16.12.19

Ag scealpadh an chreimthe!

Bhi alt ag Pat Leahy san Irish Times ar an Satharn a chuir ag smaoineamh mé.

Léiriú ar gníomh nó gníomhartha géarchéime in oirthuaisceart lár Bhaile átha Cliath. Dúnmharíodh fear óg neamhurchóideach in acrann atá ar siúl fos sa cathair. Chuir sé isteach go mór ar Enda Kenny a bhí ina Thaoiseach ag an am. De bharr na spéise sin rinne sé gníomh éifeachtach atá fós ar siúl is cosuíl. Tá spéis aige fós sa cheantair is cosúil agus tugann sé cuirt ar an áit fiú agus é éirithe as as mar Thaoiseach.

Rud tubaisteach a léirigh géarchéim a spreag gníomh éifeachtach!

"It is the way money is spent, on targeted initiatives which often emanate from the community, and the constant measuring of its outputs that is different."
Tuige nach dtárlíonn rud mar sin i gcúrsaí eile? Sláinte, Tithíocht, An Ghaeltacht?

Tosnaíonn an gníomhaíocht le hadmháil go bhfuil géarchéim ann. Ansin chuirtear coiste éifeachtach ar bun faoi daoine a tuigeann cúrsaí agus atá cumhacht acu rudaí a athrú. "It is how this board works that makes the difference. It’s unlike anything I have seen in the public sector before," dár leis an údarTá cumhacht acu idirghabháil a dhéanamh le cumhluchtaí stáit, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Coras Iompair Éireann, Comhairle Chontae, Scoileanna agus an Garda Síochána mar shampla agus is cosúil go bhfuil ag éirí leo.

Tá airgead á chuir ar fáil cinnte ach "It is the way money is spent, on targeted initiatives which often emanate from the community, and the constant measuring of its outputs that is different." Bhfuil córas ann sa Ghaeltacht le sin a dhéanamh nuair nach bhfuil ionadaíocht  acu fiú ar an "watered up Gaeltarra Éireann" mar a tugadh ar Údarás na Gaeltacht le deanaí?

Tá fhios ag pobal na Gaeilge go bhfuil géircéim sa Ghaeltacht agus mar a léirigh scrudú a rinne an Iar Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuireann roimh éirí as dó, tá an Stáit, an Rialtas ag leanúint le leath-ghníomh mí-éifeachtach i gcónaí ó 1928 ar aghaidh. "Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis: is deacair brí ar bith eile a bhaint as polasaí an stáit ó 1928 ar aghaidh" a dúirt sé i mí Mean Fomhair 2013. Níl mórán athrú ar chúrsaí  sa bhliain 2019 dár leis: “Tá sé thar am a admháil go bhfuil sé dainséarach a bheith ag scaipeadh dóchas gan bhunús faoin nGaeilge agus tosú ag baint leas as taighde a bhfuil fianaise ag dul leis chun dul i ngleic leis an ngéarchéim mar atá.” (Mí Feabhra 2019).

Séanann an Aire Stáit, Seán Kyne, go bhfuil géarchéim teanga ar bith sa Ghaeltacht agus maíonn sé go bhfuil “dul chun cinn suntasach” déanta i gcúrsaí phleanála teanga. Más dul chun cinn suntasach atá sa Bhille Teanga nua is léir go bhfuil an dul amú air. Deireann Cathaoirleach an Bórd atá ag obair i mBaile Átha Cliath, Michael Stone, go bhfuil siad ag "chipping away at a huge edifice!" Cabhráionn sé go mór leis go gcreideann an Stáit go bhfuil géarchéim.

I  gcás na Gaeltchta tá struchtúr nó córas ollmhór, an Stáit féin nach mór. Ní nach íonadh go bhfuil bille nua teangacha foilsithe acu atá "cúng, coimeádach agus casta!" *

Cén seans atá ag an Ghaeltacht nuair nach gcreideann an Rialtas féin go bhfuil géarchéim ann fiú?

* Bille teanga "cúng, coimeádach agus casta" (RTÉ 16/2/2019)
Share/Save/Bookmark

13.12.19

Céim thábhachtach ach tuilleadh gnímh ag teastáil...

Foilsíodh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 inniú (13 Nol 2019)*. D'éisigh an Coimisinéir Teanga ráiteas úm thráthnóna á fháiltiú mar céim thábhachtach ach ag an am céanna tá tuilleadh gnímh ag teastáil don Ghaeltacht agus don Earcaíocht.
"Is céim thábhachtach é foilsiú Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) sa phróiseas a cuireadh ar bun le go mbeadh Acht teanga níos láidre agus níos oiriúnaí dá fheidhm againn. Is maith ann an deis a bheidh againn scrúdú a dhéanamh ar na leasuithe ach is údar imní na heasnaimh atá ar an mBille.


"Is fada muid ag cásamh na laigí ar an reachtaíocht mar atá agus ba cheart go dtabharfaí aghaidh orthu ag an tráth seo. Deis chaillte a bheadh ann gan sin a dhéanamh...
Le linn na díospóireachta sin tá sé tábhachtach go bhféachfaí i gcónaí le freastal ar riachtanais phobal na teanga agus a gcearta.."
"Tá béim leagtha agam go rialta ar thrí phríomhleasú a fheictear dom a bheith riachtanach chun bonn níos láidre a chur faoin Acht. Baineann na leasuithe sin le soláthar sheirbhísí an Stáit sa Ghaeltacht, le hathruithe ar pholasaithe earcaíochta an Stáit agus le bunú córais caighdeán teanga a leagfaidh dualgas níos soiléire ar chomhlachtaí poiblí maidir le freastal ar an bpobal i gcéadteanga oifigiúil na tíre.

"Tá tagairt déanta sa Bhille nua do na nithe sin agus do roinnt forálacha tábhachtacha eile, ach ní thugann an Bille, mar atá sé faoi láthair, aghaidh ar bhealach críochnúil ar roinnt de na ceisteanna is tábhachtaí a bhaineann le soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus le cearta teanga an phobail a chosaint.

An Ghaeltacht
"Is léir staid leochaileach na Gaeilge sna limistéir Ghaeltachta i dtorthaí an daonáirimh agus i saothair thaighde éagsúla le roinnt blianta. Tá sé ríthábhachtach mar sin go gcuirfí bonn reachtúil faoi sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus go ndaingneofaí sa reachtaíocht cearta teanga phobal na Gaeltachta. Faraor, ag an tráth seo, níl aon fhoráil dhaingean sa Bhille a chuirfeadh dualgas ar an Stát a chinntiú go bhfreastalófar ar phobal na Gaeltachta ina dteanga dhúchais.

Earcaíocht
"Tacaím leis an moladh go n-ullmhófaí plean reachtúil náisiúnta do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus aontaím gur chóir do pholasaithe agus cleachtais nua earcaíochta a bheith ina ndlúthchuid den phlean sin. Is cúis imní dom, áfach, nach bhfuil dóthain ionadaíochta á thabhairt do shaineolaithe seachtracha ná don phobal ar an gCoiste Comhairleach atá le bunú faoin Acht leasaithe chun an plean feidhmithe a ullmhú. Is cúis imní dom freisin nach bhfuil sprioc-am luaite le foilsiú an phlean agus nach bhfuil dualgas reachtúil ann aon phlean a aontaítear a chur i bhfeidhm.

Córas Caighdeán
"Ar cheann de mhórfhorálacha an Bhille tá an moladh go gcuirfí córas caighdeán teanga in áit chóras na scéimeanna teanga. Moladh fiúntach é seo, ach is deacair breithiúnas a thabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú seo gan na dréachtchaighdeáin a bheith ar fáil dúinn. Creidim go rachadh sé go mór chun sochair do phróiseas measúnaithe an Bhille dá gcuirfí na dréachtchaighdeáin sin ar fáil gan mhoill.

"Sna seachtainí amach romhainn beidh deis againn mionscrúdú a dhéanamh ar na leasuithe atá molta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus go deimhin ar nithe tábhachtacha eile nach bhfuil luaite sa Bhille seo. Is fada muid ag cásamh na laigí ar an reachtaíocht mar atá agus ba cheart go dtabharfaí aghaidh orthu ag an tráth seo. Deis chaillte a bheadh ann gan sin a dhéanamh.

"Le linn na díospóireachta sin tá sé tábhachtach go bhféachfaí i gcónaí le freastal ar riachtanais phobal na teanga agus a gcearta, ag cur san áireamh stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus mar chéadteanga oifigiúil na tíre."

