Tá úsáid na Gaeilge ar chomharthaí tráchta na tíre ar an léiriú is feiceálaí de pholasaí an stáit i leith ár dteangacha oifigiúla, Gaeilge agus Béarla. Caithfidh údaráis bhóithre na tíre cloí leis na dualgais atá leagtha orthu maidir le húsáid na dteangacha sin ar chomharthaí tráchta faoin Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta. Is iad na húdaráis atá i gceist ná an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta agus údaráis áitiúla na tíre.
Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta
Foilseachán oifigiúil atá eisithe mar ordúchán de chuid an Aire Iompair é an Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta.
Is iad seo a leanas na príomhdhualgais a leagtar ar na húdaráis bhóithre sa Lámhleabhar: An Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta
Logainmneacha ar Chomharthaí Eolais
Caithfidh logainmneacha ar chomharthaí eolais a bheith i nGaeilge agus i mBéarla ach amháin:
- I gcás ceantair Ghaeltachta, áit a gcaithfidh na logainmneacha a bheith i nGaeilge amháin.
- Sa chás gur cosúil litriú logainm sa dá theanga, is í foirm Ghaeilge an logainm amháin ba chóir a úsáid (Caibidil 1.9.1 den Lámhleabhar).
Ba chóir don téacs i mBéarla a bheith i gcló rómhánach agus i gcás uachtair (Caibidil 1.9.3 den Lámhleabhar).
Comharthaí Eolais gan Logainmneacha
Ba chóir na riachtanais thuasluaite a chur i bhfeidhm ar gach uile chomhartha eolais, ar a n-áirítear plátaí eolais a chuirtear in airde in éineacht le comharthaí (Caibidil 1.9.4 den Lámhleabhar).
Foirmeacha & Litriú Logainmneacha
Ba chóir a chinntiú go n-úsáidtear na foirmeacha agus an litriú ceart de logainmneacha ar chomharthaí tráchta (Caibidil 1.9.5 den Lámhleabhar).
- (a) Ba chóir do na húdaráis bhóithre an t-Ordú Logainmneacha cuí a scrúdú.
[Nóta breise: Tá cóipeanna de na hOrduithe Logainmneacha go léir atá déanta go dtí seo ar fáil ag Suíomh an Choimisinéara Teanga. Baineann an chuid is mó de na hOrduithe le contaetha éagsúla ach tá Orduithe ann freisin a thugann ainmneacha na gcúigí agus na gcontaetha, na lárionad daonra (bailte agus sráidbhailte san áireamh) agus na gceantar Gaeltachta.]
(b) Mura bhfuil logainm san áireamh san Ordú Logainmneacha, ba chóir dul i gcomhairle le Gasaitéar na hÉireanna d’fhoilsigh an Brainse Logainmneacha den tSuirbhéireacht Ordanáis i 1989 agus a thugann liosta dátheangach de phríomhainmneacha tíreolaíochta na hÉireann.
[Nóta breise: Is féidir an leagan ceart Gaeilge de logainm a dhearbhú trí leas a bhaint as Bunachar Logainmneacha na hÉireann. Mura bhfuil an logainm ar fáil ansin, is féidir dul i dteagmháil leis an mBrainse Logainmneacha trí leas a bhaint as an bhfoirm ar líne atá ar fáil ag Bunachar Logainmneacha na hÉireann.]
(c) Agus dearbhú á lorg ar an leagan ceart Gaeilge de logainm nach bhfuil tugtha i gceachtar de na foilseacháin thuasluaite, ba chóir dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Logainmneacha. Sula ndéanfadh údaráis bhóithre é sin, d’fhéadfaí a fháil amach trí chomhairliúchán áitiúil an bhfuil tábhacht speisialta go háitiúil le logainmneacha ar leith nó an bhfuil úsáid thraidisiúnta i gceist.
[Nóta breise: Ba chóir a bheith airdeallach go bhfuil dualgais faoi leith ag baint le logainmneacha Gaeltachta atá daingnithe san Ordú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) IR 872 de 2004 atá ar fáil ag suíomh an Choimisinara Teanga.]
Má tá logainmneacha rófhada, is féidir iad a ghiorrú, mar shampla: Baile – B.; Caisleán – Cais.; Droichead – Dr.; Mainistir – Main. (Caibidil 1.9.6 den Lámhleabhar).
Comharthaí Rabhaidh (san áireamh Comharthaí faoi Oibreacha Bóthair)
Ní hiondúil go mbíonn téacs ar na comharthaí seo ach bíonn siombail orthu chun teachtaireachtaí a chur in iúl. Má tá téacs in úsáid, ba chóir an téacs a bheith dátheangach. Má tá an baol ann, áfach, go laghdófaí tionchar na teachtaireachta, ba chóir comharthaí ar leith i nGaeilge agus i mBéarla a úsáid. (Caibidil 1.9.7 den Lámhleabhar).
Tá an teolas seo faighte againn ó shuíomh an Choimisinéara Teanga