Showing posts with label Enda Kenny. Show all posts
Showing posts with label Enda Kenny. Show all posts

8.7.17

Taoiseach ar na nGael?


Ar eagla go ndéanfar dearmad ar pholasaí Leo Varadkar i leith na Gaeilge seo h-é:

"Tá an Ghaeilge lárnach dár bhféiniúlacht agus ní mór tacú go láidir léi. Tá sé riachtanach go dtabharfar faoi líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú agus go mbeidh sé mar thoradh ar ár mbeartais go mbeidh an teanga le feiceáil agus le cluinstin in úsáid go laethúil ar fud na tíre. Má thoghtar mise i mo Thaoiseach beidh mé ag úsáid na Gaeilge go laethúil i mo chuid oibre.

Tacaím le Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Beidh mé ag obair chun na gníomhaíochtaí cuí in earnáil an oideachais, na n-ealaíon, an chultúir agus i seirbhísí a éascú agus tuigim an tábhacht atá le hacmhainní a chur ar fáil chun aidhmeanna na Straitéise a bhaint amach.

Aithním freisin na riachtanais ar leith atá ag na pobail Ghaeltachta agus beidh mé ag obair ar son aitheantas agus meas do chearta Gaeilgeoirí. Cuirfear i bhfeidhm fosta an beartas ríthábhachtach mar atá an Comhbheartas Oideachas Gaeltachta. Déanfar leasuithe substaintiúla ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus déanfar cainteoiri líofa Gaeilge a earcú sa tSeirbhís Phoiblí le cinntiú go gcuirfear seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge.

Beidh muid réamhghníomhach chun Gaelscoileanna, Gaelcholáistí agus aonaid nua a bhunú chun freastal ar an mhéadú leanúnach ar oideachas trí mheán na Gaeilge." 
(Taking Ireland Forward -Bealtaine 2017)

Is mian liom díriú isteach ar cheann amháin acu, "Má thoghtar mise i mo Thaoiseach beidh mé ag úsáid na Gaeilge go laethúil i mo chuid oibre."

Anois ó tá sé ina Thaoiseach bhí mé ag súil go mbeadh sé sin le feiceáil nó le cloisint. B'fhéidir go labhrann sé i nGaeilge sa Dáil agus ag cruinnithe aireachta ach dúinne atá inár gcónaí ar líne is beag Gaeilge atá le feiscint ar a chúntas giolcaireachta ar twitter- @campaignforleo. Níl athrú ar bith mar sin ó chleachtas Enda Kenny ó 2011 gan Gaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta?

Ina chéad craoladh mar Thaoiseach óna oifig níl focal sa Teanga Náisiúnta fiú "Gura Maith agat!" ag an deireadh! Taoiseach Ghael?

Justin agus Leo
Thug Príomh Aire Chanada, Justin Trudeau, cuairt ar an dtír agus sílim gur fiú comparáid a dhéanamh idir a chúntas twitter agus ceann an Taoisigh.  Bíonn chuile giolch uaidh i bhFraincís ar dtús agus ansin i mBéarla. Deintear comparáid idir Trudeau agus Varadkar ach anseo...

Seans go bhfuil sé ró luath le breithiúnas a thabhairt ar a threimhse mar Thaoiseach. Duradh linn gur cheap sé go raibh sé tabhachtach Gaeilge a bheith ag Taoiseach Éireann. Ceist amháin mar sin: "Cén fáth nuair nach bhfuil sí le feiscint nó le cloisint ag an bpobal?"
Share/Save/Bookmark

11.11.16

Lárnach dár bhféiniúlacht!

Seo cuid den méid a dúirt Taoiseach Éireann, Enda Kenny TD, ag oscailt oifigiúil Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh ar an 10ú Lá Samhain 2016.

“Tá sé oiriúnach go bhfuil muid ag oscailt an t-ionad seo inniu, ar an 10ú lá de mhí na Samhna. Ní haon chomhtharlú é, gurb é inniu lá breithe an Phiarsaigh, duine de cheannairí Éirí Amach 1916, chomh maith. Ní fhéadfá theacht ar bhealach níos fearr lena bhreithlá a cheiliúradh nó le hómós a thabhairt dó ná ionad cultúrtha nua a oscailt ina ainm ag an láthair seo, ag Teach an Phiarsaigh.

"Ní haon rún é go ndeachaigh teanga agus cultúr an cheantair i bhfeidhm go mór ar an bPiarsach nuair a tháinig sé anseo ar dtús i 1903 chun scrúdú Gaeilge a chur ar dhaltaí do Chonradh na Gaeilge. Chomh mór sin, go deimhin, gur shocraigh sé a chuid laethanta saoire gach samhradh, ó 1909 go dtí 1915, a chaitheamh anseo ag Teach an Phiarsaigh.”

“Dar ndóigh bhí ról lárnach ag Pádraig Mac Piarais mar réabhlóidí in imeachtaí Éirí Amach na Cásca 1916. Ach bhí róil tábhachtacha eile aige - mar oideachasóir, mar scríbhneoir agus mar ghníomhaí paiseanta ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.

"San ionad léirmhíniúcháin nua seo rinneadh chuile iarracht cur leis an léargas iontach a bhíodh á fháil ag cuairteoirí chuig Teach an Piarsaigh cheana féin. Tugann an t-ionad, freisin, léargas do chuairteoirí ar thábhacht na Gaeilge agus ar thábhacht chultúr na Gaeltachta mar thobar ár n-oidhreachta agus, dar ndóigh, is gnéithe iad seo atá chomh lárnach dár bhféiniúlacht sa lá atá inniu ann is a bhí le linn ré an Phiarsaigh.”

• Tuairisc ar an oscailt ag Tuairisc.ie: ‘An Ghaeilge chomh lárnach dár bhféiniúlacht inniu is a bhí le linn ré an Phiarsaigh’ – An Taoiseach (10 Samhain 2016)



Share/Save/Bookmark

7.12.14

Glaoch neamh-chomhfhiosach ó Enda!

Bhí briongóid agam aréir go bhfuair mé glaoch ón dTaoiseach dul in a áit le h-oráid a dhéanamh! Ní cuimhin liom cé áit, nó chén ocáid.

Glaoch brionglóideach
Ní fios cad as a dtáinig smaoineamh mar sin i mo chloigeann neamh-chomhfhiosach. Bheadh sé níos aistí fós ná an cuireadh a fuair Seosamh Ó Cúig seanmóin a thabhart ós comhair na h-altóra i gCill Chiaráin!

Ní gá a rá nach bhfuil mé ar aon intinn le hEnda Kenny, ná lena pháirtí. Ní dóigh liom go bhfuil mé ar aon intinn le h-aon cheann de na páirtithe eagraithe.

