11.12.15

Teachtaireacht eile thar a bheith simplí maidir le tábhacht na teanga! #Stratéis

Tuarascálacha cúig bliana ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 foilsithe ag na Ranna Rialtais go léir!

D'fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh TD tuarascálacha cúig bliana ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ag na Ranna Rialtais go léir.

Fís

Is é aidhm pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ná úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga phobail ar bhonn céimiúil.

Is aidhm ar leith de chuid an Rialtais é a chinntiú go bhfuil an oiread saoránach agus is féidir dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla.

Tá sé ina dhlúthchuid de pholasaí an Rialtais i leith na teanga go ndéanfaí cúram agus soláthar ar leith don teanga sa Ghaeltacht go háirithe i bhfianaise an taighde a léiríonn go bhfuil géarchéim ann maidir le hinmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht.


Dúirt sé: go raibh lúcháir air "go bhfuil na tuarascálacha seo ar chur i bhfeidhm na Straitéise ó 2010 go 2015 foilsithe inniu ag na Ranna Rialtais go léir, 16 acu san iomlán. Léiríonn na tuarascálacha seo an méid atá déanta faoin Straitéis le cúig bliana anuas. Níl aon dabht ach go bhfuil dúshraith mhaith anseo ar féidir tógáil air don tréimhse cúig bliana ó 2016 ar aghaidh."

Ní féidir a rá go bhfuil lúcháir ar mórán eile faoi. Is cinnte cé go bhfuil an chuid focail scríofa ann ní léir gur mór atá déanta ag an Rialtas má léitear an Straitéis féin - a bhí aontaithe ag chuile páirtí san Oireachtas cúig bliain  ó shin.  Tá ‘díomá’ ag Conradh na Gaeilge faoin ‘easpa dul chun cinn’ a léirítear sna tuarascálacha cúig bliana ar chur i bhfeidhm na Straitéise.

Ní gá ach breathnú ar an méid atá scríofa ag Roinn an Toisigh - an céad caoga fhocail mar a deireann Tuairisc.ie - chun blaiseadh a fháil ar na tuarascálacha “gearra easnamhacha” a luann Éamon Ó Cuív.  

Seo tuairisc ó Roinn an Taoisigh:

"Cur i bhFeidhm na Straitéise
Tá an Taoiseach ina chathaoirleach i gcónaí ar an gCoiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht a dhéanann maoirseacht, i gcomhar leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ar fud Rann a Rialtais ábhartha. Tháinig an Coiste le chéile 3 huaire le linn 2013 agus dhá uair go dtí seo i mbliana.

Maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach
Tá an Roinn, i gcomhar leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, i mbun plé páirtithe leasmhara éagsúla, institiúidí an AE ina measc, chun moltaí sonracha a cheapadh maidir leis an gcur chuige is fearr don todhchaí i leith maolú na Gaeilge in institiúidí an AE.

Bearta le haghaidh na Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí 
An Cathaoirleach
Cé nach bhfuil poist shonracha in a bhfuil líofacht sa Ghaeilge de dhíth sainaitheanta ag an Roinn go dtí seo, aithníonn an Roinn go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh líon áirithe foirne sa Roinn atá líofa sa teanga agus in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. I gcomhréir le beartas an Rialtais, aithneofar i scéimeanna teanga de chuid na Roinne amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla na poist lena mbaineann riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge."

Bhí cúig cruinnithe ag Coiste Rialtais ar an nGaeilge ó thús 2013.
  • Bhfuil miontuairiscí ann? 
  • Cé bhí ann?  
  • Cad go díreach atá ar siúl ag na cruinnithe seo atá in ainm is a bheith ag déanamh maoirseacht? 
  • An mbíonn an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i láthair? 
  • Cén sórt eolas atá aicí ar chúrsaí nuair nach dtuigeann sí an teanga fiú? 
  • Ar thug sí cuairt ar aon cheantair Gaeltachta ó thainig sí in oifig. 
  • Cén fáth nach bhfuil an Aire Stáit luaite?  
  • An féidir ráiteas faoin a Roinn le deanaí "... it’s really important in terms of national profile, in terms of funding, the drop since the recession might suggest that is not as important as other aspects (of government)."
  • D'éirigh Coimisinéir Teanga as díreach roimh an tréimhse seo, mar ní raibh sé sásta "a bheith páirteach sa chur i gcéill." Ar pléadh san riamh ag an gcoiste?
Deireann ráiteas ó Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil plépháipéar foilsithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ina ndírítear ar shaincheisteanna straitéiseacha ar leith chun fócas a thabhairt don phróiseas comhairliúcháin atá á reáchtáil mar chuid den díospóireacht oscailte ar pholasaí.