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019.



• Cad atá sa bhille teanga nua agus cén difear a dhéanfaidh sé do phobal na Gaeilge? - Ainailís i dTuairisc.ie
Share/Save/Bookmark

21.10.19

Tuar dhochais ó Chonamara Láir

Is cosúil go raibh an-oíche ag muintir na háite i rith na seachtaine seo caite ag seoladh bhranda agus suíomh idirlín Chonamara Láir.

Taispeánadh an físeán seo de cheantar Chonamara Láir  curtha le chéile ag an gcomhlacht Meangadh Fíbín do choiste Phleanáil Teanga Chonamara Láir.

Nach bhfuil se go hálainn?




Seo na dúthaigh atá istigh i gConamara Láir
Na toghranna ceantair seo a leanas
Camas, Cill Chuimín (Uachtar Ard), An Turlach, Abhainn Ghabhla, An Cnoc Buí agus Scainimh.
An chuid sin de thoghroinn cheantair Mhaírois i gcontae na Gaillimhe atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: 
Dún Riacháin, An Gharmain, Leitheanach Theas, Lios Uachtair agus An Tamhnach Mhór.
An chuid sin de thoghroinn cheantair Chloch na Rón i gcontae na Gaillimhe atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: 
Inis Ní, Iorras Beag Thiar agus Iorras Beag Thoir.
(Suíomh Udarás na Gaeltachta)

Share/Save/Bookmark

7.10.19

"Nach bhfuil fábhrach..."

Dúirt Antóin Mac Umfraidh ar clár Tús Aite (RnaG) “go bhfuil cultúr nach bhfuil fábhrach don Ghaeilge sa Roinn Oideachais.” Sílim gur soiléir an “galar culturtha” céanna ag chuile Roinn, Comhluchta Poiblí nach mór agus an saol poiblí nach mór.

Tugaimse an “Meon an Bhéarla” air seo. Tá sé le feiscint i gcuntaisí giolcaireachta Ranna Rialtais agus na Comhluchtaí Poiblí.

Tá sé á léiriú anuas ó Oifig an Uachtaráin féin (@PresidentIRL) go hUisce Éireann (@IrishWater), Roinn na Gaeltachta fiú (An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta - @DeptAHG), Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (@DeptRCD). Glaotar Iarnród Éireann ar an gcóras traenach sa tír ach ar líne is @IrishRail atá ann! Agus fós ní féidir leo mo shloinne (nó éinne le fada ina ainm) a litriú i gceart!

Tá seo soiléir arís i ndearcadh an Rialtais ó 2011. Bhí an Ghaeltacht mar pháirt de Roinn a bhain le forbairt phobail. Cad a thárla sa bhliain 2011 - athríodh isteach i Roinn Oidhreachta í. Bhí teachtaireacht símplí ansin agus iad a chuir Pobal na Gaeltachta isteach le fothracha agus iarsmalanna.  Cinnte baineann cúrsaí teanga le cúrsaí cultúrtha go teibí - foclaíochta, scríobhnóireacht ealaíona, ceardaíocht 7rl. Ach nach mbaineann cúrsaí córais iompair mar shampla (agus muid fos ag feitheamh ar nuacht ar cad a thárlódh i gcúrsaí aerfort na Minna) le roinn eile.

Ní iarsmalann an Ghaeltacht cé gur tabhachtaí ná aon duthaigh eile den tír mar fíor chomharba den saol Ghaelach - pobal a labhrann fós an  teanga beo, an teanga scríofa is sine san Eoraip. Ach is pobal atá ann!

Féach ar ár Rialtas. Féach ar an tOireachtas i dTeach Laighean! Ní dóigh liom go raibh aon díospóireacht sa Dáil ar aon ábhar seachas an Ghaelge féin i nGaeilge. Ní chuireann @OireachtasNews mórán teachtaireachta amach ar an gcóras giolcaireachta sa Teanga Náisiúnta. Cuirtear i bhfad níos mó amach i nGaeilge ag @Europarl_GA (Parlaimint na hEorpa) ná ag Parlaimint na hÉireann!

Cé go bhfuil an tUachtarán cláraithe mar @PresidentIRL tá a chúntas giolcaireachta an mhaith agus nós aige a chuid giolcacha a chuir amach i nGaeilge agus i mBéarla go rialta.

Ag breathnú ar rialú na tíre tré súile na meáin shóisialta tá sé deachair focal Mhic Umfraidh i dtaobh na Ranna Oideachais a shéanadh i leith beagnach chuile eagrais stáit: " ... cultúr nach bhfuil fábhrach don Ghaeilge!"



Share/Save/Bookmark

18.9.19

Míorúilt ar Shráid Mhuirfean?


Thárla míorúilt beag inné nuair a foilsídh Clár Reachtaíochta an Rialtais don bhFomhair 2019.

Míorúilt beag a deirim (let's not get carried away...).

Thárla rud a bhí geallta ó 2011 ar aghaidh - Acht Teanga nua ar an gclár! Má deireann seo a sceal féin faoi dhearcadh an Rialtais ar an dteanga is cinnte nach dtugann an fhiric gur foilsíodh an clár féin i mBéarla ag Príomh-Aoire an Rialtais atá ina Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin mórán dóchas go bhfuil aon athrú tagtha ar an mheoin sin. Níl an Preas Ráiteas faoin fhoilsiú le fáil sa "Teanga Náisiúnta" (go dtí seo) ar shuíomh Sheirbhíse Nuachta an Rialtais.

Ach is ceart a rá go ndearna sé é a fhógairt ar an gcóras giolcaireachta twitter i nGaeilge ach na nascanna chuid leathannaigh Béarla.

Seán Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais,
Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht
agus do na hOileáin
 
Dúirt sé: "D'fhoilsigh muid an Clár Reachtaíochta inniu tar éis comhairliúcháin le hairí, le hoifigigh shinsearacha ó trasna an Rialtas agus ó Oifig an Ard-Aighne. Sa Liosta Tosaíochta tá 32 bhille ó 13 roinn rialtais a chuirfear chun cinn i rith théarma an fhómhair/gheimhridh sa Dáil


"Sa Chlár Reachtaíochta, díríonn an Liosta Tosaíochta ar réimsí lena n-áirítear an Ghaeilge, athrú aeráide, tithíocht agus pleanáil, cúram sláinte, sábháilteacht ar bhóithre, saoránacht agus tacaíochtaí teaghlaigh ar nós saoire thuismitheoireachta.

"Seachas na billí ar an Liosta Tosaíochta, tá an Rialtas ag leanúint ar aghaidh ag obair ar 27 bille atá os comhair Thithe an Oireachtais faoi láthair a bhaineann le réimsí ar nós tacaíochtaí leasa shóisialaigh a leathnú do daoine féinfhostaithe, soláthar tithíochta a mhéadú,an comhshaol a chosaint, mar shampla tríd an mBille Toirmeasc Microbeads, ag tacú le hiriseoireacht áitiúil, ag tacú le leanaí agus le daoine óga faoi chúram, agus ag tacú le daoine faoi mhíchumas."

Seans go n-éiródh leo dul chun chinn áirithe a dhéanamh ar an Acht Gaeilge mar tá sé luaite ag uimhir a tri ag an Aire sa ráiteas (Béarla) in dhiadh cúrsaí airgeadais, leasa shóisialaigh agus sláinte agus roimh cúrsáí aeráide, tithíocht & sabháltacht ar na boithre, nuair a thugann sé liosta ginearálta: "Bills will be progressed across the following priority policy areas.."
Le foilsiú i rith an Fhomhair - sa Teanga Náisiúnta?

Fagann sin 59 billí le oibriú ortha i rith an seisiúin seo agus is cosúil nach bhfuil ach 38 lá cruinnithe ag an Dáil (gan trácht ar Seanad Éireann) go dtí deireadh mí na Nollag.

Go n-éirí leo!



Share/Save/Bookmark

3.9.19

Dea scéal faoi Oideachas!

‘Dul chun cinn suntasach atá i bhfógra an Aire Oideachais go bhfuil critéirnua aontaithe do bhunú Ghaelscoileanna’
An Coimisinéir Teanga.

Aire Joe McHugh TD
Fáiltíonn an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill roimh fhógra an lae inniu ón Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh T.D., go bhfuil cúig bhunscoil as na trí cinn déag a bhunófar idir seo agus 2022 réamhaitheanta mar scoileanna lán-Ghaeilge.

In imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga sa bhliain 2017 chinn sé gur sháraigh an Roinn Oideachais agus Scileanna forálacha teanga de chuid an Achta Oideachais,1998 nuair a diúltaíodh d’iarratas ar phátrúnacht do bhunscoil lán-Ghaeilge i gceantar pleanála scoile Dhroim Conrach/Marino/Bhaile Átha Cliath 1.

Chinn an Coimisinéir nár áiríodh go cuí an t-am sin cuspóirí teanga an Achta Oideachais sa phróiseas meastóireachta a bhain le ceapadh pátrúin scoile.

Tá cur i bhfeidhm mholtaí an imscrúdaithe sin á phlé go leanúnach leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. Is dul chun cinn suntasach é fógra an lae inniu, a rachaidh chun sochair don oideachas lán-Ghaeilge, go bhfuil athruithe déanta ar na critéir mheastóireachta a bhaineann leis an bpróiseas pátrúnachta. Ciallaíonn fógra an lae inniu gur chóir go mbeadh an t-oideachas lán-Ghaeilge le fáil mar rogha amach anseoi gceantair ina bhfuil scoil nua le bunú agus nach ann don rogha sincheana.

Is gá freisin go gcinnteodh beartais na Roinne Oideachaisagus Scileannago bhfreastalaítear ar éileamh breise ar an oideachas lán-Ghaeilge agus is ábhar é sin atáthar a phlé go fóill leis an Roinn.


Share/Save/Bookmark

24.8.19

Níos Breatanaí?

"'An bhfuil muid ullamh chun aitheantas a thabhairt don fhéiniúlacht Breatnach ó thuaidh in Éire Aontaithe?'
Freagra Sheosamh Uí Chuaig: 'Bheadh sé níos deacair a bheith níos Breatnaí nár mar atáimid!'"

Breatanaithe cheana?
Chuala mé Seosamh á rá san ar an Raidío aréir. Is ag caint faoin gcomhrá atá ar siúl anois faoin mBreatimecht, an Cúlstad agus an "baol" ann faoi athaontú na tíre. Deirtear go mbeidh orainn an chuid i mBunracht na hÉireann a athru chun freastal a leis an milliún a roghnaíonn gur leis an Ríocht Aontaithe iad, gur Briotanaigh (seachas Breatnaigh) iad.

I measc na rudaí atá luaite, ag an Taoiseach fiú, tá stadas na Gaeilge. Ar bhealach ar ndóigh ní féidir leis a stádas fírinneach a athru. Cinnte sí an Teanga Náisiúnta é agus ní féidir sin a shéanadh. Ach ar bhealach eile níl mórán stadas aici i Stáit ar bith ar Éirinn, thuaidh nó theas, thoir nó thiar.

Tá meon teanga na Ríocht Aontaithe leabaithe go tréan, go dtí na préamhacha fiú, sa Stáit seo - meon an Bhéarla! Tá fhios ag an saol Fodhla nach féidir an seirbhís is simplí a fháil sa teanga náisiúnta. Tá muintir na Gaeltacht fiú éirithe tuirse leis an fíor troid an seirbhís is bunúsaí a fháil ina dteanga féin. Cúrsaí leighis mar shampla. Nach dtuigimíd an rud a dúradh i litir ó pháiste óg Gaeltachta chuig an Taoiseach i 2014.

"Tá cara mór agamsa. Deir mo mhama liom go bhfuil riachtanais speisialta aige, cibé céard é sin. Tá a mhama an-mhór le mo mhama féin. Chuala mé ag caint iad sa gcisteanach an lá cheana. Bhí sí ag rá gur dhúradh léi an cineál cainte eile a labhairt leis. An Béarla. Mar ní bheadh aon chúnamh ar fáil dó i nGaeilge.

B’shin an chéad uair a chonaic mé daoine móra ag caoineadh."

Ní annamh a cloistear faoi múinteoirí scoile le tuismitheorí nach bhfuil a bpáiste ag déanamh go maith ar scoil, mar nach raibh aici ach an Ghaeilge.

Níl rudaí pioc níos fearr i gcúrsaí ealíonna mar a dúradh ag ionadaí Fíbín ag Coiste Oireachtais anuireadh :
"Tá an t-iarrthóir Gaeilge faoi mhíbhuntáiste mór (leis na heagraíochta atá freagrach as maoiniú agus as cur chun cinn na nEalaíon) de bharr an rogha teanga atá déanta aige nó aici!"

Bhí alt ag Nós le deanaí ó dhuine atá ag tí ar chonas Carr a thiomáint. Miníonn an t-údar na bacanna a bhíonn air a shárú leis an gceadúnas sealadach a fháil agus ansin sula gcuireann sé a lám ar roth thiomána. Ní h-íonadh mar a deireann, "caithfidh go bhfuil sé sin níos éasca ná an próiseas atá déanta agam go dtí seo!" *

Cosantóir cearta na ndaoine!
Dá ma rud é go raibh sé sásta a chuid gnótha a dhéanamh i mBéarla ní bheadh fadhb ar bith, seachas an tiomáint féin, ag an bhfear bocht. Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga, "Bíodh is go bhfuil muid imithe i dtaithí ar an gcur chuige sin ní shin le rá go bhfuil sé ceart."

Dá bhliain ó shin dúirt an fear a bheadh tofa níos deanaí mar Thaoiseach Éireann: "Tá an Ghaeilge lárnach dár bhféiniúlacht agus ní mór tacú go láidir léi. Tá sé riachtanach go dtabharfar faoi líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú agus go mbeidh sé mar thoradh ar ár mbeartais go mbeidh an teanga le feiceáil agus le cluinstin in úsáid go laethúil ar fud na tíre. Má thoghtar mise i mo Thaoiseach beidh mé ag úsáid na Gaeilge go laethúil i mo chuid oibre."

Mar a dúirt an fear eile, "Yeah, right!"

Nó mar a dúirt fear Áil na Brún aréir: 'Bheadh sé níos deacair a bheith níos Breatnaí nár mar atáimid!'

* Mo thaithí féin.
1915: Ábhar lúibín? Cé chumfadh é?
1918: Ceithre r-phoist agus scairt ghutháin...
Share/Save/Bookmark

22.7.19

Gealach gaelaithe!


Tá sé tárlaithe arís!

Scríobh mé litir chuig an nuachtán Lá fadó - sean Lá a bhí ann níor tháinig Lá Nua go dtí níos deanaí sular dúnadh é ag cinneadh eile i gcoinne iriseoireacht clóite na Gaeilge - nós atá fós i réim is cosúil!

Is ag gearán sa litir úd a bhí mé faoin easpa mheasa a bhí a theaspáint ag An Post don Teanga Náisiúnta - Díspeagadh An Post (15/5/2003)

Ag tús mí Iúl i mbliana agus muid ag céiliúradh an chéad chéim ar an ngealach éisíodh srath stampaí ag comóradh eachtra agus daoine de shliocht na hÉireann a bhí bainteach leis nó le chúrsaí spás taiscéalaíochta. Ach, mo léan,  bhí botún ar chean de na stampaí áfach. Teachtaireacht dhá theangach a bhí air ach an leagan i nGaeilge mí cheart ar fad.
"Cothram 50 Bliain na chéad tuirlingithe ar an Gaelach!" a bhí air.

B'í Marion Ní Shúilleabháin ó Raidío na Gealtachta a thug faoi deara é agus a roinnt linne ar an gcóras giolcaireachta é.

Anois is arís bíonn botúin sa Ghaeilge ar stampaí na tíre seo. Is dócha an ceann is mó agus is measa ná an tréimhse cuíosach fada nuair nach raibh ainm na tíre litrithe i gceart ar na stampaí. Eire a bhí ortha seachas Éire. Bhí ceann eile ann nuair a bhí botún eile agus "GlasÚg Sr-ide" le feiscint ann seachas Glasóg Sráide. Ceartaíodh é sin níos déanaí.

Ar ndóigh bhí neart amantaí nuair nach raibh ach Béarla ar na stampaí (Seachas ainm na tíre). Roimh 1964 bhí siad go léir i nGaeilge agus ón mBliain sin ar aghaidh go 2003 is beag Gaeilge a bhí ar na stampaí!

Ach cad faoin Gealach Gaelach? Fuair Marion freagra ón bPost!
Is dócha go bhfuil gach rud curtha ina gceart anois - go dtí an chéad uair eile!