Ach is dócha gur ceart dom a admháil gur chaith mé vóta do Fine Ghael uair amháin, sa bhliain 1973. Bhí cúis amháin le mo vóta, Scoil Dhún Chaoin a shabháil, mar bhí sé á dhúnadh ag Fianna Fáil. D'éirigh le comhrialtas Fine Ghael & Lucht Oibre dul i gcumhacht agus rinneadar mar a dúradar, choimeadadar an scoil ar oscailt.

Ach mo léann ghéar féach ar a rinneadar níos deanaí. Cuireadh deireadh le Gaeilge ‘éigeantach’ sa státseirbhís le cinneadh Rialtais ar an 27 Meán Fómhar 1974. Dúirt Richie Ryan ans Aire ag an am, "Tá an Rialtas lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin bhreise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmaisféar níos fabhraí a chothú di…" (Aistriúchán)

Tá fhios ag cách cad a thárla ansin. Tá mé ag cogadh ó shin leis an stáit seirbhís ceart a thabhairt dom sa teanga náisiúnta.

Tá ceacht foghlaimithe agam. Is cosúil nach bhfuil ag Fine Gael.
Share/Save/Bookmark

25.7.14

Comhfhreagras le hEnda!

Tá an Rialtas thar a bheith díograiseach i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Nuair a ceapadh Joe McHugh mar Aire Stáit Ghaeltachta scríoss chuig an té a cheap é - an Taoiseach Enda Kenny! Seo mo litir:
Fuair mé freagra ón a Oifig ar maidin: 

Nach íontach an rud é "go bhfuil gach muinín aige go leanfaidh an tAire Stáit ag obair go díograiseach ar mhaithe leis an bpobal agus ar son an phobail agus é i mbun a chuid freagrachtaí nua....go bhfuil rún aige (Joe McHugh) é féin a thumadh i saol na Gaeilge d’fhonn cur lena líofacht Ghaeilge."

I bhfocail lom Seán Kyne TD in alt sa Times inné (24/7/2014 Béarla), "I hope he is!"

Share/Save/Bookmark

14.4.12

Vóta mímhuiníne iomlán?

"Vóta mímhuiníne ó chinnirí ár linne!"

Bhí an smaoineamh céanna agam fhéin nuair a chonaic mé an blag nua (Béarla) ag Éamon Ó Cuív cúpla mí ó shin ach ní fhaca mé á rá ag éinne go dtí alt Choncubhar Uí Liatháin i nGaelscéal (11/4/2012).

Éist leis:
"Tá an t-iar-Aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, tar éis blag nua a thosnú. Is maith an rud é go mbeadh a thuairimí, cé acu an aontaíonn tú leo, nó nach n-aontaíonn,amuigh ós comhair an tsaoil. Go dtí seo, áfach, is i mBéarla amháin atá an fear a thug dúinn Acht na dTeangacha Oifigiúla uaidh ag blagáil, seachas 'Dia Dhaoibh' ag tús a chéad bhlag.
"Beatha duine a thoil dá mba sé ag gabháil a thóin sa loch, ach feictear domsa gur vóta mímhuiníne iomlán ina reachtaíocht féin a bheith ag tabhairt uaidh anois i mBearla ar fad!"

Mar aon le Concubhar ní thuigim mheoin an iar-Aire atá ina ionadaí i nDáil Cheantair leis an nGaeltacht is mó agus is láidre sa tíre.

(Ait go leor ó scríodh é seo tá leagan Gaeilge curtha faoin gcéad bhlág aige, ach tá an 8 mblag eile i mBéarla amháin!)

San alt céanna luainn sé an teachtaireacht ar Lá Fhéile Phadraigh ón dTaoiseach (Béarla). Is ag caint faoi "Éireannachais" a bhí sé "...agus é ar fad as Béarla go dtí go dtagann sé chuig an cúpla focal Gaeilge ag an deireadh. Go deimhin ní luann sé saibhreas na teanga ar chor ar bith agus é ag trachta ar ár seoda cultúrtha..."

Vóta mímhuiníne gan amhras ar bith!
Share/Save/Bookmark

6.3.12

Dínasc agus dícheangal! Oidhreacht nó Pobal?

An bhfuil aon tuar dóchais don Ghaeilge sna Gaeltachtaí?
(Gaelport 6/3/2011)
Nuair a tháinig an comhrialtas Fine Gael/Lucht Oibre le chéile rinneadar cinneadh a léirigh dom a dearcadh ar an nGaeltacht, agus mar sin ar an teanga féin. Le beagnach deich bliana anuas bhí Roinn na Gaeltachta mar chuid de roinn le béim ar an bPobal beag nó mhór, an Roinn Pobal, Tuaithe & Gaeltachta.  D'athraigh Enda Kenny an dearcadh sin leis an cinneadh seo. Is cuid de Roinn eile ar fad é Roinn na Gaeltachta anois, an Roinn Ealaíon Oidhreacht agus Gaeltachta atá ar anois.

An Ghaeltacht i súile an Rialtais
Chaith mé an lá iomlán ar an Luain seo ag Scoil Earraigh do Phleanáil Teanga a bhí eagraithe ag an Dr Colm Ó Giollagáin, Ceannasaí Aonad na Pleanála Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge san Ollscoil i nGaillimh. Má tá focal amháin a chuala arís agus arís eile i rith na himeachtaí se an focal "pobal" é. Is pobal e an Ghaeltacht. Is pobal atá i mbaol agus is cosúil nach dtuigeann "an barr" .i. na údaráis, é sin.

Bhí eolaithe ó Alba, Gaeltacht na hOileán Thiar, le eolas a roinnt linn ar atá a tarlúint ansin ó thaobh úsáid Gaidhlig na hAlban. Scéal a bhí thar a bheith cosúil le cúrsaí anseo i nGaeilge ach go raibh dlithe, agus an córas ar fad naimhdeach do teanga go dtí go bfuaireadar a Rialtas féin le deanaí nuair a tháinig dearcadh eile ann. An ceist is mó is docha ná ar tháinig sé ró déanach?

Ná labhair é, déan é!
Pobal na Gaeilge i mBéal Feiriste
I measc na cainteoirí a bhí an as Éirinn bhí Feargal Mac Ionnrachtaigh ó Fhorbairt Feiriste a bhí ag caint faoi breith agus fás Gaeltacht Bhéal Feiriste, an athnuachan teanga i mBéal Feiriste. Ar ndóigh is beag tacaíocht, má fhuaradar tacaíocht ar bith, a fuaireadar ó na húdaráis. I ndairíre is a mhalairt de scéal a bhí, agus ar bhealach atá, ann fós. Ach bhí cineál manadh acu a míníonn chuid de a tharla anmsin, "Ná labhair é, déan é!"
An Ghaeltacht mar atá go fóill!

