23.7.15

"...ar son a bhfuil beo de Chlannaibh Gaedheal..."

Ar an 31 Iúil 1915 d’fhág Pádraig Mac Piarais slán ag Scoil Bhriocáin, i gceantair Ros Muc don uair dheiridh agus thug a aghaidh ar Bhaile Átha Cliath ar an traein chun freastal ar shochraid Uí Dhonnabháin Rosa. I bpóca a sheaicéid aige bhí ceann de na hóráidí is aitheanta agus is spreagúla a tugadh sa tréimhse réabhlóideach sin agus a chuir an Piarsach os comhair an náisiúin mar cheann de cheannairí an fheachtais.

Clár na Scoile 31 Iúil 2015

10r.n. Clárú (Tae & Caifé)
10.30 Ardú Brat na hÉireann – CathaoirleachChontae na Gaillimhe, An Comhairleoir Peter Roche
10.40 Fáiltiú Páid Ó Neachtain, OifigeachForbartha Gaeilge, Comhairle Chontae naGaillimhe.
Cur in aithne Aíonna Speisialta na Scoile
10.50 Aitheasc Oscailte na Scoile - An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh
11.20 ‘An Piarsach i Ros Muc’ - Seosamh Ó Cuaig
12.00 Fealsúnacht Oideachais an Phiarsaigh - An Dr Ciarán Ó Coigligh
12.40 Cearta Teanga: Fís don Todhchaí - Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga
13.10 Díospóireacht agus Plé Oscailte ar théamaí na Scoile

13.30 Lón

14.30 Cur síos ar Thogra Ionad Cuairteoirí an Phiarsaigh
14.45 Siamsaíocht Chultúrtha ag Teach an Phiarsaigh (ag brath ar aimsir)
• Amhráin Sean-Nóis, Damhsa ar anSean-Nós, Filíocht
• Athchruthú ar Óráid an Phiarsaighar Shochraid Uí Dhonnabháin Rosa
16.00 Cumann Staire Ros Muc - Siúlóid go Cnocán na Móna agus nochtadh leacht chuimhneacháinag an dornálaí clúiteach Seán Ó Mainnín
*Déanfaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta craoladh beo ar angclár Idir Dhá Shéasúr
ó Ros Muc ó 9.15rn go 10.15rn in onóir na hócáide


ón gClaíomh Solais 1915
Is i Ros Muc a scríobhadh an óráid spreagúil cháiliúil sin sa teachín samhraidh a thóg an Piarsach ar an Turloch. "Do hiarradh orm-sa labhairt indiu ar son a bhfuil cruinnighthe ar an láthair so agus ar son a bhfuil beo de Chlannaibh Gaedheal, ag moladh an leomhain do leagamar i gcré annso agus ag gríosadh meanman na gcarad atá go brónach ina dhiaidh...."

Tá aistriuchán go Gaeilge den oráid go leir le fáil anseo ag Leabhra Feabhra.

Bheartaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe mar chuid do Chomóradh Céid Éirí Amach 1916 tús a chuir lena gclár comórtha céid i Ros Muc agus tá Scoil Samhraidh an Phiarsaigh á bhunú i mbliana chun comóradh a dhéanamh ar Phádraig Mac Piarais agus le ábhair bainteach le fís an Phiarsaigh don Ghaeilge agus do chothú na teanga a chíoradh. Áireofar ansin An Ghaeltacht, An Ghaeilge, Cearta, Cultúr, Oideachas, Litríocht agus eile.

Pádraig Mac Piarais (1879-1916)
Thosaigh Pádraig Mac Piarais ag cur suime i gcultúr nahÉireann agus é ina dhéagóir. In 1898 rinneadh comh-alta den Phiarsach ar Choiste Feidhmiúcháin Chonradhna Gaeilge. Bhain sé céim amach san Ollscoil Ríoga in1901, céim sna Dáin agus sa Dlí. Bhíodh an Piarsach agscríobh go seasta agus d’fhoilsigh sé cuid mhór saothari nGaeilge agus i mBéarla. Ceapadh ina eagarthóir é arpháipéar nuachta Chonradh na Gaeilge, An ClaidheamhSoluis.