Cá bhfuil mo shíne fada?
Chuir an Coimisnéir Teanga ráiteas amach faoi seo ar twitter chomh maith: "Is eol dúinn go bhfuil freagra tugtha ag an Post ar an ábhar seo le deireanaí. Ardóidh muid ceist leis an Post faoi na socruithe atá déanta acu. Ní ionann áfach an earráid agus sárú ar dhualgas reachtúil faoin Acht!"




Share/Save/Bookmark

20.7.19

Labhair sicín liom!

Chonaic mé giolch ar an gcóras twitter cupla lá ó shin a chuir ag smaoineamh mé.

Scéal a bhí ann faoi bean a bhí ag obair ag ionad mearbhia de chuid KFC i mBeannchar na Breataine bige. Bhí an scéal inste i nuachtán Bhéarla i dtuaisceart na Breataine Bige an Daily Post. Is cosúil go raibh ag caint le cuistiméirí de chuid na comhluchta ina dteanga dhúchais.

Dúradh leí é a stopadh agus bheith i labhairt i mBéarla amháin. Dár le KFC "...we all speak the same language - that of our love for Original Recipe chicken."

Ar ndóigh phléasc twitter i mBéarla & i mBreatainis cuid ag moladh baghcat ar an gcomhlucht.

Tugann an Acht thall cosaint do rogha daoine an teanga a úsáid mar theanga cumarsáide agus nach gcuirfí isteach ar an gceart sin. Baineann an ceart sin le gach earnáil, príobháideach agus poiblí. Chomh maith leis sin tá Caighdeáin Teanga ann a dheileáileann le húsáid na Breatnaise sa láthair oibre cé nach ionann é sin agus ceart daingean an teanga a úsáid i ngach cás.  Déanadh teangabháil le Coimisinéir Teanga na Breataine Bige agus tá seiseann ag breathnú isteach sa scéal.

"Ers 2011, mae wedi bod yn anghyfreithlon ymyrryd â rhyddid pobl yng Nghymru i gyfathrebu yn Gymraeg. Rydyn ni'n disgwyl i Gomisiynydd y Gymraeg sefyll lan dros yr iaith a'i siaradwyr."
Cymdeithas yr Iaith

"Mae gwir angen weithredu ar frys i berswadio busnesau lleol i arddel yr iaith Gymraeg yn gyhoeddus neu wynebu canlyniadau masnachol wrth i ni, siaradwyr Cymraeg, dynnu'n nawdd i'r busnesau hyn yn ol."
@michaelpattis10
Is cosúil go bhfuil an Acht Teanga anseo i bhfad níos laige. Níl a leithéid in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ní bhaineann Acht na dTeangacha Oifigiúla go dtí seo ach leis an earnáil phoiblí amháin.  Mar sin is beag gur féidir leis an Coimisinéir Teanga 'sagainne a dhéanamh faoi a leithéad de shéanadh chearta teanga.

Tá cearta agus stádas Bhunreachtúil i gceist sa dlínse seo chomh maith a deireann gur "Teanga Náisiúnta" í an Ghaeilge. Bheadh ar dhuine dul chuig na cúirteanna lena chearta teanga a dheimhniú faoin mBunracht. Rud atá an chostasach.

Ar ndóigh tá sé beartaithe an tAcht (2003) a leasú go luath (!) agus is am tráthúil é sin le féachaint ar ábhar den chineál seo a chuir isteach san Acht. Is cosúil nach bhfuil sé áirithe sna Ceannteidil faoi láthair. Tá deis ann leasuithe a dhéanamh ar an mBille agus é ag dul tríd an próiseas reachtaíochta sa Dáil agus Seanaid. Tá sé faoin Aire agus an freasúra na leasuithe sin a dhéanamh.

Déanaimís teangabháil lenár n-ionadaí!


Oibrí beáir éirithe as a phost i gCorcaigh tar éis rabhadh a fháil gan Gaeilge a labhairt (8/9/2019)
Share/Save/Bookmark

10.7.19

An chéad tuarascáil faireacháin foilsithe ag an gCoimisinéir Teanga.



Tugtar cuntas sa Tuarascáil Faireacháin, díreach foilsithe, ar thorthaí iniúchtaí éagsúla a thug Oifig an Choimisinéara Teanga chun críche le linn na bliana 2018. Is mar seo a bhí príomhthorthaí na n-iniúchtaí sin: 
  • Níl ach 84 post as an 20,000 duine atá fostaithe ag ranna rialtais aitheanta mar chinn lena mbaineann riachtanas Gaeilge. Tá 67 do na poist sin sa Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta. 
  • Ní raibh ach dhá údarás áitiúla as na deich gcinn a scrúdaíodh a bhí ag comhlíonadh, den chuid is mó, na ngealltanas reachtúil teanga a bhí tugtha acu maidir lena suíomhanna gréasáin. 
  • Bhí beagnach 60% de na comharthaí a scrúdaíodh ag ionaid oidhreachta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí ag cloí leis na rialacháin. 

Foireann le Gaeilge i ranna rialtais 
Tráth an iniúchta bhí 7 roinn rialtais ann nach raibh post ar bith sainaitheanta acu mar chinn lenar bhain riachtanas Gaeilge. Cé is moite den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a bhí ag 10%, bhí líon na bpost a bhí sainaitheanta mar chinn lenar bhain riachtanas Gaeilge faoi bhun 1% ag gach roinn rialtas eile. 

Ar an iomlán ní raibh ach 551 ball foirne, as 21,060 (2.62%) atá fostaithe ag ranna rialtais, a bhí aitheanta mar bhaill foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge. Ní raibh ach dhá roinn rialtais sa tír – an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus an Roinn Oideachais agus Scileanna – a bhfuil níos mó ná 5% den fhoireann iontu inniúil sa nGaeilge. 

Tuairiscí/Tagairt

Gan aon údarás áitiúil ag comhlíonadh a ndualgas i dtaobh na Gaeilge ar líne 
• 38% de chomharthaí de chuid an OPW i mBéarla amháin - iniúchadh 
• Is leor Béarla a bheith ag duine do 99.06% de na poist sa státseirbhís – tuarascáil nua. 
Tuairisc.ie 11/7/2019
Ranna Rialtais: riachtanas Gaeilge ag 84 post as 20,000
(RTÉ 11/7/2019)
(CnaG 11/7/2019)
“Is léiriú an athuair iad na figiúirí seo”, a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, “ar easpa acmhainn an Stáit seirbhísí sásúla a chur ar fáil i nGaeilge. Ní chothaíonn torthaí an iniúchta seo aon mhuinín go bhfuil ceannaireacht á léiriú ag ranna rialtais maidir le dóthain foirne le Gaeilge a bheith fostaithe iontu. Fágann an líon íseal foirne le Gaeilge nach féidir a bheith ag súil le réimse cuimsitheach seirbhísí a chur ar fáil ar comhchaighdeán sa dá theanga oifigiúla. Caithfear aghaidh a thabhairt air seo trí leasuithe a dhéanamh ar an Acht agus ar pholasaithe earcaíochta an Stáit.” 

Suíomhanna gréasáin na n-údarás áitiúil 
Mar chuid de chlár iniúchta na bliana 2018 scrúdaíodh suíomhanna gréasáin roinnt údaráis áitiúla le féachaint an raibh siad ag cloí leis na gealltanais ábhartha a bhí tugtha ina gcuid scéimeanna teanga. As suíomhanna gréasáin na ndeich n-údarás áitiúla a scrúdaíodh bhí ceithre cinn acu a bhí, den chuid is mó, ag neamh-chomhlíonadh na ngealltanas a bhí tugtha acu. B’in iad Comhairlí Contae an Chláir, Chill Mhantáin, Lú agus Chiarraí. Bhí dhá údarás áitiúla – Comhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath – ag comhlíonadh a ndualgas den chuid is mó. 

