náisiún a bheadh ann chomh maith.

Tuigeann muid nach féidir leis an rialtas an Ghaeilge a shábhailt mar theanga pobail gan iarracht mhór óna pobail iad féin. Is cuma céard iad na scéimeanna a bheadh curtha ar bun ag an rialtas, caithfidh cinnirí pobail aghaidh a thabhairt ar an gcreimeadh teanga chomh maith. Ach faoi láthair tá lag-mhisneach ar chuid maith dena cinnirí sna pobail Ghaeltachta is láidre, mar go bhfeictear dóibh nach bhfuil an rialtas ná an státchóras dáiríre faoi dhul i ngleic leis na fadhbanna atá ar na pobail déileál leo, lá i ndiaidh lae.

Ní inniú ná inné
Níor thosaigh na fadhbanna a bhaineann leis an nGaeilge sa nGaeltacht leis an rialtas seo. Tuigeann muid é sin go maith. Ach in áit réiteach a fháil, sé an chaoi go bhfuil cuid dena cinneachaí ag do Roinnse, tar éis an scéal a dhéanamh níos measa. Tubaist chríocnaithe ab ea Acht na Gaeltachta 2012, a brúdh tríd an Oireachtas, gan aon aird ar thuairimí pobal na Gaeltachta ná ar thuairimí na saineolaithe, a bhfuil scil faoi leith acu i dtaobh pleanáil teanga. Gheall tú féin go dtabharfadh Acht na Gaeltachta ‘sainmhíniú nua don Ghaeltacht a bheidh bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha’ ach is a mhalairt a tharla. Tá an t-aitheantas céanna Gaeltachta ag na h-eastáit tithíochta i dTír Oileáin, Cathair na Gaillimhe, is atá ag pobal Thír an Fhia I gConamara, áit a bhfuil Gaeilge á seacadadh ó ghlún go glún, ón gcéad lá ar shocraigh daoine san áit.

Seo cuid mhór den ‘Cur i gCéill’ a chaithfear deireadh a chur leis má tá an rialtas seo dáiríre faoin nGaeilge a shlánú mar theanga pobail sna háiteacha ina bhfuil sí fós beo ar bhéal na ndaoine chuile lá.

Rud eile a chaithfear deireadh a chur leis, is ea an bealach a chaitear le scoileanna sa nGaeltacht faoin gcóras oideachais, gan tuiscint dá laghad ag an Roinn Oideachais ar na riachtanais speisialta atá ag scoileanna i gceantair Ghaeltachta ina bhfuil an teanga mar chéad theanga ag sciar mhór dena gasúir.

Cuir i gcéill
Níor mhiste a mheabhrú dhuit gurb é ba chúis le Seán Ó Cuirreáin ag éirí as mar gurb é an rogha a bhí aige, mar a dúirt sé féin 'seasamh siar ón a cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint air agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill.' D’éirigh leis aird a tharraingt ar na ceisteanna bunúsacha seo, atá ag déanamh imní dúinn. Is léir ón méid daoine a tháinig amach ar shráideanna Bhleá Cliath, le gairid agus iad 'dearg le fearg' leis an rialtas go bhfuil lucht na Gaeilge, sa nGaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht, ar buile leis an státchóras agus leis an rialtas.

Is leir ón méid a bhí le rá ag an Taoiseach ar Raidió na Gaeltachta le gairid, go bhfuil sé sásta éisteacht leis na daoine atá ‘dearg le fearg’ le fáil amach céard tá uathu. Is dul chun cinn é sin agus má tá an rialtas sásta éisteacht linn seo cuid den méid atá uainn:

  1. go ndéanfaí Acht na Gaeltachta 2012 a athghairm nó é a leasú le go mbeidh ciall teangeolaíoch leis an nGaeltacht, mar a gealladh;
  2. go gcuirfí Bord Oideachais speisialta ar bun le déileál le gach gné den oideachas sna ceantair Ghaeltachta;
  3. go gcuirfí polasaí soiléar i bhfeidhm tríd an státchóras a chinnteoidh, go mbeifear in ann seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht ‘gan cheist gan choinníoll’, taobh istigh de dhá bhliain;
  4. go mbeadh cúnamh speisialta curtha ar fáil le nuachtán seachtainiúl Gaeilge clóite a chur ar fáil le freastal go príomha ar na ceantair Ghaeltachta;
  5. go ndéanfaí bonn daonlathach a chur aríst faoi Údarás na Gaeltachta, sa gcaoi is go mbeidh ionadaithe tofa ag pobal na Gaeltachta ar an mBord.

Ní drochmheas pearsanta
Ní le drochmheas ort go pearsanta atá an litir seo á scríobh. Tuigeann muid go maith gur fáisceadh as an nGaeltacht thú. Seans go mbíonn tú in ísle brí faoi thodhchaí na teanga, ach an oiread linn féin, ó am go ham. Ach tá díomá orainn leat, mar nach bhfuil polasaithe ciallmhara á gcur i bhfeidhm ag Roinn na Gaeltachta faoi do cheannas agus mar nach bhfuil an chuma air go bhfuil ag éirí leat dul i bhfeidhm ar na státsheirbhísigh ná ar do chomhleacaithe sa rialtas.

Déanadh tréas ar an nGaeilge 40 bliain ó shin nuair a cuireadh deireadh le riachtanas Gaeilge le haghaidh aon phost sa státsheirbhís, agus barúil mhaith ag an rialtas a bhí ann ag an am go mbeadh deacrachtaí ag an státchóras a oibligeadaí bunreachtúla a chomhlíonadh maidir le freastal ar lucht labhartha na Gaeilge. Ní ortsa an locht faoin tréas sin, agus is beag a rinne aon rialtas eile idir an dá linn leis an scéal a chur ina cheart. Tá toradh na tréasa le feiceáil anois sa líon beag fóirne atá in ann feidhmiú tríd an teanga sna ranna rialtais.

Ach tá tréas déanta ag an rialtas seo, le Acht na Gaeltachta 2012, ar lucht labhartha na Gaeilge sa méid bheag den Gaeltacht atá fágtha, agus tá tusa go príomha freagrach as sin.

Rogha
Tá rogha le déanamh agatsa anois: leanacht ar aghaidh leis an ‘muga maga’ ar feadh dhá bhliain eile, ag iarraidh a chur ina luí ar an saol mór go bhfuil gach rud ina cheart ó thaobh cur chuige an rialtais, é sin nó seasamh ar phrionsabal a thógáil agus é a chur faoi ndeara an rialtais seo go dteastaíonn athrú i meon, athrú i bpolasaí agus athrú sa gcur chuige. Má dheineann tú seasamh a thógáil ar bhonn prionsabail, geobhfaidh tú tacaíocht agus buíochas uainne, pobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht. Má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá, fágfar faoin stair breithiúnas a thabhairt faoi do mhaoirseoireacht ar Roinn na Gaeltachta.

Coiste Eagraithe ‘Slán le Seán’

Cuid den slua ag bailliú soir leo ó Oifig an Choimisinéara!
Cuid de na postaerí taobh amuig de Roinn na Gaeltachta!


Share/Save/Bookmark

21.2.14

Slán le Seán!

Sé an Domhnach seo chugainn, 23 Feabhra, an lá deireanach in oifig don Choimisinéir Teanga, Sheán Ó Cuirreáin. Tá deich mbliain caite ag Seán ag iarraidh ar an státchóras cloí leis an reachtaíocht maidir le seirbhís a sholáthar tré Ghaeilge do phobal na Gaeltachta is do chainteoirí Gaeilge ar fud na tíre. Sa deireadh d'éirigh sé as oifig de bharr frustrachas leis an easpa dul chun cinn. Ag fógairt go raibh sé i gceist aige éirí as oifig, dúirt sé gurb é an rogha a bhí aige ná 'seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill.' 

