28.9.11

Yu ming sa rang!


Tabharfar deis do gach dalta scoile dara leibhéal in Éirinn foghlaim faoi chearta teanga i dtionscnamh nua ilmheánach oideachais a d’fhorbair Oifig an Choimisinéara Teanga agus a sheol an tAire Stáit Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., i nGaillimh inniu/inné (27 Meán Fómhair 2011).

Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh léargas a thabhairt ar chearta teanga go ginearálta agus ar chás na Gaeilge go háirithe, i gcomhthéacs chearta an duine. Sraith de cheachtanna scoile agus tionscadail dhátheangacha atá ann a mhúinfear mar chuid de chúrsa an Teastais Shóisearaigh san Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitiúil (OSSP). Leabhrán do mhúinteoirí, CD Rom, DVD de ghearrthóga físe, póstaeir agus acmhainní ar líne atá i gceist. Tá cóipeanna á ndáileadh faoi láthair ar chuile scoil dara leibhéal sa tír.

Pléitear ann na buntáistí agus na dúshláin a bhaineann leis an ilteangachas agus scrúdaítear Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe. Taispeántar an gearrscannán Yu Ming is Ainm Dom, scannán a insíonn scéal an ógánaigh ón tSín a d’fhoghlaim Gaeilge mar ullmhúchán dá thuras ar Éirinn ach a mbíonn deacrachtaí cumarsáide aige i dtús aimsire go dtí go n-aimsíonn sé post mar fhreastalaí beáir sa Ghaeltacht.

Úsáidtear íomhánna a bhaineann le féiniúlacht náisiúnta i bhfíseán a léirigh Nuacht TG4/RTÉ le fuaimrian le The Coronas (Béarla) mar chuid de cheacht ar chultúr agus náisiúntacht. Baintear leas as sraith tasc-chartaí i gceacht ina n-iarrtar ar daltaí gnéithe de shaol na hÉireann a mhíniú do chuairteoir Marsach agus bunaítear ceacht eile ar fhorbairt comharthaíocht agus stáiseanóireacht dhátheangach.

Rinneadh tástáil ar an iarracht seo mar ‘thionscnamh píolótach’ i 15 scoil ar fud na hÉireann anuraidh agus baineadh úsáid as an aiseolas a tháinig dá bharr sin le barr feabhais a chur air. Is féidir é a mhúineadh trí Ghaeilge, trí Bhéarla nó go dátheangach de réir mar a oireann do scoileanna, múinteoirí nó ranganna ar leith.

“Thar rud ar bith eile ba cheart do gcinnteodh an tionscnamh seo go dtugtar comhthéacs d’fhoghlaim na Gaeilge do dhaltaí agus go mbeadh tuiscint agus meas acu ar an gcoincheap a bhaineann le cearta teanga” dar leis an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. Dúirt sé “go bhféadfadh an iarracht seo a bheith ar an tionscnamh is tábhachtaí ag a Oifig ó bunaíodh í má chiallaíonn sé go mbeidh an tábhacht atá le cearta teanga á teagasc do líon suntasach daltaí gach bliain.”
Mheabhraigh sé do na daltaí a bhí i láthair ag an ócáid seolta ó Choláiste na Coiribe i nGaillimh go raibh muintir na hÉireann ina gcosantóirí ag an nGaeilge agus iad ag caomhnú gné thábhachtach d’oidhreacht an domhain atá faoi bhagairt.

Agus é ag seoladh an tionscnaimh dúirt an tAire Stáit Gaeltachta, Donncha Mac Fhionnlaoich TD, go raibh súil aige go gcuideodh sé le daltaí scoile forbairt a dhéanamh ar a bhféiniúlacht féin mar shaoránaigh i dtír a bhfuil dhá theanga oifigiúla aici agus go méadódh sé a dtuiscint ar a thábhachtaí agus atá cosaint agus cur chun cinn ár dteanga náisiúnta. Tá an acmhainn oideachais ar chearta teanga á dáileadh le tacaíocht ó COGG, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Dúirt Príomhfheidhmeannach COGG, Muireann Ní Mhóráin, go raibh súil aici go mbainfeadh múinteoirí úsáid iomlán as an acmhainn a thug gach deis dóibh tuiscint ar chearta teanga a chur ar chlár oibre an chórais oideachais ar bhealach a d’fhágfadh gur buntáiste mór é do dhaltaí. Painéal de mhúinteoirí OSSP a d’fhorbair an t-ábhar le cabhair ó raon leathan eagraíochtaí ar a n-áirítear an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (Béarla) de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, COGG, Nuacht TG4/RTÉ agus tuilleadh nach iad.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment