tag:blogger.com,1999:blog-9136201641340233172024-03-19T03:12:26.933-07:00gaeltacht21Unknownnoreply@blogger.comBlogger463125tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-65491430876026281292024-01-08T01:07:00.000-08:002024-01-08T01:20:18.449-08:00Óglaigh na hÉireann á gcosaint?Feicim go bhfuil dlí á fhógairt ag an Rialtas nach mbeadh cead ag aon dream "Óglaigh na hÉireann" a thabhairt ar aon eagraíocht ach Airm na hÉireann amháin.
Cosantóir an Bhéarla?
Nach mbeadh sé go deas dá dtabharfadh Airm na hÉireann fhéin "Óglaigh na hÉireann" ortha fhéin i gcónaí?
Tá "military.ie/" ar an suíomh idirlín acu cé go bhfuil chuid de dhá theangach. Agus tá "@defenceforces" (Béarla) acu ar twitter ("X") agus ar facebook (Béarla).
Nach bhfuil sé ait nár chuir Oglaigh na hÉireann, an a ngiolch ar "The official Twitter page of the Irish Defence Forces" nó san "Official Irish Defence Forces Facebook page" sa teanga náisiúnta?
Ar ndóigh ní dea shampla atá ar fáil ón Roinn Cosanta cé go ndearnadar aistriú ar an AAA (URL) don leagan "Gaeilge" dá suíomh go "eagraiocht/an-roinn-cosanta/" ach faraoir is beag Gaeilge atá ar an suíomh acu.
Nó fiú ó Uachtarán na Tíre a úsáideann ainm a oifige i mBéarla ar twitter seachas ár dteanga ársa féin.
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-22052481317609808112023-12-17T06:06:00.000-08:002023-12-17T06:21:24.673-08:00Feidhmiú na Reachtaíochta Teanga Nua – Inniúlacht agus Freagrúlacht. Seo Ráiteas Tosaigh an Choimisinéara Teanga, Séamas Ó Concheanainn, ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agusPhobal Labhartha na Gaeilge ar an ábhar ‘Feidhmiú na Reachtaíochta Teanga Nua – Inniúlacht agus Freagrúlacht.’ Bhí an cruinniu ar an 13ú lá Nollag 2023 ag Tithe an Oireachtais. Sé Aengus O Snodaigh TD atá mar Chathaoirleach ar an gcoiste seo.
>>A Chathaoirligh, agus a chomhaltaí coiste uile,
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leatsa agus le comhaltaí an Chomhchoiste as an gcuireadh freastail. Is mór an chomaoin atá curtha ag an gComhchoiste orm teacht in bhur láthair inniu i ndiaidh mo cheapacháin mar Choimisinéir Teanga ag Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, an tseachtain seo caite. Tá mé féin agus foireann Oifig an Choimisinéara Teanga ag súil go mór leanacht den dea-chaidreamh idir an Oifig agus an Comhchoiste chun go neartófaí cearta teanga phobal labhartha na Gaeilge. Tá an dea-chaidreamh sin ríthábhachtach ar mhaithe le tapú na deise atá againn anois cearta teanga phobal na Gaeilge a láidriú de thoradh theacht i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.
Rónán Ó Domhnaill & Seán Ó Cuirreáin
Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin aitheantas a thabhairt don obair cheannródaíoch a rinne na Coimisinéirí Teanga a bhí ann romham. Is iad a sheas an fód do chearta teanga in Éirinn. Bhí sé de dheis agam a bheith ag obair le Rónán Ó Domhnaill le breis agus dhá bhliain agus is é a rinne obair chéadach ar réim reachtaíochta nua a thabhairt chun cinn, réim a laghdaíonn an bhearna idir fís agus feidhmiú na gceart teanga. Leag an chéad Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, dúshraith théagartha agus sheasmhach do shaothrú cearta teanga phobal na Gaeilge agus d’Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá moladh ar leith ag dul do na hAirí Gaeltachta agus d’oifigigh uile na Roinne a chinntigh go gcuirfí acmhainní cuí ar fáil do thionscnamh, d’achtú agus d’fheidhmiú na reachtaíochta agus Oifig an Choimisinéara Teanga i gcaitheamh na mblianta.
Is iad an líon ard gearán agus ábhar na ngearán a fhaigheann Oifig an Choimisinéara Teanga ó bhliain go bliain a léiríonn an géarghá le cearta teanga a neartú. Má tá feabhas le teacht ar an bhfreastal a dhéanann an Stát ar phobal na Gaeilge trí sheirbhísí poiblí, creidim go bhfuil tréimhse chinniúnach amach romhainn. Bainfear amach bunaidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla – is é sin líon na seirbhísí poiblí atá á gcur ar fáil don phobal a mhéadú agus caighdeán na seirbhísí a fheabhsú – trí fheidhm iomlán a thabhairt d’fhorálacha an Achta leasaithe. Tá forálacha suntasacha sa reachtaíocht teanga leasaithe chun críche na bunaidhme seo.
An Plean Náisiúnta.
Séamas Ó Concheanainn & Uachtarán na hÉireann
I gcroílár an dualgais náisiúnta seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú agus a mhéadú ar bhonn earnála agus córasach beidh an Plean Náisiúnta do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tá an Plean Náisiúnta reachtúil seo á fhorbairt i láthair na huaire faoi stiúir an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge, a bhunaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán anuraidh (2022). Cuimseofar bearta criticiúla sa Phlean Náisiúnta, lena n-áirítear caighdeáin teanga a leagfaidh amach na seirbhísí nua a mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a sholáthar (Ailt 18 & 19 d’ Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021). Cuimseoidh na caighdeáin teanga freisin sainiú ar na hinniúlachtaí teanga a bheidh de dhíth ar fhoireann na gcomhlachtaí poiblí leis na seirbhísí a bheidh leagtha amach a sholáthar ar chaighdeán sásúil, do phobal na Gaeilge. Is é an tAire a dhéanfaidh forordú ar na caighdeáin teanga a chuimseoidh na seirbhísí éagsúla a mbeidh ar chomhlachtaí poiblí, nó ar chatagóirí de chomhlachtaí poiblí, a chur ar fáil don phobal(Alt 19(A)(2) d’ Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021).
Tá sé soiléir ó nádúr na ngearán atá á bhfáil ag m’Oifigse ón bpobal ar bhonn rialta go mbeidh dóthain foirne le cumas sásúil sa Ghaeilge a bheith ar fáil, cinniúnach lena chinntiú go dtiocfaidh feabhas, ar líon agus ar chaighdeán seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tá soláthar soiléir sa reachtaíocht teanga leasaithe don riachtanas seo tríd an mórsprioc 20% d’earcaithe nua le Gaeilge a bhaint amach faoin mbliain 2030. Beidh sé riachtanach go leagfaidh an Plean Náisiúnta, a bheidh forbartha faoi stiúir an Choiste Comhairligh, cosán soiléir amach a mbeidh dul chun cinn céimnitheach agus intomhaiste leagtha amach ann. Mar aon leis an gcur chuige do shroichint na mórsprice 20% d’earcaithe nua le Gaeilge leagfar síos na leibhéil inniúlachta teanga faoi réir Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CECR Fraincís) a bheidh i gceist don fhoireann a bheidh freagrach as seirbhísí poiblí ar leith a sheachadadh. Foráil shuntasach freisin gur féidir leis an gCoiste Comhairleach comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí faoi líon agus faoi ghráid na foirne a bheidh riachtanach leis na seirbhísí poiblí éagsúla trí Ghaeilge a chur ar fáil. Beidh tuairisc le foilsiú ag an gCoiste Comhairleach ar chur i bhfeidhm an Phlean (Alt 18(F)(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021) agus beidh tráchtaireacht le heisiúint agamsa mar Choimisinéir Teanga taobh istigh de 6 mhí ar obair an Choiste Chomhairligh agus ar an dul chun cinn leis an bPlean Náisiúnta. Tacóidh mise le haon iarracht cur le comhar, comhpháirtíocht agus comhoibriú idir comhlachtaí poiblí, an pobal, agus Tithe an Oireachtais, ar mhaithe le fíorú na móraidhme náisiúnta seo.
Forálacha Nua.
Oifig an Choimisinéara Teanga
In 2022 mar ullmhúchán do theacht i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 reachtáil an Oifig an clár ardaithe feasachta ba mhó riamh ó bunaíodh an Oifig. D’fhreastail breis is 2,100 rannpháirtí ar sheimineáir ghréasáin a reachtáil an Oifig, cuid acu a reáchtáladh i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Díol suntais ab ea an méadú de 81%, ó 189 go dtí 284, a tháinig ar líon na gcásanna inar roinn an Oifig comhairle le comhlachtaí poiblí faoina ndualgais faoin Acht. D’eascair an méadú is suntasaí ar líon na gcásanna comhairleacha go príomha ó theacht i bhfeidhm foráil fógraíochta na gcomhlachtaí poiblí i mí Dheireadh Fómhair 2022 (Alt 10A d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021). Tá an méadú atá tagtha ar líon na bhfógraí trí Ghaeilge atá le feiceáil ar na meáin chumarsáide le roinnt míonna ag cur go mór le seasamh agus le feiceálacht na Gaeilge i measc an phobail. Beart tábhachtach atá san fhoráil seo a thacaíonn le forbairt earnáil na meán Gaeilge trí shruthanna úra ioncaim a ghiniúint. Beidh faireachán á dhéanamh ag an Oifig an bhliain seo chugainn ar ghéilliúlacht na gcomhlachtaí poiblí don fhoráil fógraíochta.
Tabharfar feidhm do dhualgais reachtúla nua gan mhoill. Ina measc, tá an dualgas a bheidh ar chomhlachtaí poiblí ainm, sloinne agus seoltaí baile an duine aonair a thaifeadadh agus a úsáid go cruinn trí mheán na Gaeilge. Bhí an fhaillí a bhíothas a dhéanamh ar an bpobal ina leith seo ar cheann de na húdair ghearáin ba mhó a tarraingníodh anuas leis an Oifig le roinnt blianta. Táthar ag súil go dtabharfar feidhm go luath freisin d’fhorálacha maidir le foirmeacha oifigiúla, lógónna agus ainmneacha comhlachtaí poiblí nuabhunaithe. Dualgas nua suntasach eile ná dualgas conraitheoirí nó soláthraithe tríú páirtí atá ag obair thar ceann comhlachtaí poiblí a bheith géilliúil don reachtaíocht. Is cumhacht reachtúil bhreise a bheith in ann faireachán agus tráchtaireacht réamhghníomhach a dhéanamh ar achtacháin eile a bhaineann le stádas nó úsáid na Gaeilge. Treiseoidh na cumhachtaí breise seo le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga an phobail sa Ghaeltacht agus mar theanga náisiúnta chomhaimseartha.
Inniúlacht agus Freagrúlacht Chórais na Seirbhíse Poiblí.
Aengus O Snodaigh TD, Cathaoirleach
Mar is eol daoibh, tá fiche bliain ann ó bunaíodh an Oifig agus is údar bróid domsa mar Choimisinéir agus d’fhoireann na hOifige go ndearnadh freastal fónta ar éilimh phobal na Gaeilge agus cuidiú le comhlachtaí poiblí a ndualgais reachtúla a chur i bhfeidhm. Ó bunaíodh an Oifig go deireadh na bliana 2022, tá os cionn 12,000 ghearán curtha faoinár mbráid. Le linn na tréimhse céanna, tháinig breis agus 3,000 iarratas ar chomhairle chugainn ó chomhlachtaí poiblí. Déantar gach iarracht freastal go pras ar fhiosruithe agus ar ghearáin ón bpobal. Seoladh 149 n-imscrúdú foirmiúil ar chomhlachtaí poiblí idir 2003 agus 2022 nuair a bhí gach iarracht déanta ag foireann na hOifige an cás a réiteach go neamhfhoirmeálta.
Ina dhiaidh sin féin, tá roinnt dúshlán ag teacht chun cinn maidir le hinniúlacht (nó cumas) an chórais bunseirbhísí a sheachadadh trí mheán na Gaeilge nuair a éilítear sin. Tar éis fiche bliain, ba dhóigh leat go mbeadh socruithe ardleibhéil déanta ionas go ndéanfaí soláthar don seachadadh teanga ina cheann ar sheachadadh na mbunseirbhísí mar bhunsraith feidhmithe. Is iad na himscrúduithe is fearr a léiríonn na bearnaí córasacha. Má scrúdaítear fionnachtana an 149 n-imscrúdú atá seolta ó 2003, is minic trí dhúshlán ar leith a bheith le tabhairt faoi deara iontu:
Ní thuigtear an dualgas reachtúil teanga ag leibhéal ard ceannaireachta;
Ní dhéantar córais inmheánacha phleanála a dhearadh dá réir;
Ní bhíonn dlús criticiúil de líon foirne atá inniúil ar an nGaeilge le leanúnachas soláthair a chinntiú.
Cuirfidh forálacha sa reachtaíocht leasaithe feabhas ar cheist na feasachta agus an rialachais chorparáidigh i measc comhlachtaí poiblí. Tá freagracht tuairiscithe le leagan ar bhall foirne sinsearach i ngach comhlacht poiblí chun maoirsiú a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta. Beidh ar an gcomhlacht poiblí tuairisc a thabhairt i dTuarascáil Bhliantúil an chomhlachta ar aon ábhar a ndéantar tuairisciú air maidir leis an reachtaíocht teanga. (Alt 3 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021)
Maidir leis na dúshláin dlús criticiúil de líon foirne atá inniúil ar an nGaeilge a bheith ar fáil do chomhlachtaí poiblí, teastaíonn béim atreisithe a leagan ar inniúlacht teanga mar thréith infhostaitheachta sa tSeirbhís Phoiblí, an tSeirbhís Phoiblí Shinsearach san áireamh. Mura bhfuil ceannaireacht teanga ón mbarr anuas, agus cultúr treoraithe comhlíonta, is beag is fiú an líofacht Ghaeilge a bheith luaite le gráid shóisearacha amháin. Mar a luaigh mé cheana, tá an-tábhacht leis an gcosán soiléir a leagfaidh an Coiste Comhairleach amach sa Phlean Náisiúnta chun go mbeadh 20% d’earcaithe nua le Gaeilge faoi mbliain 2030. Beidh ról cinniúnach freisin le himirt ag earnáil an ardoideachais Ghaeilge i soláthar na gcéimithe a chinnteoidh go mbeidh an acmhainn dhaonna sin ar fáil.
Creidim go bhfuil tábhacht mhór leis an mbéim atá leagtha ar phróiseas agus ar an bhonneagar na Pleanála Teanga sa reachtaíocht (Alt 18(3)(a) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021). Tá sé i gceist go méadófar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge. Don chéad uair riamh, beidh ailíniú reachtúil idir cuspóirí náisiúnta Acht na Gaeltachta 2012 agus Achtanna na dTeangacha Oifigúla agus is fearr an seans go bhfíorófar cur chun cinn na Gaeilge dá bharr. Léiríonn gearáin an phobail teanga go gcuirtear bac ar phobal na Gaeilge rochtain a bheith acu ar sheirbhísí Gaeilge atá ar chomhchaighdeán le seirbhísí comhchosúla i mBéarla. Is fiú gach leas seiftiúil a bhaint as an mbonneagar náisiúnta pleanála teanga atá forbartha ag an Stát le blianta beaga anuas chun freastal i bhfad níos fearr a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge go náisiúnta.
Séamas Ó Concheanainn, Coimisinéir Teanga
Bíodh seirbhísí poiblí trí Ghaeilge á seachadadh go fíorúil, ar líne nó ar láithreacha fisiciúla sa Ghaeltacht, i mBailte Seirbhíse nó trí Líonraí Teanga, d’fhéadfaí forbairt a dhéanamh ar mholchampais sheachadta seirbhísí poiblí tríd an mbonneagar náisiúnta pleanála teanga. Laghdófaí ar na bearnaí reatha i seachadadh seirbhísi poiblí trí Ghaeilge dá dtapófaí na deiseanna seo agus mhaolófaí ar an mbearna idir an pobal teanga agus an córas stáit go fíorúil agus go fisiciúil.
Focal scoir.
Mar chlabhsúr, is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl don phobal agus do na comhlachtaí poiblí as a gcomhar agus a gcúirtéis. Táim thar a bheith buíoch freisin den Chomhchoiste as a n-airdeall seasta ar cheisteanna a bhaineann le cearta teanga. Is é mo rún daingean é cur le creat na gceart sin trí bhéim a leagan ar inniúlacht chórais agus treisiú a dhéanamh ar an obair a dhéanfar i bpáirt le comhlachtaí poiblí chun an fhreagrúlacht a shaothrú ag gach leibhéal den chóras. Cé go bhfuil bóthar dúshlánach amach romhainn, creidim gur féidir éachtaí a dhéanamh agus cearta teanga phobal na Gaeilge á gcur chun cinn trí chomhar agus trí chomhpháirtíocht idir an pobal, an tSeirbhís Phoiblí agus Tithe an Oireachtais.<<
@ceartateanga @aosnodaigh @OireachtasNews #CGGPLnaG
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-85406155398987229342023-12-06T09:35:00.000-08:002023-12-17T05:13:06.649-08:00An triú Coimisinéir Teanga.
An English Version
Cheap Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn,Séamas Ó Concheanainn inniu ina Choimisinéir Teanga. I ndiaidh do Thithe an Oireachtais glacadh le rún de chuid an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán, Catherine Martin, chuir an tUachtarán a lámh le ceapachán Shéamuis Uí Choncheanainn in Áras an Uachtaráin inniu.
Tagann Séamas i gcomharbacht ar Rónán Ó Domhnaill a chaith naoi mbliana mar Choimisinéir Teanga sular ceapadh i measc na gCoimisinéirí i gCoimisiún na Meán é ag tús na bliana seo.
“Tá mé ag súil go mór leis an deis i mo ról mar Choimisinéir Teanga tionchar suntasach a imirt ar mhéadú agus ar fheabhsú na seirbhísí poiblí atá á gcur ar fáil trí Ghaeilge ag eagraíochtaí stáit." dúirt Séamas Ó Concheanainn ag an ocáid. "Is dea-scéala é go bhfuil reachtaíocht teanga leasaithe (Acht nadTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021) ag teacht i bhfeidhm i láthair na huaire leis na cearta teanga atá ag pobal na Gaeilge a láidriú. Tá gealltanais shuntasacha sa reachtaíocht teanga nua, ar nós an Plean Náisiúnta a leagfaidh amach cur chuige na hearnála poiblí, a chuimsíonn breis agus 500 comhlacht poiblí, le freastal cóir agus cothrom a dheánamh ar phobal na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus go náisiúnta. Beidh feidhmiú na ngealltanas maidir le dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge a bheith ar fáil do sholáthar na seirbhísí poiblí nua criticiúil freisin. Teastóidh beart náisiúnta ina mbeidh ról lárnach ag an earnáil ardoideachais trí Ghaeilge leis an acmhainn dhaonna a sholáthar, d’fhíorú na gcearta teanga atá sa reachtaíocht leasaithe.”
Labhair sé ar na forálacha atá tagtha i bhfeidhm cheana, “Tá fáilte mhór le cur roimh an mborradh follasach faoi fhógraíocht Ghaeilge ar na meáin chumarsáide éagsúla. Leagann alt 10A. (Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí) dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí sciar suntasach dá gcuid fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge. Is den tábhacht é go mbeadh an Ghaeilge á saothrú mar mheán plé agus dioscúrsa san uile réim phoiblí.”
Is as Baile an tSagairt, an Spidéal i gContae na Gaillimhe é, Shéamas Ó Concheanainn. Tá achar trí bliana caite aige ag obair mar Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga. Roimhe sin, bhí sé ina Riarthóir ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (Ollscoil na Gaillimhe), i gCarna, mar a raibh sé ag plé le fearainn na hacadúlachta agus bainistíochta araon.
Is iomaí ábhar taighde teangabhunaithe ar chuir Séamas faoi réir le linn a chuid ama ina measc Fios Físe, tionscadal taighde náisiúnta a bunaíodh d’fhonn tomhas a dhéanamh ar an tóir agus ar an éileamh atá ag pobal abhartha na Gaeilge ar TG4. Tá spéis ar leith aige sa bpleanáil teanga agus sa bhforbairt pobail agus sealanna éagsúla caite aige thar na mblianta ag obair go deonach le raon leathan eagraíochtaí agus coistí pobail.
Seo an chéad uair ar fógraíodh folúntas an Choimisinéara Teanga mar chomórtas earcaíochta, oscailte don phobal. Téarma 6 bliana atá sa cheapachán mar Choimisinéir Teanga.