Chreid sé go láidir san oideachas agus bhunaighsé dhá scoil, Coláiste Éanna agus Coláiste Íde, a bhídírithe ar oideachas trí Ghaeilge do pháistí na hÉireann.Bhí an Piarsach ar dhuine de bhunaitheoirí na nÓglachagus bhí sé páirteach i gcumadh Forógra na Poblachta. Bhí sé in Ard–Oifig an Phoist le linn an Éirí Amach, áit a raibh sé ina Phríomh-Cheannfort ar fhórsaí na hÉireann.

Scoil Bhriocáin, AnGortMór, RosMuc.
Tá stair fhada ag Scoil Bhriocáin ag dul siar go dtí 1873. Bhí Pádhraic Ó Conghaile ina Phríomhoide i seanscoil an Ghoirt Mhóir i dtús an chéid seo caite. Ba é ba chúis le Pádraig MacPiarais a thabhairt go Ros Muc an chéad lá riamh sa mbliain1903. D’iarr Pádhraic Ó Conghaile ar Chonradh na Gaeilge duine a chur anuas as Bleá Cliath le scrúdú a chur ar lucht rang oíche a bhí le bheith ina múinteoirí Gaeilge ina dhiaidh sin. Ba é an Piarsach a tháinig agus a choinnigh ag teacht mórán chuile shamhradh as sin go 1915. Chaitheadh an Piarsach go leor dá chuid ama i Scoil an Ghoirt Mhóir ag éisteacht leis na daltaí ag Gaeilgeoireacht.

Cúis áthais d'eagraithe na Scoile go m beidh gar-iníoneacha le Pádhraic Ó Conghaile - Phil Uí Leathleabhair agus Máire Barnard  -  i láthair le linn na Scoile.

Teach an Phiarsaigh
Teachín beag athchóirithe é seo a bhfuil a aghaidh amach arna lochanna draíochtacha agus ar shléibhte Chonamara. Bhain Pádraig Mac Piarais úsáid as mar theach samhraidh agus mar scoil samhraidh dá dhaltaí as Scoil Naomh Éanna i mBaile Átha Cliath. Dódh an teachín le linn Chogadh na Saoirse ach ath-chóiríodh an taobh istigh de, áit a bhfuil taispeántas anois ann. Thosaigh obair i Samhradh 2015 ar thógail ionad cuairteoirí le h-ais Thí an Phiarsaigh atáthar ag súil a bheith críoch-naithe faoi Shamhradh 2016.


Déan cinnte go gcláraíonn tú le freastal ar Scoil Samhraidh an Phiarsaigh 2015 trí ríomhphost a sheoladh chuig gaeilge@cocogaillimh.ie.
Share/Save/Bookmark

17.7.15

Polasaí agus gníomh!

‘Ní aithníonn muintir na hÉireann a luachmhaire is atá an Ghaeilge’ a deireann Joe McHugh. Ach bfhéidir gur amhlaidh atá sé go dtuigeann muintir na hÉireann a tabhachtach ach nach bhfuil an tuiscint ná an tabhachta sin á léiriú nó a thaispeáint  ag an Stáit?

“Is é an rud is mó a chuir iontas orm ná an méid daoine atá sásta an Ghaeilge a labhairt, fiú mura bhfuil ann ach cúpla focal, agus an dea-mhéin a thaispeáin daoine dom agus mé ag cur tús le mo thuras foghlama taca an ama seo anuraidh,” a dúirt sé, dár le alt i dTuairisc.ie ar maidin (17/7/2016)

Cén fáth a gcuireadh sé seo íontas air?  Agus nach trua nach bhfuil an Stát Chóras féin "sásta an Ghaeilge a labhairt!"

Ní ghlacann sé leis go bhfuil “géarchéim teanga sa Ghaeltacht” ná nach bhfuil dóthain á déanamh ag an Stát chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sin.

I bhfocail Sheáin Uí Chuirreáin, 'Níltear sásta barántas a thabhairt go mbeidh seirbhísí stáit á soláthar i nGaeilge do phobal na Gaeltachta gan cheist gan choinníoll, rud a chiallaíonn go bhfuil an státchóras le leanúint de bheith ag rá le pobal na Gaeltachta: “Labhraígí Gaeilge le chéile ach ná labhraígí linne í”.' (23/1/2014)

An solas glas!
Ar an lá céanna tá nuacht againn go bhfuil páirtí polataíochta amháin ní hamháin sásta polasaí teanga a fhógairt ach tá siad sásta gníomh a dhéanamh ós comhair an pobal tré suíomh iomlán Gaeilge a seoladh - caomhaontasglas.ie. Níl aon pháirtí eile sásta é sin a dhéanamh. Ar a laghad tá an páirtí sin sasta labhairt leis an bpobal agus, íontas na n-íontas - eatartha féin.

Níl feabhas ar bith ar shuíomh na páirtithe eile ó 2010 faraoir!

Share/Save/Bookmark

9.7.15

"...easpa dáiríreacht an rialtais seo i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta!"

Agus an píosa a scríobhadh inné faoi rúndacht dhocht, agus easpa trédhearcachta an Rialtais i leith cheiste na Gaeilge agus an Aontae Eorpach tháinig an ráiteas seo ó urlabhraí Pháirtí Shinn Féin ar chúrsaí Ghaeilge & Gaeltachtaí. Bhfuil íontas ar éinne?

Ag feitheamh ar fhreagra!
Seo an ráiteas ina iomláine!
Tá fearg léirithe ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh nach bhfuil sé tar éis freagra ar bith a fháil ar iarratas ar an gcomhchoiste Oireachtais, a bhfuil cúraimi Gaeilge & Gaeltachta orthu, maidir le h-éisteacht a ghairm faoin uasdátú ar an Staidéar Chuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Ag labhairt dó inniú deir sé: ‘Tá scríofa agam trí h-uaire anois chuig Cathaoirleach agus Cléireach an Chomhchoiste Comhshaoil, Cultúr & Gaeltachta, ag moladh go ndéanfaí cruinniú don bhfochoiste Gaeilge & Gaeltachta a eagrú chomh luath agus is féidir chun an uasdátú ar an Staidéir Chuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a rinne Údarás na Gaeltachta, a phlé.

‘Mhol mé go dtabharfaí cuireadh d'Údarás na Gaeltachta, an t-údar Conchúir Ó Giollagáin agus ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Gaelscoileanna le fianaise a thabhairt maidir leis an uasdátú.

‘Ní fiú is go bhfuair mé freagra uathu ar m’iarratas, cé gur scríobh mé ar an 9ú Meitheamh, arís ar an 26ú Meitheamh agus arís inniú. Labhair mé go pearsanta leis an gCathaoirleach, Michael McCarthy TD agus le baill fóirne a bhíonn ag plé le h-obair an chomhchoiste idir an dá linn freisin agus smid níor airigh mé ar ais uathu.

‘Is i nGaeilge amháin a bhí mo chomhfhreagras, rud a shíl mé a bhí ceart i gcomhthéacs an t-ábhar a bhí mé ag ardú. Níl fhios agam an bhfuil baint ar bith aige sin le m’iarratas, nó an é nach suim leis an gcomhchoiste atá freagrach as na réimsí seo sa gceist thábhachtach atá ardaithe agam?

‘Tá amhras orm gur léiriú eile é seo ar easpa dáiríreacht an rialtais seo i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta’.
Share/Save/Bookmark

8.7.15

Rúndacht dhocht, agus easpa trédhearcachta an Rialtais! Cúis eile díomá ag an bPiarsach?

Ar ndóigh, is i mBéarla a bheidh an dréacht-Rialachán molta a chuirfidh an Stát faoi bhráid na Comhairle. Ní ghlacfaí le leagan i nGaeilge – de dheasca an mhaolaithe!

Níos luaithe sa bhliain bhí Comhdháil Cearta Teanga eagraithe ag Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Rinneamnar chuid den méid a dúirt An Coimisinéir Teanga a fhoilsiú faoin dtideal, Cur chuige an mhéir fhadachais!  Bhí tuairisc ar an gcruinniú féi i mBearla

Dúirt an Taoiseach go mba léir go raibh an
Piarsach an-dílis do  thraidisiún na hÉireann
& don Ghaeilge &gur dóigh go mbeadh díomá
air faoi chúlú na teanga. (
Ros Muc Iúl 2015)
Mar chuid eile den gcomhdháil bhí mír ar pholasaí i leith na Gaeilge san Aontas Eorpach ó athníodh mar teanga oifigiúil an chomhphobail í sa bhlaiin 2007. Tá tuairisc i mBéarla faoin gcruinniú le fáil anseo. San cruinniú thug an Feisire Eorpach, Liadh Ní Riada, tuairisc ar a taithí féin den chomhionnasa seo agus níos déanaí chonaiceamar go léir a deachracht a pointe a dhéanamh ina teanga féin. Nuair a deanadh an cinneadh sa bhliain 2007 cinneadh ar maolú ar an aitheantas seo le seans a thabhairt na h-aicmhainní cuí a chuir i bhfeidhm. Maolú sealadach a bi i gceist.

I measc na cainteoirí eile bhí an tOllamh Pádraig B Ó Laighin, saineolaí ar chursaí teanga san Aontas Eorpach. Ina chaint thug sé cúntas ar na hiarrachtaí a rinne sé cruinnithe a eagrú le hAirí Rialtais gan mórán toradh. (I ndairíre dár liom fhéin ba scannalach agus maslach an dóigh a gcaith an Rialtas leis an Ollamh sna cúrsaí seo.) Ach bhí sé lán cinnte ag an deireadh go raibh cinneadh déanta ag an Rialtas nach gcuirfeadh deireadh leis an maolú ag deireadh na bliaina seo chugainn. Dúir sé nach raibh gá ag an Rialtas aon rud a dhéanamh chun deireadh a chuir leis an maolú. Titfadh an maolu go go huathoibríoch ar an 31 Nollag 2016. Bheadh ar an Rialtas iarraidh foirmeálta ar an Aontas leanúint leis an maolú ar ár dteanga Náisiúnta.

Ag an gCruinniú i mí Feabhra 2015
Le déanaí tuairscaíodh go raibh leid tugtha ag an Aire Stáit Joe McHugh "nach n-éileofar go gcuirfí deireadh iomlán le ‘maolú’ na Gaeilge san AE." I ndairíre is dearbhú oscailte faoi dheireadh é ar an méid a dúirt an Ollamh Ó Laighin!

Ar maidin (7/7/2015) tá alt scríofa aige i dTuairisc.ie ina bhfuil an cuid is mó den méid a dúirt sé ag an gcruinniú ach anois tá sé ládraithe go mór a bhuíochas don Aire McHugh. Dúirt an Aire "go raibh obair ullmhúcháin ar siúl ar dhréacht-Rialacháin maidir leis an maolú i leith na Gaeilge san Aontas Eorpach.

"Dóibh siúd a dteastaíonn aistriúchán uathu, b’admháil ag an Rialtas é sin, den chéad uair, go raibh beartaithe aige an maolú a athnuachan. Ní bheadh aon ghá le dréacht-Rialachán dá mbeifí chun ligean don mhaolú dul in éag. Dheimhnigh an tAire Stáit ina fhreagra nárbh fholáir don Stát a bheith tomhaiste agus réasúnach ina chur chuige, agus riachtanais earcaíochta agus úsáid reatha na Gaeilge sna hinstitiúidí a chur san áireamh. D’aontóinn leis ina leith sin."

Mar a dúradh ag an gcruinniú níos túisce i mbliana ní gá don Rialtas aon rud a dhéanamh le go bhfaigheadh an Ghaeilge a cearta iomlán mar theanga oifigiúil ach bheadh ar an Rialtas gníomh a dhéanamh go leanfadh an maolú. Is cosúil go bhfuil cinneadh déanta ag an rialtas "dréacht-Rialacháin maidir leis an maolú i leith na Gaeilge san Aontas Eorpach" a chuir ós comhair na húdaráis Eorpach agus nach mbeadh lán cead ag Feisirí Eorpach nó ionadaithe eile as Éirinn teanga oifigiúil Eorpach a úsáid ag gach cruinniú gan cead gan coinneal. "Ar ndóigh, is i mBéarla a bheidh an dréacht-Rialachán molta a chuirfidh an Stát faoi bhráid na Comhairle. Ní ghlacfaí le leagan i nGaeilge – de dheasca an mhaolaithe!"

Is cosúil go bhfuil an Rialtas, ón dTaoiseach anuas, ag caitheamh leis an Dr. Ó Laighin i gcónaí go maslach, mar a deireann sé fhéin: "Cé go raibh plé agam leis an Roinn ar fágadh na socruithe faoina cúram, níor thug an Taoiseach ná an státchóras trí chéile freagra substainteach ar mo litir, ná aon eolas dom faoina raibh á bheartú nach raibh agam féin cheana. Leanadh den rúndacht dhocht, den easpa trédhearcachta."

"Bheadh imní ar an bPiarsach faoin mbail atá ar an nGaeilge!" a dúirt an Taoiseach ag Ros Muc ag tús na seachtaine seo. Is léir ón dtaithí an Dr Uí Laighin go mbeadh an imní sin ann i gcónaí agus an "rúndacht dhocht," agus an "easpa trédhearcachta" seo ar siúl ag Rialtas Éireann.

Is cosúil go bhfuil an rabhadh a thug Seán Ó Cuirreáin arís agus arís eile dúinn ag tárliúnt.

"Tráth a bhfuil muid ag teannadh lenár bhflaitheas eacnamaíoch a fháil ar ais, ba mhór an feall é dá gcaillfimis ár bhflaitheas teanga – bunchloch dár bhféiniúlacht chultúrtha, dár n-oidhreacht agus dár n-anam mar náisiún. Creidim gur measa mar bhaol é sin anois ná riamh." (2013)

"Ach deirim an méid seo go cinnte libh inniu anseo i dTithe an Oireachtais – gur le croí trom a thabharfas pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aghaidh ar chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca, faoi cheann dhá bhliain eile, mura bhfuil inár dteanga náisiúnta ach teanga shiombalach agus, seachas í a bheith ina croíchuid dár gcultúr agus dár n-oidhreacht bheo, go mbeadh sí brúite ar leataobh, fágtha ar an imeall agus in áit na leathphingine i saol an náisiúin seo." (2014)





Share/Save/Bookmark

2.7.15

Moltaí oideachais Ghaeltachta!

Is am cinniúnach é seo don Ghaeltacht agus is ceart polasaí oideachais Gaeltachta a chur i bhfeidhm ar bhonn práinne. Is comhartha maith é go bhfuil an Roinn ag lorg aighneachtaí ón bpobal. Tá sé scanrúil nó náireach nách ndearna a leithéid de staidéar nó suirbhé ó bunaíodh an Stáit ó dheas!

Scoil Dhún Chaoin - i gCorca Dhuibhne
Bhí tinreamh mór ag cruinnithe i dtrí cheantair Ghaeltachta i gConamara eagraithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta,agus nóchtaíodh neart smaointe suimiúla ag na cruinnithe sin. Tá litir san Irish Times inniú a deireann go bhfuil deireadh na Gaeltachta beagnach cinnte mar nach bhfuil pobal na Gaeltachta sásta usáid na teanga a cothú nó a chur chun chinn. B'fhéidir gur comhartha é seo den bPobal féin ag tosú ar chosaint éiteas nó meon an phobail sin.

