1 Tá tacaíocht an-láidir don Ghaeilge i measc an phobail i gcoitinne
Tá pobal an oileáin báúil don teanga. Tacaíonn 93% den daonra ó dheas le hathbheochan nó caomhnú.
2. Ní mór deiseanna leis an teanga a úsáid a chur ar fáil don phobal
Léirítear sna daonáirimh, idir thuaidh agus theas, go bhfuil leibhéal éigin Gaeilge ag tuairim is dhá mhilliún duine ar oileán na hÉireann. Is léir ó aiseolas leanúnach go bhfuil easpa deiseanna úsáide agus foghlama Gaeilge ar fáil don phobal. Leis an gcáipéis seo, tá maoiniú spriocdhírithe á lorg le deiseanna breise labhartha agus foghlama Gaeilge a chur ar fáil don phobal, go háirithe ag an leibhéal áitiúil.
3. Tá an pobal ar aon intinn linn gur chóir tacaíocht bhreise a chur ar fáil
Léirítear i suirbhé Millward Brown a ndeachthas ina bhun in Eanáir 2015, go n-aontaíonn 61% den phobal ó dheas (ní raibh ach 18% ina choinne) agus 48% den phobal ó thuaidh (ní raibh ach 28% ina choinne) gur chóir don dá stát tacaíocht breise a chur ar fáil don Ghaeilge. Chomh maith leis sin, aontaíonn 65% den phobal ó dheas agus 55% den phobal ó thuaidh gur chóir do na Rialtais tacaíocht ar leith a chur ar fáil do phobail áitiúla le straitéisí Gaeilge a fhorbairt ina gceantar féin.
Eolas ar fad - brú anseo! |
Laghdaíodh buiséad Fhoras na Gaeilge agus buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta ó €45 milliún in 2008 go €22 milliún in 2015. Táimid ag lorg €18 milliún breise don Údarás agus don Fhoras le haghaidh na scéimeanna agus na dtionscadal a luaitear sa cháipéis seo, agus sin ísliú de €5 mhilliún ar a cuireadh ar fáil in 2008. Ba chóir a áireamh chomh maith, de réir taighde ón ESRI a foilsíodh in 2015, gur tháinig méadú suntasach ar líon na ndaoine ar fud an oileáin a chreideann nach bhfuil a dhóthain á déanamh ag na Rialtais ar son na Gaeilge – ó 15% in 2001 go 37% in 2013 ó dheas agus ó 15% in 2001 go 29% in 2013 ó thuaidh.
5. Níl ach idir 1.2% agus 1.5% d’airgead breise an Rialtais ó dheas in 2016 á lorg againn
Tá €1.2-€1.5 billiún breise le bheith ag an Rialtas ó dheas in 2016 le caitheamh nó le faoiseamh cánach a thabhairt don phobal. Is ionann an €18 milliún breise atá á lorg againn agus idir 1.2% agus 1.5% den airgead sin. Is mó an dochar atá déanta do na húdaráis Ghaeilge agus Ghaeltachta ná mar a ndearnadh ar údaráis agus ranna rialtais eile ó 2008 agus ní mór é sin a chur ina cheart anois.
6. Cúraimí agus dualgais bhreise gan acmhainní breise
Laghdaíodh buiséad an Fhorais agus an Údaráis agus ag an am céanna, cuireadh cúraimí breise ar Údarás na Gaeltachta agus ar Fhoras na Gaeilge araon. Ghlac an dá Rialtas leis na polasaithe Rialtais/reachtaíocht nua a leanas, a raibh impleachtaí móra maidir le hacmhainní ag baint leo (mar a bheadh ann d’aon pholasaí nua stáit eile), gan na hacmhainní riachtanacha a chur ar fáil lena gcur i bhfeidhm:
a. An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 ó dheas;
b. Acht na Gaeltachta 2012 ó dheas;
c. An Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-35 ó thuaidh (níor foilsíodh seo ach i mí Feabhra 2015).