Bhí an-chuid eile a chuala mé i rith an lae. Toradh ar an dian obair atá déanta sa "disciplín" nua - domsa pé scéal é - an Pleanáil Teanga. Scannal atá ann a laghad aird atá a thabhairt don gcorpus eolais atá anois le fáil ag na hUdaráis ón Rialtas anuas. Mar shampla bhí moladh ann bliain nó dhó ó shin ó saineolaithe Scéim Labhairt na Gaeilge a fheabhsú agus a theannadh len é a dhéanamh níos éifeachtaí. Freagra ón Rialtas? Deireadh iomlán a chuir leis.

I ndairíre chuir sé imní agus, chun an fhirinne a rá, an-eagla orm an díneasc agus an dícheangal atá idir na Ranna Rialtais, Oideachas, Imshaoil, Sláinte, Leasa Shóisialaigh, Gaeltacht agus a gcuid gníomhairí agus an bpobal i gcoitinne, go mór mór pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. An rud is measa faoi ná nach bhfuil fhios acu cé chomh aineolach is atá siad sna cúrsaí seo.

Ag deireadh na scoile seoladh leabhair nua le  h-ainm an oiriúnach air: An Chonair Caoch.  le Conchúr, Brian Ó Curnáin agsu Ciarán Lenoach.
"Plé oscailte macánta agus dioscúrsa leathan a chothú maidir leis an mionteangachas i gcomhthéacs an dátheangachais aontreoch."  Bhfuil éinne sa Rialtas chun é a léamh? (Foilsitheoir: Leabhair Breach!)
'Déantar athbhreithniú ar pholasaí dátheangachais an Stáit' (Irish Times 14/3/2012)

Share/Save/Bookmark

14.12.11

Práinn na Gaeilge! Cinneadh le n-athrú!

D'fhógair Aire Stáit na Gaeltachta go raibh tús á chur le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar an 03 Samhain 2011.

Éamon Mac Niallais ag caint
ag an gcruinniú i nGaillimh

Is iad seo na cinntí a glacadh ag an gcruinniú sa bPillo i nGaillimh ar 2 Nollaig 2011 maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga agus an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003:

• Feachtas láidir a chur ar bun le hOifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil mar oifig neamhspleách.

Le déanamh:

Tá sé ríthábhachtach go labhróidh muid len ár bpolaiteoirí féin le hiarraidh orthu tacú leis an éileamh seo agus dul i bhfeidhm ar an Aire Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe, ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ar Aire Stáit na Gaeltachta.

• Páirt láidir a ghlacadh sa phróiseas athbhreithnithe.

Le déanamh:
Aontaíodh ar an lá go líonfadh gach duine suirbhé agus go bhfaigheadh gach duine deichniúr eile le suirbhé a líonadh.

Tuigtear go bhfuil roinnt oibre i gceist anseo ach is gá tarraingt le chéile leis an gcinneadh tromchúiseach a rinneadh maidir le hOifig an Choimisinéara a Teanga a athrú.

D'éirigh leis an bhfeachtas le stop a chur leis na moltaí chun deireadh a chur le hÚdarás na Gaeltachta agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta le cúpla bliain anuas. Is féidir mar sin an cinneadh seo a athrú chomh maith.
D'fhógair an Rialtas ar an 17 Samhain 2011 áfach, go bhfuil sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a cuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil poiblí.
(Féach: Deireadh leis an gCoimisinéir Teanga! 17/11/2011; Croí na hAchta Teanga le baint ag an Rialtas! 17/11/2011; Caomhnaigh ár gCoimisinéir Teanga! 21/11/2011; Cosaint gan fhaisnéis! 29/11/2011; Cá seasann Fianna Fáil i dtaobh an Choimisinéara? 1/12/2011; agus i mBéarla: Government undermines language act 17/11/2011; Developing a language policy by hunch! 21/11/2011 agus an alseo san Irish Times (Béarla) Language experts question merger! 15/12/2011)

Cén fáth go bhfuil an cinneadh seo mícheart?
1. D’admhaigh Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil ar an 24 Samhain go bhfuil an baol ann go gcosnóidh an cinneadh seo airgead ar an Stát. (“B’fhéidir, nuair a bheadh an deireadh thart go gcosnóidh sé níos mó." Aire Shoisearach McGinley sa Dáil.)

 Leis an státchiste i gcruachás faoi láthair níor chóir aon chostas breise a chur air gur féidir a sheachaint. ("We all know that if, in our own lives, we are spending more than we are earning — we have a problem!" Taoiseach Éireann ina aitheasc (i mBéarla amháin) don phobal - Pobal an Bhéarla - níor labhair sé le poball na Gaeilge go fóill seachas tré chinntí bhorb gan miniú an Rialtais amháin?)

2. Níor tógadh san áireamh nuair a rinneadh an cinneadh go bhfuil conradh ag an gCoimisinéir Teanga le bheith mar choimisinéir neamhspleách go dtí 2016. Ní féidir, mar sin, cinneadh an Rialtais a chur i bhfeidhm i 2012 gan baol ann go mbeidh an Stát oscailte do chásanna dlí amach anseo.

3. Aithnítear go forleathan an Coimisinéir Teanga mar choimisinéir thar a bheith éifeachtach agus dinimiciúil atá molta ní hamháin dá chuid oibre le cearta saoránaigh a chosaint ach chomh maith mar dhuine réamhghníomhach i gcur chun cinn an dea-chleachtais teanga. Mar shampla, le déanaí d’fhorbair a oifig modúl ar chearta teanga go ginearálta le húsáid san idirbhliain in ár scoileanna dara leibhéal.

4. Tógadh an cinneadh faoi Oifig an Choimisinéara Teanga, atá croí-lárnach i gcur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, gan an próiseas comhairliúcháin poiblí a thógáil san áireamh. Tá go dtí 31 Eanáir 2012 ag an bpobal aighneachtaí a chur chuig Roinn na Gaeltachta. Níor chóir aon athrú a dhéanamh go dtí go bhfuil an t-athbhreithniú curtha i gcrích agus mianta an phobail tógtha san áireamh.