Seán Ó Cuirreáin (Pic:Examiner)
Is léir ón méid daoine a tháinig amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, an Satharn seo caite agus iad 'dearg le fearg' go bhfuil aird dírithe aige ar faillí an státchórais i leith na Gaeilge agus go bhfuil pobail na Gaeltachta is lucht na Gaeilge dúisithe anois agus nach bhfuiltear sásta a thuilleadh glacadh leis an muga maga is an cur i gcéill a bhíonns ar bun go ró mhinic i dtaobh cearta lucht labhartha na Gaeilge. B'é Acht na Gaeltachta 2012 an sampla ab fhearr den cur i gcéill céanna, é ceapaithe teorannacha na Gaeltachta a leagan amach do réir critéar teangeolaíoch ach is a mhalairt a rinne sé. 

Ar a lá deireadh do Sheán Ó Cuirreáin in oifig, tá máirseáil agóide eagraithe i gConamara faoin téama 'Slán le Seán'. Beidh daoine ag bailiú le chéile ag 2 a' chlog taobh amuigh de Oifig an Choimisinéara sa tSídheán, An Spidéal, áit a thabharfar litir ar lámh dó, ag gabháil buíochais leis faoina chuid oibre le deich mbliain anuas. 

Ina dhiaidh sin máirseálfar soir chomh fada le oifigí Roinn na Gaeltachta, áit a mbeidh litir don Aire Stáit, Dinny Mc Ginley á fhágáil isteach, ag cur míshástachta pobal na Gaeltachta is na Gaeilge in iúl agus ag iarraidh air agus ar an rialtas, deireadh a chur leis an gcur i gcéill agus díriú ar na bacanna atá ag an státchóras freastal mar ba cheart ar lucht labhartha na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht ina dteanga féin.

Tá sé i gceist ina dhiaidh sin filleadh ar Tigh Phádhraicín in aice láimhe le haghaidh soláistí agus seisiún amhránaíochta is ceoil.  

Is féidir níos mó eolais a fháil faoin máirseáil ar an Domhnach tré glaoch ar (091) 593185 nó (086) 4048881.

Is féidir do thacaíocht a léiriú ar leathanach facebook "Slán le Seán!" agus ar twitter leis an haisclip #SlánSeán.


Share/Save/Bookmark

An Taoiseach agus a thacaíocht don teanga!

Dúirt an Taoiseach ar an Raidío (10/2/2013 RnaG) nár aontaigh sé le tuairimí an Choimisinéara Teanga. 

Tá an ceart sin aige ach nach bhfuil dualgas air chomh maith gach cheann de na cúiseanna a thug an Coimisinéir len a éirí amach a fhreagairt? Thug Seán Ó Cuireáin na cúiseanna ag cruinniú de chuid Fo-choiste Oireachtais na Straitéise 20 Bliain. Dúirt Ruairí Quinn sa Dáil.."these criticisms by the commissioner are not accepted!" Ach ní deirtear linn cá bhfuil dul amú ag an gCoimisinéir Teanga.

Seán Ó Cuirreáin: Creidim go bhfuil an teanga á ruaigeadh ar leataobh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán poiblí. Ní chreidim ar chor ar bith gur ar an aicme pholaitiúil is mó atá an locht ina leith seo ach feictear dom, cé go bhfuil daoine sa státchóras a thacaíonn go láidir leis an Ghaeilge, go bhfuil fórsaí níos láidre agus níos forleithne fós ann ar cuma leo ann nó as dár dteanga náisiúnta....Cuireann an Stát dualgas ar dhaltaí an teanga a fhoghlaim ach is minic ina dhiaidh sin a chuireann an Stát céanna cosc nó bac ar na daoine sin an teanga a úsáid ina ngnóthaí oifigiúla.