Comharthaíocht ag láithreacha oidhreachta 
"Ní chothaíonn torthaí an iniúchta seo aon mhuinín go bhfuil ceannaireacht á léiriú ag ranna rialtais maidir le dóthain foirne le Gaeilge a bheith fostaithe iontu. Fágann an líon íseal foirne le Gaeilge nach féidir a bheith ag súil le réimse cuimsitheach seirbhísí a chur ar fáil ar comhchaighdeán sa dá theanga oifigiúla."
Scrúdaíodh freisin úsáid na dteangacha oifigiúla ar chomharthaíocht ag roinnt láithreacha oidhreachta atá faoi bhainistíocht Oifig na nOibreacha Poiblí. Deich láthair oidhreachta éagsúla i mBaile Átha Cliath a rinneadh a iniúchadh le linn na bliana 2018. Bhí leibhéal sásúil géilliúlachta ag cúig cinn de na deich láthair a scrúdaíodh. Bhí an leibhéal is airde géilliúlacht ag Músaem na bPiarsach i Ráth Fearnáin ag 89% agus an leibhéal is ísle ag Garraithe Náisiúnta na Lus, áit nach raibh ach ceann as chuile dheich gcomhartha a scrúdaíodh ag teacht leis na rialacháin. 

Is é seo an chéad bhliain ag Oifig an Choimisinéara Teanga tuarascáil faoi leith a fhoilsiú ar obair faireacháin na hOifige atá teoranta d’fhaireachán ar fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla amháin. Chinn an Coimisinéir Teanga próiseas monatóireachta na hOifige, a bhíodh dírithe den chuid is mó ar scéimeanna teanga, a leasú i bhfianaise na laigí a aithníodh sa Tráchtaireacht a foilsíodh ar chóras na scéimeanna teanga. Mar chuid den mhúnla nua monatóireachta roghnaíonn an Coimisinéir tosaíochtaí faireacháin na bliana, a chuimsíonn gnéithe éagsúla den Acht. 


Share/Save/Bookmark

31.5.19

Athmhuscailt ó thuaidh?

"Macalla as cnoic agus gleannta na Gaeltachta?"

Cuireadh fógra mór in airde i gceartlár Ghaoth Dobhair agus ar dhroichead Chroithlí le déanaí, ag cur tús le feachtas le toghcháin a thabhairt ar ais fá choinne bhord Údarás na Gaeltachta. Céard faoi na ceantair eile Ghaeltachta?

Chuir Dinny McGinley, (Fo-Aire Ghaeltachta 2011 - 2016) deireadh leis na toghcháin thiar i 2012 nuair a bhí sé ina Aire Gaeltachta, ag rá ag an am go raibh barraíocht costais le toghcháin. Nuair a cuireadh deireadh le díospóireacht ar Ach na Gaeltachta i mí Iúl 2012 shúil an freasúra amach. Níos moille an bhliain chéanna, d’inis sé do choiste Oireachtais go sábhálfadh an stát €500,000.  Dúirt an Fo-Aire i ráitis fhrithráiteacha, "...táimid ag tabhairt láimhe do mhuintir na Gaeltacht ina giniúint teanga féin...."

Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga ag an am, "Tá Acht Gaeltachta nua achtaithe agus níor bhain an fháilte a cuireadh roimhe aon mhacalla as cnoic agus gleannta na Gaeltachta. D’athraigh sé an struchtúr atá ar bhord an Údaráis agus bhronn sé cúraimí pleanála teanga nár iarr siad féin ar phobail na Gaeltachta agus na Gaeilge i gcomhar leis an Údarás agus Foras na Gaeilge. Ní ar phobail áitiúla a d’fhágfaí an fhreagracht maidir le pleanáil eacnamaíochta ná ní faoina gcúram a d’fhágfaí cinntí faoi fhorbairt tithíochta, bóithre ná cúrsaí comhshaoil. Ach cúrsaí teanga, bhuel, sin scéal eile!"1

Bhí an Ghaeltacht faoi ionsaí ag rialtas Fianna Fáil/Comhaontas Glas agus ó rialtas úr Fine Gael/Lucht Oibre. Gearradh buiséad an Údaráis go leanúnach ó €25 milliún i 2008 go dtí €6 milliún i 2011.

Nuair a bunaíodh eagraíocht pobail le cur in éadan na gciorruithe seo, cuireadh ina tost í nuair a bhagair an rialtas an t-urlabhraí a bhriseadh as a phost mar gharraíodóir.

Údarás neamhionadaithe!
Ó shin, chuir an tÚdarás straitéis úr ar fad in áit, na coistí pleanála teanga. Mar a dúirt Seán Ó Cuirreáin ag an am faoi pholasaí an Stáit: "Ag tráth go bhfuil an státchóras ag díriú i dtreo dualgais phleanála teanga a leagan ar na pobail féin sa Ghaeltacht, creidim go mbeadh sé áiféiseach go mbeadh an státchóras féin ag brú Béarla orthu lena gcuid gnóthaí a dhéanamh. B’ionann sin agus an Stát ag rá le pobal na Gaeltachta 'Labhraígí Gaeilge le chéile, coinnígí beo í mar theanga pobail ach ná labhraígí linne í!'"2

Taobh istigh de sé mhí  d'éirigh sé as mar Coimisiinéir ionas nach mbeidh sé "páirteach sa chur i gcéill!"

Cé gur dhúirt an Rialtas gur éirigh an straitéis as moltaí Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch Ar Úsáid Na Gaeilge Sa Ghaeltacht (2007), sáraíonn cuid de straitéis an Údaráis moltaí an staidéir. Mar shampla, cé gur moladh gur chóir caitheamh le ceantar Gaeltachta mar aonad amháin teangeolaíoch, rinneadh an ceantar Gaeltachta i dTír Chonaill a scoilt ina dhá chuid agus tá a gcoistí féin ag na hoileáin. Tá Conamara scoilte mar an gcéanna.3

Deir na saineolaithe uilig gur seo an seans deireanach leis an Ghaeltacht a chaomhnú agus níl ciall nó réasún leis nach bhfuil baill thofa ar bhord an Údaráis leis an obair thábhachtach seo a stiúradh. Tá sé thar am ag an rialtas an daonlathas a thabhairt isteach ar ais sa Ghaeltacht agus toghcháin don bhord a fhógairt.

Má thugtar bord tofa isteach, beidh pobal na Gaeltachta ag cur brú orthu déanamh cinnte go bhfuil achan chruinniú boird foscailte don phobal agus go mbeadh siad uilig craolta beo ar an idirlíon sa dóigh is go bhfuil an pobal ábalta feiceáil daofa féin caidé mar a dhéanann an bord cinneadh ar na dúshláin tromchúiseacha atá os comhar phobal na Gaeltachta.

1. Moill, moilliú nó stopadh? (3 Meán Fomhair 2013).

2:  Fochoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, (23 Eanáir 2014).

3: Scoilt i nGaeltacht Chonamara! (26 Meith 2018)


Share/Save/Bookmark

21.5.19

Ráiteas an Choimisinéara Teanga san Oireachtas. (Bealtaine 2019)

Bhí an Coimisinear Teanga, Rónán Ó Domhnaill ós comhair  Buan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ar an 21ú lá Bealtaine 2019 ag plé  tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga do 2018. Seo an Preas Ráiteas ón gCoiste roimh an chruinnithe.

"...ghoill sé orm mar Choimisinéir Teanga, nach raibh ar mo chumas thart ar leath de na gearáin a rinneadh liom a fhiosrú, de thoradh, den chuid is mó, gan dualgas a bheith ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí cuimsitheacha Gaeilge a chur ar fáil."

A Chathaoirligh,
Gabhaim buíochas leat féin agus leis an gCoiste as an gcuireadh teacht in bhur láthair anseo tráthnóna. Is mór an tacaíocht dom an tsuim leanúnach a chuireann an Comhchoiste i gcúrsaí cearta teanga agus reachtaíochta teanga. Tá an pháirt ghníomhach atá á glacadh agaibh sna cúrsaí seo agus an díospóireacht a spreagann sibh fíorthábhachtach, tráth a dteastaíonn athmhachnamh ar chur chuige an Stáit i leith na Gaeilge.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL – LÉARGAS GINEARÁLTA
Tugadh cuireadh dom anseo inniu chun príomhthorthaí mo Thuarascála Bliantúla, 2018 (pdf) a chur in bhur láthair agus aon cheisteanna atá agaibh a fhreagairt chomh maith, dar ndóigh.