5. Níor aithin an Bord Snip Nua aon éifeachtúlacht le déanamh nuair a rinneadh measúnú ar Oifig an Choimisinéara Teanga agus níor mhol an tuairisc aon athrú i stádas na hoifige mar oifig neamhspleách. Níl Aire Stáit na Gaeltachta tar éis aon éifeachtúlacht a aithint chomh maith agus ní dócha go mbeidh aon ann nuair a thógtar san áireamh go bhfeidhmíonn Oifig an Choimisinéara Teanga go hiomlán trí Ghaeilge agus Oifig an Ombudsman trí Bhéarla. (Ait go leor níl a chuid dhualgaisí féin faoin Áct Teanga á chomhlíonadh ag Oifig an Ombudsman go fóil! "Tá comhlacht amháin a sheasann amach  ar liosta na gcomhlachtaí atá ag feitheamh ar scéim nua agus is é sin Oifig an Ombudsman.  D’imigh scéim teanga an Ombudsman in éag sa bhliain 2007. Díol spéise conas mar atá ag éirí leis an Ombudsman a dhualgais féin faoin Acht Teanga a chur i bhfeidhm- go háirithe más amhlaidh go mbeidh cúraimí an Choimisinéara teanga le cur faoina scáth."Gaelport 12/12/2011!)

6. Tá gach páirtí polaitiúil agus na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta tar éis tacaíocht a léiriú don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030. Aithnímid go mbeidh fadhbanna le maoiniú sa ghearrthéarma ach céard is fiú an bonn agus an dea-thoil a bhaint den straitéis leis an gcinneadh seo atá aitheanta nach ndéanfaidh aon choigilt don státchiste.

Céard atá le déanamh?
Creidim gur chóir don Rialtas na hargóintí geilleagrach chomh maith le mianta agus tuairim láidir phobal na Gaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, a thógáil san áireamh agus gur chóir tacaíocht a chur ar fail d’Oifig an Choimisinéara Teanga Tá muinín an phobail ag an oifig agus tá seirbhís an-éifeachtach curtha ar fáil ó bunaíodh é i 2004.


Is é, mar sin, an rud loighciúil agus ceart le déanamh ná an cinneadh a athrú láithreach.

Céard is féidir liom a dhéanamh?

An triúir a shabhálaigh Oifig an Choimisinéara Teanga?

Tá gá brú a chur ar an Aire Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin T.D., ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Séamus Ó Duibhneacháin T.D. ,  agus ar Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. leis an gcinneadh a athrú go práinneach in ionad moill a chur leis agus níos mó damáiste a dhéanamh d’éifeacht Oifig an Choimisinéara Teanga.

Share/Save/Bookmark

24.2.11

Bhí Enda ar RnaG inniú!

Bhí agallamh le hEnda Kenny ar Raidió na Gaeltachta ag 1.30 inniu. Ar an seó Athmhaidin inniu scaoileadh le cúpla líne den agallamh a bhaineann leis an nGaeilge mar chroí-ábhar Ardteiste.

Dúirt Enda Kenny "Ní chuirfidh sé deireadh leis an nGaeilge éigeantach nó go mbeidh an iniúchadh déanta agus beidh an iniúchadh bunaithe ar thaighde eolaíochta."

Tá tuairim ann go bhfuil dul chun cinn sa mhéad a bhí le rá ag Enda Kenny san agallamh agus tá sa mhéad is atá sé ag caint faoi thaighde eolaíochta don chéad uair. Ach is gá an t-agallamh a rinne sé inné ar Pat Kenny (tá tras-scríbhinn den agallamh) agus ar Raidió na Gaeltachta ar an 7 Feabhra a thabhairt san áireamh chomh maith. Bhí sé soiléir sa dá agallamh sin go bhfuil Enda Kenny chun an pholasaí seo a chur i gcrích beag beann ar na torthaí a bheidh ar an taighde seo nó aon chomhairliúchán. Mar sin, is í an cheist is tábhachtaí:

An mbeidh Enda Kenny sásta glacadh le pé moltaí a thagann as an taighde seo?

Is iad roinnt de na ceisteanna eile gur gá a fhreagairt chomh maith:
1.    An mbeidh COGG i gceannas ar an taighde eolaíoch a choimisiúnú agus a stiúradh nó/agus an comhairliúchán atá molta i bhforógra Fhine Gael a eagrú? (ag glacadh leis gurb í COGG an ionstraim rialtais is oiriúnaí de réir an Acht Oideachais agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030)

2.    Cén scála ama a bheidh i gceist?

3.    Cén critéir a bheidh ann sa taighde, i. an mbeidh múineadh agus foghlaim na Gaeilge sa chóras oideachais ina iomláine i gceist, i. ón mbunscoil go dtí an tríú leibhéal?
Beidh an moratorium meáin chumarsáide i bhfeidhm ó 2.00 i.n. inniu agus ní bheidh deis, mar sin, na ceisteanna seo agus ceisteanna eile a bheidh agaibh féin a chur ar Fhine Gael go dtí na seachtainí os ár gcomhair.

Pléifear na ceisteanna luaite thuas agus ceisteanna/moltaí agatsa ag an gcruinniú ar an Aoine, 11 Márta 2011, ag 14.00 i.n. san óstán Menlo Park i nGaillimh.  Is féidir leat do chuid moltaí a sheoladh ar aghaidh chuig Julian de Spáinn nó Éamonn Mac Niallais roimh an gcruinniú chomh maith más mian leat.

Share/Save/Bookmark

Litir don Eagathóir

A Eagarthóir, a chara,

Molann Enda Kenny an Ghaeilge a dhíbirt as croí an churaclaim ag leibhéal na hArdteistiméireachta. Nuair a fiafraíodh de conas a fheabhsódh laghdú ar a stádas comhdhaonnach na seansanna go slánófaí teanga atá i mbaol, d’fhreagair sé gur tuairim phearsanta aige é.

Ábhar buaileam sciath ag Fine Gael go bhfuil a gcuid polasaithe eile go léir bunaithe ar eolas agus ar thaighde. Ach níl eolas teoiriciúil ná impiriciúil ar fáil gur féidir teanga atá faoi bhagairt a shlánú, trí stádas sóisialta na teanga sin a ísliú le hais na teanga lena bhfuil sí ag iomaíocht.

Deir na húdaráis teangeolaíochta linn gur annamh a shealbhaíonn lucht labhartha teangacha ardstádais teangacha atá ar stádas íseal. Deineann daoine áirithe sin. D’fhéadfadh gur suim sa teanga, nó grá don chultúr a bhaineann léi, nó dílseacht náisiúnta nó áitiúil a spreagann iad. Dlúthchuid den iarracht teanga a chothú is ea na daoine sin, ach i bpobal ar bith is mionlach i gcónaí iad. Formhór na gcainteoirí ag a bhfuil teanga ardstádais, foghlaimíonn siad an dara teanga nuair a fheiceann siad go bhfuil an teanga sin riachtanach dá saol, agus dá spriocanna saoil. Má bhraitheann siad sin, is ardú stádais ann féin don teanga faoi bhagairt é.