Chuir an tAire Stáit lena chuid cainte: “Ba mhaith liom tathant ar na páirtithe leasmhara uilig aighneachtaí a chur chuig mo Roinn faoin phlépháipéar faoin Aoine 18 Nollaig.”

Tá pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge trom tuirseach ag chuir aighneachtaí  isteach chuig an Roinn go mór mór nuair nach léir go léitear iad.

Níl! Níl! Níl!
Chuir na gluaiseachtaí Plean Infheistíochta  isteach le déanaí chuig na páirtithe poilitiúla ar son breis is 70 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta. Rinne láithreoir Cormac@5 acoimre ghearr de agus chuir sé ceisteanna ar Chathaoirleach Choiste Rialtais ar an nGaeilge.
  • Aire Shinsear Gaeltachta? Níl a dúirt an Taoiseach!
  • Coiste Dála Gaeilge & Gaeltachta? Arís - díultú ón dTaoiseach
  • Infheistíocht €18milliún i dtógraí áirithe a bhí luait sa phlean (€4milliun níos lú ná an méid a cuireadh ar fáil don teanga 8 mbliain ó shin). Arís diúltú ón dTaoiseach agus ar san ba léir nár léigh sé nó ní léir an raibh fhios aige go raibh an plean seo foilsithe agus ag Aire Stáit na Gaeltachta, plean a bhí chostáilte.
Bhfuil aon athrú ar chúrsaí ó mí Eanáir 2013 nuair a dúirt Seán Ó Cuirreáin, "An bhfuil, mar sin, an Straitéis á cur i bhfeidhm? Níl a fhios agamsa. Agus, i gcead daoibh mar Fhochoiste, ní shílim go bhfuil a fhios agaibhse ach an oiread mar nach bhfuil aon iniúchadh ná léirmheastóireacht neamhspleách á dhéanamh ar fheidhmiú na Straitéise. 

Féin-mheastóireacht amháin atá i gceist agus ón taithí atá agamsa agus ag m’Oifig le 10 mbliana anuas i mbun iniúchadh ar scéimeanna teanga na n-eagras Stáit, is beag tábhacht nó luach atá le cur i ndeireadh na dála ar fhéin-mheastóireacht. In aon réimse den saol is deacair iontaofacht a chur i léirmheas ó pháirtithe leasmhara, ach os a choinne sin, tá ríthábhacht le fianaise atá bunaithe ar thaighde. Tá rud eile foghlamtha againn in imeacht na mblianta – go bhfuil bunús leis an fhrása “what gets measured, gets done!”  Mura bhfuil iniúchadh agus meastóireacht neamhspleách á dhéanamh, ní chreidim gur féidir le haon duine barántas a thabhairt faoin fheidhmiú. "

Agus mé ag léamh na "Tuairiscí" féin-mheastóireachta seo tá sé deacair gan focail An Choimisinéara Teanga reatha a úsáidi ina leith. Go bhfuil an Rialtas seo "ag tabhairt teachtaireacht thar a bheith simplí maidir le tábhacht na teanga."

Share/Save/Bookmark

24.11.15

Aighneachtaí ar aigneachtaí agus foilsiú!

Díospóireacht oscailte ar pholasaí faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D.,  go raibh sé beartaithe díospóireacht oscailte ar pholasaí faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a reáchtáil. Mar a dúramar cheanna go minic léiríonn rudaí beaga sa bhfógra dearcadh an rialtais agus an stáit chóras i leith na Gaeilge.