Fearacht oifigí ombudsman agus oifigí géilliúlachta eile tá an t-idirphlé a bhíonn againn leis an bpobal thar a bheith tábhachtach inár gcuid oibre. Bíonn muid ag brath ar an bpobal chun na deacrachtaí a bhíonn acu seirbhísí a fháil ón státchóras i nGaeilge a chur faoinár mbráid. Minic go maith réitítear cuid mhaith de na deacrachtaí aonaracha a bhíonn ag daoine cé nach n-éiríonn linn gach deacracht a réiteach, go háirithe nuair nach ann do dhualgas reachtúil seirbhísí áirithe a chur ar fáil i nGaeilge nó i gcásanna nach dtagann comhlacht poiblí faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is bunfhadhbanna iad sin a bhaineann leis an Acht féin agus a bhfuil cuid mhaith plé déanta orthu roimhe seo. Táthar freisin ag brath ar thoil an Stáit caitheamh go cothrom le daoine a dteastaíonn uathu a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Ní aon amhras orm ach nach bhfuil an státchóras sách réamhghníomhach i soláthar na seirbhísí sin agus go minic go mbaineann crá croí le bheith ag iarraidh cuid de na seirbhísí poiblí is bunúsaí a fháil i nGaeilge.

Bhí líon na ngearán a rinneadh le m’Oifig le linn 2018 mórán mar an gcéanna leis an mbliain roimhe sin, titim an-bheag ó 638 go 634. Bhain os cionn 90% de na gearáin le cúig réimse faoi leith: forálacha i scéimeanna teanga, comharthaíocht agus stáiseanóireacht, freagra i mBéarla ar chumarsáid i nGaeilge, comharthaí bóthair, agus fadhb le húsáid ainmneacha agus sloinnte i nGaeilge. Tháinig aon tríú de na gearáin ó dhaoine i mBaile Átha Cliath agus ceann as chuile chúig cinn ó dhaoine sna ceantair Ghaeltachta.

Arís, ghoill sé orm mar Choimisinéir Teanga, nach raibh ar mo chumas thart ar leath de na gearáin a rinneadh liom a fhiosrú, de thoradh, den chuid is mó, gan dualgas a bheith ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí cuimsitheacha Gaeilge a chur ar fáil.

Bhí an fhadbh maidir le húsáid ainm agus sloinnte i nGaeilge go mór sa nuacht le deireanaí. Thagair mé sa Tuarascáil chomh míshásúil is atá sé nach bhfuil córais ríomhaireachta roinnt comhlachtaí poiblí in ann déileáil le síntí fada go fóill. Is cuid lárnach de chéannacht an duine a ainm. Ní sé míréasúnach a bheith ag súil go ndéanfaí soláthar don mhéid sin i gcórais ríomhaireachta na gcomhlachtaí poiblí i ré theicneolaíochta na linne seo. Tá mé ar an eolas faoi chinneadh a rinne an Coimisiún Cosanta Sonraí ar an ábhar seo le deireanaí agus an rialú nach raibh dualgais cosanta sonraí á sárú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nuair nach raibh ar chumas a gcórais ríomhaireachta síntí fada ar ainm duine a thaifeadadh. Tuigfidh sibh nach dtagann cúrsaí cosanta sonraí faoi mo dhlínsese agus mar sin níor mhaith liom aon tuairim a thabhairt ar chinneadh an Choimisiúin.

An méid sin ráite creidim go láidir nár chóir gur ceist cosanta sonraí a bheadh anseo ó thús deireadh. Is ábhar í a bhaineann le húsáid teanga oifigiúla de chuid an Stáit seo agus is gá go ndéileálfaí leis ar an mbealach sin. Léiríonn an deacracht atá ann an tábhacht go mbeadh an t-ábhar seo cuimsithe ag reachtaíocht teanga. Gan foráil reachtúil tá sé soiléir nach féidir glacadh leis go réiteofar an fhadhb seo go huathoibríoch nó in imeacht ama. Tá sé tráthúil mar sin go scrúdófaí an cheist seo go mion agus Bille na dTeangacha Oifigiúla ag teacht faoi bhur mbráid go luath. Tá fáilte le cur roimh an bhforáil a bhí sna ceannteidil ina leith seo ach mar atá ráite agam roimhe seo creidim go dteastaíonn í a threisiú. D’fhéadfaí sin a dhéanamh ach dáta cinnte a shocrú le dlí faoina gcaithfeadh córais ríomhaireachta atá in úsáid ag an Státchóras a bheith in ann glacadh le síntí fada. Ní gá agus níor cheart go bhfágfaí faoi chomhlachtaí poiblí na dátaí sin a shocrú.

Ar ábhar gaolmhar ní mór chomh maith aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a bhíonn ag daoine a n-ainm i nGaeilge a úsáid nuair a bhíonn na sonraí sin i mBéarla ar bhundoiciméid chéannachta. Is fadhb leanúnach í seo agus ba cheart an deis atá ann réiteach reachtúil a fháil ina leith a thapú anois.

IMSCRÚDÚ RTÉ
"...is bocht an scéal é sin d’aon chraoltóir náisiúnta; is é sin go mbeadh céadteanga oifigiúil na tíre fágtha ar lár ar fad beagnach ó chraoladh teilifíse an chraoltóra chéanna."

Tá cur síos sa Tuarascáil Bhliantúil chomh maith ar cheann de na himscrúduithe is tábhachtaí a rinneadh i stair na hOifige; b’in an t-imscrúdú ar an gcraoltóir seirbhíse poiblí, RTÉ. D’eascair an t-imscrúdú seo ó ghearán a rinne duine den phobal liom faoi easpa craoltóireachta trí Ghaeilge a bhí le brath ar sheirbhísí craoltóireachta RTÉ. Léirigh an t-imscrúdú féin gur beagán le cois céad uair an chloig de chláir theilifíse Ghaeilge a craoladh ar RTÉ le linn 2017 i gcomparáid le hos cionn ocht déag míle uair an chloig de chláir Bhéarla. Is ionann sin agus pointe a seacht faoin gcéad agus is léir, faraor géar, go bhfuil craoladh clár teilifíse Gaeilge beagnach caite i dtraipisí ar fad ag an gcraoltóir náisiúnta faoin tráth seo. Cibé céard faoi aon sárú reachtaíochta is bocht an scéal é sin d’aon chraoltóir náisiúnta; is é sin go mbeadh céadteanga oifigiúil na tíre fágtha ar lár ar fad beagnach ó chraoladh teilifíse an chraoltóra chéanna.
Rabhadh le tabhairt ag an gCoimisinéir Teanga do RTÉ i dTithe an Oireachtais (Tuairisc.ie)

'Cláir Ghaeilge beagnach caite i dtraipisí ar fad ag RTÉ' (RTÉ)

Síneadh fada ar bith ar fáil le linn chuairt an Choimisinéara Teanga ar Thithe an Oireachtais (Tuairisc.ie)

RTÉ criticised over Irish language television output (RTÉ)

Irish language watchdog criticises RTÉ again at Oireachtas committee (Irish Times)
Ba í seo an chéad uair a fiosríodh na forálacha reachtúla teanga de chuid an Achta Craolacháin, 2009. Sorcaíonn na fionnachtana agus na moltaí atá déanta agam fasach thábhachtach don todhchaí.

Chinn mé san imscrúdú go gcaithfeadh RTÉ réimse cuismsitheach clár Gaeilge a chraoladh ar sheirbhís raidió agus ar sheirbhís teilifíse an chraoltóra. Nuair a socraíodh an fhoráil reachtúil seo ba léir gurbh é toil an Oireachtais go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil ar sheirbhís teilifíse agus raidió an chraoltóra náisiúnta. Socraíodh an dualgas sin agus lánfheasacht ar ról TG4. Gan dabht tá breithiúnas i gceist le céard is brí le ‘réimse cuimsitheach’ ach nuair ba léibhéal íosta ar fad an méid clár a bhí á chraoladh ar an tseirbhís teilifise b’éasca a aithint nach raibh an dualgas á chomhlíonadh.

Má chuirtear mo chuid moltaí i bhfeidhm, mar a bheinn ag súil go ndéanfadh aon chomhlacht poiblí freagrach, beidh tionchar mór aige ar sholáthar na gclár teilifíse Gaeilge san am atá le teacht.

Sna míonna beaga amach romhainn beidh mé ag súil le tuarascáil agus plean ó RTÉ ar an mbealach a dtabharfar faoi chomhlíonadh na ndualgas reachtúil teanga seo. Is é comhlíonadh na ndualgas sin an t-aon slat tomhais a bheidh in úsáid agamsa agus mé ag tabhairt mo bhreithiúnais an leor na moltaí a dhéantar in aon phlean a thagann ó RTÉ.