Nasc beo idir sinne, na glúinte romhainn agus na glúinte atá le teacht is ea an Ghaeilge. Más mian le hÉireannaigh teanga shainiúil na hÉireann a bhuanú agus a athréimiú, caithfidh siad na tacaíochtaí comhdhaonnacha a cealaíodh de bharr concais a chur ar fáil. Ina measc san tá: seasamh bunreachtúil agus dlíthiúil na teanga; líon agus seasamh comhdhaonnach na ndaoine a bhaineann gnáthúsáid as an teanga; an méid a fheictear an teanga a bheith riachtanach san oideachas agus i ngach réim eile den saol comhdhaonna; an méid a úsáidtear an teanga i gcúrsaí rialtais agus riaracháin phoiblí; infheictheacht na teanga agus a húsáid sa chumarsáid phoiblí; gradam a cuid litríochta agus an chultúir a bhaineann léi, agus na feidhmeanna sóisialta is féidir a chomhlíonadh tríd an teanga.

Ó 1893, tráth a raibh an teanga ar an dé deiridh, tá sé mar chuspóir ag an ngluaiseacht náisiúnta sa chiall is leithne an Ghaeilge a shlánú agus a athréimiú; agus tá dul chun cinn suntasach déanta ag an nGaeilge de réir na slata tomhais réamhluaite. Ach i 1973, dúirt cuid den ghluaiseacht náisiúnta, Fine Gael, go mba mhór an cúnamh i leith an Ghaeilge a shlánú a stádas sa chóras stáit a ísliú. Chuireamar i gcoinne na tuairime sin, agus léiríomar dóibh, cheal tacaíochtaí agus idirghabhálacha láidre stádais, go ndíbreodh an teanga cheannasach an teanga ba laige laistigh de thamall gearr i bpobal ar bith. Mar atá fós á rá acu inniu, dúirt Fine Gael an uair sin gur raiméis a bhí sa chritic againne. Bhaineadar na tacaíochtaí stádais den Ghaeilge sa chóras riaracháin. Cén toradh a bhí air sin?

I nGaeilge ba mhó ar fad a reáchtáiltí an Roinn Oideachais tráth. Léiríonn taighde le deireanas go bhfuil níos mó ná 9% den daonra fásta a rugadh in Éirinn Líofa / An-Líofa i nGaeilge. Ach toisc gur bhain Fine Gael a stádas den Ghaeilge sa chóras riaracháin i 1973/75, tráth ar chuir siad dreasaithe áirithe deonacha ina áit sin, níl ach 1.5% d’fhoireann na Roinne in ann seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge anois. Seo sa Roinn Oideachais agus Scileanna, an ghníomhaireacht chultúir is cumhachtaí dá bhfuil ag an stát, ina bhfuil, is dócha, foireann ar ardchéim oideachais.

Is ar éigean a chothaíonn an toradh seo muinín i moladh Fhine Gael go n-isleofaí stádas na Gaeilge sa chóras oideachais dara leibhéal.

Is sinne,

Pádraig Mac Fhearghusa, uachtarán Chonradh na Gaeilge
Dáithí Mac Cárthaigh, iar-uachtarán
Séagh Mac Siúrdáin, iar-uachtarán
Tomás Mac Ruairí, iar-uachtarán
Gearóid Ó Cairealláin, iar-uachtarán
Áine De Baróid,
iar-uachtarán
Íte Ní Chionnaith, iar-uachtarán
Albert Fry, iar-uachtarán
Pádraig Ó Snodaigh, iar-uachtarán
Maolsheachlainn Ó Caollaí, iar-uachtarán
Cathal Ó Feinneadha, iar-uachtarán
Share/Save/Bookmark

18.2.11

Agus i gCorca Duibhne....

Bhí cruinniú mór i gConamara le déanaí, agus ceann eile i dTír Chonaill ar an gCéadaoin anois tá tuairisc againn ó Chorca Duibhne chun plé ar impleactaí pholasaí díultach  Fhine Gael i leith na Gaeilge.

D'eagraigh Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Conradh na Gaeilge agus Todhchaí na Gaeltachta an cruinniú chun deis a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta  i gCiarraí Theas buaileadh leis na hiarrathóirí don olltoghachán a bheidh ann ar an 25ú Feabhra.  D'fhreastal ceathrar (Fleming, Tom; Gleeson, Michael; Griffin, Brendan; O'Donoghue, John) as an deichniúr, chuir triúr (Healy-Rae, Michael; Moloney, Marie; Sheahan, Tom) ionadaí i láthair agus bhí leithscéal ó thriúr (Behal, Richard; Comerford, Oonagh; Finn, Dermot).  Seán Ó Cinnéide (Dún Chaoin, iar-Sheirbhís Oideachais Chiarraí) a bhí ina chathaoirleach agus d'fhreastal timpeall 200 duine ar an gcruinniú.

Thug Treasa Ní Mhainín, stiúrthóir ar Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, léargas ar an tionchur a bhéadh ag polasaí nua Fhine Gael ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht.  Mheas sí gur céim chun deiridh a bhéadh ann agus go ndéanfadh sé dochair don teanga sa tír ar fad agus go speisíalta sa Ghaeltacht. D'ardaigh sí ceisteanna bunreachtúla chomh maith le ceisteanna teangeolaíochta agus soceolaíochta nach raibh aon fhreagra orthu.

Ina dhiaidh sin, labhair gach iarrathóir nó ionadaí a bhí i láthair agus thugadar a ndearcadh féin ar an bpolasaí atá molta ag Enda Kenny.  Bhí gach duine, fiú amháin iarrathóirí Fhine Gael, i gcoinne aon athrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge san Ardteist agus léiriodar meas ar agus spéis sa Ghaeilge.

Bhí plé bríomhar on úrlár agus do bhí imní ar dhaoine maidir leis an bpolasaí ó Fhine Gael mar go raibh an cuma air gur polasaí pearsanta ó Enda Kenny a bhí ann gan mórán machnamh ná staidéar,  Baineann an Ghaeilge linn ar fad in Éirinn, sa Ghalltacht agus sa Ghaeltacht, agus ba cheart go ndéanfaí iarracht idir-pháirtí agus idir-phobail chun í a láidriú agus chaomhnú sna blianta atá ag teacht.