@ceartateanga @DeptCultureIRL
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-13848098436867469732023-06-09T04:16:00.002-07:002023-06-09T04:16:11.800-07:00Dámhachtainí Fulbright fógartha. Bhí an Roinn Gnóthaí Eachtracha, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Chargé d'Affaires, agus Ambasáid na Stát Aontaithe, Mike Clausen ag fógairt 37 Dámhachtain Fulbright don bhliain 2023-2024 le déanaí.
Bronnadh Gradaim ar na scoláirí agus na mic léinn ag ócáid i dTeach an Ambasadóra ar an nDéardaoin (8 Meith 2023)
Freastalóidh lucht acadúil, gairmithe, mic léinn agus cainteoirí Gaeilge ar 17 institiúid sna Stáit Aontaithe ag tabhairt faoi thaighde, ag déanamh staidéir, ag teagasc agus ag comhoibriú le saineolaithe ina réimsí spéise ó mhí Lúnasa 2023 go mí Lúnasa 2024.
Tá clú agus cáil ar chlár malartaithe Fulbright as iarrthóirí den scoth á roghnú as gach cearn d?oileán na hÉireann chun staidéir a dhéanamh agus obair a dhéanamh le hInstitiúidí sna Stáit Aontaithe thar gach réimse spéise ó shláinte, eolaíocht, teicneolaíocht agus gnó go dtí na healaíona agus cultúr.
Rachaidh na Fulbrighteoirí ag taisteal go dtí 17 Stát ag neadú iad féin in institiúidí ó Institiúid Ailse Dana-Farber i mBostún, Poets House Nua-Eabhrac agus Ollscoil Haváí go dtí an Smithsonian Institution in Washington DC agus East Los Angeles College. Rachaidh Scoláirí Éireannacha Fulbright, Mac Léinn, agus Cúntóirí Teagaisc Teangacha Iasachta (FLTAanna) i dteagmháil freisin le sochaí na Stát Aontaithe agus roinnfidh siad a gcuid eolais agus saineolais nuair a fhilleann siad abhaile.
I mbliana, thug an t-Uachtarán Joe Biden cuairt ar Éirinn. Rachaidh na 37 dámhachtainí Éireannacha go SAM chun smaointe agus eolas a mhalartú agus chun feidhmiú mar Ambasadóirí Cultúrtha. Neartaíonn siad naisc idir ár dtíortha chun tuiscint agus comhbhá a bhfuil géarghá leo a chothú.
Osclófar an chéad bhabhta eile d'iarratais do Dhámhachtainí Fulbright Gaeilge ar 28 Lúnasa 2023. Ba cheart d'iarrthóirí a bhfuil suim acu ann cuairt a thabhairt ar an suíomh idirlín le heolas sa bhreis a fháil.
Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Thomas Byrne TD:
"Tá cairdeas an chaidrimh idir Éire agus na Stáit Aontaithe mar thaca ag ár stair chomhroinnte agus ár gcomhluachanna. Is teist iad Coimisiún Fulbright agus na Fulbrighteoirí, san am a chuaigh thart agus san am atá i láthair, ar na traidisiúin is fearr de mhalartú acadúil agus cultúrta. Tá Rialtas na hÉireann bródúil as an gclár seo, a bhfuil ról riachtanach aige maidir le tuiscint thrasatlantach a chothú agus na naisc iontacha acadúla a chothú, tríd an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus an Roinn Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Comhghairdeachas ó chroí le lucht Fulbright na hÉireann 2023-2024."
Dúirt Mike Clausen ó US Chargé d'Affaires: "Is ionann Clár Fulbright agus tionscnamh malartaithe idirnáisiúnta oideachais agus cultúrtha ceannródaíoch rialtas na Stát Aontaithe. Tá ról ríthábhachtach ag Fulbright maidir leis an gcaidreamh uathúil na Stát Aontaithe agus Éirinn a chothú agus a chur chun cinn. Malartaíonn dámhachtainí Fulbright taighde, eolas, smaointe agus cultúr agus cabhraíonn siad le fadhbanna tábhachtacha domhanda a réiteach. Tréaslaím le lucht bronnta na bliana seo agus guím rath orthu sna Stáit Aontaithe agus níos faide i gcéin."
Dúirt Cathaoirleach Bhord Choimisiún Fulbright in Éirinn, an tOllamh Diane Negra: "Labhraím ar son Bhord iomlán Choimisiún Fulbright na hÉireann agus iad ag tréaslú leis na 37 dámhachtainí Fulbright as a gcuid dámhachtainí a fháil. Is ionann Fulbright agus taighde ardleibhéil, sármhaitheas acadúil agus comhoibriú traschultúrtha agus guím gach rath ar na dámhachtainí agus iad ag taisteal go dtí na Stát Aontaithe ag dul isteach i líonra rathúil Alumni gairmiúla, agus ag fáil taithí ar mhalartú cultúrtha agus oideachais saibhir agus uathúil a chuimsíonn Gradaim Fulbright".
Dúirt Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Coimisiún Fulbright in Éirinn, an Dr Dara FitzGerald: "Tréaslaím leis na buaiteoirí nua as an onóir agus an éacht suntasach a bhain le Gradam Fulbright a bhaint amach. Tá an Coimisiún bródúil as na dámhachtainí Éireannacha a théann i ngleic leis na Stáit agus a fhilleann abhaile chun a gcuid foghlama a roinnt. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na comhpháirtithe, na geallsealbhóirí agus na hurraitheoirí a thug tacaíocht dúinn le blianta beaga anuas. Ní féidir tionchar a gcuid tacaíochta, láithreach agus le himeacht ama, a mheas faoina luach.
"Gabhaimid buíochas lenár gcomhpháirtithe, le Roinn Stáit na Stát Aontaithe agus leis an Ambasáid i mBaile Átha Cliath, le Roinn Gnóthaí Eachtracha agus leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Táimid buíoch as tacaíocht leanúnach ár n-urraitheoirí dámhachtana Éireannacha: an Bord Taighde Sláinte, Fiontraíocht Éireann, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, Ollscoil na hÉireann, Teagasc, Clár Cruthaitheach Éireann agus Institiúidí suntasacha SAM ar nós an Exploratorium, an Smithsonian, an Harry Ransom Centre agus Boston College.
"Agus an tacaíocht leanúnach ó institiúidí Éireannacha ar nós Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Coláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn, Ollscoil na Gaillimhe, Ollscoil Mhá Nuad, Ollscoil Luimnigh, Fondúireacht Eolaíochta Éireann, Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh , Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus Dánlann Hugh Lane.
Tá fonn orm ár gcaidrimh atá ag fás leis na hOllscoileanna Teicneolaíochta a aithint lena n-áirítear Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne: Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan agus Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt. Guímid gach rath orthu agus iad ag forbairt agus cuirfimid tacaí ar fáil dá dtionscnaimh."
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-72568617936621157362023-05-08T03:02:00.005-07:002023-05-08T03:26:21.886-07:00Leasú Údarás na Gaeltachta. Bhí cruinniú de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge de chuid Tithe an Oireachtais ar an gCeadaoin, 3ú lA Bealtaine 2003. Ba ag plé Grinnscrúdú Réamhreachtach ar Cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2022 a bhí an Coiste.
Seo an ráiteas a cuireadh ós comhair an Choiste maidir le Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) a bhí ullmhaithe ag: Donncha Ó hÉallaithe. Shocraigh sé gan é a léamh amach ag an gcruinniú cé go raibh sé ceapaithe len é sin a dhéanamh. Cheap sé gur mó an éifeacht a bheadh le labhairt amach ag breathnú ar na hionadaithe, Teachtaí Dála agus Seanadóirí, seachas bheith ag breathnú ar an bpíosa páipéir os a chomhair. (Má fhéacann tú ar an taifead físe ar shuíomh an Oireachtais ( is féidir leat d'aigne féin a dhéanamh suas faoin sin ar suíomh an choiste féin - 3 Beal 2023)
Seo, mar sin, a pháipéar a leagadh síos ós comhair ball an Choiste.
Réamhrá.
Cuireadh an tÚdarás ar bun i 1980, mar thoradh ar feachtas a fuair tacaíocht forleathan sna Gaeltachtaí. Údarás tofa go daonlathach a bhí á éileamh ag pobail na Gaeltachta le cumhachtaí forbartha mar a bhíonn ag údarás áitiúil. Faoi reachtaíocht bunaithe, Acht Údarás na Gaeltachta 1979, toghadh 7 den 13 ball den bhord go daonlathach i dtoghchán Nollaig 1979.
Cuireadh deireadh leis an gné daonlathach le Acht na Gaeltachta 2012. Le 10 mbliain anuas tá cead ag na Comhairlí Chontae le ceantair Ghaeltachta faoina gcúram - seachas Comhairle Chathrach na Gaillimhe - ionadaithe a ainmniú ar Bhord an Údaráis.
Fáiltím roimh cinneadh an rialtais toghchán a reachtáil an chéad bhliain eile le go mbeidh deis arís ag pobail na Gaeltachta a gcuid ionadaithe féin a roghnú ar Bhórd an Údaráis.
Moltaí.
Agus an reachtaíocht leasaithe á réiteach le feidhm a thabhairt don chinneadh na toghcháin a athbhunú, ba mhaith liom an deis a thapú le roinnt moltaí a chur os comhair an Chomhchoiste inniu.
1. Go ginearálta fáiltím roimh an chomhdhéanamh atá fógraithe: 10 tofa go daonlathach agus seisear roghnaithe mar thoradh ar chomórtas poiblí. Fáiltím chomh maith roimh an aitheantas atá tugtha i gcomhdhéanamh an bhoird do na Gaeltachtaí beaga, sa mhéid is go mbeidh ionadaíocht bhuan ag na pobail Ghaeltachta i Múscraí, i gCo na Mí agus sna Déise. Ach tá dearmad déanta ar na hoileáin Ghaeltachta: Oileáin Árann, Árann Mór,Tóraigh agus Cléire. Bíonn a gcuid fadhbanna agus riachtanaisí féin ag na pobail sin agus ba mhaith go mbeadh ionadaíocht bhuan acu ar an mbord chomh maith.
2. Eagraíochtaí pobail: Ba mhaith ról a thabhairt do eagraíochtaí pobail i bpróiseas ainmniúcháin na n-iarrthóirí, m.sh. go mbeadh ar dhuine ainmniúchán a fháil ó thrí eagraíocht aitheanta pobail a bheadh cláraithe le Údarás na Gaeltachta. Chuige sin theastódh go mbeadh liosta curtha le chéile de eagraíochtaí aithinte, a chomhlíonadh critéir bhunúsacha.
3. Cathair na Gaillimhe: Ceist achrannach ar cheart go mbeadh vótaí ag daoine i gCathair na Gaillimhe?* Ní dóigh liom go mba cheart ar dhá chúis:
(i) Bheadh níos mó daoine i dteideal vóta a chaitheamh i dToghchán an Údaráis i gCathair na Gaillimhe ná i gConamara ar fad ó Bhearna go Cárna do réir figiúirí daonáireamh 2016.
(ii) Ní bhíodh Údarás na Gaeltachta ag feidhmniú i gCathair na Gaillimhe. Aithníodh é sin nuair nár tugadh aon ionadaíocht ar Bhord an Údaráis do Bhárdas na Gaillimhe sa reachtaíocht Acht na Gaeltacht 2012. Má bhíonn 10,000 vóta i gCathair na Gaillimhe agus na toghcháin á reáchtáil, mar atá beartaithe is cosúil, ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla, d’fhéadfadh sé an toghchán a chur as riocht. Ní bheadh an scéal chomh dona dá leagfaí síos sa reachtaíocht go mbeadh toghcháin an Údaráis ar lá as féin seachas ar an lá céanna le toghcháin eile.
4. Tithíocht: Tá easpa cumhachtaí faoin reachtaíocht ag an Údarás. An bhféadfadh an tÚdarás talamh a chur ar fáil sa nGaeltacht faoin reachtaíocht do thithíocht nó talamh a cheannacht a bheadh feiliúnach do thithíocht? Tá éirithe leis an Údarás fostaíocht a chur ar fáil ach bíonn deacrachtaí ag daoine ón nGaeltacht tithíocht a fháil le gur féidir leo fanacht sa nGaeltacht, clann a thógáil le Gaeilge agus an pobal Gaeltachta a neartú. Ar cheart ról a bheith ag an Údarás le fadhb na tithíochta sa nGaeltacht a réiteach? Más ceart, nár chóir sa mBille nua atá á ullmhú cumhacht tithíochta a thabhairt don Údarás, a cheadódh don eagraíocht talamh feiliúnach a cheannach, cead pleanála imlíneach a fháil, suíomhanna a réiteach agus na suíomhanna a dhíol le lánúin le Gaeilge, go speisialta sna ceantair Ghaeltachta, ina bhfuil an Ghaeilge fós in usáid?
Im thuairimse tá cumhacht tithíochta faoin reachtaíocht riachtanach le go mbeidh an tÚdarás in ann an príomhfheidhm reachtúil a chomhlíonadh: ‘caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh’.
*Aguisín:
Daonra sa gcuid de Chathair na Gaillimhe sa nGaeltacht: 15,300
Daonra i nGaeltachtaí na Mumhan ar fad le chéile: 14,504
Daonra na Gaeltachta óna Forbacha siar go Cárna: 14,194
[Foinse: CSO, Daonáireamh 2016]
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-8104080273090607172023-04-19T23:00:00.040-07:002023-04-19T23:49:53.934-07:00An ndearna an státchóras beart de réir a bhriathair maidir le cearta teanga?Tuarascáil Bhliantúil 2022 – An Coimisinéir Teanga
Mar ullmhúchán do theacht i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 reachtáil an Oifig (OCT) ceann de na cláir ardaithe feasachta ba mhó ó aimsir a bunaithe. D’fhreastail breis is 2,100 rannpháirtí ar sheimineáir ghréasáin a reachtáil an Oifig, cuid acu a reáchtáladh i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Díol suntais ab ea an méadú de 81%, ó 189 go dtí 284, a tháinig ar líon na gcásanna inar roinn an Oifig comhairle le comhlachtaí poiblí faoina ndualgais faoin Acht. D’eascair an méadú is suntasaí ar líon na gcásanna comhairleacha go príomha ó theacht i bhfeidhm alt 10A. (Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí) in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a tháinig i ngníomh mí Dheireadh Fómhair 2022.
In English
Príomhphointí
❖ Méadú 81% ar líon na gcomhairlí a tugadh do chomhlachtaí poiblí in 2022
❖ 600 gearán faighte le fiosrú ag OCT in 2022 – 25% as Contae Bhaile Átha Cliath
❖ Feachtas feasachta is mó riamh rite ag OCT – breis is 2,100 rannpháirtí ar sheimineáir ghréasáin
❖ 5 imscrúdú curtha i gcrích – 3 imscrúdú a bhain le húdaráis áitiúla; teip Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte clárúchán i nGaeilge do vaicsíní a chur ar fáil; agus imscrúdú ar chomharthaíocht de chuid Iarnród Éireann.
❖ Pleanáil tithíochta sa Ghaeltacht agus craoltóireacht i nGaeilge i measc na mórábhar faireacháin i gcaitheamh na bliana 2022.
Fógraíocht.
Leagann alt 10A. dualgas ar chomhlachtaí poiblí go mbeidh 20% ar a laghad dá gcuid fógraíochta in aon bhliain ar leith déanta trí mheán na Gaeilge agus go mbeidh ar a laghad 5% de bhuiséad bliantúil fógraíochta an chomhlachta phoiblí caite leis na meáin Ghaeilge freisin.
Gearáin.
Fuair an Oifig 600 gearán i gcaitheamh 2022, agus cé gur ísliú an figiúr sin ón 727 gearán a fuair an Oifig in 2021 bhí sé ar chomhleibhéal le líon na ngearán ó bhlianta beaga eile anuas, m.s. 604 gearán in 2020. Chomh maith leis sin, tháinig isteach is amach le ceann as gach uile chúig ghearán ón nGaeltacht agus ceann as gach uile cheithre gearán ar bhonn contae as Contae Bhaile Átha Cliath.
Imscrúdaithe.
Bhain trí cinn den chúig imscrúdú a cuireadh i gcrích in 2022 le húdaráis áitiúla. Bhain ceann de na himscrúduithe sin le Comhairle Contae Uíbh Fhailí (Béarla). Ar mhaithe leis an imscrúdú seo a thabhairt chun críche bhí ar an gCoimisinéir Teanga céim neamhghnách a thógáil trí alt 22(1) den Acht a thionscnamh. Foráiltear in alt 22(1) gurbh fhéidir ceangal ar aon duine ar dóigh leis an gCoimisinéir Teanga faisnéis ábhartha a bheith aige nó aici an fhaisnéis sin a chur ar fáil agus más gá iarraidh ar an duine sin freastal os a chomhair chun críche chur i ngníomh a chuid feidhmeanna.
Léirigh imscrúdú eile gur sháraigh FSS - Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Bearla) an dualgas reachtúil teanga atá daingnithe i bhfo-alt 9 (2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. D’eascair an sárú de bharr gur thug an FSS feidhm do chóras chun coinní do vacsaín a dhéanamh ar líne gan dícheall cuí a dhéanamh i leith na gceart teanga atá leagtha amach i bhfo-alt 9(2) trína bhfuil sé de cheart ag an bpobal cumarsáid i scríbhinn i nGaeilge a dhéanamh le comhlacht poiblí.
Rinne an Oifig faireachán ar fheidhmiú moltaí imscrúduithe i gcás 10 gcomhlacht poiblí le linn 2022 freisin. Bhí cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht agus an chraoltóireacht Ghaeilge i measc na n-ábhar ba shuntasaí a raibh monatóireacht le déanamh orthu.
Pleanáil sa Ghaeltacht.
Is díol suntais é an líon gearán a bhaineann le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht atá tagtha chun cinn le blianta beaga anuas. Faoi alt 10(2)(m) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, cuirtear ceanglas ar údarás pleanála a bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina chúram, cuspóirí faoi leith a leagan síos ina Phlean Forbartha Contae chun oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint, lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail.
Léirigh imscrúdú in 2019 gur theip ar Chomhairle Contae na Mí na cuspóirí céanna seo a bhí leagtha amach ina Plean Forbartha Contae a chomhlíonadh agus iarratais phleanála ar fhorbairtí tithíochta sa Ghaeltacht á bpróiseáil, agus cinntí á ndéanamh orthu. Cé go bhfuil iarracht dhílis á déanamh ag Comhairle Contae na Mí moltaí an imscrúdaithe a chur i bhfeidhm, léiríonn an cás seo gurb ann do riachtanas soiléirithe i bhfoirm reachtaíochta nó rialacháin d’údaráis áitiúla a bhfuil limistéir pleanála teanga Ghaeltachta faoina gcúram, amhail cásanna eile atá curtha faoi bhráid na hOifige le blianta beaga. Chuige sin beidh tábhacht ar leith ag baint leis na treoirlínte reachtúla nua atá le heisiúint ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i mbliana chun feidhmiú alt 10(2)(m) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 a chinntiú.
Rónán Ó Domhnaill
Coimisinéir Teanga 2014-2023
Craoltóireacht.
Maidir leis an gcraoltóireacht Ghaeilge, léiríodh in imscrúdú ar RTÉ (Béarla) sa bhliain 2018 gur sáraíodh dualgais reachtúla a bhaineann le réimse cuimsitheach clár a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla i gclársceidil a chuid seirbhísí craolacháin. Tá méadú suntasach tagtha ar líon na n-uaireanta craolta Gaeilge ar sheirbhísí teilifíse RTÉ ó rinneadh an t-imscrúdú agus táthar ag súil go leanfaí den mhéadú ar bhonn céimnithe sna blianta amach romhainn. Mar thoradh díreach ar chur i ngníomh mholtaí an imscrúdaithe sin, tá curtha in iúl ag RTÉ go gcraolfar clár cúrsaí reatha teilifíse as Gaeilge ar RTÉ 1 in 2023 den chéad uair le breis is fiche bliain.
Scoir Rónán Ó Domhnaill de bheith ina Choimisinéir Teanga nuair a chuaigh sé i mbun a chuid cúraimí nua mar Coimisinéir Forbartha na Meán i gCoimisiún Nua na Meán i lár mhí Feabhra 2023.
Rónán Ó Domhnaill
I measc thorthaí oibre Oifig an Choimisinéara Teanga ó 2014 i leith, tá:
• Próiseas leasaithe monatóireachta chun faireachán bliantúil a dhéanamh ar dhualgais reachtúla teanga.