Bhí alt foilsithe i dTuairisc.ie agus mé ag scríobh an píosa seo. Deireann an Aire ann "go bhfuil cur chuige soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise agus go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh go staidéarach agus go stuama!" Seans go bhfuil sé soiléir don Aire ach níl sé chomh soiléir don scríobhnóir seo.  "Stuama" gan amhras, chomh stuama le clog "ach idir an dá linn, tic-toc, tá an t- am ag sleamhnú agus más fíor gur go mall a mheileann muilte Dé, is léir gur níos moille fós a mheileann muilte an státchórais, go speisialta i réimse na teanga!" (23/1/2014).  Cuireann sé ráiteas a bhí ag Cairdinéal éigin ag an gCéad Comhairle Vaiticáine i gcuimhne dom - "Prudence, Prudence, everywhere is prudence, we'll die of prudence, you'll see!"

Ar ndóigh an céad rud atá ann ná nach bhfuil anseo ach seisiún comhairliúcháin eile agus deirean sé ag an deireadh go mbeidh "fáilte roimh aighneachtaí". Cad a thárla do na h-aighneachtaí a cuireadh ar aghaidh chuig an Roinn seo cheanna? Agus anois breis cainte ach ganntanas ghnímh. Agus ansin ag bun an ráiteas i nGaeilge ar shuíomh na roinne tá nasc acu chuigh :

Ní raibh sé de chuirtéis do, nó de mheas ar phobal na Gaeilge, teideal ar-líne ar dhoiciméid chomh tabhachtach (dár leo) leis seo a bheith i nGaeilge! Mar a deirtear go minic "Labhair Geailge libh fhéin ach labhair Béarla linn!"

Leanann an ráiteas ón Roinn:
"Dúirt an tAire Stáit: “Is í an aidhm atá leis an díospóireacht oscailte ar pholasaí faoin Straitéis ná breathnú siar ar an méid atá déanta faoin Straitéis le cúig bliana anuas agus breathnú chun tosaigh ar na tosaíochtaí faoin Straitéis don tréimhse cúig bliana atá romhainn. Mar thoradh ar an díospóireacht oscailte, beifear ag súil na príomhthosaíochtaí stráitéiseacha don tréimhse cúig bliana ó 2016 ar aghaidh a aithint agus a fhoilsiú." Tá an pléphaipéar le fail i bhfoirm pdf anseo.

Tá sé i gceist na hócáidí seo a leanas a eagrú mar chuid den díospóireacht oscailte ar pholasaí:

Cruinnithe Gaeltachta a bheidh dírithe ach go háirithe ar chur i bhfeidhm praiticiúil an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012. Beidh na cruinnithe Gaeltachta ar siúl in:
  • Indreabhán, Co. na Gaillimhe (Dé Máirt 24 Samhain), 
  • Cill Airne, Co. Chiarraí (Déardaoin 26 Samhain)
  • Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall (Dé Máirt 1 Nollaig).
Comhdháil i mBaile Átha Cliath (Dé Céadaoin 9 Nollaig) a bheidh dírithe ar na réimsí gnímh atá sonraithe faoin Straitéis, ach go háirithe oideachas, an Ghaeltacht, an teaghlach, seirbhísí poiblí, na meáin chumarsáide agus an teicneolaíocht.

Mar chuid den díospóireacht oscailte ar pholasaí, tá plépháipéar foilsithe ar shuíomh na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Cuirfear fáilte roimh aighneachtaí faoin bplépháipéar ach iad a chur chuig an Roinn faoin 18 Nollaig."

Nuair a théann muid níos doimhne isteach sa scéal deirtear "Is í an aidhm atá leis an díospóireacht seo ná breathnú siar ar an méid atá déanta faoin Straitéis le cúig bliana anuas (ní thógfadh sé sin mórán ama!) agus breathnú chun tosaigh ar na tosaíochtaí faoin Straitéis don tréimhse cúig bliana atá romhainn. Ag eascairt as an bpróiseas comhairliúcháin a reáchtálfar faoin díospóireacht seo, beifear ag súil na príomhthosaíochtaí straitéiseacha don tréimhse cúig bliana ó 2016 ar aghaidh a aithint agus a fhoilsiú."