Tráth ar eisíodh an tuarascáil bhliantúil thagair RTÉ an athuair do na réimsí seirbhísí eile, idir seirbhísí digiteacha agus ar líne, a chuirtear ar fáil i nGaeilge. Níl aon cheist ach go bhfuil fiúntas le forbairt na réimsí sin ach déanaim an pointe go daingean an athuair nach laghdaíonn siad an dualgas atá ann maidir le craoladh réimse cuimsitheach clár teilfíse agus raidió i nGaeilge.

Ar ndóigh, má thagaim den tuairim nach bhfuil moltaí an imscrúdaithe á gcur i bhfeidhm go sásúil tá i gceist agam tuarascáil maidir leis an méid sin a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais i gcomhréir leis na cúraimí atá leagtha orm.

IMSCRÚDUITHE EILE
I measc na n-imscrúduithe eile is suntasaí a tugadh chun críche le linn na bliana tá ceann ar an Roinn Talmhaíochta, a shocraigh poist a fhógairt in dhá cheantar Gaeltachta gan aon riachtanas Gaeilge a bheith luaite leo; an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil as an gCreat Náisiúnta Pleanála, a bhí mar chuid de Thionsnamh Éire 2040, a fhoilsiú i mBéarla amháin; Comhairle Contae Chorcaí as Google Translate a úsáid chun suíomh gréasáin na heagraíochta a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge; agus Amharclann na Mainistreach de thoradh comharthaíocht a bheith ar neamhréir leis na rialacháin. Tá tábhacht le gach ceann de na himscrúduithe seo astu féin ó tharla gur bhain siad le neamhchomhlíonadh gné éigin d’fhoráil teanga nár éirigh linn a réiteach tríd an bpróiseas neamhfhoirmiúil reitithe gearáin a fheidhmíonn m’Oifig. Ach oiread le RTÉ scrúdófar cur i bhfeidhm mholtaí na n-imscrúduithe sin le linn na bliana seo.

FAIREACHÁN
D’fhógair mé anuraidh ag cruinniú den Chomhchoiste seo go raibh mé ag cur deireadh leis an bpróiseas monatóireachta a bhí i bhfeidhm ag m’Oifig go dtí sin, is é sin iniúchadh ar Scéimeanna Teanga aonaracha den chuid is mó. Is mar thoradh ar mo Thráchtaireacht ar Chóras na Scéimeanna Teanga, a léirigh go raibh úsáid á baint as an gcóras chun cúngú agus lagú a dhéanamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge, a chinn mé an méid sin a dhéanamh. Mheas mé nach mbeadh sé cuí dom mar Choimisinéir Teanga acmhainní teoranta na hOifige a dhírú den chuid is mó ar chóras atáthar a fheidhmiú go fabhtach.

Ó lár na bliana seo caite chuir m’Oifig córas nua faireacháin i bhfearas lena ndéantar iniúchadh ar:
  • líon an bpost atá sainaitheanta ag Ranna Rialtais lena mbaineann riachtanas Gaeilge,
  • úsáid na dteangacha oifigiúla ar chomharthaíocht ag suíomhanna oidhreachta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí, agus
  • cur i bhfeidhm gealltanas reachtúil a bhaineann le suíomhanna gréasáin de chuid na n-údarás áitiúil.
Tá súil agam an Tuarascáil Faireacháin don bhliain 2018 a fhoilsiú faoi cheann roinnt seachtainí agus na torthaí sin a chur faoi bhur mbráid. Idir an dá linn, táim féin agus ár mbainisteoir géilliúlachta Eileen Seoighe breá sásta tuilleadh plé a dhéanamh ar an múnla nua libh agus an modh oibre a bhí againn.

Forbrófar an córas seo de réir a chéile agus tá i gceist agam tuarascáil faireacháin a fhoilsiú go bliantúil feasta. Faoi láthair níl aon údáras agam monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh aon fhorálacha teanga d’aon Achtachtáin eile seachas na cinn sin a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Creidim go gcuirfeadh sé go mór le mo chuid feidhmeanna dá bhféadfaí aghaidh a thabhairt air seo agus an tAcht á leasú.

BILLE NUA

Tá tagairt déanta agam sa Tuarascáil Bhliantúil don mhoill atá ann le foilsiú Bhille na dTeangacha Oifigiúla chun leasú a dhéanamh ar an Acht reatha. Tá an tAcht ar an bhfód anois le os cionn cúig bliana déag, agus dhá bhliain caite ó foilsíodh na ceannteidil is deireanaí. Mar sin féin tá muid ag fanacht go fóill le foilsiú an Bhille. Tá na leasuithe a theastaíonn pléite agus athphléite faoin tráth seo, tá bhur moltaí féin curtha i láthair sa tuarascáil a d’fhoilsigh sibh i mí na Bealtaine 2018 agus is beag eile is féidir a rá faoin ábhar nach bhfuil ráite go minic cheana. Ní theastaíonn uaim dóchas ná éadóchas a léiriú faoi fhoilsiú an Bhille ag an tráth seo ó tharla gur ábhar í nach bhfuil aon smacht agamsa air. Is faoin Aire agus faoin Roinn atá sé anois an Bille a fhoilsiú agus a achtú.

Glactar leis go coitianta go dteastaíonn Acht nua go géar chun aghaidh a thabhairt ar na feabhsúcháin atá de dhíth. Dá fheabhas a bhíonn aon reachtaíocht, ní leor í aisti féin. Níl aon amhras ach go dteastaíonn athrú ón mbun aníos ar chur chuige an Státchórais chomh maith. Níor cheart go mbeadh eagraíochtaí stáit ag féachaint ar an nGaeilge mar ualach nó mar dhualgas atá le comhlíonadh go drogallach nó le seachaint nuair is féidir. Ba cheart go bhféachfaí i gcónaí le stádas a thabhairt don teanga agus a húsáid a chur chun cinn in chuile bheartas agus gníomhaíocht de chuid an Stáit más ann go bhfuiltear chun caitheamh léi mar theanga oifigiúil atá ar comhchéim leis an mBéarla.
Share/Save/Bookmark

8.4.19

Seán séanta ag an stáit?


Is cosúil go bhfuil an ceart ag aon eagras Stáit d'ainm a athrú?

Dale Carnegie
Tuairscíodh ar maidin go bhfuil cinneadh fógairtha ag oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí nach bhfuil sé in aghaidh an dlí ag comhlachtaí ainmneacha Gaeilge a litriú mícheart trí shínte fada a fhágáil ar lár.

Thagann sé seo glan in aghaidh ráiteas an Choimisinéir Teanga le fada. Mar shampla "Is dlúthchuid dár gcéannacht é ár n-ainm agus sloinne agus níor chóir go dtógfadh aon duine nó eagraíocht orthu féin é a (athrú)" (Tuarascáil 2015).

Ní h-ionann "Sean" agus "Seán", nó "Orla" agus "Órla!" 

Ach níl aon ceart de réir dlí is cosúil ar seo. Tá tíortha ar an mór roinn nach dtugann cead ag daoine a rogha a ainm a thabhairt d'á bpáistí ach go dtí seo ní raibh fhios agam go raibh cead ag aon Stáit ainm nó sloinne éinne a athrú.

Dúirt Dale Carnegie, údar cháiliúil, an méid seo tráth - "Ná dean dearmad gurb é ainm an duine, don duine féin,  an fhuaim is milse agus is tábhachtaí i dteanga ar bith!" *

Is cosúil go bhfuil sé sin dearmada ag an Stáit!

* How to win friends and influence people." Dale Carnegie 1936

@DPCIreland @Ceartateanga

• Ar an ábhar seo tá an scéal seo ar NÓS ar maidin spéisiúil chomh maith - Scéal ghearr faoi shíne fada!



Share/Save/Bookmark

3.4.19

Cúrsaí teanga i mBliain na Gaeilge 2018!