• Imscrúduithe mórshuntasacha i gcroí-réimsí teanga amhail craoladh na Gaeilge ar RTÉ; polasaí na Roinne Oideachais maidir le soláthar oideachais lán-Ghaeilge; dualgas na n-údarás áitiúil maidir le gnóthaí pleanála sa Ghaeltacht;
• Tuarascálacha chuig Thithe an Oireachtais maidir le h-inniúlacht Ghaeilge chomhaltaí den Gharda Síochána sa Ghaeltacht agus an córas Eircode.
• Treoirlínte nua maidir le fógraíocht ag comhlachtaí poiblí;
• Tráchtaireacht chuimsitheach ar chur i bhfeidhm Scéimeanna Teanga agus Acht na dTeangacha Oifigiúl
D’fháiltigh Rónán Ó Domhnaill roimh fhógra an Aire Catherine Martin agus labhair sé ar thábhacht Oifig an Choimisinéara Teanga: “Onóir cheart chríochnaithe a bhí ann nuair a rinne Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, mé a cheapadh mar Choimisinéir Teanga ar an 12 Márta 2014. Beidh buíochas go deo agam ar an tacaíocht a thugann Oireachtas Éireann do m’Oifig i gcónaí.
“Tá bród as cuimse orm as an dúthracht mhór a chaith foireann m’Oifige le cearta teanga a chur chun cinn i measc an phobail ar bhonn leanúnach. Cuideoidh forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 le daingniú a dhéanamh ar chultúr agus cleachtas na gceart teanga san earnáil phoiblí.
“Is beart tairbheach é go bhfuil Coiste Comhairleach bunaithe ag an Rialtas chun Plean do Sholáthar Seirbhísí Stáit trí Ghaeilge a ullmhú: is cinnte go mbeidh obair an Choiste cinniúnach chun an sprioc 20% d’earcaithe nua sa tSeirbhís Phoiblí a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu a bhaint amach faoi 2030. Ardtosaíocht phráinneach náisiúnta atá ann, dar liom.
“Gabhaim buíochas ó chroí le foireann Oifig an Choimisinéara Teanga as a ndíograis ghairmiúil agus a gcuid saineolais. Fáiltím go mór roimh an deis leas earnáil na meán a chur chun cinn leis an rialálaí nua, Coimisiún na Meán, agus táim ag súil go mór le bheith ag obair le Cathaoirleach Feidhmiúcháin agus an bheirt Choimisinéirí eile ar Choimisiún na Meán.”
Scoirfidh Rónán Ó Domhnaill de bheith ina Choimisinéir Teanga nuair a rachaidh sé i mbun a chuid cúraimí nua i lár mhí Feabhra.
@CeartaTeanga @DeptCulturelRL #CeartaTeanga #NaMeáin
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-13369749003051361792022-06-15T00:18:00.008-07:002022-06-15T06:58:40.631-07:00Méadú 20% ar méad ghearáin!
English Version
Méadú 20% ar ghearáin a cuireadh faoi bhráid an Choimisinéara Teanga in 2021. Bhain gach cúigiú gearán le heaspa seirbhísí i nGaeilge le linn na paindéime.
Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go raibh díomá mhór ar líon mór gearánaithe a rinne teagmháil lena Oifig anuraidh faoin imeallú rialta a rinneadh ar sheirbhísí stáit i nGaeilge le linn na paindéime. Bhain trian de ghearáin Covid-19 le heaspa seirbhísí idirghníomhacha a bheith ar fáil i gcéad teanga oifigiúil an Stáit, mar shampla, tástáil ISP nó coinne vacsaíne a chur in áirithe ar líne.
Dúirt an Coimisinéir: “Fuarthas líon iomlán 123 ghearán i mbliana a bhain leis an éigeandáil sláinte. Ní fhéadfaí líon mór de na gearáin seo a fhiosrú de bharr easnaimh sa reachtaíocht a chinnteodh seirbhís shásúil trí mheán na Gaeilge. Léiriú arís eile is ea an scéal seo ar an tábhacht a bhaineann le tosach feidhme a thabhairt d’fhorálacha an Achta leasaithe nua a ritheadh i ndeireadh na bliana seo caite.
“Tabharfaidh m’Oifig faoi mhórfheachtas faisnéise agus feasachta poiblí amach sa bhliain chun tábhacht fhorálacha nua an Achta a chur ar shúile an phobail agus comhlachtaí poiblí araon. Má dhéantar forálacha éagsúla an Achta nua a chur i bhfeidhm mar is cuí, beidh buntáiste ag an bpobal ar líon méadaithe seirbhísí a bheith ar fáil dóibh i nGaeilge seachas mar a bhí go dtí seo.”
I measc phríomhfhorálacha an Achta nua, tá:
Cuspóir go mbeadh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí agus sa Státseirbhís inniúil i nGaeilge faoin mbliain 2030.
Foráil lena leagtar dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht bhliantúil a dhéanamh i nGaeilge.
Foráil chun a chinntiú go bhfreagraítear cumarsáid a dhéantar le comhlacht poiblí ar na meáin shóisialta sa teanga chéanna.
Dírítear aird ar fheidhm faireacháin an Choimisinéara Teanga sa Tuarascáil Bhliantúil chomh maith agus an obair mhonatóireachta a cuireadh i gcrích le linn na bliana seo caite. Chuimsigh an clár faireacháin fiosruithe breise maidir le moltaí imscrúdaithe a rinneadh cheana ar chomhlachtaí poiblí amhail an Roinn Oideachais, an Foras Taighde ar Oideachas agus RTÉ. Beidh earraíocht á baint ag an gCoimisinéir Teanga in am trátha as feidhm úr san Acht leasaithe a chuirfidh ar a chumas faireachán a dhéanamh ar achtachán ar bith a bhaineann le húsáid na Gaeilge de bhreis ar fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, mar atá faoi láthair.
Tuarascálacha eile
• Méadú 20% ar ghearáin a fuair an Coimisinéir Teanga in 2021. (RTÉ)
• Sárú déanta ag Comhairle Contae na Mí ar a gcuspóirí teanga féin sa Ghaeltacht.
• Dul chun cinn déanta ag RTÉ maidir le cláir i nGaeilge ach bearna ó thaobh cúrsaí reatha
• Baint leis an bpaindéim ag 20% de na gearáin.
• Imeallú ‘náireach’ déanta ar chearta phobal na Gaeilge le linn na paindéime. (Tuairisc.ie)
Deir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go bhfuil ‘ardú suntasach’ tagtha ar líon na gclár Gaeilge a chraoltar ar RTÉ ach go bhfuil bearna mhór i gcónaí ann maidir le cláir cúrsaí reatha i nGaeilge
Tugadh cúig imscrúdú fhoirmeálta chun críche in Oifig an Choimisinéara Teanga in 2021. Ba é fionnachtain imscrúdaithe amháin gur sháraigh Comhairle Contae na Mí Plean Forbartha Chontae na Mí toisc nár féachadh chuige go ndéanfaí cosaint ar oidhreacht theangeolaíoch na Gaeltachta nuair a bhí iarratais phleanála i Ráth Chairn á mbreithniú aici.
Bhain dhá imscrúdú eile le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin nár chinntigh go ndéanfaí oifigeach Gaeilge a cheapadh sa Chomhairle agus nár chinntigh go gcuirfí leagan Gaeilge ar fáil de nuachtlitir a bhí á scaipeadh ag an gComhairle sa cheantar.
Rinneadh líon iomlán de 727 ngearán leis an Oifig anuraidh – méadú 20% ar 2020.
Gearánaithe a raibh cónaí orthu i mBaile Átha Cliath a rinne 27% de na gearáin agus gearánaithe de bhunadh na Gaeltachta a rinne 27% de na gearáin eile – méadú 4% ar 2020.
@CeartaTeanga
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-88886220639430411122022-01-22T04:14:00.003-08:002022-01-22T04:14:42.549-08:00Ar son na cúise? Meas nó dímheas?
Cé chomh maith is atá na páirtithe Polataíochta i leith na teanga?
Meas: Daonlathaigh Shoisialta
Deireann siad ar fad go bhfuil siad ar a son ar ndóigh ach is léir ón gcuid is mó acu níl siad sásta an gníomh is simplí ar a son a dhéanamh - eolas futha féin athabhairt ar líne.
Mar a deintear go minic sa lá atá inniú ann, téann gach duine chuig an idirlín lena a suíomh a fheiscint ar an ngréasáin ach má tá ort aon rud sa teanga náisiúnta a fháil bheadh díomá ort.
1. Sinn Féin - níl fiú cnaipe "Gaeilge" ann agus má déannan tú cuardú don bhfocal "Gaeilge" faigheann tú preas ráitaisí - ceann nó dhó i nGaeilge ach an cuid is mó i mBéarla. Ní féidir cabhrú nó síniú suas sa Teanga Náisiúnta!
2. Fine Gael - Níl cnaipe "Gaeilge" ann agus má deanann tu cuardú don bhfocal "Gaeilge" faightear preas ráitaisí i mBearla. Ní féidir cabhrú nó síniú suas sa Teanga Náisiúnta!
Meas: Na Glasaigh
3. Fianna Fáil - Tá cnaipe "Gaeilge" ann tá sé deachair é a aimsiú (ag bun an leathanach beagnach) agus má brútar ar sin tá teachtaireach i mBéárla a deireann go bhfuil siad ag obair ar an "Irish Section" den suíomh. Ní féidir an suíomh a chuardú! Ní féidir cabhrú nó síniú suas sa Teanga Náisiúnta!
4. Comhaontas Glas - tá dhá shuíomh acu, ceann i mBéarla agus ceann i nGaeilge agus tá cnaipe teanga ann le dul chuig an leagan Béarla. Cheap mé nach raibh an leagan Gaeilge suas chun dáta agus tá stuif i mBearla ann chomh maith.
Meas? Fianna Fáil
5. Lucht Oibre - Níl cnaipe Gaeilge ann agus má deantar cuardú don bhfocal "Gaeilge" arís níl ann ach preas ráitaisí i mBéarla atá ann. Ní féidir cabhrú nó síniú suas sa Teanga Náisiúnta!
6. Na Daonlathaigh Shoisialta - tá cnaipe "Gaeilge" ann agus tá leathanach i nGaeilge ann le roinnt stuif i nGaeilge.
7. Pobal roimh Brabús - Níl cnaipe Gaeilge ann agus má cúardítear an focal "Gaeilge" faightear preas ráitisí i mBéarla don chuid is mó.
8. Aontú - Arís níl cnaipe "Gaeilge" ann agus má deantar cúardú don bhfocal "Gaeilge" faightear preas ráitisí, cuid acu i nGaeilge. Ní féidir cabhrú nó síniú suas sa Teanga Náisiúnta!
Di-mheas? SF; FG; LO; PBP
Is léir nach bhfuil fíor spéis ag na Páirtithe éagsúla sa Teanga Náisiúnta nó d'Alt 8 mír 1 den bhunracht. Nach léir go dtugann Alt 8 mír a 3 cead a gcinn dóibh?
Nó bhfuil dul amu orm?
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-76712477084688964512021-12-23T01:07:00.004-08:002021-12-23T01:09:55.628-08:00Deich mbliain agus mí amháin ag fás.Shínigh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2019 (Leasú) tráthnóna inniu agus tá Acht níos láidre ó dheas, tar éis 10 mbliain d'fheachtasaíocht leis sin a chinntiú, agus ba chóir go mbeidh seirbhís as Gaeilge do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ón státchóras i bhfad Éireann níos fearr curtha ar fáil amach anseo.
Brú ar an bpic chun é a léamh!
Chuir Chonradh na Gaeilge fáilte roimh an nuacht agus tá roinnt cáipéisí curtha amach faoi. Tá amlíne foilsithe acu (ar dheis) agus tá léiriú ar chéard atá san Acht agus tuairimí an Chonartha ar phríomh fhorálacha an Achta (pdf) foilsithe chomh maith.
“Ba mhaith le Conradh na Gaeilge aitheantas agus moladh faoi leith a thabhairt do gach ball den eagraíocht agus gach duine eile i bpobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a sheas an fód in aghaidh na moltaí an-lag don reachtaíocht ó na Rialtais idir 2011 go 2016, a chinntigh neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga, agus a chinntigh idir 2017 agus 2021 reachtaíocht go bhfuil bunús agus deis ann le seirbhísí sásúla Gaeilge a bhaint amach don phobal Gaeilge agus Gaeltachta amach anseo," a dúirt Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge. "Ba mhaith linn chomh maith aitheantas agus ardmholadh a thabhairt d’Uachtarán na hÉireann, don Aire reatha, na hAirí Gaeltachta agus na hAirí Rialtais eile a thacaigh thar na blianta, na polaiteoirí sa fhreasúra (go háirithe baill an Chomhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta), na Coimisinéirí Teanga, na Feidhmeannaigh i Roinn na Gaeltachta agus eile a raibh ról acu i bhforbairt an Achta.”
“Ní haon áibhéil a rá go raibh bóthar fada againn le 10 mbliana anuas le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a uasdátú." arsa Julian de Spáinn. "Thosaíomar amach ag cosaint neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga agus ag cur i gcoinne lagú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Rinne an Conradh seo i bpáirt le Guth na Gaeltachta i 2011 agus, thar an chéad 10 mbliana eile, is iomaí grúpa, duine sa phobal agus polaiteoir a thacaigh lenár n-éileamh. Tá dul chun cinn déanta. Ní amháin gur éirigh linn Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách ach baineadh na rudaí a leanas amach san Acht leasuithe:
20% ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí le bheith inniúil i nGaeilge faoi 31 Nollaig 2030 ar a dhéanaí
20% fógraíocht de chomhlachtaí poiblí le bheith as Gaeilge agus 5% de bhuiséad fógraíochta na gcomhlachtaí le caitheamh ar na meáin Ghaeilge
Na seirbhísí ó na comhlachtaí poiblí ar fad le bheith curtha ar fáil don Ghaeltacht as Gaeilge (ach níl spriocbhliain luaite leis seo)
Aitheantas oifigiúil agus córas le bunú chun go mbeidh an pobal in ann a n-ainmneacha agus a seoltaí, le síntí fada más mian leo, a úsáid le comhlachtaí poiblí (agus nach mbeidh orthu teideal a úsáid mura mian leo)
Comhlachtaí san earnáil príobháideach ag soláthar seirbhísí don phobal, ar son chomhlachtaí poiblí, le cloí le forálacha áirithe den Acht
Cothromaíocht agus cinnteacht don Ghaeilge le bheith in ábhar margaíochta comhlachtaí poiblí
Lógónna reatha as Béarla amháin ag comhlachtaí poiblí le hathrú go lógónna dátheangach, nó go Gaeilge amháin, nuair a bheidh na lógónna le hathnuachan nó le hathrú
Ainmneacha oifigiúla ar chomhlachtaí poiblí nua le bheith as Gaeilge amháin, agus cinnteoidh seo go mbeidh lógó gach comhlacht poiblí nua as Gaeilge amháin nó dátheangach
Foirmeacha oifigiúla áirithe ag comhlachtaí poiblí le bheith dátheangach nó as Gaeilge amháin
Ionadaíocht ar an gCoiste Comhairleach le bheith ag duine mar ionadaí ó limistéir pleanála teanga Gaeltachta agus ag duine eile mar ionadaí ó lasmuigh den Ghaeltacht
Cathaoirleach an Choiste Comhairligh, a bheidh i mbun plean náisiúnta a chur le chéile a thógfaidh earcaíochta gus soláthar seirbhísí san áireamh, le bheith inniúil i nGaeilge
Caighdeáin teanga le bheith ann in ionad scéimeanna teangaAn tAire Gaeltachta le bheith freagrach as comhordú cur i ngníomh an Phlean Náisiúnta ag na comhlachtaí poiblí
Cumhacht breise faireacháin le bheith ag an gCoimisinéir Teanga ar reachtaíocht reatha
Struchtúr bainistíochta sinsearacha le bheith freagrach as cur i bhfeidhm an Achta sna Comhlachtaí Poiblí
An Creat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le bheith in úsáid do dhaoine ag soláthar seirbhísí stáit
"Níl aon amhras ar an gConradh ach go bhfuil dúshlán eile os ar gcomhair agus go mbeidh brú leanúnach ag teastáil le cinntiú go gcuirfear Plean Náisiúnta sásúil agus uaillmhianach le chéile agus go gcuirfear i bhfeidhm ina iomlán é, chomh maith leis na forálacha ar fad eile san áireamh san Acht a chur i bhfeidhm. Leanfaidh Conradh na Gaeilge ag brú leis seo a bhaint amach agus spreagfar rannpháirtíocht leanúnach ón bpobal.”
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-46183548364970930622021-12-22T07:58:00.009-08:002021-12-23T07:48:36.631-08:00Tá sé ina dlí.
Significant advancement of language rights. (The Hidden Ireland)
Tar éis dó a mhachnamh a dhéanamh ar An Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, tá an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn tar éis a lámh a chur leis leis an mbille a dhéanann leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla dá réir sin tá sé ina dhlí.
Dúirt an Coimisinéir Teanga go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir le cearta teanga toisc Acht na dTeangacha Oifigiúla nua a bheith ina dhlí anois. Ach dúirt Rónán Ó Domhnaill gurb é an rud is tábhachtaí anois ná a chinntiú go gcuirtear an tAcht nua i bhfeidhm mar ba chóir.
“Is cinnte go bhfuil dul chun cinn déanta ó thaobh cearta teanga de toisc gur achtaíodh an reachtaíocht seo. Is gá don Stát gníomhú ar bhealach praiticúil agus réamhghníomhach anois chun feidhm a thabhairt don chuspóir soiléir gur daoine atá inniúil sa Ghaeilge a bheidh i 20% d’earcaithe nua sa tSeirbhís Poiblí agus sa Státseirbhís faoin mbliain 2030. Is léir go mbeidh go leor ag brath ar obair an Choiste Chomhairligh, atá le bunú faoin Acht, agus ar an bPlean Náisiúnta do Sholáthar Seirbhísí Stáit trí Ghaeilge, a mbeidh feidhm reachtúil aige, chun cur go suntasach le líon na gcainteoirí Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí.”
I measc na bhforálacha sa reachtaíocht nua tá:
Cuspóir go mbeadh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí agus sa Státseirbhís inniúil i nGaeilge faoin mbliain 2030.
Deimhniú go leagfar síos spriocdháta faoina mbeidh chuile sheirbhís Stáit sa Ghaeltacht ar fáil as Gaeilge.
Feidhm bhreise faireacháin don Choimisinéir Teanga.
Foráil chun deireadh a chur le córas na Scéimeanna Teanga agus córas caighdeán seirbhíse a bhunú.
Foráil chun a chinntiú go bhfreagraítear cumarsáid a dhéantar le comhlacht poiblí ar na meáin shóisialta sa teanga chéanna.
Foráil lena leagtar dualgas ar chomhlachtaí poiblí ábhar margaíochta a chuirtear faoi bhráid aicme den phobal a bheith i nGaeilge.
Foráil lena leagtar dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20% dá fhógraíocht a dhéanamh trí Ghaeilge.
Foráil lena leagtar dualgas go mbeidh foirmeacha iarratais i nGaeilge.
Foráil le cinntiú gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh lógónna comhlachtaí poiblí.
A lámh curtha ag Uachtarán na hÉireann le bille teanga nua (TuairiscNuacht)
Fáilte áirithe curtha roimh achtú an Bhille Teanga (RTÉ)
Dúirt Rónán Ó Domhnaill go mbeidh a Oifig siúd ag cur comhairle ar an bpobal faoi na cearta breise teanga a bheidh ann de thoradh na reachtaíochta nua. Beidh a Oifig ag cur comhairle ar chomhlachtaí poiblí chomh maith maidir leis na dualgais reachtúla nua. Is in imeacht ama a thiocfaidh na forálacha i bhfeidhm ach ba cheart tosú tabhairt faoin obair sin chomh luath agus is féidir, a dúirt an Coimisinéir sé.
Tá athbhreithniú á dhéanamh shuíomh gréasáin An Choimisinéara d’fhonn na leasuithe ar an reachtaíocht teanga de thoradh an Achta nua a thabhairt san áireamh. Tá súil acu an obair seo a thabhairt chun críche go luath san athbhliain.
@PresidentIRL @Ceartateanga @OireachtasNews #AchtTeanga
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-2691492010321966372021-11-11T02:24:00.004-08:002021-11-11T02:33:02.505-08:00Admháil annamh! Admhaímid go hionraic gur deineadh éagóir ar an nGaeilge...gabhaimid leithscéal ó chroí!