"Tá an Coimisinéir mícheart!"
An gcreideann an Taoiseach é sin? Muna gcreideann sé an féidir leis a thabhairt don saol Fodhla fianaise dá thuairim mar a rinne an Coimisinéir?

Seán Ó Cuirreáin: Tá dul chun cinn áirithe déanta le 10 mbliana anuas ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm – go speisialta maidir le húsáid na Gaeilge ar chomharthaíocht phoiblí, i stáiseanóireacht agus i bhfoilseacháin éagsúla. Tá méadú ar an tuiscint ar chearta teanga agus tá an Oifig s’againne ann mar thaca aige sin. 

Bhfuil se seo fíor? An aontaíonn ár dTaoiseach leis sin?


Seán Ó Cuirreáin: Ach tá teorannú suntasach déanta ar an dul chun cinn a d’fhéadfadh a bheith i gceist de bharr na faillí i bhfeidhmiú chóras na scéimeanna teanga faoin Acht. Ní chreidim go bhfuil aon seans ann go n-éireoidh leis an chóras nua atá beartaithe méadú a chur ar líon na státseirbhíseach le Gaeilge. Níltear sásta barántas a thabhairt go mbeidh seirbhísí stáit á soláthar i nGaeilge do phobal na Gaeltachta gan cheist gan choinníoll, rud a chiallaíonn go bhfuil an státchóras le leanúint de bheith ag rá le pobal na Gaeltachta: “Labhraígí Gaeilge le chéile ach ná labhraígí linne í!"

Bhfuil sé seo fíor? Nó an bhfuil an Coimisinéir ag inseacht bréag?


Fo-Aire na Gaeltachta!
Tabharfar aghaidh ar cheist an Choimisinéara Teanga agus an “cur i gcéill” a d’ardaigh Seán Ó Cuirreáin, mar aon le neart ábhar tromchúiseach eile, nuair a rachaidh an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. os comhair an Fhochoiste Oireachtais um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Rudaí Gaolmhara ar 6 Márta 2014.
Seán Ó Cuirreáin: Tá breis agus dhá bhliain caite i mbun athbhreithniú ar an Acht Teanga ach, fós féin, níl an chéad chéim leis an Acht a leasú, is é sin, foilsiú ‘chinn an bhille’, tógtha fós. Fógraíodh an tseachtain seo caite gur as seo go samhradh an sprioc nua d’fhoilsiú na leasuithe. 

Is dócha nách féidir leis an dTaoiseach é seo a shéanadh! An féidir lesi a rá cén fáth go dtógann sé an méid sin ama fiú "cinn an bhille" a fhoilsiú. An gceapann sé go bhfuil práinn leis an gnó seo.


Seán Ó Cuirreáin: Rinneadh cinneadh m’Oifig a chónascadh le hOifig an Ombudsman i ngan fhios dom féin agus don Ombudsman ag an am, ach arís agus níos mó ná dhá bhliain imithe, níl aon mhionsonraí ar fáil go poiblí faoina bhfuil molta ná faoin bhealach a cheaptar a n-oibreodh sé. Fógraíodh le linn na seachtaine seo caite go mbeadh an cónascadh sin déanta roimh Mheán Fómhair na bliana seo. 


An bhfuil sé seo amhlaidh? Nach gceapann an Taoiseach gur léiriú droch-mheas ní h-amháin ar Oifig an Choimisinéara Teanga ach ar Oifig an Ombudsman féin. Cén fáth atá an cinneadh seo déanta nuair nach sabháladh sé pingin rua ar an Stáit?

Seán Ó Cuireáin: Creidim nár tugadh don Oifig riamh na hacmhainní riachtanacha lena cúraimí reachtúla a chomhlíonadh go cuí agus go hiomlán. 

An ag insint bréag atá an Coimisinéir?