D'admhaigh na daoine i láthair go bhfuil gá le staidéar a dhéanamh ar an gcóras oideachais chun feabhas a chuir ar chumas na múinteoirí agus ar an modh múinte atá á chleachtadh ins na scoileanna.  Ní bhainfeadh san do stádas na Gaeilge ach ba cheart go gcuirfeadh sé le líofacht agus dílseacht an phobail i leith na Gaeilge.

Aontaíoch gur ceart feachtas leanúnach a bhunú chun an deis a thapú a bhí fachta ón diospóireacht ar pholasaí Fhine Gael agus gur ceart brú a choimead ar na hiarrathóirí anois agus ar an rialtos, agus ar an bhfreasúra níos déanaí, chun dul chun cinn na Gaeilge a choimead os chomhair an phobail.

Glacadh d'aon guth le rún ag cáineadh Enda Kenny as iarracht a dhéanamh deireadh a chur le stádas éigeantach don Ghaeilge san Ardteist, ach ag an am céanna ag moladh na tuairimí atá aige gur ceart ath-bhreithniú a dhéanamh ar a gcóras oideachais chun chur le meas, sásamh agus úsáid na teanga.  "Tír gan teanga, tír gan anam."
Share/Save/Bookmark

Cruinniú i dTír Chonaill

Bhí slua mór de 150 duine i láthair ag an chruinniú phoiblí a d’eagraigh Guth na Gaeltachta agus Coiste Mhná Tí Thír Chonaill sa Chrannóg i nGaoth Dobhair Dé Máirt, 15 Feabhra. Rinne Éamonn Mac Niallais cathaoirleach ar an chruinniú agus chuir sé tús leis go gairid i ndiaidh 7:00i.n. Mhínigh sé gurbh é príomhaidhm an chruinnithe plé a dhéanamh ar pholasaí Fhine Gael .i. deireadh a chur le stádas éigeantach na Gaeilge san Ardteist.

I ndiaidh dó na haoichainteoirí a chur in aithne: Dinny McGinley TD (Fine Gael), Pearse Doherty TD (Sinn Féin), An Seanadóir Brian Ó Domhnaill (Fianna Fáil), John Duffy agus Seán Ó Maolchallann (An Comhaontas Glas), thug Mac Niallais le fios go bhfuair sé leithscéal  ón Tánaiste Mary Coughlan agus ó Frank McBrearty (Páirtí an Lucht Oibre). Ina dhiaidh sin, léigh an cathaoirleach amach an ráiteas a fuair sé ón Chomhairleoir McBrearty. Bhí ábhar na litreach sin ag teacht le cuid mhór den phlé a bheadh le cloisteáil níos moille .i. cur i gcoinne pholasaí Fhine Gael!

Sular labhair na haoichainteoirí, thug Mac Niallais breac-chuntas ar an obair a bhí ar bun ag Guth na Gaeltachta ó bhí an cruinniú poiblí deiridh ann agus ar an ról neamhchlaonta a bhí sé ag glacadh mar ghrúpa tacaíochta neamhpholaitiúil, traspháirtí ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. Mhínigh sé tábhacht chriticiúil na hArdteiste i gcóras oideachais na hÉireann ina iomlán agus na himpleachtaí diúltacha a bheadh ag polasaí Fhine Gael ar ról na Gaeilge ar fud an chórais, ní hamháin ag leibhéal na hArdteiste. Dá gcuirfí an polasaí i bhfeidhm, bheadh todhchaí na gcoláistí samhraidh Ghaeilge agus inmharthanacht eacnamaíochta phobal na Gaeltachta go mór i mbaol. D’aontaigh Gráinne Mhic Géidigh leis an mhéid sin agus í ag déanamh ionadaíochta do na Mná Tí. 

Thug Seán Ó Maolchallann, agus é ag feidhmiú mar urlabhraí Gaeilge do John Arthur, breac-chuntas ar pholasaí  an Chomhaontais Ghlais i dtaca leis an Ghaeilge de. Chuir sé deireadh lena chuid cainte ag rá go raibh a bpáirtí 150% i gcoinne pholasaí Fhine Gael! Rinne Pearse Doherty TD tagairt don dóigh ar sheol Sinn Féin a chuid moltaí i leith na Gaeilge taobh amuigh de Cheanncheathrú Fhine Gael ní ba luaithe sa lá. Dúirt sé go raibh a pháirtí iontach go deo míshásta le polasaí Fhine Gael agus go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha eacnamaíochta ann do phobail Ghaeltachta dá gcuirfí i bhfeidhm é.

Dinny Mc Ginley
"míchompordach leis an
bpolasaí..."
Ba é Dinny McGinley TD an chéad chainteoir eile. Dúirt sé go mbeadh sé féin go pearsanta go mór in éadan aon rud a dhéanfadh dochar don Ghaeltacht nó don Ghaeilge. Mhaígh sé nár cuireadh ina luí air go fóill nach ndéanfadh an athrú polasaí seo dochar don Ghaeltacht nó don Ghaeilge ach go raibh sé ag fanacht le fáil amach cén toradh a bheadh ar an phróiseas taighde agus comhairliúcháin a gheall Éanna Ó Cionaoith. Dúirt sé afach go raibh neart gnéithe dearfacha ag baint le polasaí Fhine Gael chomh maith agus chuir sé béim ar a thiomantas pearsanta féin don teanga agus ar a chuid iarrachtaí Gaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir leis in imeachtaí na Dála. Dúirt sé go raibh sé féin míchompordach leis an pholasaí ach gur léirigh taighde ar nós an Staidéir Chuimsithigh Theangeolaíoch (2007) go raibh an Ghaeilge i mbaol báis mura ndéanfaí bearta radacacha.

Ba é an Seanadóir Brian Ó Domhnaill an polaiteoir deiridh a labhair. Thug sé achoimre ar an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas: TG4, Foras na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla, Stádas Oifigiúil agus Oibre san AE agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Dúirt sé go raibh a pháirtí dubh in éadan pholasaí Fhine Gael fosta agus, cosúil leis na cainteoirí eile, labhair sé faoin tionchar diúltach eacnamaíochta a bheadh ag a leithéid de pholasaí ar cheantair Ghaeltachta.

I ndiaidh cloisteáil ó na polaiteoirí uilig, chuir an cathaoirleach fáilte roimh cheisteanna ón urlár. Ba léir ón chéad chainteoir go bhfuil polasaí Fhine Gael ina cnámh spairne i measc phobal na Gaeltachta. Níor cuireadh fiacail ann!

