9.5.24

Éagothromaíocht as cuimse.

English Version.
Tháinig méadú 6% ar líon iomlán na ngearán a fuair Oifig an Choimisinéara Teanga in 2023, sin 634 gearán i gcomparáid le 600 in 2022.

Tá toradh dearfach na reachtaíochta teanga nua (Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021) le feiceáil ón méadú suntasach atá ag teacht ar an bhfógraíocht a dhéanann eagraíochtaí stáit trí Ghaeilge ar na meáin chumarsáide éagsúla (e.g. teilifís, raidió, meáin shóisialta). Leanann sé seo sna sála ar fheachtas feasachta náisiúnta a reachtáil Oifig an Choimisinéara Teanga ar an reachtaíocht nua.

Bhain 39% den 634 gearán a fuair Oifig An Choimisinéara Teanga in 2023 le gealltanais a bhí tugtha ag eagraíochtaí stáit ina gcuid scéimeanna teanga reachtúla. “Léiríonn an líon an-ard gearán a bhaineann le scéimeanna teanga eagraíochtaí stáit an géarghá atá ann córas nua na gcaighdeán teanga, atá le teacht in áit córas na scéimeanna teanga, a thabhairt i bhfeidhm”, a deir an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn. "Aire na Gaeltachta a thabharfaidh córas nua na gcaighdeán teanga i bhfeidhm faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.

Meadú ar líon na gearán.
Tháinig méadú 6% ar líon iomlán na ngearán a fuair Oifig an Choimisinéara Teanga in 2023, sin 634 gearán i gcomparáid le 600 in 2022. Léiríonn líon agus cineál na ngearán easnaimh shuntasacha atá sa soláthar reatha do sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge. 

I measc na n-easnamh is tromchuisí, tá easpa foirne le hinniúlacht chuí sa Ghaeilge le croísheirbhísí poiblí a sholáthar, e.g. seirbhísí teileafóin agus cuntair ar ardchaighdeán trí Ghaeilge; agus an éagothromaíocht as cuimse idir an freastal a dhéantar trí Bhéarla ar an bpobal trí sheirbhísí teicneolaíochta ar líne i gcomparáid leis an lagfhreastal bearnach trí Ghaeilge. Léirigh imscrúduithe foirmiúla ar Chomhairle Contae na Gaillimhe agus An Post freisin na bearnaí reatha maidir le seirbhísí teicneolaíochta agus idirghníomhacha ar líne trí Ghaeilge.

Méadú comhairle.
Tá méadú 140% tagtha ar líon na gcásanna ar roinneadh comhairle le heagraíochtaí stáit faoina ndualgais reachtúla teanga le dhá bhliain anuas. Léirigh faireachán ar 18 Roinn Stáit i gcaitheamh 2023 leibhéal ard géilliúlachta maidir le caighdeán na bhfógairtí taifeadta béil a bhí á n-úsáid acu ar a gcórais teileafóin.

Ní mór athshamhlú a dhéanamh ag an tráth seo ar sheachadadh seirbhísí poiblí an Stáit trí Ghaeilge. Tá dlús criticiúil foirne le Gaeilge mhaith i gcomhlachtaí poiblí ag teastáil ionas go mbeidh muinín an phobail teanga i seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Ba chóir molchampais sheirbhísí poiblí a fhorbairt i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht, i Líonraí Gaeilge agus i lárionaid Ghaeilge i gcathracha le líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú. Rachfadh na molchampais go mór i ngleic le cuid de na bacanna a bhíonn ar phobal na Gaeilge teacht ar sheirbhísí poiblí ar ardchaighdeán trí Ghaeilge go laethúil.

Dúirt Séamas Ó Concheanainn freisin: “Beidh tábhacht ar leith ag baint leis an bPlean Náisiúnta do Sheirbhísí Poiblí trí Ghaeilge a fhoilseofar níos deireanaí i mbliana. Tá sé riachtanach go leagfaidh an Plean Náisiúnta amach cosán soiléir trína dtiocfaidh feabhas suntasach ar chaighdeán agus ar líon na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tá cur chuige réadúil, forásach agus céimnithe, i dtreo na sprice 20% d’earcaithe le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí, faoin mbliain 2030 riachtanach freisin, le go rachfar i ngleic leis na bearnaí suntasacha reatha i seirbhísí poiblí trí Ghaeilge”.


