23.12.21

Deich mbliain agus mí amháin ag fás.

Shínigh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2019 (Leasú) tráthnóna inniu agus tá Acht níos láidre ó dheas, tar éis 10 mbliain d'fheachtasaíocht leis sin a chinntiú, agus ba chóir go mbeidh seirbhís as Gaeilge do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ón státchóras i bhfad Éireann níos fearr curtha ar fáil amach anseo.

Brú ar an bpic chun é a léamh!
Chuir Chonradh na Gaeilge fáilte roimh an nuacht agus tá roinnt cáipéisí curtha amach faoi. Tá amlíne foilsithe acu (ar dheis) agus tá léiriú ar chéard atá san Acht agus tuairimí an Chonartha ar phríomh fhorálacha an Achta (pdf) foilsithe chomh maith.

“Ba mhaith le Conradh na Gaeilge aitheantas agus moladh faoi leith a thabhairt do gach ball den eagraíocht agus gach duine eile i bpobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a sheas an fód in aghaidh na moltaí an-lag don reachtaíocht ó na Rialtais idir 2011 go 2016, a chinntigh neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga, agus a chinntigh idir 2017 agus 2021 reachtaíocht go bhfuil bunús agus deis ann le seirbhísí sásúla Gaeilge a bhaint amach don phobal Gaeilge agus Gaeltachta amach anseo," a dúirt Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge. "Ba mhaith linn chomh maith aitheantas agus ardmholadh a thabhairt d’Uachtarán na hÉireann, don Aire reatha, na hAirí Gaeltachta agus na hAirí Rialtais eile a thacaigh thar na blianta, na polaiteoirí sa fhreasúra (go háirithe baill an Chomhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta), na Coimisinéirí Teanga, na Feidhmeannaigh i Roinn na Gaeltachta agus eile a raibh ról acu i bhforbairt an Achta.”

“Ní haon áibhéil a rá go raibh bóthar fada againn le 10 mbliana anuas le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a uasdátú." arsa Julian de Spáinn. "Thosaíomar amach ag cosaint neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga agus ag cur i gcoinne lagú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Rinne an Conradh seo i bpáirt le Guth na Gaeltachta i 2011 agus, thar an chéad 10 mbliana eile, is iomaí grúpa, duine sa phobal agus polaiteoir a thacaigh lenár n-éileamh. Tá dul chun cinn déanta. Ní amháin gur éirigh linn Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách ach baineadh na rudaí a leanas amach san Acht leasuithe:

  1. 20% ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí le bheith inniúil i nGaeilge faoi 31 Nollaig 2030 ar a dhéanaí
  2. 20% fógraíocht de chomhlachtaí poiblí le bheith as Gaeilge agus 5% de bhuiséad fógraíochta na gcomhlachtaí le caitheamh ar na meáin Ghaeilge
  3. Na seirbhísí ó na comhlachtaí poiblí ar fad le bheith curtha ar fáil don Ghaeltacht as Gaeilge (ach níl spriocbhliain luaite leis seo)
  4. Aitheantas oifigiúil agus córas le bunú chun go mbeidh an pobal in ann a n-ainmneacha agus a seoltaí, le síntí fada más mian leo, a úsáid le comhlachtaí poiblí (agus nach mbeidh orthu teideal a úsáid mura mian leo)
  5. Comhlachtaí san earnáil príobháideach ag soláthar seirbhísí don phobal, ar son chomhlachtaí poiblí, le cloí le forálacha áirithe den Acht
  6. Cothromaíocht agus cinnteacht don Ghaeilge le bheith in ábhar margaíochta comhlachtaí poiblí
  7. Lógónna reatha as Béarla amháin ag comhlachtaí poiblí le hathrú go lógónna dátheangach, nó go Gaeilge amháin, nuair a bheidh na lógónna le hathnuachan nó le hathrú
  8. Ainmneacha oifigiúla ar chomhlachtaí poiblí nua le bheith as Gaeilge amháin, agus cinnteoidh seo go mbeidh lógó gach comhlacht poiblí nua as Gaeilge amháin nó dátheangach
  9. Foirmeacha oifigiúla áirithe ag comhlachtaí poiblí le bheith dátheangach nó as Gaeilge amháin
  10. Ionadaíocht ar an gCoiste Comhairleach le bheith ag duine mar ionadaí ó limistéir pleanála teanga Gaeltachta agus ag duine eile mar ionadaí ó lasmuigh den Ghaeltacht
  11. Cathaoirleach an Choiste Comhairligh, a bheidh i mbun plean náisiúnta a chur le chéile a thógfaidh earcaíochta gus soláthar seirbhísí san áireamh, le bheith inniúil i nGaeilge
  12. Caighdeáin teanga le bheith ann in ionad scéimeanna teangaAn tAire Gaeltachta le bheith freagrach as comhordú cur i ngníomh an Phlean Náisiúnta ag na comhlachtaí poiblí
  13. Cumhacht breise faireacháin le bheith ag an gCoimisinéir Teanga ar reachtaíocht reatha
  14. Struchtúr bainistíochta sinsearacha le bheith freagrach as cur i bhfeidhm an Achta sna Comhlachtaí Poiblí
  15. An Creat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le bheith in úsáid do dhaoine ag soláthar seirbhísí stáit