D’éist na polaiteoirí le tuairimí an lucht éisteachta agus ní raibh dabht ar bith ar McGinley go bhfuil an pobal thar a bheith míshásta le polasaí Fhine Gael agus go bhfuil an-imní orthu fá dtaobh de. Iarradh ar an pholaiteoir sinsearach a mhíniú cén dóigh a ndearna a pháirtí a leithéid de chinneadh; an ndearna breithniú cúramach air nó an é gur cleas a bhí ann, dírithe ar vótaí a tharraingt i gceantair uirbeacha?

Mar pháirt den phlé agus caibidil, d’admhaigh McGinley nach ndeachthas i gcomhairle leis riamh ó thaobh cheapadh pholasaí Gaeilge Fhine Gael. Ní raibh sé ábalta a mhíniú ach an oiread cén taighde go sonrach a d’úsáid a pháirtí agus é ag ceapadh an pholasaí. Rinne McGinley iarracht fearg an lucht éisteachta a cheansú, ag rá go mbeadh sé ag súil go ndéanfaí comhairliúchán agus taighde mar is ceart sula ndéanfaí aon athrú ar stádas na Gaeilge.

D’iarr Éamonn Mac Niallais ar an Fheisire McGinley sampla iarrthóirí eile de chuid Fhine Gael a leanúint; chuir baill áirithe den pháirtí i nGaeltacht Chiarraí agus i nGaeltacht na Gaillimhe in iúl go hoscailte d’Éanna Ó Cionaoith go raibh siad in éadan an pholasaí seo. Cuireadh deireadh leis an chruinniú i ndiaidh an tseisiúin ceisteanna agus freagraí. Ghabh an cathaoirleach buíochas le gach duine a ghlac páirt sa díospóireacht agus d’impigh sé ar gach duine an achainí ar líne a shíniú in éadan pholasaí Fhine Gael. Lena chois sin, d’iarr sé ar gach duine ceist na Gaeilge a ardú leis na polaiteoirí uilig nuair a thiocfaidh siad a chuardach vótaí agus go bhfreastalódh siad ar an chéad chruinniú poiblí eile a bheadh ag na polaiteoirí leis an scéal seo a phlé arís (Féach thíos!)

Beidh cruinniú poiblí eile i nGaoth Dobhair oíche Luan seo ag teacht an 21 Feabhra ag a 8 a chlog in Ionad Dhobhair. Seo deis eile don phobal ceisteanna a chuir ar na hairrrthoírí áitiúla don toghchán. Féach preas raitéas thíos le haghaidh tuilleadh eolais.

Share/Save/Bookmark

16.2.11

Abair i gceart é a Cheannairí!

QuickGuide Irish Grammar seolta chuig ceannairí do dhíospóireacht TG4

Tá cóip de QuickGuide Irish Grammar seolta chuig Enda Kenny, Micheál Martin agus Éamon Gilmore don díospóireacht ar TG4 oíche Dé Céadaoin (16 Feabh). Beidh an treoir nua seo ina chabhair mhór dóibh agus iad ag iarraidh dul i ngleic le gnéithe éagsúla den ghramadach, go háirithe comhaireamh as Gaeilge, ar scil í nach bhfuil go maith as Béarla ag polaiteoirí le tamall anuas.

Is é QuickGuide Irish Grammar an chéad treoir den chineál seo in Éirinn agus déantar iarracht ann gramadach na Gaeilge a dhéanamh sothuigthe don phobal i gcoitinne, is cuma cén t-aoisghrúpa nó cúlra polaitiúil lena mbaineann siad. Cuirtear béim sa treoir neamhpholaitiúil seo ar an tábhacht a bhaineann le gramadach agus litriú maith, eg chomh tábhachtach is atá sé gan an síneadh fada in ‘Fianna Fáil’ a fhágáil ar lár.

Seoladh an treoir chuig gach ceannaire polaitíochta agus chuig Dan Boyle, a dúirt sa Seanad le déanaí: “My concerns about making a speech like this in Irish are that issues such as tenses, plurals, the use of pronouns, the way the Irish language puts in letters just for the sake of it a lot of the time.” Tá súil ag Gaelchultúr go gcabhróidh an treoir seo le polaiteoirí a gcuireann forainmneacha agus aimsirí mearbhall orthu de ghnáth.

Is áis atá an-éasca a úsáid é QuickGuide Irish Grammar ina ndírítear ar na príomhghnéithe de ghramadach na Gaeilge. Cuireann an dearadh nuálach agus an scéim dathanna ar chumas an úsáideora eolas a aimsiú go tapa, agus beidh na míniúcháin shoiléire sholéite ina gcabhair mhór dóibh siúd a úsáideann an Ghaeilge go rialta agus ag lucht foghlama na teanga araon. Is féidir QuickGuide Irish Grammar a cheannach ar www.siopa.ie.

Foilsíodh QuickGuide Irish Grammar i mí Eanáir agus is é an táirge is mó díol é atá ag Gaelchultúr.
Share/Save/Bookmark

10.2.11

Cruinnithe poiblí faoin Ghaeilge san Ardteist

1.    Bhí thar 200 i lathair ag cruinniú poiblí a d'eagraigh CONCOS i nGaillimh inne faoi pholasaithe Gaeilge na bpáirtithe don toghchan.  Léiríodh míshástacht laidir maidir le polasaí Fhine Gael abhar roghnach a dhéanamh dén Ghaeilge san Ardteist.
Cuid den slua ag an gcruinniú ar an gCéadaoin.

D'aontaigh na hiarrthoirí Fine Gael a bhí i lathair, Sean Kyne (Béarla) agus an Seanadaóir Fidelma Healy Eames (Béarla) iarratas a dhéanamh ar Enda Kenny buaileadh le toscaireacht ón chruinniú go luath.  Níl aon freagair faighte fos ó Enda Kenny ar an t-iarratas eile a rinne eagraíochtaí Gaeltachta agus Gaeilge buaileadh leis taréis an chruinniú náisiúnta a bhí acu i nGaillimh ar an 21 Eanair.