"Tá blianta fada caite ó cuireadh tús leis an bpróiseas chun an tAcht (Acht na dTeangacha Oifigiúla) a leasú. Is é mo mhian nach n-imeodh bliain eile tharainn gan Acht nua atá in oiriúint do riachtanais shochaí an lae inniu a bheith tugtha ar an bhfód." - Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéir Teanga 2018

Rónán Ó Dómhnaill
Léiríonn fiosrúcháin de chuid Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil an líon clár trí Ghaeilge a chraoltar ar RTÉ thar a bheith easnamhach, ar neamhréir le toil an Oireachtais agus ag sárú forálacha teanga an Achta Craolacháin, 2009. Léiríodh san imscrúdú go bhfuil níos lú ná 1% de na cláir a craoladh ar theilifís RTÉ sonraithe mar chláir Ghaeilge in ainneoin dualgas reachtúil réimse cuimsitheach clár a chraoladh sa teanga.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill ag seoladh Tuarascáil Bhliantúil 2018 a oifige:
“Tá sé seo ar cheann de na himscrúduithe is tábhachtaí a láimhseáil m’Oifig ó bunaíodh í. Siod í an chéad uair a rinneadh imscrúdú foirmiúil ar chomhlíonadh dhualgais an Achta Craolacháin sa mhéid is a bhaineann siad le craoltóireacht na Gaeilge. Léiríonn torthaí an fhiosraithe nach bhfuil ach 0.7% de na cláir theilifíse ar RTÉ sonraithe mar chláir Ghaeilge. Nó, i bhfocail eile, gur i mBéarla amháin atá thart ar 99% de na cláir theilifíse ar an stáisiún.”

Léiríodh san imscrúdú chomh maith go raibh séanraí ann a bhfuil cur síos déanta orthu san Acht Craolacháin ar chóir cláir Ghaeilge a chraoladh ina leith nár freastalaíodh i nGaeilge orthu ar chor ar bith nó ar tearc ar fad an freastal a rinneadh orthu. Léirítear sa tuarascáil go bhfuil tuiscint chinnte ag RTÉ ar céard is ‘clúdach cuimsitheach’ ann i mBéarla ach go bhfuil an chosúlacht air go bhfuil tuiscint iomlán eile ar céard atá i gceist leis sin i nGaeilge.

Tá sé molta ag an gCoimisinéir Teanga go gcuirfeadh RTÉ plean feidhmithe faoina bhráid ina sonrófaí na bearta a ghlacfaidh an craoltóir náisiúnta chun comhlíonadh na ndualgas reachtúil teanga a chinntiú.

“Is léir go dteastaíonn cur le líon na gclár Gaeilge ar bhealach córasach agus cuimsitheach, i go leor réimsí clár, chun go gcomhlíonfaí na dualgais san Acht Craolacháin,”

Imscrúdaithe eile
Tá achoimre ar an imscrúdú seo, mar aon leis na seacht n-imscrúdú eile a thug an Coimisinéir Teanga chun críche anuraidh, le fáil i dTuarascáil Bhliantúil Oifig an Choimisinéara Teanga don bhliain 2018.

Tá imscrúdaithe eile luaite sa tuairisc chomh maith.
  • Comhairle Contae na Gaillimhe maidir le héisiúint tvuíteanna i mBéarla amháin agus a bhain le ceantair Ghaeltachta. Bhí seo ag sárú scéim teanga reachtúil na Comhairle féin. Siod í an chéad uair chomh maith a rinne an Oifig imscrúdú foirmiúil faoi úsáid Twitter.
  • An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, a sháraigh reachtaíocht teanga nuair nár fhoilsigh sí cuid de Thionscnamh Éireann, 2040 i nGaeilge nuair a seoladh é
  • Iarnród Éireann maidir lena easpa cumais glacadh le síntí fada ar chóras áirithintí traenach an chomhlachta, mar aon le sárú ar reachtaíocht i dtaca le comharthaíocht
  • Comhairle Contae Chorcaí faoi Google Translate a úsáid ar a suíomh gréasáin agus
  • An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara as poist a fhógairt i gceantair Ghaeltachta gan aon riachtanas ó thaobh na Gaeilge de a bheith ag dul leis na poist sin.
Chomh maith leis na himscrúduithe sin léirigh Rónán Ó Domhnaill a dhíomá nach raibh an comhoibriú a fuair a Oifig ó Amharclann na Mainistreach ar an gcaighdeán a mbeadh sé ag súil leis ó amharclann náisiúnta na tíre. Chinn an Coimisinéir Teanga, in imscrúdú dá chuid, nach raibh roinnt den chomharthaíocht a bhí in úsáid san amharclann ag cloí leis na dualgais reachtúla a bhaineann le húsáid na dteangacha oifigiúla.

Ar an iomláin fuair an Oifig 634 gearán ó dhaoine den phobal anuraidh, mionlaghdú ó 2017 (0.63%). Bhain formhór na ngearán le heaspa Gaeilge ar suíomhanna gréasáin, foirmeacha iarratais, comharthaíocht agus stáiseanóireacht. Réitíodh formhór mór na ngearán tríd an bpróiseas neamhfhoirmiúil réitithe gearán a fheidhmíonn an Oifig.

Thug an tUasal Ó Domhnaill suntas dó, i gcás beagnach leath na ngearán a fuair a Oifig anuraidh, nár bhain na gearáin sin le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Dúirt sé:
“Léiríonn sé seo, an athuair, an gá práinneach le leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun cinntiú go bhfuil sé oiriúnach dá fheidhm agus ag freagairt do riachtanais na ndaoine ar mian leo seirbhísí trí Ghaeilge a fháil ón Stát. Faoi láthair tá difear soiléir le brath idir céard atá ag teastáil uathu siúd atá ag lorg seirbhís stáit trí Ghaeilge agus an méid a fhaigheann siad. Caithfear aghaidh a thabhairt air seo trí Acht Teanga níos láidre agus níos éifeachtaí a thabhairt chun cinn chomh luath agus is féidir. “

Cúig bliana déag caite! 
Tá cúig bliana déag caite ó foilsíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá an mhuinín atá ag lucht labhartha na Gaeilge agus acu siúd ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge san Oifig le brath. Ach tá na laigí soiléire atá ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ó thaobh earcaíochta de sa tseirbhís phoiblí agus teip chóras na scéimeanna teanga ar chuid de na constaicí is mó a bhaineann lenár gcuid oibre. Níor tapaíodh an deis oidhreacht thairbheach reachtúil a fhágáil tar éis Bhliain na Gaeilge trí Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú. Tá blianta fada caite ó cuireadh tús leis an bpróiseas chun an tAcht a leasú. Is é mo mhian nach n-imeodh bliain eile tharainn gan Acht nua atá in oiriúint do riachtanais shochaí an lae inniu a bheith tugtha ar an bhfód.

Ait go leor is inné a tuairiscíodh gur fhogair Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne a d’fhógair an liosta tráthnóna den 30 píosa reachtaíochta a bhfuil tús áite á thabhairt ag an Rialtas dóibh as seo go dtí tús shos an tsamhraid ina measc bhí bille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha.

Dualgais eile.
Ceapadh Rónán Ó Domhnaill ina Chathaoirleach ar an gCumann i lár na bliana 2018 agus dá bhrí sin tá ról rúnaíochta an Chumainn á chomhlíonadh ag a oifig i láthair na huaire. Bunaíodh anseo in Éirinn an cumann seo le linn comhdháil a d’eagraigh Seán Ó Cuirreáin (an céad Coimisinéir Teanga in Éirinn) i mBaile Átha Cliath i rith na bliana 2013.

Ceapadh an Coimisinéir Teanga ian Chathaoirleach in 2017 ar Fhóram Ombudsman na hÉireann. Bíonn cruinnithe ag Fóram na nOmbudsman, ina bhfuil seachtar ball, uair sa ráithe. Is iad baill eile an Fhóraim ná an tOmbudsman, an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean, an tOmbudsman do Leanaí, Ombudsman an Phreasa, an tOmbudsman d’Óglaigh na hÉireann agus Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána. Bhí na cruinnithe sin ar fad i mBaile Átha Cliath le linn 2018.

Tá sé ina bhall de Bhord Feidhmiúcháin Chumann na nOmbudsman ó 2017. Is cumann de na hOifigí Ombudsman ar fad in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór, agus a bhfuil an Oifig seo ina ball gníomhach de, atá anseo. Beirt as Éirinn atá ar an mbord, ar a bhfuil ochtar ball ina iomláine. Casann an bord le chéile cúig huaire sa bhliain chun gnóthaí Chumann na nOmbudsman a riaradh agus a phlé le Stiúrthóir an Chumainn. Tugadh cuireadh don bhord teacht go Gaillimh do cheann de chruinnithe an bhoird le linn 2018 agus tharla sin i mí Mheán Fómhair.

Tá dúthracht agus díogras an Choimisinéir Teanga agus an foireann oibre san oifig le feiscint go soiléir sa tuairisc seo. Tá muid go mór faoi chomaoin acu as a gcuid chomhoibriú ar ár son.
Share/Save/Bookmark