Is fiú go mór breathnú ar ortha agus tá súil ag pobal na Gaeltachta go nglachfaidh an Roinn Oideachas & Saothar (ROS).  Tá alt i dTuairisc.ie a deireann go bhfuil níos mó na dhá chéad aighneachtaí faighte ag an Roinn.

Seo liosta de na príomh pointí:
1. Tá sé práinneach go gcuirfí tuilleadh tacaíochta ar fáil don chainteoir dúchais sa gcóras oideachais luathóige le tacaíocht a thabhairt do shealbhú na teanga agus le nósmhaireacht láidir teanga a bhuanú i measc an aoisghrúpa ríthábhachtach seo.

2. Tá sé riachtanach go n-eiseodh an Roinn Oideachais treoir faoin tumoideachas rud a chiallaíodh go mbeidh sé éigeantach seachas roghnach i scoileanna.


3. Tá gá le treoir chinnte ón ROS faoi na scrúduithe caighdeánaithe i nGaeilge agus i mBéarla freisin, sa gcaoi is nach mbeidh brú ar aon scoil ó thaobh cur i bhfeidhm iomlán an luath thumoideachais.

4. Déanaim éileamh ar an Roinn Oideachais an curaclam nua theangacha don Ghaeilge atá á réiteach ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta a chur siar go dtí go gcuirfear an polasaí nua oideachais i bhfeidhm sa nGaeltacht.

5. Ba mhaith liom dá gcuirfí cúrsa Gaeilge iomlán nua dúshlánach don Teastas Sóisearach agus don Ardteist ar fáil ina ndéanfar an fhorbairt chéanna agus a dhéantar sa gcuraclam Béarla ar chumas na ndaltaí chun iad féin a chur in iúl agus go mbeidh béim ar fhorbairt foclóra agus saíocht chultúrtha agus liteartha na Gaeilge.

6. Ba chóir cúrsa céime faoi leith san oideachas Gaeltachta/Gaeilge ina mbeidh múinteoirí, a fhágfaidh go mbeidh cáilíocht ag múinteoirí le dul i mbun teagaisc i scoileanna Gaeltachta/Gaelscoileanna. Ba cheart go mbeadh bliain éigeantach sa nGaeltacht agus tréimhse cleachtadh múinteoireachta san áireamh mar chuid den oiliúint shainiúil seo.

7. Creidim go láidir go gcaithfear struchtúr a chur ar bun le cur i bhfeidhm an pholasaí nua seo a riaradh. Ní mór Bord Oideachais Gaeltachta a chur ar bun ar bhonn práinne, go mbeadh an fhoireann, na háiseanna agus na hacmhainní cuí curtha ar fáil don struchtúr nua seo agus go mbeadh ceanncheathrú an Bhoird lonnaithe sa nGaeltacht.

8. Molaim go láidir nach gceadófaí d’aon scoil sa nGaeltacht athrú go scoil Bhéarla ach go dtacófaí lena mhalairt – go mbeadh sé de rogha ag scoil atá ag múineadh i mBéarla nó go dátheangach athrú chuig stádas scoil Ghaeilge sa nGaeltacht. Molaim freisin nach gceadófaí d’aon scoil nua a bhunófaí sa nGaeltacht feidhmiú mar scoil Bhéarla.

Caithfear na moltaí seo a chur i bhfeidhm go práinneach chomh luath agus is féidir mar nach bhfuil ag éirigh leis an gcóras mar atá leagtha amach faoi láthair sealbhú/múineadh na Gaeilge a chur chun cinn sa nGaeltacht.

Cinnte is am cinniúnach é seo don Ghaeltacht agus tá géarghá le polasaí oideachais Gaeltachta a chur i bhfeidhm ar bhonn práinne.
Share/Save/Bookmark