2.    Tá Guth na Gaeltachta agus Coiste na mBan Tí i dTír Chonaill ag eagrú cruinniú sa Chrannóg i nGaoth Dobhair ar an Mháirt seo chugainn, 15 Feabhra, ag a 7 a chlog.  Beidh cuireadh tugtha dona iarrthoirí toghcháin freastal ar an gcruinniú agus a bpolasaí i leith na Gaeilge agus go háirithe i leith na Gaeilge mar chroí ábhar san Ardteist a chuir in iúil.  Iarrtar ar an phobal freastal ar an chruinniú seo le tacaíocht laidir a léiriú don teanga agus don Ghaeltacht

3.    I suirbhé IPSOS-MRBI a rinneadh faoi dearcaithe i leith an Ghaeilge, dúirt 61% gur chóir go mbeadh an Ghaeilge mar chroí ábhar don Ardteist(tacaíocht 65% i measc an aoisghrúpa 15-24).
Share/Save/Bookmark

1.2.11

Díospóireacht stairiúil molta

Tréaslaíonn Conradh na Gaeilge le TG4, a bhfuil beartaithe an chéad díospóireacht riamh i nGaeilge a chraoladh beo idir cheannairí páirtithe polaitíochta roimh olltoghchán. Bheadh an díospóireacht i nGaeilge idir Éamon Gilmore, Enda Kenny agus Micheál Martin - ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre (Béarla), Fhine Gael (Béarla) agus Fhianna Fáil (Béarla ach le cnaipe Gaeilge!) faoi seach - le craoladh beo ar TG4 ag 10.00rn Dé Céadaoin, 16 Feabhra 2011.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Léiriú a bheadh anseo - an chéad díospóireacht bheo i nGaeilge idir cheannairí polaitíochta na tíre - ar an dul chun cinn atá déanta ag na meáin Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas, agus tréaslaíonn Conradh na Gaeilge le TG4 as a ndíograis ag an am cinniúnach seo, ar son na polaitíochta agus na teanga araon."

Tá Conradh na Gaeilge i mbun stocaireachta faoi láthair lena chinntiú go bhfuil sé mar bheartas oideachais ag gach páirtí polaitíochta in Éirinn go múinfear an Ghaeilge do gach dalta scoile mar chroí-ábhar Ardteiste i ndiaidh an olltoghcháin, agus táthar ag lorg tacaíocht do bhunú Gaelscoileanna nua chomh maith.

Tá pobal na Gaeilge agus tacaíocht na bpáirtithe uile don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge nua-fhoilsithe fíorthábhachtach freisin, agus tá súil ag Conradh na Gaeilge go dtapóidh ceannairí na bpáirtithe an deis chun an Straitéis agus beartas oideachais a bpáirtithe a phlé go mion agus go hoscailte ar lá na díospóireachta.

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí  Chonradh na Gaeilge: "Tá sé ag dul do phobal na Gaeilge go mbeadh díospóireacht cheart, trí mheán na Gaeilge, ar na cúrsaí is tábhachtaí do thodhchaí na tíre seo sula gcaithidís vóta in Olltoghchán 2011. Tá Conradh na Gaeilge ag tnúth le plé mar is cóir ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ar an gcóras oideachais, agus ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, chomh maith le cúrsaí eacnamaíochta, sóisialta, timpeallachta, agus eile.

"Molann Conradh na Gaeilge TG4 as éacht stairiúil eile a bheartú i bhforás na teanga, agus tréaslaímid a gcuid iarrachtaí leo an díospóireacht Ghaeilge seo a shocrú idir cheannairí polaitíochta na tíre seo in am don olltoghchán."

Share/Save/Bookmark

25.1.11

Gealltanas Enda?


Éisíodh preas raitéas ón chruinniú eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta i nGaillimh ar an Aoine faoin Ghaeilge san Ardteist.  Tá cruinniú iarrtha againn ar Enda Kenny, ceannaire Fine Gael le é seo a phlé agus iarrtar ar gach duine an ábhar a phlé lena ionadaí Fine Gael áitiúil ar bhonn phráinneach. 


Tá sé seo déanta cheanna féin taréis an chruinnithe ag Aodán Mac Donncha, Bainisteoir Comhlacht Forbartha an Spidéil agus seo an freagair a sheol an Seanadóir Fidealma Healy Eames (Béarla) chuige:
    Aodhan, 
    I understand but don't worry, all is not lost. 
    I have secured the following commitment from Enda Kenny - FG in Govt will not impose any removal of compulsory Irish ruling until there is a full review of curriculum and methods re. the best way to teach Irish w/ ultimate aim of more people becoming competent in spoken language. 
    This means consultation w/ ALL stakeholders. Any policy will and must include immersion. This means going to the Gaeltacht, safeguarding the Gaeltacht and everything that means. 
    Be 100% sure that I will support sound principles that encourage language learning. This is my Ph.D. specialist area. We will also be looking at ways to make Irish more attractive at LC including extra points. 
    Please feel free to circulate this, 
    Le gach dea-ghui, 
    Senator Fidelma Healy Eames


Share/Save/Bookmark

6.12.10

Fine Gael nó Fine Gall?

Is cosúil go raibh an-díospóireacht i Steach Lorgán le deanaí ag cruinniú poiblí a bhí eagraithe ag Fine Gael.

Déarfainn gur ceisteanna ar pholasaí eacnamaíochta a bhí a lucht eagraithe ag súil ach is cosúil gur tharraing fear óg, iarr bhall den pháirtí, ceist na Gaeilge. De réir tuairisc i nGaelscéal  dúirt sé nach bhféadfadh sé vóta a chaitheamh d’Fhine Gael a thuilleadh “i ngeall ar pholasaí teanga atá thar a bheith tubaisteach do thodhchaí na Gaeilge.”

Nuair a thosaigh Enda Kenny ag caint faoi deireadh a chur le Gaeilge sna scoileanna i 2006 nó mar sin bhalaíodh roinnt de na nathanna nuachtain a foilsíodh ag an am ar shuiomh anghaeltacht.net faoin dteideal "Fís Enda!" Tá an cuid is mó de na nascanna "marbh" faoi seo ach mar sin féin tá roinnt rudaí spéisiúil ann mar aon le nasc chuig achainí (atá fós beo is cosúil!)
Iarrann na daoine thíosluaite ar Fhine Gael a aithint

1. Go ndéanfaidh an polasaí seo dochar do stádas

agus d'úsáid na Gaeilge sna blianta atá romhainn.

2. Gur teanga bheo í an Ghaeilge ar chóir í a

mhúineadh do gach dalta sa tír, ionas go mairfidh sí mar theanga nua-aimseartha do na glúinte romhainn.

Iarrann muid ar Fhine Gael an chuid seo dá bpolasaí a athrú dá réir.


Tá an pictiúir thuas ann a árdáionn an frithrá inmheanach i bhFine Gael idir pholasaí an pháirtí agus ráiteas a ceannaire Enda Kenny. Mar a deireann an postaer ní raibh aon rud as nGaeilge ar shuíomh an pháirtí faoi polasaí ar bith. (I ndairire níl mórán i nGaeilge ar shuíomh phairtí ar bith, fiú an páirtí a maíonn gur iad siúd a chuirfeadh an Gaeilge chun chinn - déan comparáid idir aon pháirtí in Éireann agus Plaid Cymru na Breataine Bige!)
Share/Save/Bookmark