Seán Ó Cuirreáin: Don té a chreideann gur cheart go mbeadh cearta teanga ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, is tréimhse í seo atá lán le héiginnteacht. Mheas mé riamh nárbh fhéidir nó nár cheart breathnú ar an tacaíocht a theastaíonn don Ghaeilge i státchóras na tíre seo mar ábhar roghnach breise. Is buanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse. 

Muna n-aontaíonn an Taoiseach nó an Rialtas leis an ráiteas seo, an gá Coimisinéara Teanga a bheith ann? 


Seán Ó Cuirreáin: Mura féidir leis an Stát dearbhú a thabhairt i dtaca le húsáid na Gaeilge i mbun cumarsáide le pobal na Gaeltachta gan cheist, gan choinníoll agus a chinntiú go mbeidh dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí nuair a bheas an tAcht Teanga á leasú, creidim go dtuigfear ansin gur cur i gcéill a bheas ann. 

An rogha a bhí agam ná seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill.  Creidim go láidir i mo chroí istigh go ndearna mé an rogha cheart. 


Cad a thabhairfaidh an Taoiseach ar gníomhaíocht, nó easpa ghníomhaíocht in ionad focail Sheáin Uí Chuirreáin, "cur i gcéill!"

Bhfuil an Rialtas le tacaíocht láidir a thabhairt don gCoimisinéir Teanga nua nó an mbeidh air bheith páirteach i gcur i gcéill?
“..níl againn ach fo-rannóg ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta – fo-rannóg de roinn atá mór agus ilghnéitheach...Agus tá an fho-rannóg sin lonnaithe i bhfad ó lár na cumhachta (thiar sna Forbacha i gConamara); tá siad ag bun an tslabhra cumhachta inmheánaigh laistigh dá Roinn féin;  agus tá an mháthair-Roinn atá acu ag bun an tslabhra cumhachta lena mbaineann na Ranna Stáit i gcoitinne, rud a fhágann gur deacair di mórthionchar a imirt ar cheapadh polasaí ná ar fheidhmiú polasaí na Rann eile sin a bhfuil ról lárnach acu i bhfeidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge...” (Seosamh Mac Donnachadh)
Sa pic tá Aire na Gaeltachta - gan Gaeilge!

Share/Save/Bookmark

17.2.14

Litir Mhicil chuig an Taoiseach!

Léadh an litir seo ag Lá Mór na Gaeilge ar an 15ú lá Feabhra 2014 ós comhair Teach Laighean, an áit in a bhíonn an Dáil agus an Seanad ina suí.

Bhí níos mó ná sé mile (deireann daoine eile gur timpeall 10míle a bhí ann, cá bhfios!) ag éisteacht go ciúin an fhaid is a bhí máthair an bhuachail óg á léamh, agus is beag ná go raibh cor duine ag caoineadh nó gearr de, tá fhios agam go raibh an blagóir seo ina measc!

Micil é féin!
Chuir an litir dán a scríobh an t-Ath Pádraig Ó Fiannachta faoi bhás a dhreathair fadó, dán dá mháthair. Nuair a bhí mé ag lorg cóip den litir luaigh mé seo. Fuair mé freagra nach raibh mé ag súil leis. "Is col seisear dom' athair é an tAth Ó Fiannachta agus aithne mhaith againn air," a dúirt máthair Mhicil agus dúirt gurb é a bhí mar sagart nuair a phós siad! Lean sí, "...is minic a d'inis sé scéal a dheartháirin duinn ach ní raibh fhios agam go dtí go raibh Micil sin againne bliain go leith d'aois gur Micilín a bhí ar a dheartháir chomh maith.

"Chas an bheirt (Pádraig Ó Fiannachta agus Micil) le chéile don gcéad uair ag an Oireachtas i mbliana agus bhí an-uaigneas air."

Tá an dán curtha ar thaobh an litir agam mar tá an poinnte céanna á dhéanam sa dán is atá sa litir!