Is rud annamh leithscéal ó chroí a fháil ó aon Roinn Rialtas go mór mór nuair is cúrsaí teanga atá i gceist. Seo a méid a bhí le rá ag Ard-Rúnaí Cúnta sa Roinn Sláinte, Muiris O'Connor, agus é ós comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar an 10 Samhain 2021. I Seanad Éireann thosaigh díospóireacht ar an mBille Nua Theanga. Tré sheans sé an 11ú lá Samhain lá breithe Phádraig Mhic Phiarais a rugadh ar an lá se sa bhliain 1879.
Muiris O'Connor
Seo mar a labhair Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte inné.
"A Chathaoirligh, a Theachtaí agus a Sheanadóirí, a chairde,
Ar dtús báire, ba mhaith liom buíochas a ghabháil libh as an gcuireadh a bheith anseo ag
Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, chun labhairt
faoi: ‘‘Seirbhísí Sláinte trí mheán na Gaeilge i gcomhair Phobal na Gaeltachta agus Phobal
Labhartha na Gaeilge le linn phaindéim an Choróinvíris agus ina diaidh, chomh maith le
Teiripe Urlabhra agus Sainteiripí eile.”
Táimid sásta a bheith anseo chun stádas na Gaeilge sa chóras sláinte a phlé leis an
gComhchoiste. Is mise Muiris O’Connor, Ard-Rúnaí Cúnta leis an Roinn Sláinte agus in
éineacht liom, tá Jade Pepper, Oifigeach Gaeilge na Roinne.
Le beagnach 20 mí anuas, ní féidir a shéanadh go raibh córas sláinte na tíre seo faoi bhrú as cuimse, de thoradh COVID-19 go háirithe. Anuas air sin, mar is eol do chách, d’fhulaing an Roinn Sláinte agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cibirionsaí, a tharla i mí Bealtaine i mbliana. In ainneoin seo, d’fheidhmigh an córas go dícheallach, ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin a bhí os a chomhair. Cuireadh an córas vacsaínithe i bhfeidhm, mar chuid den iarracht seo, chomh maith le Teastais Dhigiteacha COVID an AE. Faoi bhrú mór ama agus oibre, d’éirigh linn na córais sin a chur i bhfeidhm, le cabhair mhór ó eagraíochtaí agus Ranna eile.
"Admhaímid go hionraic gur deineadh éagóir ar an nGaeilge agus gabhaimid leithscéal ó chroí"
(Tuairisc.ie 10/11/2021)
"Is beag dul chun cinn atá déanta le breis is 15 bliain anuas."
(Tuairisc.ie 11/11/2021)
Ní ionann seo le rá go raibh an córas gan locht - admhaímid go hionraic gur deineadh éagóir ar an nGaeilge, go sonrach i gcomhthéacs an aistriúcháin Ghaeilge ar na Teastais féin, litreacha clúdaigh ar eisíodh i mBéarla amháin, agus síntí fada a bhí in easnamh ar
ainmneacha i gcásanna áirithe, chun cuid de na lochtanna sin a lua anseo.
Admhaíonn an Roinn Sláinte inniu go raibh botúin déanta agus gabhaimid leithscéal ó chroí,
leis an ngealltanas go ndéanfar gach iarracht a bheith níos cúramaí le dualgais na Roinne i leith na Gaeilge amach anseo. In ainneoin na mbotún seo, dearbhaíonn an Roinn go bhfuil
an Ghaeilge mar thosaíocht thábhachtach againn agus táimid lánsásta agus oscailte i gcónaí
d’athruithe dearfacha, do mholtaí agus do cháineadh, ionas gur féidir linn soláthar na
seirbhísí sláinte trí Ghaeilge a fheabhsú agus a shaibhriú as seo amach.
Ónar bhuail an Roinn leis an gComhchoiste an uair dheireanach, tá feabhas suntasach tar éis teacht ar an Roinn Sláinte maidir leis an nGaeilge de; scaiptear eolas go rialta le gach ball foirne, ag meabhrú dóibh faoi na dualgais reachtúla atá ar an Roinn maidir leis an nGaeilge, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Chomh maith leis sin, tá Scéim Teanga nua dréachtaithe againn, a chuirfear i bhfeidhm go luath; tá líon maith daoine nua le Gaeilge líofa fostaithe sa Roinn agus líonra nua cruthaithe de chainteoirí Gaeilge trasna na n-aonad éagsúla. Trí thacú leis an líonra seo, táimid ag súil go spreagfaidh seo tuilleadh aitheantais, spéise agus airde ar an teanga, chun a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge lárnach i ngach togra, polasaí agus cinneadh a dhéanann an Roinn amach anseo.
Go raibh maith agaibh."
Beidh le feiceáil!
@roinnslainte @OireachtasNews #CGGPlnaG
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-62038798527260301672021-09-29T06:07:00.006-07:002021-09-29T06:17:03.926-07:00Cearta Teanga in Éirinn - Fís agus Feidhm. Labhair an Coimisinéar Teanga ar an ábhar ‘Cearta Teanga in Éirinn - Fís agus Feidhm’ ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i dTeach Laighean ar an 22ú lá Meán Fomhair 2021. Pléadh é sin agus chomh maith leis , pléifidh an Comhchoiste na doiciméid ‘An Coimisinéir Teanga Tuarascáil Bhliantúil 2020’ agus ‘An Coimisinéir Teanga Tuarascáil Faireacháin 2020/2021’ leis an gCoimisinéir Teanga ag an gcruinniú seo.
Seo mar a labhair sé:
A Chathaoirligh, agus a chomhaltaí coiste uile,
Is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl duitse agus don choiste seo as an gcuireadh teacht in bhur láthair agus plé a dhéanamh ar an ábhar ‘Cearta Teanga in Éirinn’. Ní foláir dom a rá gur mór agamsa agus ag m’Oifig aird an Choiste seo ar gach gné den bheartas náisiúnta teanga agus cearta teanga phobal na Gaeilge go háirithe.
Is téama thar a bheith uileghabhálach é sin agus níor mhiste beachtú áirithe a dhéanamh air. Dá bhféadfainn dhá mhórcheist shonracha a chur faoi chaibidil sa ráiteas tosaigh seo creidim go gcuideodh sé le brí a thabhairt don phlé:
Cén tábhacht a bhaineann le fís na gceart teanga?
Cén chaoi ar cheart feidhm a thabhairt don fhís sin?
FÍS NA gCEART TEANGA
Is ceart tús áite a thabhairt do cheist na físe. Éascaíonn teangacha an chumarsáid; cuireann teangacha lenár dtuiscint ar chultúir a chéile; ligeann teangacha dúinn dul i mbun plé, cainteanna agus idirbheartaíocht ar cheisteanna móra amhail féiniúlacht, flaitheas agus fís. Níor ghá ach oiread go mbeifí taobh le fís chúng i dtaca le féiniúlacht agus flaitheas.
Gluaiseacht náisiúnta ionchuimsitheach a chuir dlús leis an athbheochan náisiúnta breis is céad bliain ó shin. Ba iad tréithe na héagsúlachta agus na mór-rannpháirtíochta sa ghluaiseacht chéanna a chinntigh gur bhain fís leathan leis an athréimniú teanga ó bunaíodh an Stát. Is fearr go mbeadh fairsinge ann don éagsúlacht, don rannpháirtíocht, don ionchuimsitheacht in aon phlé faoi theangacha i gcomhthéacs idirnáisiúnta na gceart daonna. A bhuíochas de Bhunreacht na hÉireann agus Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 baineann réim leathan le fís na gceart teanga. Is é dúshlán seasta ár gcuid comhlachtaí poiblí agus m’Oifige é freastal ar thnútháin réasúnacha an tsaoránaigh maidir leis an bhfeidhm a thugtar don fhís chéanna.
Fís an dóchais atá ag pobal na teanga i dTuaisceart Éireann. Beart praiticiúil atá sna moltaí maidir leis an Oifig úr um Léiriú Féiniúlachta agus Cultúrtha. Tugaim faoi deara go bhfuil beannacht na Comhaireachta Thuaidh-Theas (CATT) le Comhaontú an Túis Úir agus leis an gcreatlach polasaí Ré Nua, Cur Chuige Nua a bhfuil meas, ómós agus dínit mar bhunsraith aige. Má dhéantar reachtaíocht teanga a thabhairt chun cinn faoina gceapfar Coimisinéir Teanga agus faoina mbunófar Oifig nua um Léiriú Féiniúlachta agus Cultúir níl aon amhras orm ach go gcuirfear le stádas na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.
Oifig an Choimisinéara Teanga
Tá m’Oifigse lánsásta comhairle a roinnt leis an Tionól, an Feidhmeannas agus an dá Rialtas ar na ceisteanna polasaí a bhaineann le reachtaíocht dá leithéid. Is fiú dom a lua freisin go bhfuilimse i m’iarchathaoirleach ar Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga. Cuidíonn Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga le coimisinéirí teanga ar fud an domhain tríd an gcleachtas is fearr agus caighdeáin den scoth a chur chun cinn agus tríd an gcomhionannas agus an éagsúlacht i gcúrsaí teanga a chur chun tosaigh. Bheinnse, agus baill uile an chumainn, lántoilteanach cuidiú le hiarrachtaí ar bith cur le cultúr na gceart teanga i dTuaisceart Éireann.
Maidir leis an dara mórcheist – cén chaoi a dtugtar feidhm d’fhís na gceart teanga – tá ábhar plé agus machnaimh sa reachtaíocht reatha atá ar fáil don Stát seo agus sna próisis agus sna dúshláin a tháinig chun cinn go mór mór le bliain go leith anuas, in aimsir éigeandála agus paindéime.
Gearáin Phaindéim COVID-19
Olldúshlán as cuimse a bhí sa phaindéim a tháinig aniar aduaidh ar an domhan agus ar chórais stáit ar fud na cruinne. Is ábhar bróid dúinn uile mar shaoránaigh agus mar sheirbhísigh phoiblí (sa chiall is leithne den téarma sin) an teacht aniar a léirigh an pobal agus an Stát araon chun rochtain ar bhunseirbhísí ardchaighdeáin a chinntiú ainneoin na srianta sláinte poiblí. D’imir paindéim COVID-19 tionchar ollmhór ar imeachtaí reáchtála na hOifige, idir obair iniúchta agus imscrúdaithe, agus a lorg sin ar Thuarascáil Bhliantúil 2020 agus Tuarascáil Faireacháin 20-21 a foilsíodh le tamall míonna anuas. Tugadh faoi dhá thuarascáil théamacha ó thús na bliana seo: tuarascáil ar an nGarda Síochána i mí Aibreáin agus tá tuarascáil ar an gcóras Eircode á leagan os comhair gach Tí den Oireachtas inniu agam.
Má bhíonn cearta ag an saoránach de bhun na reachtaíochta teanga léirítear croífheidhm Oifig an Choimisinéara Teanga sna gearáin a chuirtear faoi bhráid m’Oifige ar bhonn bliantúil. 604 gearán a cuireadh faoi bhráid m’Oifige le linn 2020 arbh ionann é agus laghdú 14% ar líon na ngearán in 2019. Laghdú 6.7% a tháinig ar líon na ngearán a rinneadh leis an Ombudsman mar ábhar comparáide (Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2020: 12).
Is i míonna tosaigh na paindéime – Feabhra, Márta agus Aibreán 2020 – is mó a mhaolaigh ar na gearáin a cuireadh faoi bhráid m’Oifige agus bheadh sin ag teacht le cúinsí na paindéime trí chéile. Tháinig laghdú suntasach (382 > 203) ar líon na ngearán a rinneadh le hOmbudsman na Leanaí le linn mhíonna Márta, Aibreáin agus Bealtaine freisin (Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman do Leanaí 2020: 6).
Tugadh ceithre cinn d’imscrúduithe chun críche le linn na bliana 2020 agus bhain dhá cheann acu siúd go díreach le seirbhísí don phobal nár cuireadh ar fáil go dátheangach ar bhonn comhuaineach le linn na paindéime. Ó thús na paindéime go deireadh 2020, rinneadh gearáin le m’Oifig 86 uair faoi ghníomhartha comhlachtaí poiblí a bhain le paindéim COVID-19 ar shlí éigin.
Bhain bunáite na ngearán le modhanna cumarsáide éagsúla chun eolas a chur ar fáil don phobal, idir chomharthaí, leabhráin eolais, shuíomhanna gréasáin agus fógraíocht sna meáin agus an tslí nár soláthraíodh ábhar don phobal as Gaeilge. Ba sciar suntasach de na gearáin córais idirghníomhacha chun clárú nó chun iarratais a dhéanamh ar líne. Ar ndóigh, b’éigean úsáid mhór a bhaint as córais dá leithéid de bharr na paindéime ach ba é an trua é nár chomhlíon líon mór comhlachtaí poiblí an dualgas teanga a bhí orthu.
Is i gcúinsí den chineál seo is fearr a léirítear cén ghéilliúlacht a bhíonn ag comhlachtaí poiblí do reachtaíocht amhail Acht na dTeangacha Oifigiúla. Bhraith go leor de na gearánaithe go raibh leithcheal á dhéanamh ar an nGaeilge nó ar lucht a labhartha sa dioscúrsa náisiúnta in aimsir éigeandála. Ar an ábhar céanna seo, thug mé suntas don tráchtaireacht seo ón Dr John Walsh a foilsíodh in eagrán an Mheithimh den iris Comhar in 2020:
‘Nuair a tháinig an crú ar an dtairne agus srianta Covid-19 á bhfógairt, fágadh an Ghaeilge in áit na leithphingine i réimsí eile den saol seachas an chomharthaíocht, mar shampla eolas sláinte poiblí ar an idirlíon, an fhoinse is mó a mbaineann an pobal úsáid as.’
An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Dónaill
Tá faitíos orm go dtagann an anailís seo le taithí agus cleachtadh m’Oifige le linn na paindéime. Os a choinne sin, aithním le buíochas an comhoibriú a fuair m’Oifig ó fhormhór na gcomhlachtaí poiblí a rabhthas i dteagmháil leo agus a ghlac leis gur chóir an tseirbhís nó an t-eolas a bhí faoi chaibidil a chur ar fáil sa dá theanga, go mór mór sna cásanna nár léir go raibh aon dualgas sonrach reachtúil i gceist lena leithéid a dhéanamh.
Sna cásanna ina raibh dualgas soiléir reachtúil i gceist agus a d’fhiosraigh m’Oifig, feictear dom go bhfuil téamaí coiteanna sna freagraí a tugadh:
go mb’éigean gníomhú go práinneach agus, i gcúinsí fíoreisceachtúla na géarchéime sláinte;
cinneadh na dualgais reachtúla teanga a chur i leataobh nó iad a chur ar atráth;
nó níor tugadh aird ar na dualgais sin ar chor ar bith toisc go gcuirfeadh sé moill ar an ngníomh a chur i gcrích.
Dá nglacfaí leis nach raibh dlite ar chomhlacht poiblí na seirbhísí seo a chur ar fáil go dátheangach ar an údar nárbh acmhainn dó é sin a dhéanamh gan moill a chur leo, d’fhéadfaí a fhorléiriú as sin go bhfuil an teidlíocht reachtúil seirbhís a fháil as Gaeilge ag brath ar thosca nó acmhainn an chomhlachta phoiblí. Ba dhócha, i gcás mar sin, nuair ba thábhachtaí agus ba phráinní an tseirbhís nó an chumarsáid, gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í.
Is ceart a rá go soiléir nach bhfuil an teidlíocht reachtúil seirbhís a fháil as Gaeilge ag brath ar thosca, tosaíochtaí nó acmhainn an chomhlachta phoiblí. Níor cheart go mbeadh coimhlint idir na gníomhartha tromchúiseacha náisiúnta a bhí, agus atá, idir lámha agus dualgais i dtaca le cearta teanga.
An Roinn Oideachais
Rinneadh dhá gearán liom nach raibh fáil ar leagan Gaeilge den chóras clárúcháin do ghráid ríofa a cuireadh ar fáil do dhaltaí na hArdteistiméireachta i mí na Bealtaine 2020. Bhí sárú ar an Acht Oideachais agus ar scéim teanga na Roinne Oideachais dá bharr. Chuir cinneadh na Roinne Oideachais gan rogha a thabhairt clárú trí Ghaeilge as do dhaltaí, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí araon. Cuireadh leagan Gaeilge ar fáil nuair a osclaíodh an tairseach arís i mí Iúil ach i ndáiríre bhí an dochar déanta faoin tráth sin.
Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Ábhar amháin a rinne buairt do ghearánaigh ná comharthaí a bhí curtha in airde ag comhlachtaí poiblí amhail Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi COVID-19 i mBéarla amháin. Sin in ainneoin gur chuir an Roinn Sláinte leaganacha Gaeilge de na comharthaí buí comhairle sláinte ar fáil. Tugadh faoi imscrúdú i gcás Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ach thángthas ar réiteach neamhfhoirmeálta i líon mór cásanna eile (13) agus molaim stuaim na gcomhlachtaí poiblí as a gcomhoibriú le m’Oifig sna cásanna sin. Teip shuntasach fheiceálach is ea é ar bhundualgas reachtúil faoi réir na rialachán a rinneadh faoin Acht, dualgas atá i bhfeidhm le breis agus deich mbliana faoin tráth seo.
An Roinn Sláinte agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta
Fuarthas líon suntasach gearán i dtaca le dhá leabhrán a ndearna an Roinn Sláinte agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta dáileadh orthu chuig gach teach sa Stát. Sa dá chás seo foilsíodh agus dáileadh leabhrán eolais i mBéarla amháin. Bhain moill le foilsiú agus dáileadh leagain Gaeilge de na leabhráin. Is cosúil gur sháraigh an dá Roinn an dualgas reachtúil toisc nár táirgeadh leabhrán dátheangach in am trátha. Ní raibh socruithe sásúla i bhfeidhm sna ranna sin chun a chinntiú go gcomhlíonfaí an dualgas reachtúil i gcás práinne.
Feidhmeannacht na Seirbhise Sláinte.
Ba chóir go n-aithneofaí gaisce cheannaireacht agus foireann na seirbhísí sláinte in aimsir ghéarchéime agus is maith a thuigtear go raibh móréileamh gan choinne ar an uile acmhainn a bhí faoi stiúir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. San am céanna, nuair is mó an riachtanas eolas agus faisnéis iontaofa a scaipeadh ar an bpobal trí chéile is ceart nach ndéanfaí loiceadh ar bhuncheart teanga an tsaoránaigh agus an fhaisnéis chéanna a chur ar fáil ag an am céanna i nGaeilge agus i mBéarla.
Ní léir go bhfuil dualgas reachtúil ar an bhFeidhmeannacht i dtaca le roinnt mhaith de na hábhair ghearáin a cuireadh faoi bhráid m’Oifige mar nach bhfuil scéim teanga náisiúnta aontaithe ag an eagraíocht fós. Áirítear an aip rianaithe teagmhálaithe a chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar fáil sa réimse gearán seo. Socraíodh an aip a chur ar fáil i nGaeilge den chuid is mó, cé nach raibh dualgas reachtúil i gceist. B’amhlaidh a tharla i gcás na bhfoirmeacha agus na gcóras idirghníomhach ar líne.
Ocht gcineál gearáin a tháinig chun cinn ón bpobal agus a cuireadh faoi bhráid na Feidhmeannachta. Baineann na gearáin ar fad le heaspa seirbhíse i nGaeilge ar bhealaí difriúla. Cuimsítear idir dhualgais reachtúla agus neamhreachtúla sna gearáin seo agus tá teagmháil leanúnach i scríbhinn ag m’Oifig le FSS ó lár mhí Feabhra i mbliana agus fuarthas an comhfhreagras is deireanaí uathu mí Lúnasa.
Aithnítear an t-ualach a bhí ar an FSS le linn na paindéime agus an dúshlán a bhain le leanúnach seirbhíse a sholáthar i ndiaidh an chibirionsaithe go speisialta. Mar sin féin, ba chóir an réamhphleanáil chuí a bheith déanta lena chinntiú go mbíonn ar chumas an chomhlachta phoiblí na seirbhísí sin a sholáthar sa chéad teanga oifigiúil nuair a thagann brú ar a cuid seirbhísí ar chúiseanna éagsúla. Níor mhór do chomhlachtaí poiblí a bheith airdeallach air sin agus pleanáil á déanamh acu i dtaca le leanúnachas gnó agus seirbhíse in aimsir éigeandála. Ní thagann dualgas seirbhíse teanga salach ar aon dualgas seirbhíse eile. D’iarr Aire na Gaeltachta ar an FSS scéim náisiúnta teanga a dhéanamh chomh fada siar le 2007. Tá Scéim Teanga daingnithe le Limistéar an Iarthair den Fheidhmeannacht ó 2005, ach leag an Oifig seo tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais sa bhliain 2011 de bharr easpa cur i bhfeidhm na Scéime sin. Ina theannta sin, ba léir go raibh baint ag córas Eircode le brú an Bhéarla i gcuid de na gearáin a cuireadh faoi bhráid na hOifige, agus tá tuarascáil faoin ábhar sin ann féin á leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais inniu agam, mar a luaigh mé i dtús na cainte seo.