"Níl aon amhras ar an gConradh ach go bhfuil dúshlán eile os ar gcomhair agus go mbeidh brú leanúnach ag teastáil le cinntiú go gcuirfear Plean Náisiúnta sásúil agus uaillmhianach le chéile agus go gcuirfear i bhfeidhm ina iomlán é, chomh maith leis na forálacha ar fad eile san áireamh san Acht a chur i bhfeidhm. Leanfaidh Conradh na Gaeilge ag brú leis seo a bhaint amach agus spreagfar rannpháirtíocht leanúnach ón bpobal.”


Share/Save/Bookmark

22.12.21

Tá sé ina dlí.


Tar éis dó a mhachnamh a dhéanamh ar An Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, tá an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn tar éis a lámh a chur leis leis an mbille a dhéanann leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla dá réir sin tá sé ina dhlí.


Dúirt an Coimisinéir Teanga go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir le cearta teanga toisc Acht na dTeangacha Oifigiúla nua a bheith ina dhlí anois. Ach dúirt Rónán Ó Domhnaill gurb é an rud is tábhachtaí anois ná a chinntiú go gcuirtear an tAcht nua i bhfeidhm mar ba chóir.

“Is cinnte go bhfuil dul chun cinn déanta ó thaobh cearta teanga de toisc gur achtaíodh an reachtaíocht seo. Is gá don Stát gníomhú ar bhealach praiticúil agus réamhghníomhach anois chun feidhm a thabhairt don chuspóir soiléir gur daoine atá inniúil sa Ghaeilge a bheidh i 20% d’earcaithe nua sa tSeirbhís Poiblí agus sa Státseirbhís faoin mbliain 2030. Is léir go mbeidh go leor ag brath ar obair an Choiste Chomhairligh, atá le bunú faoin Acht, agus ar an bPlean Náisiúnta do Sholáthar Seirbhísí Stáit trí Ghaeilge, a mbeidh feidhm reachtúil aige, chun cur go suntasach le líon na gcainteoirí Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí.” 

I measc na bhforálacha sa reachtaíocht nua tá:

  • Cuspóir go mbeadh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí agus sa Státseirbhís inniúil i nGaeilge faoin mbliain 2030.
  • Deimhniú go leagfar síos spriocdháta faoina mbeidh chuile sheirbhís Stáit sa Ghaeltacht ar fáil as Gaeilge.
  • Feidhm bhreise faireacháin don Choimisinéir Teanga.
  • Foráil chun deireadh a chur le córas na Scéimeanna Teanga agus córas caighdeán seirbhíse a bhunú.
  • Foráil chun a chinntiú go bhfreagraítear cumarsáid a dhéantar le comhlacht poiblí ar na meáin shóisialta sa teanga chéanna.
  • Foráil lena leagtar dualgas ar chomhlachtaí poiblí ábhar margaíochta a chuirtear faoi bhráid aicme den phobal a bheith i nGaeilge.
  • Foráil lena leagtar dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20% dá fhógraíocht a dhéanamh trí Ghaeilge.
  • Foráil lena leagtar dualgas go mbeidh foirmeacha iarratais i nGaeilge.
  • Foráil le cinntiú gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh lógónna comhlachtaí poiblí.

A lámh curtha ag Uachtarán na hÉireann le bille teanga nua (TuairiscNuacht)
Fáilte áirithe curtha roimh achtú an Bhille Teanga (RTÉ)

Dúirt Rónán Ó Domhnaill go mbeidh a Oifig siúd ag cur comhairle ar an bpobal faoi na cearta breise teanga a bheidh ann de thoradh na reachtaíochta nua. Beidh a Oifig ag cur comhairle ar chomhlachtaí poiblí chomh maith maidir leis na dualgais reachtúla nua. Is in imeacht ama a thiocfaidh na forálacha i bhfeidhm ach ba cheart tosú tabhairt faoin obair sin chomh luath agus is féidir, a dúirt an Coimisinéir sé.

Tá athbhreithniú á dhéanamh shuíomh gréasáin An Choimisinéara d’fhonn na leasuithe ar an reachtaíocht teanga de thoradh an Achta nua a thabhairt san áireamh. Tá súil acu an obair seo a thabhairt chun críche go luath san athbhliain. 

@PresidentIRL @Ceartateanga @OireachtasNews #AchtTeanga

Share/Save/Bookmark