An Gleann Mór
An Cheathrú Rua
Co na Gaillimhe
15 Feabhra 2014

A Thaoisigh, a chara
Bail ó Dhia ort,

Gasúr beag trí bliana d’aois mise agus níl aon aithne agat orm. Feicim thú ar an teilifís agus tuigim gur tú atá i gceannas na tíre. Cineáilín cosúil le Fionn Mac Cumhaill, a bhíonn sna scéalta a léann mo dheaide dom chuile oíche.

Is maith liomsa Fionn Mac Cumhaill. Bhí sé láidir. Agus cróga.

Tá mé i mo chónaí in áit ar a dtugtar an Cheathrú Rua. Tá sí sa nGaeltacht. Tá mé ag ceapadh go bhfuil baint aige sin leis an gcaoi a mbíonn muid ag caint. Cloisim mo mháma ag labhairt faoin gcineál cainte seo. An Ghaeilge a thugann sí uirthi.

Mo mháthair ag léamh an litir ós ard ag Lá Mór na Gaeilge

Do Mháire Ní Fhiannachta

Bhí deartháirín agam tráth 
Ach sciob an bás é, 
Agus mise i gcoláiste. 
Ghlaoigh sé ar a mháthair 
Agus eisean i bpianpháis; 
Deoch ‘on uisce lena shásamh 
Ina íota géar a cháiseamh.

"Looking for his duck!" 
A bhí sé dar leis na húdaráis 
Ag tabhairt tuairisc’ ar a bhás 
Dá mháthair larna mhárach ...

An bhearna i mo chroí-se 
Riamh ó shin níor líonadh

Go bhfaca romham ar bhinse 
Máirín Óg Ní Fhiannachta 
Den dara glúin im dhiaidhse 
Is an gaol eadrainn chomh sínte 
Nach bhfuil aon seanchaí a ríomhadh 
Na glúinte trínar síoladh 
An mianach ceannann céanna 
Is an Ghaeilge aici chomh líofa 
Le Micilín i gclúid mo chroí-se.
Pádraigh Ó Fiannachta  Deora Dé (1987)
Tuigim go bhfuil cineál cainte eile ann freisin. Cloisim í scaití. Níl fhios agam céard a bhíonn á rá ag na daoine seo. Ach beidh a fhios agam lá éicint. Sin a deir mo dheaide liom.

Bhí an dochtúir speisialta ag breathnú ar mo chuid súilíní san ionad sláinte. Bhí faitíos orm. Níor thuig mé céard a bhí á rá aici. Níor thuig sise mise ach an oiread. Ach bhí máma in éindí liom. Agus bíonn chuile short togha nuair a bhíonn máma in éindí liom.

Tá cara mór agamsa. Deir mo mhama liom go bhfuil riachtanais speisialta aige, cibé céard é sin. Tá a mhama an-mhór le mo mhama féin. Chuala mé ag caint iad sa gcisteanach an lá cheana. Bhí sí ag rá gur dhúradh léi an cineál cainte eile a labhairt leis. An Béarla. Mar ní bheadh aon chúnamh ar fáil dó i nGaeilge.

B’shin an chéad uair a chonaic mé daoine móra ag caoineadh.

Tá cara eile agam.Is mór an spórt í! Ach dúirt an múinteoir scoile lena máma nach raibh sí ag déanamh go maith ar scoil, mar nach raibh aici ach an Ghaeilge.

Is fada liom go mbeidh mise ag dul ar scoil. Ó nach agam a bheas an spraoi!

Ach chuala mé máma ag rá le deaide nach bhfuil ‘an córas oideachais ag freastal ar riachtanais na gcainteoirí dúchais’. Céard a chiallaíonn sé seo a Thaoisigh?

Cloisim mo mháma ag rá freisin go bhfuil ‘mo chearta teanga á séanadh’.Shílfeá gur uafásach an rud é seo mar go gcuireann sé as go mór do mo mhama. Agus ní maith liom é sin.