Ar ndóigh níl geallúint ar bith in aon áit go bhfuil siad le rud ar bith a dhéanamh ach iad "a aithint agus a fhoilsiú!" Is cosúil go bhfuil carn mór aighneachtaí anois bailithe ag an Roinn céanna. Ná bí ag caint ar Pháipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca!

Bhfuil sé dearmadta gur aontaíodh an Straitéis ag chuile páirtí san Oireachtas?

Tús maith a bheadh ann dá labhródh na TDanna agus na Seanadóirí a bhfuil Gaeilge acu " i dtráth agus in antráth" i dTithe and Oireachtais.  Tús maith a bheadh ann dá mbeadh seirbhís le fáil ón Stáit i nGaeilge i dTír na nGael gan cheist gan coinníoll. Dá mbeithfeá i ndán rud chomh bunúsach le ceadúnas tiomána a fháil tré Ghaeilge chomh h-éasca le Béarla (rud nach féidir!).  Aire Gaeltachta a agus ní foth-aire mar atá anois againn. Ní chosnódh na trí rud sin pingin ar bith so-bhreis ar an stáit chiste.

Is léir nach glacann Rialtas na hÉireann le ráiteas An Chraoibinn Aoibhinn faoin dteanga:






Share/Save/Bookmark

21.11.15

An Ghaeilge - oileáinín beag san fharraige amuigh ar Mapa an Stáit! @UdarasnaG @ForasnaGaeilge @ceartateanga

Stádas na Gaeilge i dtosaíochtaí an Stáit - oileáinín beag san fharraige amuigh! (Irish Times & Zero-G)
Nuair a labhair Iar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin le Coiste Oireachtais ag tús na bliaina seo caite rinne sé trácht ar rud a dúirt Seosamh Mac Donnachadh agus é ag caint faoin Stráitéis 20 Bliain sa bhliain 2013. Dúirt sé:

“níl againn ach fo-rannóg ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta – fo-rannóg de roinn atá mór agus ilghnéitheach...Agus tá an fho-rannóg sin lonnaithe i bhfad ó lár na cumhachta (thiar sna Forbacha i gConamara); tá siad ag bun an tslabhra cumhachta inmheánaigh laistigh dá Roinn féin; agus tá an mháthair-Roinn atá acu ag bun an tslabhra cumhachta lena mbaineann na Ranna Stáit i gcoitinne, rud a fhágann gur deacair di mórthionchar a imirt ar cheapadh polasaí ná ar fheidhmiú polasaí na Rann eile sin a bhfuil ról lárnach acu i bhfeidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge...”

Tá alt san Irish Times inniú, Mapping the State, (Béarla 21/11/2015) a theaspáineann cé chomh cruinn a bhí an méid a dúirt sé. Rinne foireann Zero-G (Béarla), comhlucht dearadh lonnaithe i mBaile Átha Cliath (ar ndóigh!) learscáil bunnaithe ar an stáit. Tá an dearadh bunaithe ar méid bhuiséid gach rannóg agus ar tuairimí na dearthóirí ar an tabhacht nó an tionchar ata ag gach rannóg. Mar sin tá méid gach rannóg bunaithe ar an méid airgid atá tugtha dóibh agus an áit ina bhfuil siad an tábhacht agus an tionchar atá acu. Deireann duine de na deartheóirí gur roghbhlúire é an learscáil seo ar "tosaíochtaí na hÉireann!"  (Tá an mapa féin le feiscint ag Teach na gCóistí i gCaisleáin Dubhlinne go dtí deireadh Mí na Nollag!)

Deirtear san alt:
“These are placements based on our gut feeling . . . and what we’ve seen over the past few years. Our gut feeling would be that Justice and Equality has a lot of power.


"The same could not be said, for the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht. Even though it’s really important in terms of national profile, in terms of funding, the drop since the recession might suggest that is not as important as other aspects.”

Is beag ná nach féidir linn an Roinn a fheiscint tá sé chomh fada san ar dheis ar an mapa. agus tá trí oileáin beag siar ó dheas (Corca Dorca?) uaidh d'Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus an Coimisinéir Teanga.

Nach dearbhíonn sé seo "go bhfuil an teanga á ruaigeadh ar leataobh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán poiblí?"


An féidir éinne sa Stáit Chóras é sin a shéanadh?
Fó rannóg de Roinn mór agus ilghnéitheach i bhfad ó lár ionad na cumhachta!


Share/Save/Bookmark

16.11.15

Aistear aisteach aistriucháin!

Thárlaíonn sé ró mhinic!

Is minic a bhíonn míchumas, míchuramaí, neamh aird ag Eagrais, Comhluchtaí agus Udaráis stáit le feiscint nuair atá treoireacha á scríobh don bPoball. Bhí sampla do-chreidthe nuiar a chéad seoladh comóradh an stáit 1916-2016. Bhí gach cosúlacht gur baineadh úsáid as aistriúchán uathoibríoch ón mBéarla go Gaeilge. Tá an sceal anseo: Ní hamháin Gaelach, ach ‘google translated’ chomh maith! (Samhain 2014). 


"Nach mo cupán tae?"
Go bhfios dom níl éinne ag scríobh i nGaeilge ar dtús in aon Roinn Rialtas ach is aistriú ó tSacs Bhéarla atá ar siúl acu! Ach sin ceist eile!

Cuireann sé an scéal apacrafúil - is ó tearma.ie a fuair mé an focal! - i gcuimhne dom faoi Mháirtín Ó Cadhain. Is cosúil go raibh sé san Mater i mBaile Átha Cliath. Taithn ón bean rialta naofa a bhí i bhfeidhil ann é a dhéanamh chomh compórdah aguas ab fhéidir agus mar sin thosaigh sí ag iarraidh snas a chuir ar a cuid Gaeilge. Chuaigh sí isteach cuige agus dúirt sí, "An mothaíónn tú cosúil le cupán té?"  Níl taifid den bhfreagra a fuair sí le fáil!

Cé go bhfuil daoine thár a bheith cháinteach tá na haistritheoiri teanga seo mar Google Translate úsáideach go mór mór le miniú a fháil ar rud éigin i dteanga nach bhfuil ar eolas agat. Bainim úsáid as go minic le miniú a fháil ar cáipéisí a fhaighim i bhFraincis agus i dteangacha eile a thagann chugam agus mé ag obair. Ach is léir nach ceart iad a úsáid le rudaí tabhachta nó oifigiúla a aistriú.

Tá alt scríofa ag an "lexiconista" Michal Boleslav Měchura -  Seiceach atá níos Ghaelaí na an-chuid de na n-Éireannaigh - ar an ábhar seo (i mBéarla) ag caint faoi ina bhlag. Alt conspóideach atá ann ach sílim go bhfuil an-chuid den fhirinne ann agus gur fiú é a léamh.

Cad a cheapann tusa?




Share/Save/Bookmark

13.11.15

Ceisteanna don gCoimisinéir? @ceartateanga beo ar líne #CTbeo #Gaeilge #Gaeltacht

Nuair a fhógair Seán Ó Cuirreáin go raibh sé le n-éirí as mar Coimisinéir Teanga rinneamar suirbhé beag le ceisteanna faoin dteanga faoi Oifig an Coimisinéara, Polasaí an Rialtas le spás tuairimí éagsúla a nochtadh. Tugadh torthaí ar an suirbhé beagnach dhá bhliain ó shin faoin dtideal "Scéal fada faoi suirbhé gearr!" (9/12/2013).