Tharraing na gearáin seo aird arís eile ar laigí na reachtaíochta teanga reatha. Faoin mBille Teanga nua tá i gceist córas fabhtach na Scéimeanna Teanga a chur i leataobh agus córas nua caighdeán comónta a chur ina áit. Ba cheart go gcinnteodh an córas leasaithe go mbeadh caighdeáin chuí reachtúla teanga leagtha síos do chomhlachtaí poiblí ar nós Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ionas go gcuirfí seirbhís shásúil trí Ghaeilge ar fáil don phobal. Réiteach riachtanach eile is ea an dea-mhéin agus an dea-thoil ina cheann ar acmhainn foirne le Gaeilge a bheith ar fáil. Ní mór do chomhlachtaí poiblí réamhphleanáil a dhéanamh don riachtanas reachtúil seo agus earcaíocht thráthúil a dhéanamh d’fhonn soláthar cuí foirne a bheith faoi réir.
Teastais, Sínte fada agus Córas TFC
Ábhar mór díomá don phobal teanga an samhradh seo atá imithe tharainn ab ea an chaoi inar eisíodh Teastas Digiteach COVID an Aontais Eorpaigh. Ní raibh comhstádas ag an nGaeilge leis an mBéarla ar na Teastais a cuireadh amach agus ní dhearnadh próiseáil cheart ar an síneadh fada. Cuireadh ainmneacha Gaeilge as a riocht mar thoradh díreach air sin.
Níor cheart go mbeadh an scéal amhlaidh agus ní mór do chomhlachtaí poiblí féachaint chuige go mbeidh an córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide atá acu láninniúil ar an síneadh fada a phróiseáil in ainmneacha, sloinnte agus seoltaí ár gcuid saoránach. Dearbhaím arís eile in bhur láthair inniu gur ‘buncheart céannacht duine a bheith aitheanta ina rogha teanga oifigiúla i ngnóthaí an Stáit’.
IMSCRÚDUITHE
Ina cheann ar na imscrúduithe a bhaineann go sonrach le COVID (Comhairle Cathrach na Gaillimhe, An Roinn Oideachais) atá luaite agam cheana tugadh imscrúduithe eile chun críche le linn 2020.
An Foras Taighde ar Oideachas
Rinne mé imscrúdú ar an bhForas Taighde ar Oideachas. Léirigh an t-imscrúdú sin gur theip ar an bhForas Taighde ar Oideachas dualgais reachtúla teanga den Acht Oideachais, 1998 a chomhlíonadh. Chuir an Foras Taighde ar Oideachas scoileanna lán- Ghaeilge as an áireamh nuair a bhí sampla á roghnú do chaighdeánú trialacha léitheoireachta Béarla agus trialacha Matamaitice a bhí á bhforbairt aige do bhunscoileanna.
Chun an dualgas reachtúil a chomhlíonadh, níor mhiste na scoileanna lán-Ghaeilge a bheith san áireamh (seachas as an áireamh) mar bhun-réamhshocrú in aon fhorbairt ábhartha. Mhol mé don Fhoras Taighde ar Oideachas aird a thabhairt feasta ar na dualgais reachtúla teanga atá daingnithe san Acht Oideachais, 1998 nuair a bhíonn trialacha measúnaithe á gcaighdeánú aige do bhunscoileanna feasta.
MÓRTHÉAMAÍ INIÚCHTA AGUS FAIREACHÁIN
Baineann mórchuid den obair iniúchta agus faireacháin le comharthaíocht, fógraí poiblí agus seirbhísí idirghníomhacha a bheith ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.
Oifig na nOibreacha Poiblí
Rinneadh iniúchadh agus faireachán ar Oifig na nOibreacha Poiblí in 2019 agus tá dul chun cinn maith le tuairisciú bunaithe ar an iniúchadh a rinneadh ar dheich láthair oidhreachta atá suite lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. 784 comhartha a scrúdaíodh san iomlán. Bhí leibhéal iomlán géilliúlachta 75% bainte amach ag na suíomhanna a scrúdaíodh.
Eisíodh tuarascáil chuig Oifig na nOibreacha Poiblí i mí Aibreáin 2020 agus i mí Dheireadh Fómhair 2020, thug Oifig na nOibreacha Poiblí le fios go nglactar le toradh an iniúchta agus tá gealltanas tugtha ag Oifig na nOibreacha Poiblí go mbeidh gach comhartha nua dátheangach feasta, ina n-áirítear comharthaí athsholáthair agus comharthaí sealadacha. Is mór againn comhoibriú Oifig na nOibreacha Poiblí san obair seo.
Boird Oideachais agus Oiliúna.
Scrúdaíodh ceithre Bhord Oideachais agus Oiliúna in 2020 féachaint an raibh na dualgais reachtúla atá orthu i dtaca le comharthaíocht, stáiseanóireacht agus fógairtí taifeadta béil agus ar ghealltanais reachtúla na scéimeanna teanga á gcomhlíonadh acu.
Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí
Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uíbh Fhailí
Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí
Bord Oideachais agus Oiliúna Thiobraid Árann
Bhain Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) an grád is airde amach in earnáil na mBord Oideachais agus Oiliúna agus grád ‘comhlíonadh iomlán’ á bhaint amach acu. Grád ‘comhlíonadh méid áirithe’ a bronnadh ar BOO Lú agus na Mí agus ar BOO Laoise agus Uíbh Fhailí. Níor éirigh le BOO Thiobraid Árann ach grád ‘neamhchomhlíonadh den chuid is mó’ a thuilleamh.
Thug Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uíbh Fhailí le fios go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar na comharthaí atá curtha in airde faoi scáth an Bhoird agus go ndéanfar athbhreithniú iomlán ar shuíomh gréasáin an Bhoird faoi dheireadh na bliana 2021. Gheall Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí go ndéanfadh sé a dhícheall a chinntiú go mbeidh córais ríomhaireachta nua atá á suiteáil agus a dhéileálann le sonraí ón bpobal, lánábalta ortagrafaíocht na Gaeilge a láimhseáil go cruinn. Ghlac Bord Oideachais agus Oiliúna Thiobráid Árann le torthaí an iniúchta agus tugadh le fios go mbeadh an tuarascáil mar bhunús dá phlean oibre chun géilliúlacht a bhaint amach in 2021.
Údaráis Áitiúla
Tá ag méadú ar líon na seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí agus údaráis áitiúla ar fáil don phobal ar líne agus is ceart go mbeidís ar fáil sa dá theanga oifigiúla. Scrúdaíodh comhlíonadh gealltanas maidir leis an nGaeilge ar shuíomhanna gréasáin deich n-údarás áitiúla agus áiríodh gealltanais maidir le seirbhísí idirghníomhacha a chur ar fáil i nGaeilge sa chás gurbh ann do na gealltanais sin. Seo é an tríú bliain den tionscadal áirithe faireacháin seo. Is ann don fheabhas leanúnach agus do shamplaí forbartha dea-chleachtais.
Is mór agam an comhoibriú a fuarthas ó na húdaráis áitiúla seo a leanas:
Comhairle Contae Shligigh
Comhairle Contae Mhuineacháin
Comhairle Contae Ros Comáin
Comhairle Contae Chorcaí
Comhairle Contae Fhine Gall
Is ann chomh maith céanna don easpa dul chun cinn agus don neamhaird iomlán in amanta. Is dona liom go mór an cur chuige a ghlac cúig údarás áitiúla chucu féin maidir le próiseas faireacháin agus iniúchta na bliana seo.
Comhairle Cathrach Chorcaí
Comhairle Contae na hIarmhí
Comhairle Contae Cheatharlach
Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin
Comhairle Contae Uíbh Fhailí
In ainneoin na ndúshlán a bhí roimh an earnáil go náisiúnta, ní léiriú sásúil easpa shoiléir gnímh na gcúig údarás áitiúla thuasluaite seo i leith a gcuid dualgas reachtúil faoin Acht. Tá tús curtha le himscrúdú amháin cheana féin.
TUARASCÁLACHA OIREACHTAIS
An Gharda Síochána
Seoladh tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas maidir le líon na nGardaí atá ar dualgas i limistéar Gaeltachta Dhún na nGall agus táim buíoch de Choimisinéir an Gharda Síochána, an tUasal Drew Harris agus den Choiste seo as iniúchadh mion a dhéanamh ar ábhar na tuarascála sin i mí na Bealtaine agus den tuarascáil a d’eisigh an Comhchoiste i mí Iúil. Creidim go gcuideoidh na cúig mholadh atá sa tuarascáil sin leis an nGarda Síochána feidhm a thabhairt do mo chuid moltaí féin.
Cuirim fáilte ar leith roimh an moladh go mbeidh tuarascáil bhliantúil á leagan ag Coimisinéir an Gharda Síochána os comhair an Oireachtais, ina léireofar an dul chun cinn atá déanta aige nó aici le linn na bliana roimhe sin, chun seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht, agus chun seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil taobh amuigh den Ghaeltacht, agus chun líon na nGardaí dátheangacha, i ngach grád sa Gharda Síochána a mhéadú.
EIRCODE
Tabharfaidh mé forléargas ar an tuarascáil Oireachtais maidir leis an gcóras Eircode agus logainmneacha Gaeilge a leagtar faoi bhur mbráid inniu. Is ceart a mheabhrú go dtiteann an dualgas reachtúil ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide sa chás seo agus ní ar Eircode féin, ná ar an Post, a dháil na héirchóid. Is í an Roinn atá freagrach as an gconradh don chóras a bhronnadh agus a stiúradh.
Dá mhínádúrtha agus dá thútaí é mar nós ag comhlacht stáit logainmneacha Béarla a úsáid do sheoltaí daoine lasmuigh den Ghaeltacht ainneoin gur mian leo go n-úsáidfí an logainm Gaeilge, ba léir nach raibh sárú reachtaíochta i gceist leis. Is léiriú eile an neamhréir seo ar easpa cosanta ar bhuncheart teanga in Acht na dTeangacha Oifigiúla.
LEASUITHE MOLTA AR BHILLE na dTEANGACHA OIFIGIÚLA (LEASÚ)
I mí Iúil na bliana seo, thug an Rialtas le fios go gcuirfear breis is 30 leasú suntasach ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2019 (Leasú) faoi bhráid an Oireachtais. Ba mhaith liom fáilte eatramhach a chur roimh mhianaidhm na leasuithe uile atá molta ag an Rialtas ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú). Léiríonn gearáin a thagann chun cinn arís is arís eile a riachtanaí agus atá cuid acu. Má tá teorainn le mo chuid cainte ar an ábhar seo tuigfidh sibh níos fearr ná mise gur gnó de Thithe an Oireachtais iad na leasuithe seo anois, go bhfuil mo thuairim faoi na heasnaimh éagsúla san Acht curtha in iúl go rialta agus céard atá ag teastáil dul i ngleic leis na heasnaimh sin. Go deimhin, agus m’oráid á chur faoi bhráid an Choiste agam seachtain roimh an chruinniú seo, níor foilsíodh téacs na leasuithe go fóill agus níorbh fholáir grinnstaidéar a dhéanamh ar an téacs ionas go gcinnteofaí gurbh é toradh foriomlán an 32 leasú – astu féin agus tógtha le chéile – ná láidriú suntasach ar fhorálacha reatha an Bhille.
Is cinnte go mbeidh cabhair agus ábhar comparáide sna moltaí stuama atá le fáil sa Tuarascáil ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (leasú) 2017 a réitigh réamhtheachtaí an Choiste seo i mí na Bealtaine 2018. Dá thúisce a rithfear an Bille is amhlaidh is téagartha a bheidh an reachtaíocht teanga a bheidh ar fáil chun cearta teanga a chosaint. Dá ghaire fís agus feidhm na gceart teanga dá chéile is amhlaidh is fearr é.
Earcaíocht sa Státseirbhís
Tuigtear dom go mbaineann leasuithe 17-23 go dlúth le líon na státseirbhíseach dátheangach a fhostófar feasta. Fáiltím chomh maith roimh an tagairt shonrach don sprioc 20% faoi 2030 d’earcaigh nua ar cainteoirí Gaeilge iad i Straitéis Athnuachana na Státseirbhíse a foilsíodh i mí na Bealtaine. Is maith a thuigimid gur mórchóras atá sa Státseirbhís féin ina bhfuil breis is 40 míle státseirbhíseach ag obair. Aithním dea-obair Ghaelchultúr agus na deiseanna oiliúna teanga atá curtha ar fáil do bheagnach 1300 státseirbhíseach ó 2018 i leith.
Thug mé suntas don anailís a chuir an tUasal David Cagney, Príomhoifigeach Acmhainní Daonna don Státseirbhís, ar fáil don Choiste seo i mí Iúil. Idir 2017 agus 2021, tréimhse a chuimsíonn breis agus ceithre bliana, fud fad na Státseirbhíse bhí riachtanas teanga ag níos lú ná 1% de na ceapacháin a rinneadh sa tréimhse sin go léir. Thug mé suntas freisin do laghad an éilimh i measc cainteoirí Gaeilge ar cheapacháin mar Oifigeach Cléireachais agus Oifigeach Feidhmiúcháin.
Aontaím go láidir le hanailís an RCPA (An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe) gur tionscadal fadtréimhseach uile rialtais é seo a mbeidh toil agus comhoibriú iliomad páirtithe leasmhara i gceist leis.
Ba mhaith liom a cheapadh go dtiocfadh nósanna imeachta chun cinn a d’éascódh soghluaiseacht idir ranna, a chinnteodh cosáin forbartha ghairmiúla do chainteoirí dátheangacha, a d’fhéachfadh chuige go mbeadh cainteoirí ardchumasacha Gaeilge i ngráid uile na Státseirbhíse – idir Oifigigh Cléireachais is Ard-Rúnaithe agus gach grád eatarthu – agus go mbeadh córas éifeachtach earcaíochta ann a bheadh oiriúnach dá feidhm a d’fhreastalódh go pras ar riachtanais na ranna éagsúla.
Chuige sin, dá thráthúla iad na leasuithe atá molta, chuideodh tuilleadh beachtaithe fós ar rannpháirtíocht fhorleathan sa Choiste Comhairleach go mór le pleanáil earcaíochta agus cur i bhfeidhm Straitéis Athnuachana na Státseirbhíse féin. Measaim go mbeidh sé riachtanach freagrachtaí soiléire a bheith luaite sa phlean earcaíochta, amlínte sonraithe agus treoracha cinnte do ranna a bheidh ag earcú foirne idir seo agus 2030. Beidh géarghá le stiúradh stuama agus comhordú cumasach ar imeachtaí an Choiste ina cheann ar shúil seabhaic ar chur i bhfeidhm chinnithe an Choiste féin.
CONCLÚID
Mar fhocal scoir, fillfidh mé ar an dá mhórcheist – tábhacht na físe agus feidhm na físe. Is maith a aithnítear an tábhacht a bhaineann le stádas, siombalachas agus comhionannas measa. Is cóir gach leas a bhaint as an dea-mhéin agus an chomhthoil chun go gcuirfí lenár dtuiscint choitianta ar chearta teanga in Éirinn. San am céanna, má dhaingnítear ceart teanga go reachtúil is ann don tnúthán réasúnach go mbainfí lánúsáid as an gceart céanna agus go ndéanfadh an Stát agus comhlachtaí poiblí freastal dá réir ar an bpobal teanga.
Sílim go bhfuil deis chinniúnach ag Oireachtas Éireann tuilleadh brí a thabhairt don fhís tríd an mBille leasaithe agus, ar an ábhar sin, is mian liom aitheantas a thabhairt do dhíograis an Choiste agus buíochas a ghlacadh leatsa, a Chathaoirligh, agus le comhaltaí uile an Choiste, as bhur ndúthracht. Is ábhar misnigh domsa go pearsanta go bhfuil próiseas maoirseachta agus monatóireachta i réim a láidríonn rialachas teanga an stáit. Déanann an scrúdúchán poiblí a dhéantar ar obair m’Oifige éascaíocht mhór don phobal teanga maidir le freagrúlacht, cuntasacht agus trédhearcacht m’Oifige.
A bhuíochas de chlár oibre agus éisteachtaí poiblí an Choiste le tamall míonna anuas, is léir go bhfuil airdeall seasta ar chearta teanga an tsaoránaigh in aimsir phaindéime go háirithe. Táimid uile faoi bhur gcomaoin dá bharr.
@ceartateanga #CGGPLnaG
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-54757277022496689832021-08-28T02:39:00.004-07:002021-09-07T00:25:23.942-07:00Respect et manque de respect et mépris!
Teachtaireacht measa ó Uachtaráin agus dímheas agus neamhaird ag an Taoiseach agus polaiteoirí!
Bhí alt in dTuairisc.ie le deanaí ina léirigh Jack Chambers, Aire Stáit na Gaeltachta, a "fhrustrachas" an t-imeallú a rinneadh ar an nGaeilge le linn na paindéime. Dúirts sé leis gur raibh sé tar éis scríobh "chuig gach Roinn Rialtais le déanaí chun a n-oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a mheabhrú dóibh."*
Cúpla lá roimhe bhí preas ócáid ag Ceannaire TG4 agus dúirt: "Sa nach mór 100 bliain ó bunaíodh an stát, thacaigh an stát leis an nGaeilge mar shiombail den fhéiniúlacht náisiúnta ach níor léiríodh an uaillmhian chéanna do phobal chainteoirí na Gaeilge is a léirigh na húdaráis sa Bhreatain Bheag don Bhreatnais.”
Tháinig an Iar-Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuireáin, ina a chuid taighde ar pholasaí gach rialtas sa tír ó 1928 go dtí na seascadaí ar an tuairim gur "soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis: is deacair brí ar bith eile a bhaint as polasaí an stáit ó 1928 ar aghaidh".
Bhí cuairt ar an dtír seo ag Uachtarán na Fraince i rith na seachtaine agus ba léir an dearcadh a bhí ag an Rialtas seachas ag an Náisiún ar an dTeanga Náisiúnta.
Bhí Uachtarán na Éireann (mar is gnáth dó) cúramach go mbeadh ár dteanga féin agus teanga na Fraince le feiscint agus le cloisint. Fiú an biaclár don Dinnéar Foirmeálta bhí sé i dteangacha náisiúnta an dá thír. Ach ní raibh sé soiléir (má bhí sé ann ar chor ar bith) go raibh mórán meas ag an Taoiseach nó ag Corps Politique na tíre uirthi.
Ar an gcóras giolcaireachta ó Aras an Uachtaráin bhí siad i nGaeilge nó dhá theangach. Sin an gnáth nós atá aige ó thosigh sé ar sin (cé gur "@PresidentIRL" a thugann sé ar féin ar chúis nach dtuigim). (https://president.ie/ga/ilmheain-agus-oraidi/eisiuinti-nuachta/statement-following-a-meeting-of-an-tuachtaran-michael-d-higgins-with-president-macron)
Mar ceannaire ar Rialtas na hÉireann bheithfeá ag súil le giolch nó dó sa Teanga Náisiúnta ach faraoir, níl an nós sin aige. Ní dóigh liom go bhfaca mé oiread is tuít amháin uaidh i nGaeilge ó thoghadh ian thaoiseach é. Gach tuít uaidh tá sé i mBéarla na Banríona agus mar a gcéanna sa chás seo - cé go raibh beagáinín Fraincise ag a tús a fháiltiú roimh an Uachtarán!
Mar an gcéanna ó suíomh nuachta an Rialtais - @MerrionStreet.ie - News from the Government of Ireland (sic). - gan focal sa Teanga Náisiúnta.
Bhí giolch Emmanual Macron féin faoin ocáid ina theanga dhúchais féin agus nod dár dteanga mar clabhsúr.
Nach léiríonn sé a dúirt an Teachta Dála Catherine Martin dhá bhliain ó shin, "má tá rud tabhachtach le rá abair i mBéarla é." Nó mar a mhínigh Seán Ó Cuireáin linn roimpi gur teachtaireacht rí shoiléir í ó gach rialtas ó buníodh an stáit chuig pobal na Gaeilge "Labhraigí Gaeilge le chéile ach ná labhair linne í!".