7. Is é seo an chéad chomhiarratas riamh ó na húdaráis agus ón bpobal
Is é seo an chéad uair don phpobal agus do na húdaráis, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, an t-airgead atá riachtanach le dul i mbun na móroibre Gaeilge agus Gaetachta a aontú, go háirithe agus reachtaíocht nua, polasaithe oifigiúla, agus mianta an phobail á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, tá an t-iarratas seo bunaithe ar shaineolas agus ar thaithí uile na hearnála, agus is scéimeanna agus tionscadail iad seo a leagtar amach sa cháipéis seo ar ghá iad a mhaoiniú le go bhféadfar dul chun cinn mór a dhéanamh. Tá tuiscint níos fearr againn, agus a bhuíochas sin do phleanáil teanga, maidir le conas gníomhaíochtaí, seirbhísí, srl. a chur ar fáil ar shlí níos éifeachtaí. Dá bhrí sin, is féidir linn maoiniú a dhíriú ar thosaíochtaí sainiúla agus an luach is fearr ar féidir a bhaint as gach euro / punt.
8. Cruthófar breis agus 1,160 post leis an maoiniú atá á lorg
Déantar cur síos sa cháipéis ar na scéimeanna agus na tionscadail atá beartaithe le maoiniú agus tá eolas san áireamh freisin maidir leis na 1,160+ post a chruthófar mar chuid den infheistíocht i scéimeanna agus i dtionscadail den sórt sin.
9. Beidh tionchar dearfach aige sin ar gheilleagar an oileáin agus tá an Ghaeilge in ann cur go mór le forbairt gheilleagrach an oileáin
(a) Ní hamháin go gcruthófar poist, ach beidh tionchair dhearfacha eile ag an infheistíocht bhreise seo ar gheilleagar an oileáin, m.sh. éiríonn le scéimeanna pobail Gaeilge an méid céanna airgid a thuilleamh agus a chuirtear ar fáil dóibh chun cabhrú lena gcur i bhfeidhm, airgead a théann isteach sa gheilleagar áitiúil. Is fiú cuimhneamh go gcuireann obair na Gaeilge agus na Gaeltachta airgead leis an ngeilleagar cheana féin, m.sh. €6 mhilliún don bhaile / don chathair ina mbíonn Oireachtas na Gaeilge ar siúl; is fiú os cionn €136 milliún an Ghaeilge do gheilleagar na Gaillimhe gach bliain*;
is fiú os cionn €20 milliún na coláistí samhraidh Gaeilge don gheilleagar. Is fiú, mar sin, infheistíocht a dhéanamh sna tionscadail agus sna scéimeanna atá beartaithe sa cháipéis seo, ní hamháin leis an teanga a neartú ach leis an ngeilleagar a threisiú chomh maith.
(b) De réir suirbhé Millward Brown a ndeachthas ina bhun in Eanáir 2015, aithníonn 53% den phobal ó dheas agus 46% den phobal ó thuaidh gur acmhainn uathúil í an Ghaeilge ar féidir léi cur go dearfach le forbairt gheilleagrach an oileáin.
Tá an t-eacnamaí Fionnbarra Ó Brollacháin ar aon intinn leis sin ina leabhair The Irish Edge: How Enterprises Compete on Authenticity and Place agus Capitalising on Culture, Competing on Difference, i. go bhfuil ‘edge’ nó buntáiste breise ag an bpobal in Éirinn mar go bhfuil an Ghaeilge againn, rud a chabhraíonn linn smaoineamh ar shlí uathúil, dul i ngleic le fadhbanna, teangacha eile a fhoghlaim, tuiscint níos leithne a bheith againn ar an domhan mórthimpeall orainn, srl.
10. Ag dul i dtreo 125 bliain d’athbheochan na Gaeilge – tabhair tosaíocht don Ghaeilge
Is iomaí comóradh atá ag tarlú le blianta beaga anuas agus ba chóir aitheantas a thabhairt don ról ar leith a bhí ag an nGaeilge i gcuid mhaith de na heachtraí a tharla 100 bliain ó shin. Beidh comóradh speisialta ann in 2018, chun tús na hathbheochana Gaeilge a chomóradh. Ba chóir na scéimeanna agus na tionscadail a bheartaítear sa cháipéis seo a chur i bhfeidhm ó 2016 lena chinntiú go dtabharfar spreagadh ar leith don Ghaeilge faoi 2018, ag an leibhéal áitiúil go mór mór.
* ‘Buntáistí Geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe’ le Bane Mullarkey Teo. i gcomhpháirtíocht le Jerome Casey & a Chomh. Teo coimisiúnaithe ag Gaillimh le Gaeilge in 2009.