@CeartaTeanga @DeptCultureIRL @OireachtasNews @PresidentIRL @ForasnaGaeilge

Share/Save/Bookmark

15.4.24

Ár dteanga iontach náisiúnta! (100 as 3264)

Is gnáth-nós ag poiliteoirí na hÉireann ní baintear úsáid as an Teanga Náisiúnta ag nuair atá siad ag déanamh tagairt don Teanga féin nó don Ghaeltacht. Ní raibh athrú ar bith sa nós nuair a labhair Ceannaire Fhianna Fáil ag a Ard-Fheis ar an Sathairn (13 Aibreán 2023)

In oráid de 3265 focail ar ana chuid ábhar ni raibh ach 115 sa Teanga Náisiúnta ina measc sin dúirt sé "A Chairde" sé n-uaire agus dúirt sé "Gura míle maith agaibh" ag a deireadh. Fágann sin nach raibh ach céad (100) focail san oráid ina iomláin i nGaeilge. Tá an oráid le fáil ar shuíomh (Béarla) a pháirtí. 

Seo mar atá sé ar an suíomh -

Agus is tuairim lárnach de pháirtí Fhianna Fáil go gcaithfimid ár gcultúr agus ár bhféiniúlacht náisiúnta a chosaint agus a fhorbairt.
Is cuid riachtanach dár n-aitheantas náisiúnta é dlúthbhaint a bheith againn le cultúir na hEorpa agus le cultúir an domhain uilig. Sin cuid thábhachtach dár nÉireannachas.
Le cúig bliana anuas, táimid de shíor ag méadú na tacaíochta don oideachas trí mheán na Gaeilge.
Níl aon amhras ach go leanfaidh athbheochan na Gaeilge, ár dteanga iontach náisiúnta, ar aghaidh le díograis sna blianta amach romhainn.
Agus is iontach an scéal é go bhfuil Thomas Byrne mar aire na Gaeltachta anois.

Mar a dúradh ar tuairisc.ie: "Ba mhór idir caint Martin faoi athbheochan na Gaeilge agus admháil lom an aire stáit nua Thomas Byrne an tseachtain seo caite go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht."

Léiríonn oráid Mhichíl Martin an cur chuige atá léirithe go ró mhinic ag an státchóras. Má fhéacann tú ar na teachtaireachtaí ón dTáinaiste ar an gcóras giolcaireachta twitter (X) ní bheadh fhios agat go raibh Gaeilge ar bith aige, fiú nuair a  bhí sé ina Thaoiseach. Déarfainn go raibh níos mó Ghaeilge ann ag an Taoiseach Fine Gael, Leo Varadkar ná ag Ceannaire an pháirtí a deireann "go gcaithfimid ár gcultúr agus ár bhféiniúlacht náisiúnta a chosaint agus a fhorbairt." 

I bhfocal Catherine Connelly, Cathaoirleach, Choiste Oireachtais sa Dáil roimhe seo: "Tá an teachtaireacht ag dul amach ... má tá rud tabhachtach le rá, abair i mBéarla é." 

Nó i bhfocal Sheáin Uí Chuirreáin deich mbliain ó sin, "Labhairígí Gaeilge eadraibh féin ach abair Béarla linne!"

Nó mar a bhí luaite ag Aire Stáit na Gaeltachta nua Byrne, narbh aisteach an rud é go raibh sé níos éasca labhairt i nGaeilge i gcóras na hEorpa sa mBruiséal ná i gcóras riarachán na hÉireann.

Is cosúil nár chuala Fine Gael (nó Fianna Fáil) a dúirt an Coilleánach, "Go dtí go mbeidh an Ghaeilge againn. arís ar ár dteangain agus ar ár n-aigne nílimid saor ..."


Share/Save/Bookmark

8.1.24

Óglaigh na hÉireann á gcosaint?

Feicim go bhfuil dlí á fhógairt ag an Rialtas nach mbeadh cead ag aon dream "Óglaigh na hÉireann" a thabhairt ar aon eagraíocht ach Airm na hÉireann amháin.

Cosantóir an Bhéarla?
Nach mbeadh sé go deas dá dtabharfadh Airm na hÉireann fhéin "Óglaigh na hÉireann" ortha fhéin i gcónaí?

"military.ie/" ar an suíomh idirlín acu cé go bhfuil chuid de dhá theangach. Agus tá "@defenceforces" (Béarla) acu ar twitter ("X") agus ar facebook (Béarla). 

Nach bhfuil sé ait nár chuir Oglaigh na hÉireann, an a ngiolch ar "The official Twitter page of the Irish Defence Forces" nó san "Official Irish Defence Forces Facebook page" sa teanga náisiúnta?

Ar ndóigh ní dea shampla atá ar fáil ón Roinn Cosanta cé go ndearnadar aistriú ar an AAA (URL) don leagan "Gaeilge" dá suíomh go "eagraiocht/an-roinn-cosanta/" ach faraoir is beag Gaeilge atá ar an suíomh acu.

Nó fiú ó Uachtarán na Tíre a úsáideann ainm a oifige i mBéarla ar twitter seachas ár dteanga ársa féin.


@defenceforces @IRLDeptDefence @PresidentIRL @ceartateanga

Share/Save/Bookmark