Agus mé á scríobh seo bhí na giolchanna ó chomhfhreagraí polaitíochta Raidío na Gaeltachta, Eoin Ó Catháin an shoiléir agus cabhrach má bhí duine ag iarraidh na cúrsaí a leanúint. I gcomparáid leis na lag iarrachtaí sna mheáin Béarla a bhí ag brath ar athfhoilsiú ráitaisí i mBéarla seachas tuairiscáil "beo" sa chás seo.
* Fuair Tuairisc.ie cóip den litir seo, a sheol an tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Jack Chambers chuig a gcomhghleacaithe rialtais. (Iarrtha ag Airí na Gaeltachta ar airí rialtais eile go gcomhlíonfadh a ranna a ndualgais i leith na Gaeilge 7 MF 2021)
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-70716797460941816952021-08-04T02:36:00.008-07:002021-08-05T01:55:15.605-07:00An geall briste ... An bhfuil an státchóras ag iarraidh “fáil réidh” leis an Ghaeilge agus “beag is fiú” a dhéanamh do Phobal Labhartha na Gaeilge?
Fear socair stuama soineanta é Ciarán Ó Feinneadha mar is ceart do chuntasóir. Mar a deireann sé féin bíonn "gnáth deachtaireacht" aige ag déileáil leis córas riaracháin an Stáit sa Teanga Náisiúnta agus ní dhéanann sé gearán poiblí futhu. (Ní gá ach breathnú ar thuariscí leis na blianta ón gCoimisinéir Teanga le samplaí de na deachtaireachtaí sin a fheiscint!). Ach i rith caidrimh leis A Roinn Coimirce Sóisialai nuair a tháinig chuig deireadh na feide. Roinn sé an píosa seo ar facebook. Thug sé cead dom é a roinnt ar an mblag seo. *
"Gheall mé dom féin nach ndéanfainn gearán poiblí faoi fhadhbanna a bhaineann le seirbhísí Gaeilge le linn na paindéime. Ach tá brón orm, tá teipithe orm.
Deacair seo a chreidiúint ach seo ceithre rud a tharla dom i rith mhí Iúil 2021 mar Éireannach:
1. Cliant ón iasacht ag iarraidh mo tháille a íoc go leictreonach ach ní glacfadh an banc leis. Bhí orm a mhíniú di gur gá di ainm mo ghnó Comhairle Chánach Teo a lítriú MÍCHEART toisc nach nglacann an banc leis an ‘fada’ ar Chánach. Nuair a bhain sí an fada amach ghlac an banc leis.
2. Cuireadh litir a sheol mé sa phost arais chugam, cé go raibh an seoladh iomlán soiléir (clóscríofa), iomlán cruinn agus an stampa ceart íoctha. Bhí an seoladh i Gaeilge. Ar laghad ní raibh “address does not exist” scríofa air an uair seo mar a tharla roimhe.
3. Tá mo theastas Covid digiteach i mBéarla amháin, gan focal amháin Gaeilge air agus m’ainm litrithe mícheart mar atá cinn baill eile den chlann.
Dona go leor a deir tú ach níl anseo ach na fadhbanna a bhíonn agam agus ag Gaeilgeoirí eile i gcaitheamh ár saol. Ach theip orm mo gheallúint a choinneáil nuair a tharla seo:
4. Tá orm Cárta Leasa Sóisialaigh a fháil agus bhí ar an Roinn Coimirce Sóisialaí mo theastas breithe a dheimhniú go leictreonach.
Bhaist mo thuismitheoirí Ciarán Ó Feinneadha orm. Dúradh liom agus mé ag plé leis an Oifig áitiúil “ Ní ann duit ar an gcóras” agus “ níl tú ar an gcóras ar chor ar bith”. Mar sin ar an gcóras cláracháin do theastais bhreithe ag rialtas na hÉireann ní ann do ‘Ciarán Ó Feinneadha’. Tá mo shloinne aistrithe acu go Béarla agus tá an sloinne Béarla a chruthaigh siad dom úsáidte acu chun comhadú a dhéanamh ar m’ainm ceart sa chóras . Dúradh liom faoi thrí go bhfuil seo déanta acu do gach uile dhuine a bhfuil sloinne Gaeilge acu.
Tá an leagan Gaeilge fós ar an teastas féin ach tá siad tar éis ár sloinnte Gaeilge ar fad a aistriú go Béarla (más Béarla é) agus tá comhadú déanta acu orainn faoin leagan Béarla sin amháin. Mar sin nuair a rinne siad iarracht mo theastas breithe a dheimhniú iarradh orm cén leagan Béarla a bhí ar m’ainm agus ar ndóígh dhiúltaigh mé ceann a chumadh toisc nach ann dó – bíonn saghas náire orm maíomh as WARRIOR ar ndóigh. Mar sin ní raibh an oifig áitiúil in ann teacht orm sa chóras gan an leagan truaillithe/Béarla den ainm faoin a bhfuil mé comhdaithe acu, rud nár úsáid mé riamh nó mo thuistí. DOCHREIDTE.
Fuair mo bheirt tuismitheoirí bás le blianta beaga anuas agus mothaím gur masla pearsanta dóíbh siúd é seo chomh maith liom féin agus do gach Gael. Comh maith lena bheith maslach agus drochbhéasach – an é go bhfuil a bhfrithGhaelachas tar éis tuiscint daonna a bhaint."
Maidir liom féin bíonn trioblóid agam-sa aon uair atá orm teangabháil leis an stát-chóras. I ndairírí is cúis imní é agus fhios agam go mbeidh orm brú a chuir ar dhuine éigin seirbhís ceart a fháil mar Éireannach i mo thír féin i mo theanga féin. Ní déanaim riamh teangabháil anois ar ghuthán leo ach scríobhaim chucu i gcónaí agus go minic tógann sé an t-uafas ama freagra a fháil uatha - agus uaireanta is i mBéarla a bíonn an freagra. Má tá orm buaileadh le duine - ag lorg Cearta Seirbhís Poibli nó Ceadúnas Tiomána (Cé chumfadh é? 26/10/2015) bíonn sé an deachair duine a fháil le Gaeilge.
• Bhí agallamh leis ar Adhmhaidin Raidío na Gaeltachta inné (3/8/2021) chomh maith. Agus tá píosa faoi i dTuairisc.ie anseo: "Ní ann do Ciarán Ó Feinneadha..." (4/8/2021)
• Leithscéal gafa le Ciarán Ó Feinneadha faoi mhaíomh an stáit ‘nach ann dó’ (Tuairisc.ie 5/8/2021)
* An scéal i mBéarla: "You are not on the system at all..." (The Hidden Ireland)
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-32163108652659343752021-07-20T00:18:00.008-07:002021-07-20T03:46:06.274-07:00Udaráis áitiúla agus Eircode faoi scrudú.
English
Tá Tuarascáil Faireacháin Oifig an Choimisinéara Teanga 2020/21* foilsithe.
Tugtar cuntas sa tuarascáil seo ar an obair a cuireadh i gcrích i leith na réimsí oibre seo a leanas a sonraíodh mar thosaíochtaí faireacháin don bhliain 2020:
Cur i bhfeidhm moltaí imscrúduithe
Gealltanais teanga de chuid ceithre Bhord Oideachais agus Oiliúna
Suíomhanna gréasáin na n-údarás áitiúil
Ní fhéadfaí iniúchadh a bhí beartaithe a dhéanamh ar úsáid na dteangacha oifigiúla ar chomharthaíocht ag suíomhanna oidhreachta a chomhlíonadh de thoradh srianta a bhain le Covid-19.
Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, gur léirigh Tuarascáil Faireacháin 2020/21 go raibh roinnt údaráis áitiúla nach ndeachaigh i mbun gnímh lena Oifig le linn a cuid oibre faireacháin agus go mbeadh sé ag meabhrú dóibh an dualgas reachtúil atá orthu comhoibriú leis agus é i mbun a chuid feidhmeanna.
“Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla is féidir liom imeachtaí i leith ciona a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh sa chás go gcuirtear bac orm mo chuid feidhmeanna a chomhlíonadh. Níor baineadh úsáid as an bhforáil ábhartha sin d’Acht na dTeangacha Oifigiúla ó bunaíodh an Oifig ach i bhfianaise easpa comhoibrithe ó roinnt údaráis áitiúla d’fhéadfadh nach mbeadh de rogha agam ach tabhairt faoin gníomh tromchúiseach sin gan mhoill.”
Priomh Pointí
• Ní raibh aon údarás áitiúil a scrúdaíodh ag cloí go hiomlán leis na gealltanais a bhí tugtha acu maidir lena suíomhanna gréasáin agus lena seirbhísí idirghníomhacha.
• Leibhéil éagsúla ghéilliúlachta le sonrú i measc na mBord Oideachais & Oiliúna maidir leis na dualgais reachtúla atá orthu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
• Fáilte curtha ag an gCoimisinéir Teanga roimh an bhfianaise go bhfuil gníomhartha curtha i bhfeidhm ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar na láithreacha ar bronnadh rátáil mhíshásúil orthu in 2019 maidir le comharthaíocht ag láithreacha oidhreachta.
• Fógra tugtha go bhfuil tuarascáil le leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais maidir le heaspa cur i bhfeidhm moltaí imscrúdaithe a bhain le córas Eircode.
Dúirt an Coimisinéir Teanga freisin gur údar díomá dó gur léiríodh in obair faireacháin a Oifige nár cuireadh moltaí a rinne sé maidir le húsáid logainmneacha Gaeltachta do chóras Eircode i bhfeidhm go sásúil agus go mbeadh tuarascáil ar an ábhar á cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
Bhí súil aige, nuair a achtófar Bille Teanga nua, go mbeidh deis aige faireachán a dhéanamh ar achtacháin eile a bhaineann le cúrsaí teanga seachas Acht na dTeangacha amháin.
“Ba chóir go mbeadh deis ann, le hachtú an Bhille nua, faireachán níos uileghabhálaí a dhéanamh ná mar a cheadaítear don Choimisinéir Teanga faoin Acht reatha. Thabharfadh sé seo deis faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm reachtaíochta teanga a bhaineann le cúrsaí oideachais, craolacháin, pleanála agus iompair i measc nithe go leor eile”, a dúirt sé.
*Tá an Tuarascáil Faireacháin le fáil anseo ar shuíomh an Choimisinéara.
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-77565451698880377862021-06-08T02:37:00.005-07:002021-07-20T01:32:59.371-07:00I measc na neamh-marbh?Bhí alt san Examiner le deanaí (Béarla) ag caint faoin nós atá le feiscint i gCorca Dhuibhne daoine ag ceannach sean tithe agus fothracha mar "didean paindéime" le bliain anuas. Tharraing sé caint sna meáin shóisialta ar ndóigh. Tá sé spéisiúil an tagairt atá san alt faoin dteanga.
"Is deacair a bheith dearfach fé thodhchaí na Gaelainne i gCorca Dhuibhne nuair a léann tú alt mar seo. An dtuigeann na daoine atá ag bogadh anseo an tionchar atá acu ar mhionteanga? Ar chuma leo?" a dúirt duine amháin agus "Éire nua darb ainm Benidorm. Is ionann meoin na nÉireannach a bhogann isteach sa Ghaeltacht gan aird ar an Ghaeilge agus na Brits sa Spáinn srl nach labhrann Spáinnis," ráite i ngiolch eile. *
"Gheobhaidh siad cead pleanála le seantithe/ballóga/ fothracha ár sinsear a athchóiriú. Ní cheisteofar iad faoi theanga na háite. Ach ní thabharfaidh na húdaráis áitiúla cead pleanála do chainteoirí Gaeilge as an áit le fanacht ina gceantar dúchais." agus ar ndóigh, "..ar an drochuair tá cuid de mhuintir na Gaeltachta sásta maoin a sinsear a dhíol ar airgead. Bua ag an chathú. Is treise airgead ná dúchas."
Bhí pointe eile luaite sa cheann seo "Tá baill 'phobal na Gaeilge' a cheannaíonn tithe saoire sa nGaeltacht chomh dona céanna, nó níos measa seans, le Béarlóirí a aistríonn siar!"
Chuir sé sin siar mé go dtí an t-am inar aithríomar go Ghaeltacht Chonamara seacht mbliana deag nó mar sin ó shin. Nuair a cheannaíomar an teach tháinig duine den na comharsana le fáilte a chuir romhainn ach ansin chuireadh ceist orainn a léirigh an imní a bhíonn ar an chuid daoine i ngach cheantair Ghaeltachta ar an gcósta is dócha. "An mar teach saoire a cheannaigh sibh í?"
Níl mórán tithe saoire san áit ina bhfuil cónaí orainn agus mar sin níl sé cosúil leis na ceantracha siar uainn atá bánaithe sa gheimhreadh - dubh dorcha gan solas sna tithe.
Cé go bhfuil muid le fanacht ann tá fadhb teanga ann. Is Béarlóirí an chuid dár ghaolta agus an "tuiscint Bhéarla" ("You actually speak Irish all the time?") i leith na Gaeilge agus bíonn braistint nó mothú ionam gur cineál "truailliú" ar siúl againn atá chomh láidir agus chomh cuimsitheach - b'fhéidir níos chuimsithí - is atá an truailliú a deintear nuair a fhagann daoine a chuid salachar ar thaobh an mbóthair nó ar an dtrá!
Níl aon dabht go mairfeadh an Ghaeilge ach níl fhios agam an mairfeadh an Ghaeltacht mar atá sé anois. Mairfaidh sí mar cineál catheamh aimsire chuile sheans agus ní mar atá sí anois - gnáth meán cumarsáide sa chomharsanacht. An mbeadh Éire fágtha ina IarGaeltacht ina iomláine?
Tá an poinnte déanta chomh maith ag alt i dTuairisc.ie ar maidin chomh maith. Tá rabhadh a thabhairt ag saineolaithe phleanála in Albain "gur faide a mhairfidh polasaithe Gàidhlig na hAlban ná pobal labhartha na teanga sin."
Lean duine de na saineolaithe, Conchúr Ó Giollagáin ag rá "Mairfidh maorlathas na Gaeilge in Éirinn níos faide ná an pobal Gaelach mura mbeifear in ann straitéis tarrthála a chur i bhfeidhm atá níos ábhartha ná an cur chuige reatha. Is ionann glacadh leis na polasaithe neamhábhartha reatha agus géilleadh go hoifigiúil d’imeacht as na Gaeltachta." (Nach bhfuil sé seo soiléar nuair a chuirtear an Ghaeltacht sa Roinn "Chuile Rud Eile" le fothrigh na hoidhreachta agus músaeim na hiarsmaí. I measc na neamh-mharbh!)
Dár leis an Gillagáineach, "... go bhfuil pobal na Gaeltachta 'curtha sa riocht' go bhfuil siad 'ag tabhairt cúnaimh' don státchóras 'láthair oidhreachta agus siamsaíochta' a dhéanamh den Ghaeltacht do dhaoine 'ar spéis leo an Ghaeilge a chleachtadh ina dara teanga'”. Áit le Gaeilge a fhoghlaim agus sin a méid! Ach nuair atá an Gaeilge imithe...?
Nach ceart é sin a aithint agus ullmhú agus fáil faoi réir do ré na h-iarGhaeltachta?
* Féach chom maith ar an sceal seo ón Bhreatain Bheag (i mBéarla i "The National"): Second home crisis is hollowing out communities. (5/6/2021)Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-66953001433536243532021-06-01T01:27:00.006-07:002021-06-01T05:43:01.452-07:00Teanga na paindéime!
In English
"Níl an teidlíocht reachtúil seirbhís a fháil as Gaeilge ag brath ar thosca, tosaíochtaí nó acmhainn an chomhlachta phoiblí "
Tá dhá rud soiléir i dTuairisc Bliantúil 2020 ón gCoimisinéir Teanga. Bhí laghdú (14%) ar an méad ghearántaí a fuarathas ag an oifig is dócha toisc go raibh an chuid den bhliain faoi dianghlasáil. Bhí imeallú teanga leanúnach ón Rialtas Lárnaigh agus Áiliúla go mór faoin bpaindéin ach bhí comharthaí eile ann fiú i gcúrsaí oideachais. Léiríonn sé chomh maith cé chomh tabhachtach is atá sé Acht Teanga láidir a bheith ann chomh luath agus is féidir.
Ba ghearáin maidir le Covid-19 a bhí in 20% de na gearáin a d’ardaigh an Coimisinéir Teanga
le comhlachtaí poiblí anuraidh. Bhain formhór na gcásanna le modhanna éagsúla cumarsáide
leis an bpobal a bhí i mBéarla amháin, ina measc leabhráin eolais, suíomhanna gréasáin agus
fógraíocht. Ní fhéadfaí go leor de na gearáin a fhiosrú go foirmiúil mar gheall ar easpa
soláthar seirbhísí trí Ghaeilge in Acht na dTeangacha Oifigiúla, dar leis an gCoimisinéir
Teanga, Rónán Ó Domhnaill.
“Léiríonn na figiúirí sa Tuarascáil Bhliantúil nuair ba
thábhachtaí agus ba phráinní an tseirbhís nó an t-eolas ón Stát gur lú an seans go gcuirfí ar
fáil as Gaeilge í. Bhraith go leor de na daoine a rinne teagmháil le m’Oifig go raibh imeallú á
dhéanamh ar lucht labhartha na Gaeilge tráth ar ghá an pobal ar fad a thabhairt le chéile in
iarracht chomónta. Níor cheart beagán a dhéanamh de na dúshláin ollmhóra atá roimh an
Stát in aimsir Covid ach níor cheart go mbeadh coimhlint idir na gníomhartha
tromchúiseacha náisiúnta atá idir lámha agus dualgais i dtaca le cearta teanga.” a dúirt sé.
Dúirt Rónán Ó Domhnaill chomh maith: “Léiríonn na gearáin a rinneadh leis an Oifig
anuraidh arís eile an gá le hAcht Teanga neartaithe chun seirbhís níos fearr trí Ghaeilge a
fháil ón Stát. Tá súil go dtosóidh an Bille Teanga leasaithe á dhéanamh sin ach é a bheith
achtaithe.”
Thug Oifig an Choimisinéara Teanga ceithre imscrúdú fhoirmiúla chun críche le linn 2020.
Bhain péire acu le Covid.
Léirigh imscrúdú amháin gur sháraigh an Roinn Oideachais an tAcht Oideachais nuair a chinn
sí tairseach ar líne chun go gcláródh mic léinn do ghráid ríofa san Ardteist a chur ar fáil i
mBéarla amháin.
Léirigh imscrúdú eile gur sháraigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe Acht na dTeangacha
Oifigiúla nuair a chuir an Chomhairle comharthaí i mBéarla amháin a bhain le Covid in airde
ar fud na cathrach.
Ar an iomlán rinneadh 604 gearán leis an Oifig anuraidh – laghdú 14% ó 2019. Tháinig 33%
de na gearáin ó Bhaile Átha Cliath agus 23% ó na ceantair Ghaeltachta.
Féach chomh maith:
Bhain 20% de na gearáin a fuair an Coimisinéir Teanga leis an bpaindéim (Tuairisc.ie 1/6/2021)
Sárú déanta ag an Roinn Oideachais agus ag an bhForas Taighde ar Oideachas ar a ndualgais reachtúla. (Tuairisc.ie 1/6/2021)
‘Neamart córasach’ ba chúis le comharthaí sláinte i mBéarla amháin i gcathair na Gaillimhe (Tuairisc.ie 1/6/2021)
Easpa eolais i nGaeilge ó dhá Roinn Stáit ina mhórchúis ghearáin (NuachtRTÉ/TG4 1/6/2021)
Coimisinéir Teanga gafa ag gearáin faoi chúrsaí Covid-19 in 2020 (NuachtRTÉ/TG4 1/6/2021)
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-8651700643308195742021-04-26T01:03:00.008-07:002021-04-26T02:16:32.019-07:00"Tá ár gcroithe briste! "
English
Tá tuarascáil faoin líon íseal Gardaí le Gaeilge sa Ghaeltacht* curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag an gCoimisinéir Teanga.
‘Déanfaidh Coimisinéir an Gharda Síochána, a mhéid is indéanta, a chinntiú go mbeidh comhaltaí den Gharda Síochána a bheidh ar stáisiún i ndúiche ina bhfuil limistéar Gaeltachta inniúil go leor sa Ghaeilge chun a chumasú dóibh í a úsáid go saoráideach le linn dóibh a ndualgais a chomhall.’
Alt 33(2) d’Acht an Gharda Síochána (2005).
"Is ríléir anois nach bhfuil moltaí an imscrúdaithe curtha i bhfeidhm ag an nGarda Síochána. Tá líon na nGardaí ar dualgas sa Ghaeltacht a bhfuil Gaeilge acu i bhfad ró-íseal agus tá sárú á dhéanamh ar Acht an Gharda Síochána dá bharr. Ba dheacair a áitiú nach bhfuil achar réasúnta ama caite ó rinneadh moltaí in imscrúdú in 2011. Is ar Thithe an Oireachtais a thiteann sé anois aon chéimeanna breise a thógáil, má mheastar gur cuí sin a dhéanamh," a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill. "Tá ár gcroithe briste" a dúirt se ar Adhmhaidin (RnaG 26 Aibreáin 2021), ag iarraidh a chur ina luí ar an Garda Síochána go mbeadh Gaeilge ag Gardaí sa nGaeltacht.
Socraíodh ar thuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas de bharr nach bhfuil moltaí imscrúdaithe a rinneadh in 2011 curtha i bhfeidhm ag an nGarda Síochána agus nárbh fhéidir leis an gCoimisinéir Teanga aon chéim bhreise a ghlacadh chun a chur ina luí ar an nGarda Síochána an méid sin a dhéanamh.
Tá dualgas reachtúil ar Choimisinéir an Gharda Síochána, a mhéid is indéanta, a chinntiú gur comhaltaí den fhórsa atá líofa sa Ghaeilge a chuirtear ar dualgas i ndúiche ina bhfuil limistéar Gaeltachta.
Léirigh an t-imscrúdú a tugadh chun críche i mí na Nollag 2011 nár chomhlíon an Garda Síochána a ndualgais reachtúla teanga comhaltaí den fhórsa atá inniúil go leor sa Ghaeilge a chur ar dualgas i nGaeltacht Dhún na nGall.
Rinneadh moladh sonrach in imscrúdú 2011 go bhfiosródh an Garda Síochána an soláthar foirne ar fud na Gaeltachta lena chinntiú go rabhthas ag comhlíonadh na ndualgas reachtúil teanga atá leagtha ar an nGarda Síochána in Acht an Gharda Síochána, 2005 agus Scéim Teanga an Gharda Síochána, 2009-2012.
Fuarthas amach mar thoradh ar phróiseas faireacháin nach bhfuil ach 35 Garda le Gaeilge as 95 Garda ina iomláine atá lonnaithe i stáisiúin Ghaeltachta. Seo de réir chóras féinmheasúnaithe an Gharda Síochána féin.
*Tuarascáil faoi fho-alt 26(5) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003do Thithe an Oireachtais (Leabharlann an Oireachtais)
@gardainfo @ceartateanga @OireachtasNews @DeptJusticeIRL
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-62528017477824031532021-04-13T08:23:00.008-07:002021-04-14T00:06:45.373-07:00Eolas sláinte gan cnaipe! Eachtra bleachtaireachta Ghaelach. Fuair mé mo chéad phocáil frith CHOVID breis is seachtain ó shin ("Faighte - cuid a h-aon!" 4/4/2021). Fuair gach éinne leabhrán 12 leathannach ag le "important information" faoin instealladh. Mar aon le sin bhí billeog aon leathanach faoi cad a thárlódh i ndiaidh an snaithid a fháil, pianta, tuirse 7rl.
Is cosúil nach raibh iad le fáil sa Teanga Náisiúnta ag an láthair ina a raibh mé á fháil. (Ní smaoinítear ar pobal na Gaeilge fiú sa Phríomhchathair Seirbhís Gaeltachta!)
Rinne an Coimisinéir Teanga tagairt don bhfadhb seo agus é ós comhair choiste Oireachtais i mí Deaireadh Fomhair 2020.
"Maidir leis na gearáin a d’fhiosraigh m’oifig, a bhain bealach amháin nó bealach eile leis an bpaindéim, feictear dom téama coitianta i gcuid de na freagraí a tugadh: go mb’éigean gníomhú go práinneach agus, i gcúinsí fíoreisceachtúla na géarchéime sláinte, cinneadh an dualgas reachtúil teanga a chur i leataobh, é a chur ar atráth, nó níor tugadh aird ar an dualgas sin toisc go gcuirfeadh sé moill ar an ngníomh a chur i gcrích.
"Dá nglacfaí leis nach raibh dlite ar chomhlacht poiblí na seirbhísí seo a chur ar fáil go dátheangach ar an údar nárbh acmhainn dó sin a dhéanamh gan moill a chur leo, d’fhéadfaí a fhorléiriú as sin nuair ba thábhachtaí agus ba phráinne an tseirbhís nó an chumarsáid, gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í."
Nuair a tháinig mé abhaile rinne mé iarracht an eolas seo a fháil ó shuíomhanna éagsúla sláinte. Ní raibh mé ábalta iad a fháil go héasca ar aon suíomh, Roinn Sláinte nó ar shuíomh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Aisteach ach bhfuil aon Roinn Rialtas eile sásta bheith ainmnite ar twitter leis an ainm sa Teanga Náisiúnta fiú Uachtarán na Tíre.
Tá sé suimiúil má déantar hse.ie a úsáid le dul ann faightear www.hse.ie/eng/. Níl aon cnaipe ann a deireann "Gaeilge" nó "Irish Version" Má athraíonn to go www.hse.ie/ga/ níl rud ar bith le fáil ach "Page not found!"
Rinne mé beagáinín bleachtairechta ar an suíomh. Chuir mé an focal Gaeilge sa bhosca "How can we help you?". Brú mé an chnaipe agus fuair mé "approx 139 returned for term Gaeilge!" An céad ceann "Gaeilge" agus an miniú "HSE services and information. Breastfeeding Live Chat." Ní raibh mé ag súil le mórán ach nuair a bhrú mé ar sin fuair mé Leathanach Gaeilge de short éigin ach ní raibh ann ach an nasc "Coróinvíreas." Is anseo atá an chuid i nGaeilge faoin gCOVID-19 agus suimiúil go leor tá chuid de an-shuas-chun-dáta. Tá aon leathanach déag le nascanna chuig leathanaigh le mion eolais i nGaeilge (cuid acu chuig na leathnaigh i mBéarla).
Cnaipe?
Is léir go bhfuil neart oibre déanta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar seo ach cén fáth nach bhfuil sé ráite acu? Tá an bolscaireacht go léir nach mór i mBéarla uatha. Cén fáth nach bhfuil cnaipe naisc mór nó beag ar an bpríomh leathanach leis an bhfocal "Gaeilge" ar chun cabhrú le Pobal na Gaeilge? Ni nach íonadh nach mbíonn mórán ag breathnú ar foinse i nGaeilge nuair nach ndeirtear linn go bhfuil siad ann. Tá lán cead ag an Fheidhmeannacht an cnaipe ar chlé a aimsiú ar a suíomh gan aon chostas!
Níor éirigh liom cóip den leabhair a bhí á lorg agam a aimsiú áfach - seans go bhfuil sé ann ach ... lean mé orm ag bleachaireacht!
I measc na leathanaigh Bhéarla d'aimsigh me "COVID-19 resources and translations." Níor smaoinigh mé ar "translations" a lorg aistigh go leor ach chonaic me ag bun an leathannach baile i mBéarla é. Is ansin atá an-chuid den eolas a bhí uaim le fáil ach tá na nascanna i mBéarla mar: "Information leaflet about the COVID-19 vaccine (Pfizer/BioNTech, Comirnaty) Irish (PDF, 430 KB, 12 pages)" agus "What can you expect after your COVID-19 vaccine (Pzizer/BioNTech, Comirnaty) Irish (PDF, 210 KB, 2 pages)"*
Is cosúil go bhfuil leabhráin agus billeoga don tri vacsaíní le fáil sa teanga náisiúnta ach ní mór duit beagáinín Béarla agus meon bhleachtaire a bheith agat chun iad a aimsiú!
Seo na leabhráin:
Pfizer.BioNTech, Comirnaty: - Leabhrán; - Billeog
Moderna; - Leabhrán: - Billeog
AstraZeneca: - Leabhrán; - Billeog
Tá eolas faoin Vacsaín Jansson le fáil ann chomh maith ach ní cosúil go bhfuil leagan Gaeilge le fáil (go fóill?). Tá roinnt stuif le fáil i dteangacha eile chomh maith.
Tá sé deacair a thuiscint an meoin atá ag an bhFeidhmeannacht an méid oibre atá deanta acu (agus atá á dhéanamh acu) i nGaeilge a choimead i bhfolach. Nach bhfuil an baol sláinte céanna ar Pobal na Gaeilge & na Gaeltachta.
*Is cuimhin liom go raibh fadhb mar sin agam nuair a bhí mé ag lorg ceadúnas tiomána 2015.<http: abhar-luibin-ce-chumfadh-e=""></http:>
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-10863508656546953782021-04-08T08:30:00.007-07:002021-04-09T02:57:43.622-07:00"Tiomanta!" Freagra ón Aire Chambers!
Re: Cinnteacht i mBille na dTeangacha Oifigiúla 2019
Scríobh mé litir ar líne chuig an Aire Stáit Ghaeltachta, Jack Chambers T.D. ar an 26 Eanáir 2021.
Jack Chambers T.D.
Príomh-Aoire an Rialtais
Aire Stáit na Gaeltachta & an Spóirt
Is mar seo a scríobh mé:
"Tá mise ag iarraidh gnó a dhéanamh leis an stáit ó 1966 i leth agus is ró mhinic a theipeann ar na Ranna nó Comhluchtaí Stáit seirbhís ceart a thabhairt dom sa Teanga Náisiúnta. I ndairíre bhí sé beagáinín níos éasca duine le Gaeilge a fhail sna seascaidí ach is baolach tá cursaí i bhfad níos measa anois go mór mór ó cuireadh deireadh le riachtanas sa dhá teanga oifigiúil sa stáit sheirbhís sna seachtóidí.
"Bhí mé ag breathnu ar an díospóireacht den gCoiste Gaeilge Gaeltacht & Pobal Labhartha na Gaeilge ar an Aoine seo caite (22/1/2021) agus chuir se an díomá orm nach raibh an Aire Stáit, Jack Chambers sásta a admháil go bhfuil rian den “méar-fhadachas” san Bille nua. Tá an iomarca “a luath agus is féidir” trén bille go mór mór nuair a bhaineann sé le fostú daoine le Gaeilge sa Stáit Seirbhís agus ag cinntiú go mbeadh seirbhís ina dTeanga féin sna cheantair Ghaeltachta.
"Tá cónaí agamsa sa Gaeltacht le breis is 20 bliain agus ní féidir liom na seirbhísí is simpli, ceadúnas tiomána, seirbhísí sláinte nó leasa sóisialta agus eile gan mórán trioblóid a chuir orm féin. Níl dóchas ar bith agam go mbeadh feabhas ar bith ar chúrsaí de bharr an Bhille lochtach seo."
Lean mé liom ag meabhrú dó an stair a bhí ag muintir na Gaeltachta ó 1928 ar aghaidh is iad ag lorg seirbhís i nGaeilge ón stáit mar a léríodh ag Seán Ó Cuirreáin sa bhliain 2013 beagáinín sula ndearna sé an cinneadh "gan leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill!"
Fuair mé r-phoist ar an bpointe óna Rúnaí ar son an tUasal (sic) Jack Chambers TD, Aire Stait do Spóirt agus an Ghaeltacht, ag rá go raibh mo theachtaireacht faighte acu ar Is minic a fuair mé a leitheid de fhreagra ó airí no rannaí stáit agus mar a déarfadh an seanachaí fadó "things rested so!"
Ach dúsaigh rudaí! Ar maidin inniú fuair mé freagra, agus freagra sínithe ag an Aire féin - mar Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt. Thug mé faoi deara go raibh an Ghaeltacht luaite ar dtús anois acu!
Seo mar a scríobh sé:
Tag: - Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019
Eoin, a chara,
Táim ag scríobh chugat maidir le do chomhfhreagras thuas dár dáta 26 Eanáir 2021.
Mar is eol duit, cuireadh tús le Céim an Choiste do Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 ar an Aoine 22 Eanáir 2021. Is é príomhchuspóir an Bhille ná Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú ionas go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí phoiblí trí Ghaeilge agus líon na gcainteoirí Gaeilge a earcaítear sa tseirbhís phoiblí a mheadú. Tá an Rialtas tiomanta na spriocanna seo a bhaint amach.
Tá mé ag tabhairt aghaidh ar seo trí mo leasú fhéin a chur chun chinn ar an mBille le moladh go mbeidh 20% d’earcaigh nua do chomhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge tráth nach ndéanaí ná 2030.
Anuas ar sin, ceadaíonn an Bille Coiste Comhairleach reachtúil um Sheirbhísí Gaeilge a bhunú d’fhonn soláthar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Bunófar an Coiste Comhairleach tráth nach ndéanaí ná sé mhí tar éis an Bhille a bheith achtaithe. Leagtar amach feidhmeanna an Choiste Chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear Plean Náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Beidh an Plean Náisiúnta ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Aire tráth nach ndéanaí ná dhá bhliain tar éis a bhunaithe.
Mar atá sonraithe sa Bhille, agus iad ag cur an Phlean Náisiúnta i dtoll a chéile, beidh an Coiste Comhairleach ag tabhairt airde ar na seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú, ag féachaint go háirithe do sheirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge. Anuas ar sin, tá dualgais ar na comhlachtaí poiblí cheana féin faoin bPríomh-Acht agus beidh tuilleadh dualgais acu faoin mBille seo, má achtaítear é. Beidh an tAire in ann rialacháin a fhorodú ionas go mbeidh na mionsonraí a bhaineann leis seo clúdaithe sna caighdeáin.
Chomh maith leis seo, beidh cumhachtaí breise ag an gCoimisinéir Teanga. Bheinn ag súil go gcloífidh na comhlachtaí poiblí leis na forálacha seo agus go ndéanfaidh siad é ar mhaithe leis an custaiméirí a bhfuil Gaeilge acu. Tá i gceist againn cur leo sin tríd leasú a thabharfaidh cumhacht don Coimisinéir Teanga faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh aon achtacháin a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla ag comhlachtaí poiblí. Is dul chun cinn mhór a bheidh anseo d’Oifig an Choimisinéara.
Tá mé ag iarraidh go mbeidh an Bille seo achtaithe chomh luath agus is féidir, le go mbeidh muid in ann tús a chur leis an obair thábhachtach faoi na caighdeáin, le go mbeidh muid in ann an Coiste Comhairleach a bhunú agus an Phlean Náisiúnta a fháil dréachtaithe.
Le gach dea-ghuí,
Jack Chambers T.D.
Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt
Agus mé ag breathnú ar an fhreagra seo is níl ach trí rud dearfach le tógaint as nó b'fhéidir dhá rud...nó b'fhéidir rud amháin..
1. 20% d’earcaigh nua do chomhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge tráth nach ndéanaí ná 2030. (agus mé á léamh tugaim faoi dearadh gur "moladh" atá le bheith ann!). Má iníochtar ar earcaíocht sa Stáit Sheirbhís go rialta (Tuairisc gach bhliain ag rá "Earcaíodh XX daoine nua ach d'fhág XX ). An dtarlódh sé sin?
2. Coiste Comhairleach reachtúil um Sheirbhísí Gaeilge a bhunú. (Coiste eile????)
Coistí agus Páipéirí - freagra gach cheiste. Féach ar tuairiscí gach coiste eile - páipéirí bán agus páipéirí breaca! Nach bhfuil neart gníomhartha molta arís agus arís eile i gcomhaid ar seilfeanna agus cófraí gach rannog rialtais. Tá na focail go deas ach gníomh?
3. Cumhachtaí breise ag an gCoimisinéir Teanga.
Is fada ó thuigeamar go raibh gá le méadú chumhachta na hoifige seo. Deireann an tAire go mbeidh sé "ag súil" go gclaoífeadh na comhluchtaí poiblí le na forálacha.... Mar a dúirt an fear eile "God bless his innocence!"
Tá sé deachair gan aontú le focal in alt i dTuairisc.ie le deanaí - "Tá siad ag plé tábhacht na Gaeilge agus an Bhille Teanga nua sa Dáil faoi láthair - ‘Just like the time before, and the time before that,’ mar a deir Bob Dylan."
Cé gur maith liom gur thóg an tAire Chambers am le scríobh chugam is baolach go bhfuil an soiniciúlacht go doimhin ionam tar éis níos mó ná cúig mbliain is caoga ag iarraidh plé le Rialtas na hÉireann i mo shaol pearsanta sa Teanga Náisiúnta.
Tá na focail ón Aire go deas. Deireann sé go bhfuil an Rialtas "tiomanta" agus dairíre. Nach raibh gach rialtas tiománta agus dairíre faoin dteanga? Is baolach go mbaineann an fhadhb leis an "rialtas seasta." Nach bhfuil sé seo aitheanta ag ár nUachtarán féin ""...tá fadhb chulturtha éigin ag cur srian ar an gcóras, agus ar oifigigh shinsearacha sa chóras, an ceannaireacht a mbeadh muid ag súil léi a thaispeáint..." Ní mór déileáil leis an fhadhb sin agus ní fheicim rud ar bith sna díospóireachtaí san Oireachtas a thugann, nó b'fhéidir a admhaíonn sin.
D'admhaigh an Rialtas go raibh géarchéim sláinte ann bliain ó shin agus rinne an Rialtas gníomh ina leith. Tá géarchéim sa Ghaeltacht! An admhaíonn an Rialtas é sin fiú?
• Is fiú chomh maith an píosa seo i dtuairisc.ie a léamh: ‘Tá eagla orthu glacadh leis an fhírinne faoi ghéarchéim na Gaeltachta’ (9/4/2021) agus an píosa seo as NÓS: 'Ba cheart cosaint speisialta a thabhairt don fhocal "Gaeltacht!"' (9/4/2021)
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-46427110665317422622021-04-05T06:16:00.000-07:002021-04-05T06:16:07.836-07:00Bua scoile ach teip chórais!
Bhí clár ar Raidío na Gaeltachta inniú faoin agóid ar son Scoil Dhún Chaoin a chuir ar bhoithre na smaointe mé.
Is de bharr chinneadh Rialtas Fhianna Fáil dúnadh an Scoil sna seachóidí. Is cuimhin liom bheith páirteach i gcuid de na h-agóidí ag an am. Bhí máirseáil ón Scoil go Baile Átha Cliath agus bhí lucht na Gaeilge ar fud na tíre ar buile ach ní raibh Fianna Fáil sásta bogadh ar an gceist. Dúirt Fine Gael go rabhadar sásta í a choimead ar oscailt.
Is mar gheall ar sin a rinne me rud éigin nach ndearna mé roimhe (nó ó shin). Caith mé mo vóta sa bhliain 1973 ar son Fine Gael!
Richard Burke TD
Rinneadar mar a ghealladar agus d'fhogair an tAire Oideachais, Richard Burke, go gcoimeadfaí Scoil Dhún Chaoin ar oscailt. Bua?
Cinnte bua don scoil agus do pháistí Dhún Chaoin. Ach ní raibh an scoil ath-oscailte go hoifigiúil nuair a bhuail an Rialtas céanna buile tubaisteach a chuir deireadh le féidearthacht an stáit seirbhís ceart a thabhairt do phobal na Gaeilge agus do phobal Gaeltachta. Rinne Aire Airgeadais an Rialtais sin, Richie Ryan TD, socrú i mí na Samhna 1974 nach mbeadh eolas ar an nGaeilge ina riachtanas feasta do státseirbhísigh. Mhínigh sé don Dáil go raibh an Rialtas “lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin bhreise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmaisféar níos fabhraí a chothú di….”
Richie Ryan TD
Cé gur féidir gur le dea-mhéin a mhaígh an tAire Ó Riain an méid sin nach é ceacht na staire go raibh bunús iomlán fabhtach leis. Ó shin i leith, brúdh an teanga an oiread sin go leataobh gur cuma ann nó as di i bhfeidhmiú an-chuid Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí stáit. Teip iomlán mar pholasaí a bhí ann dúirt Seán Ó Cuirreáin, Coimisinéir Teanga sa bhliain 2013. “Déanann an Stát infheistíocht mhór i múineadh na Gaeilge agus cuireann sé de dhualgas ar dhaltaí scoile na tíre staidéar a dhéanamh ar na teangacha oifigiúla, ar aon dul leis an gcleachtas i dtíortha eile. Ach, os a choinne sin, teipeann ar an Stát úsáid na Gaeilge a éascú dóibh siúd atá tar éis í a shealbhú. Tá lúb ar lár suntasach sa chur chuige seo,”
I bhfocail ár Uachtaráin, Micheál D. Ó hUigin, "...tá fadhb chulturtha éigin ag cur srian ar an gcóras, agus ar oifigigh shinsearacha sa chóras, an ceannaireacht a mbeadh muid ag súil léi a thaispeáint" Nach féidir a rá gur cuidigh agus gur chúthaigh cinne an Rianaigh leis an bhfadhb chulturtha sin?
Is cosúil anois nach bhfuil páirtí ar bith sa Stáit seo - pairtí ar bith - atá sásta gníomh suntasach a dheanamh ar son na teanga. Chomh luath agus a théann siad i gcumhacht deineann siad dearmad uirthí.
An féidir linn polaiteoir ar bith i bpairtí ar bith atá sásta labhairt sa Teanga Náisiúnta ár ábhar seachas an Teanga féin, le linn díospóireachta i dteach ar bith den Oireachtas! Agus má táid sásta an féidir a rá go gcabhraínn lucht An Oireachtais leo?
An féidir le Tithe an Oireachtais cuidiú le labhairt na Gaeilge sna díospóireachtaí?
• Torthaí thaighde an Choimisinéara ar pholasaí Rialtas i leith na Gaeilge. (3/9/2013)
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-22594038129041349182021-01-28T07:37:00.003-08:002021-01-28T07:48:14.889-08:00Amach anseo! - "Ce qui est mesuré est fait!"
Seo litir a sheol me chuig Aire na Gaeltachta, Catherine Martin, Fo-hAire na Gaeltachta Jack Chambers agus Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge lá nó dhó ó shin.
Tá Bille Teanga á plé anois ag an Dáil faoi láthair (Céin an Choiste) agus is cosúil go bhfuil an gnáth rud ar siúl ag an Rialtas - méar fhadachas. Cad is brí le "a luath agus is féidir"? An bun fhadhbh leis an Bille ná nach bhfuil aon sprioch dáta luaite ann agus mar sin níl critéir ratha ann. Mar a déarfadh na Francaigh, "Ce qui est mesuré est fait!"
A chara,
Tá mise ag iarraidh gnó a dhéanamh leis an stáit ó 1966 i leth agus is ró mhinic a theipeann ar na Ranna nó Comhluchtaí Stáit seirbhís ceart a thabhairt dom sa Teanga Náisiúnta. I ndairíre bhí sé beagáinín níos éasca duine le Gaeilge a fhail sna seascaidí ach is baolach tá cursaí i bhfad níos measa anois go mór mór ó cuireadh deireadh le riachtanas sa dhá teanga oifigiúil sa stáit sheirbhís sna seachtóidí.
BhI mé ag breathnu ar an díospóireacht den gCoiste Gaeilge Gaeltacht & Pobal Labhartha na Gaeilge ar an Aoine seo caite agus chuir se an díomá orm nach raibh an Aire Stáit, Jack Chambers sásta a admháil go bhfuil rian den “méar-fhadachas” san Bille nua. Tá an iomarca “a luath agus is féidir” trén bille go mór mór nuair a bhaineann sé le fostú daoine le Gaeilge sa Stáit Seirbhís agus ag cinntiú go mbeadh seirbhís ina dTeanga féin sna cheantair Ghaeltachta.
Tá cónaí agamsa sa Gaeltacht le breis is 20 bliain agus ní féidir liom na seirbhísí is simpli, ceadúnas tiomána, seirbhísí sláinte nó leasa sóisialta agus eile gan mórán trioblóid a chuir orm féin. Níl dóchas ar bith agam go mbeadh feabhas ar bith ar chúrsaí de bharr an Bhille lochtach seo.
D’fhoilsigh Rialtas na Tíre seo ar an 6 Meitheamh 1928 Ionstraim Reachtúil “Uimhir 33 de 1928, Local Offices and Employments (Gaeltacht) Order, 1928." Faoi na rialacháin nua seo bheadh tréimhse trí bliana ag aon fhostaithe nua a mbeadh cúraimí Gaeltachta orthu sna húdaráis áitiúla nó sna húdaráis sláinte le hoiread Gaeilge a shealbhú le go bhféadfaidís a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na teanga sin. Bheidís le briseadh as a gcuid oibre mura mbeadh an cumas sin sa teanga bainte amach acu laistigh den tréimhse trí bliana. Siníodh Ionstraim Reachtúil eile sa bhliain 1944 ag rá nach mór an rud céanna.
Níor cuireadh na rialacháin seo i bhfeidhm riamh. Faraoir, is cosúil nach dtuigeann an Rialtas seo ach an oiread cé chomh tabhachtach is atá gníomh intomhaiste nó inmheasta a dhéanamh le sprioch mar sin a chuir i gcríoch.
Iárraim oraibh ar a laghad an dá rud seo, cinntiu i dtabh earchaíocht sa stáit sheirbhís agus soláthar seirbhísí trí Ghaeilge ón Stát sa Ghaeltacht.
Seo h-iad na leasaithe is tabhachtaí a bhaineen leis na pointí sin. Ar ndóigh tá rudaí eile gur féidir iad a leasú ach dár liomsa cabhródh an dá cheann seo liomsa i mo shaol pearsanta féin agus i saol mo chomharsan sa Ghaeltacht.
Gura maith agat as é seo a léamh agus tá súil agam go mbeidh toradh leis!
Beir bua
Eoin Ó Riain
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-78188298330328554972021-01-15T02:17:00.000-08:002021-01-15T02:17:31.252-08:00Cuir i gcomparáid agus i gcodarsnacht le chéile!
Tá clár nuachta ar RaidIo na Gaeltachta gach maidin. Adhmhaidin atá air agus tá sé ioncurtha le h-aon chlár eile nuachta ar na stáisiún Béarla.
Bíonn agallaimh le ionadaithe ó na páirtithe polataíochta go minic. Tá sé de nós ag na páirtithe reamhphoiblíocha a dheanamh ar an gcóras giolcaireachta twitter. Tá páirtithe áirithe níos fearr ná a gcomráidithe.
Ar maidin bhi agallamh ag an Aire Stáit Gaeltachta, Jack Chambers agus chuir a pháirtí fógra amach i mBéarla. Chuir sé focail Leas Cheann Chomhairle na Dála i gcuimhne dom nuair a bhí sí ina Cathaoirleach ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge (2016-2019): "Tá an teachtaireacht ag dul amach anois, má tá rud tabhachtach le rá abair i mBéarla é!" (Féach thíos)
Ar an dtaobh eile chuir pairtí an pholaiteora eile réamh fógra a thaispeáin meas ar an dteanga agus ar lucht éisteachta Adhmhaidin.
Cé acu a léiríonn meas ar an dTeanga Náisiúnta? Mar a bhí scríofa ar na páipéir scrúdaithe fadó - "Cuir i gcomparáid agus i gcodarsnacht le chéile!"
Cruinniú an Choiste (19/11/2019)
Unknownnoreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-85826015391786991382020-10-21T08:51:00.001-07:002020-10-21T09:56:21.960-07:00Coimisinéir ós comhair an Choiste nua! "Dá nglacfaí leis nach raibh dlite ar chomhlacht poiblí na seirbhísí seo a chur ar fáil go dátheangach ar an údar nárbh acmhainn dó sin a dhéanamh gan moill a chur leo, d’fhéadfaí a fhorléiriú as sin nuair ba thábhachtaí agus ba phráinne an tseirbhís nó an chumarsáid, gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í."
Tionóladh an chéad cruinniú de Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal na Gaeilge ar an 21ú lá Deireadh Fomhair 2020. Bunaíodh an coiste i mí Feabhra agus tá baill ón dá Theach den Oireachtas. Sé Aonghus Ó Snodaigh T.D. atá ina Chathaoirleach ar an gCoiste. Bunaíodh an Coiste seo mar comharba ar Bhuan-choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. (2016-2019) a bhí faoi cathaoirleacht Catherine Connolly T.D. Tá an Coiste tiomanta d’úsáid na Gaeilge mar theanga choiteann i ngach gné de shaol na hÉireann a chur chun cinn.
Tugadh cuireadh do gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, labhart leis an gcoiste ar a chuairimí an Choimisinéara, faoin dTuarascáil 2019, Tuarascáil Fearacháin 2019 agus faoin Bille Teanga atá ós comhair Tithe an Oireachtas faoi láthair.
Seo mar a labhair sé
Gabhaim buíochas leat, agus leis an gCoiste, as an gcuireadh teacht in bhur láthair. Is ábhar misnigh dom gur bunaíodh an Coiste seo chun úsáid na Gaeilge mar theanga choiteann i ngach gné de shaol na hÉireann a chur chun cinn. Nuair atá an oiread airde á tabhairt ar thosaíochtaí móra ar nós phaindéim COVID-19 agus an Bhreatimeachta, d’fhéadfadh ceisteanna tábhachtacha eile imeacht as radharc. Is ceist díobh sin inmharthanacht na teanga náisiúnta mar theanga bheo.
Pleanáil Teanga
Tá sé tráthúil mar sin go bhfuil an óráid seo á tabhairt agam agus leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla faoi chaibidil ag Tithe an Oireachtais. Tá géarghá leis na leasuithe lena chinntiú go mbeidh freastal níos fearr á dhéanamh ag an Stát ar phobal labhartha na Gaeilge, ina rogha teanga, sa Ghaeltacht agus go náisiúnta.
Chun léiriú a thabhairt ar an ngá atá leis an leasú, ba mhaith liom sliocht as litir ó dhuine a rinne gearán linn anuraidh a chur faoi bhur mbráid – gearán nach raibh ar ár gcumas a fhiosrú toisc nár tháinig an t-ábhar faoi dhlínse mo chuid feidhmeanna. (Seo roimh fhoilsiú an Bhille agus cuid de na leasuithe molta, dar ndóigh:)
“Léiríonn a bhfuil sa litir agat, dar liom, cé chomh lag is atá Acht na dTeangacha mar uirlis chun cearta phobal na Gaeilge agus cearta an tsaoránaigh aonair le Gaeilge a chosaint…Cén t-ord luachála a chuireann lucht dréachtaithe Achta i bhfeidhm chomh fada is a bhaineann le Gaeilge? Mar shampla: an gcuirtear éascaíocht oibre na Státseirbhíse mar atá i láthair na huaire chun tosaigh ar feabhas a chur ar chumas na Státseirbhíse céanna oibriú trí Ghaeilge? An gcuirtear costas earcaíochta chun tosaigh ar inmhianaitheacht seirbhíse trí Ghaeilge? An gcuirtear éileamh poiblí chun tosaigh ar chearta absalóideacha teanga? An gcuirtear an status quo chun tosaigh ar nuálaíocht?...”
Tá cead tugtha ag scríbhneoir na litreach seo í a chur faoi bhur mbráid ina hiomláine agus más mian libh is féidir liom í a chur ar aghaidh chuig an gCléireach.
"...ní deirtear sa mBille leasaithe cé a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an phlean do sholáthar seirbhísí stáit a bheidh le hullmhú ag an gCoiste Comhairleach. Gan a leithéid a bheith ann, d’fhéadfadh éiginnteacht mhór a bheith ann amach anseo faoi cé air a dtiteann an fhreagracht go gcuirtear an plean i bhfeidhm."
Is léir go bhfuil cumas an Stáit seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil ar bhonn sásúil ag brath ar líon leordhóthanach foirne le Gaeilge a bheith ann chuige sin. Fáiltím, mar sin, roimh an sprioc inmholta sa mBille leasaithe go mbeadh dualgas reachtúil ann a chinntiú gur cainteoirí Gaeilge iad fiche faoin gcéad d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí. Tá sé tábhachtach, áfach, go mbeadh muinín ag an bpobal go gcloífear leis an sprioc sin taobh
istigh den tréimhse fhada ama, deich mbliana, atá curtha ar fáil chuige sin agus go dtabharfaí barántas nach gcuirfí an sprioc sin siar arís agus arís agus arís eile.
Is cinnte go mbeidh sé dúshlánach sprioc ghinearálta 20% a bhaint amach in earnálacha áirithe agus caithfear tabhairt faoin obair ar bhealach eagraithe, pleanáilte. Dírítear sa mBille ar Choiste Comhairleach a bhunú chun plean a ullmhú do sholáthar na seirbhísí poiblí. Tá an Coiste Comhairleach le bheith comhdhéanta den chuid is mó d’ionadaithe ón earnáil phoiblí. Arís, le muinín an phobail a chothú, ba chóir comhdhéanamh níos leithne a bheith ar an gcoiste sin.
Níos tábhachtaí fós, sílim, ní deirtear sa mBille leasaithe cé a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an phlean do sholáthar seirbhísí stáit a bheidh le hullmhú ag an gCoiste Comhairleach. Gan a leithéid a bheith ann, d’fhéadfadh éiginnteacht mhór a bheith ann amach anseo faoi cé air a dtiteann an fhreagracht go gcuirtear an plean i bhfeidhm.
Maidir leis an bplean féin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí freastal inti ar riachtanais phobal na Gaeltachta. Tá molta agam go rialta foráil a chur sa mBille le cinntiú gur oifigigh stáit le Gaeilge a bheidh lonnaithe sa nGaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantair shainiúla aitheanta sin. D’fhéadfaí, mar shampla, sainriachtanais phobal na Gaeltachta a thabhairt san áireamh sna caighdeáin teanga a leagfar amach faoi scáth an phlean.
Fáiltím roimh an bhfeidhm bhreise do m’Oifig atá leagtha síos sa mBille nua, is é sin gur féidir faireachán a dhéanamh ar fhorálacha in achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúla. Tá os cionn céad píosa reachtaíochta ann a d’fhéadfadh teacht faoi scóip obair faireacháin na hOifige de thoradh an leasaithe seo – an tAcht Craolacháin, an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, agus an tAcht Oideachais, gan ach cúpla ceann a lua. Roimhe seo is i bhfoirm imscrúdú amháin a d’fhéadfainn aghaidh a thabhairt ar aon sárú féideartha.
Tá iarracht déanta sa mBille nua dul i ngleic leis na fadhbanna aitheanta ó thaobh reachtaíocht teanga de. Táimid tagtha chomh fada anois, agus ag fanacht chomh fada, ba thrua go mór gan cur leis an méid atá geallta. Teastaíonn níos mó cinnteachta a chur faoin sprioc cainteoirí Gaeilge a earcú, breis ionchuimsitheachta a chinntiú i gcás an Choiste Chomhairligh agus an fhreagracht a shoiléiriú ó thaobh chur i bhfeidhm an phlean.
Tuarascáil Bhliantúil - Léargas Ginearálta.
Tugadh cuireadh dom anseo inniu chun phríomhthorthaí mo Thuarascála Bliantúla agus mo Thuarascála Faireacháin, 2019 a chur in bhur láthair.
Tá cur síos sa Tuarascáil Bhliantúil ar na himscrúduithe a cuireadh i gcrích le linn na bliana 2019. Bhain an ceann is suntasaí díobh sin le Comhairle Contae Chiarraí.
Ba é seo an chéad uair a tionscnaíodh imscrúdú faoi fhoráil de chuid an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000. Leagtar síos san Acht sin nach mór d’údaráis phleanála a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram cuspóirí a áireamh ina bplean forbartha contae a bhaineann le cosaint oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta. Léiríodh san imscrúdú gur sháraigh Comhairle Contae Chiarraí an reachtaíocht sin nuair nár chuir sí i bhfeidhm coinníoll teanga a cheangail an Bord Pleanála de chead pleanála a deonaíodh d’fhorbairt tithíochta i mBaile an Fheirtéaraigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Is den riachtanas é go gcuirtear i bhfeidhm mar is ceart an fhoráil reachtúil seo mar gheall ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar inmharthanacht na teanga má thagann ardú ar líon na ndaoine nach cainteoirí Gaeilge iad sna pobail a bhfuil an Ghaeilge i réim iontu go fóill.
Mhol mé go n-ullmhódh agus go mbunódh an Chomhairle Contae nósanna imeachta a bheidh le leanúint in aon chás ina gceanglófar coinníoll teanga de chead pleanála le haghaidh forbairt tithíochta sa nGaeltacht. Mhol mé, chomh maith, go gcuirfeadh Comhairle Contae Chiarraí m’Oifig ar an eolas maidir le haon chead pleanála a dheonófar i nGaeltacht Chiarraí go ceann cúig bliana i dtaca le hiarratais mhóra phleanála. Tá an faireachán atá á dhéanamh ag m’Oifig ar chur i bhfeidhm mholtaí an imscrúdaithe leanúnach, agus tá mé sásta leis an gcomhoibriú atá faighte ag m’Oifig ó Chomhairle Contae Chiarraí.
Faireachán
Is feidhm eile de mo chuidse, mar Choimisinéir Teanga, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Chomh fada siar le 1925 dúradh i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, chun an dochar a dhéantar do stádas na Gaeilge sa nGaeltacht ag feidhmeannaigh stáit gan Ghaeilge a thuiscint, nár ghá ach stáisiún de chuid an Gharda Síochána a shamhlú, lán de chomhaltaí gan Ghaeilge i lár ceantair Gaeltachta.
Tá cuntas i dTuarascáil 2019 ar an bhfaireacháin a rinneadh ar chur i bhfeidhm moltaí a bhí déanta in imscrúdú a rinne mo réamhtheachtaí, Seán Ó Cuirreáin, in 2011 inar léiríodh gur sháraigh an Garda Síochána foráil de chuid Acht an Gharda Síochána. Bhain an fhoráil sin lena chinntiú, an oiread agus is féidir, gur comhaltaí den Gharda Síochána atá inniúil sa nGaeilge a bheidh ar stáisiún i ndúiche ina bhfuil limistéar Gaeltachta.
Rinneadh moltaí san imscrúdú sin a raibh d’aidhm acu a chinntiú gur Gardaí atá inniúil sa nGaeilge a bheadh ar dualgas sna stáisiúin sa nGaeltacht. In ainneoin teagmhálacha leanúnacha m’Oifige, níos mó ar an ábhar seo ná le haon chomhlacht poiblí eile maidir le cur i bhfeidhm moltaí imscrúdaithe riamh, níor cuireadh i bhfeidhm mar is ceart moltaí an imscrúdaithe sin. De réir na faisnéise a cuireadh ar fáil anuraidh ní raibh inniúlacht sa nGaeilge ach ag tuairim agus trian de chomhaltaí an Gharda Síochána atá ar stáisiún sa nGaeltacht.
I gcás ina measaim nár cuireadh moltaí imscrúdaithe i bhfeidhm go cuí laistigh d’achar réasúnta ama, is féidir liom tuarascáil ar an ábhar a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Tá chuile chosúlacht ar an scéal gurb é sin an t-aon rogha a bheidh os mo chomhair amach maidir leis an ábhar seo.
COVID-19
Tá an tír seo, fearacht an chuid eile den domhan, i ngreim ag géarchéim de bharr phaindéim COVID-19. Tá seirbhísí stáit ag tabhairt a n-aghaidhe ar dhúshláin mhóra san am i láthair agus soláthar á dhéanamh do riachtanais agus leas an phobail.
Is i gcúinsí den chineál seo a fhaighimid léargas éigin ar a dhaingne agus atá reachtaíocht atá dírithe ar chearta – ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla – fréamhaithe i gcórais riaracháin an Stáit.
Maidir leis na gearáin a d’fhiosraigh m’oifig, a bhain bealach amháin nó bealach eile leis an bpaindéim, feictear dom téama coitianta i gcuid de na freagraí a tugadh: go mb’éigean gníomhú go práinneach agus, i gcúinsí fíoreisceachtúla na géarchéime sláinte, cinneadh an dualgas reachtúil teanga a chur i leataobh, é a chur ar atráth, nó níor tugadh aird ar an dualgas sin toisc go gcuirfeadh sé moill ar an ngníomh a chur i gcrích.
Dá nglacfaí leis nach raibh dlite ar chomhlacht poiblí na seirbhísí seo a chur ar fáil go dátheangach ar an údar nárbh acmhainn dó sin a dhéanamh gan moill a chur leo, d’fhéadfaí a fhorléiriú as sin nuair ba thábhachtaí agus ba phráinne an tseirbhís nó an chumarsáid, gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í.
Críoch
Mar fhocal scor agus chun filleadh ar an bpríomh chúis go bhfuilim i bhur láthair anseo inniu, sé sin chun labhairt faoin leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, is cinnte go mbeidh go leor cainte idir seo agus achtú an Bhille faoi chéard atá indéanta agus céard nach bhfuil. Ba chóir, dar ndóigh, ag chuile staid den phróiseas seo, go bhféachfaí́ i gcónaí le freastal ar riachtanais phobal na teanga agus a gcearta, ag cur san áireamh stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus mar chéadteanga oifigiúil na tíre.
Unknownnoreply@blogger.com0