Chuala mé túag caint ar an raidió Dé Céadaoin. Dúirt tú gur mhaith leat castáil le muintir na Gaeltachta le go n-inseodh siad duit faoi na fadhbanna a bhaineann leis an gcineál cainte seo. An Ghaeilge.

Ba mhaith liomsa castáil leatsa.

Níl ionam ach gasúr ach tabharfaidh mé liom mo mháma agus mo dheaide.

Freagra chuig Mr (sic) Micil Mac Donncha
 ó Oifig an Taoisigh!
Sheas Fionn leis na Fianna agus thug sé aire dóibh. Bhí sé láidir. Agus cróga.

Seasfaidh tusa liomsa a Thaoisigh, nach seasfaidh?

Agus tabharfaidh tú aire dom, mar a thug Fionn Mac Cumhaill do na Fianna. Nach dtabharfaidh?

Slán agus beannacht,




Micil Mac Donncha, 
3 bliana d’aois, 
An Cheathrú Rua.

Share/Save/Bookmark

10.2.14

Fáth ár mbuartha! Na trí aithisc deireannach ón gCoimisinéir Teanga.

Cén fáth atá muid dearg le fearg?

Agus muid ag ullmhú don léirsiú mór beartaithe don Sathairn beag seo - 15 Feabhra 2014 - i mBaile Átha Cliath nach fiú go mór dúinn breathnú isteach ar chén fáth atá sé dá eagrú? Is ceart dúinn a bheith "Dearg le Fearg!" Ach nach ceart dúinn díriú ar chúiseanna ár feirige agus go dtuigeann pobal na tíre, idir poball na Gaeilge agus pobal an Bhéarla céard iad ár n-éileamh?

D'fhógair Seán Ó Cuirreáin go raibh litir curtha aige chuig Uachtarán na hÉireann go raibh cinneadh déanta aige éirí as mar Coimisinéir Teanga ar an 23ú lá Feabhra 2014, deich mbliana ó ceapadh é don chéad uair. Chuir sé seo an díomá ar Phobal na Gaeltachta agus ar Phobal na Gaeilge ach is cosúil nár chuir sé ann nó as don Rialtas and do lucht riaracháin nó fiú lucht polataíochta na Tíre.

Ag ullmhú don Sathairn!
Is dá bharr seo chinn Conradh na Gaeilge agus cumainn eile, feachtas a thosú ag chuir ina luí ar an Rialtas an damáiste atá á dhéanamh a easpa ghníomhachta ar chursaí teanga do fhéiniúlacht na tíre. Ar bhealach nach thár n-ais ag an bpointe i 1892 nuair a thug Dúghlás de hÍde a ráiteas stairiúil (i mBéarla) ag an Irish National Literary Society? Má léightear anois í, mutatis mutandis, is beag athrú atá ann ó thaobh chúrsaí riarachán na tíre, go mór mór ó thaobh na Gaeltachta de. Ach an difríocht is mó atá ann idir an am sin agus anois is sea méid na Gaeltachta féin. Cinnte tá níos mó daoine in Éirinn gur féidir leo Gaeilge a labhairt ach tá laghdú thár cuimse ar an méid a úsáideann Gaeilge mar teanga phobal.

Sílim gur fiú breathnú ar na trí cainteanna nó aithisc a thug Seán Ó Cuirreáin le ceithre mí anuas. Táid láidir agus táid soiléar. Sílim gur an rud is suntaisí futhu ná nár thug éinne sa Rialtas, Aire Stáit na Gaeltachta, Aire na Gaeltachta, Aire Oideachas nó Taoiseach, nó aon fheidhmeannach de chuid na státseirbhíse freagra, nó fiú aon ráiteas ag bréagnú nó ag eas-aontú le h-aon rud a dúirt sé ach mírín beag ó Ruarí Quinn, Aire Oideachas, (i mBéarla mar níl Gaeilge ag Aire Oideachas na Éireann!) a dúirt go ndúirt Dinny McGinley “who has direct responsibility in this area, that these criticisms by the commissioner are not accepted!"  Go bhfios dom nior dúirt Dinny McGinley féin é sin go poiblí in aon áit!
Staitisticí
(Cliogáil ar seo chun é a dhéanamh
níos mó)

1. Ag Coláiste na hÉireann!
Bé ag tús mí Meán Fomhair 2013 is sea a d'oscail Seán Ó Cuirreáin, an Coimisinéir Teanga institiúid úr tríú leibhéal Ghaelcultúr, Coláiste na hÉireann, a sheoladh, mar aon leis an chéad chúrsa de chuid an choláiste sin, Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán.

Bhí sé tár éis an-chuid taighde ar pholasaí an Rialtas sa Ceartlann Náisiúnta agus is ag an oscailt seo a roghnaigh sé leis an eolas a roinnt leis an bpobal. Dúirt sé, "Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis: is deacair brí ar bith eile a bhaint as polasaí an stáit ó 1928 ar aghaidh".

Tá an teacs iomlán le fáil anseo againn: Moill, moilliú nó stopadh? Torthaí thaighde an Choimisinéara ar pholasaí Rialtais i leith na Gaeilge.


2.  Comhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha
Ansin dhá mhí ina dhiaidh sin fauir sé chuireadh dul ó comhair an Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha, lena thuairisc don bhliain 2012 a phlé. Is ansin a dúirt sé, "..Cé go bhfuil 2 bhliain eile fágtha i mo thréimhse ceapacháin, creidim i mo chroí istigh i bhfianaise na faisnéise atá curtha in bhur láthair agam anseo inniu gur beag eile a d’fhéadfainn a bhaint amach go pearsanta sa tréimhse ama sin i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is trua liom a rá, mar sin, go bhfuil cinneadh déanta agam seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar an 23 Feabhra seo chugainn." Seo Mar a labhair an Coimisinéir Teanga! (4 Nol 2013)

3. Fochoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Ar ámharaí an t-saoil fuair sé chuireadh eile ón Oireachtas, ó choiste, nó fo-choiste chun a bheith cruínn, Fochoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar an 23ú lá Eanáir le labhairt ar a chinneadh éirí as mar Choimisinéirí. Labhair se go beacht agus go soiléir ag miniú cén fáth go díreach ar éirigh sé as. "Mura féidir leis an Stát dearbhú a thabhairt i dtaca le húsáid na Gaeilge i mbun cumarsáide le pobal na Gaeltachta gan cheist, gan choinníoll agus a chinntiú go mbeidh dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí nuair a bheas an tAcht Teanga á leasú, creidim go dtuigfear ansin gur cur i gcéill a bheas ann. 

An rogha a bhí agam ná seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill. "

Tá an-chuid á lorg againn, ach tár aon rud eile tá muid ag lorga aitheantas ón Rialtas go bhfuil géar-chéim ann. Tá dá chloch ar ár bpaidrín againn mar comhartha ar sin. Ní chosnódh an dá rud seo pingin rua ar an stáit-chiste agus luaigh Seán Ó Cuirreáin iad sna trí caintenna sin (Mar a luaigh Dúbhghlas de hÍde iad 121 bliain ó shin. Diúltaigh cinneadh a fhoilsigh an Rialtas faoi earcaíocht sa stáit sheirbhís don dara éileamh thuas.

"Mura féidir leis an Stát aghaidh a thabhairt ar an dá ghné sin – úsáid na Gaeilge i mbun cumarsáide le pobal na Gaeltachta agus cinntiú go mbeadh dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí ‒ nuair a bheidh an tAcht á leasú, creidim go dtuigfear ansin gur mugadh magadh, briolla brealla nó bréaga a bheas i gceist."


An dá éileamh mór nach gcosnódh rud ar bith ar an Stáit!


Share/Save/Bookmark