Ceist agat dom?
Ar ndóigh ní raibh cur chuige an-chríochnúil ann. Ní dearnadh ach roinnt ceisteanna a chur, bhí sé teoranta do céad "iomatheoir" agus gach seans go raibh siad siúd claonta ar son na Gaeilge. Ach mar sin féin ní dóigh liom go bhfuil an méid sin difríochta idir tuairimí iad siúd agus tuairimí mhuintire na tíre ina n-iomlán. Agus bá léir ó chuid de na freagraí nó tuairimí nach ar aon intinn a bhí acu faoin nGaeilge nó fiú faoi oifig an Choimisinéara!

Idir an dá linn tá  Coimisinéir nua, Rónán Ó Domhnaill, ceapadh ag an Uactarán agus tá sé ag leanúint leis ar óbair cuimsitheach a chomharba. I measc na rudaí nua ar siúl ag an oifig tá siad ag tosú idirgníomhú leis agus sna meáin sóisialta. Mar chuid de seo tá cúntas oscailte aige, @ceartateanga, ar an gcóras giolcaireachta twitter.

Fógraíodh i rith na seachtaine go bhfuil sé le seisiún ceisteanna & freagraí beo le bheith aige ar twitter. Beidh fáilte roimh ceisteanna má tá ceist ar bith ag éinne.

Is ar an Máirt, 17 Samhain 2015 ó 12.00 nóin go dtí 1.00in a bheidh sé ann agus cuirfidh sé fáilte roimh ceisteanna leis an haisclip #ctbeo.

Feicimíd ar twitter thú!




Share/Save/Bookmark

10.11.15

Státchóras na hÉireann! Neodrach nó claonta!

"Bhfuil cead agam déileáil leis an Gaeilgeoir deonach, mas é do thoil é?"
Bhi an méid seo le rá ag an Coimisinéir Teanga ar an ábhar seo in alt i dTuairisc.ie 11 Samhain 2015:

“Tá dlite ar an Stát ról ceannaireachta a ghlacadh agus beartais Ghaeilge an Stáit a chur i bhfeidhm go gníomhach. Tá an Stát ag dul i muinín cur chuige go fóill atá ag brath ar bhaill foirne a bheith sásta seirbhísí a sholáthar i nGaeilge ar bhonn deonach; córas nach bhfuil sásúil ná éifeachtach.

“Ní hionann iarraidh ar bhaill foirne seirbhísí a chur ar fáil ar an gcaoi seo agus tabhairt faoi bheartais Ghaeilge an Stáit a chur i bhfeidhm ar bhonn córasach agus céimiúil."

Dúirt sé freisin gur léirigh caint Howlin “arís eile an líon íseal foirne atá ar fáil i roinnt Ranna Rialtais chun seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge”.

Dúirt Ó Domhnaill nach raibh “aon toradh le feiceáil go fóill ar an gcuspóir go n-aithneofaí na poist sin lena mbeadh cumas feidhmiú sa dá theanga oifigiúla mar choinníoll leo”, cuspóir atá luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Tá sé spéisiúil comparáid a dhéanamh leis an méid a bhí á rá ag Airí Rialtas le déanaí le caint a rinne an Coimisinéir Teanga le déanaí ar dhualgaisí an chóras stáit i leith sholáthair sheirbhís Gaeilge.

Freagrach?
Tuairiscíodh i dTuairisc.ie go ndúirt siad gur "ar bhonn deonach amháin atá seirbhís i nGaeilge á cur ar fáil ag ranna stáit, a deir airí rialtais, ina measc an tAire Caiteachas Poiblí, atá freagrach as cur i bhfeidhm pholasaí an Stáit i leith earcú daoine sa Státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu." San Roinn sinn "Ghéill an tAire Howlin go raibh ‘cuma an-íseal’ ar an gcéatadán sin (0.8%) ach mhaígh sé gur beag teagmháil a bhí ag fostaithe a Roinne le baill aonair an phobail."

Ní mórán nios mó sásamh le fáil ag an duine le Gaeilge leis na Ranna eile a luadh san Alt. Fiú sa an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta níl ach 11% "in ann déileáil leis an bpobal i nGaeilge."

"Is é cuspóir an Acht na dTeangacha Oifigiúla ná úsáid na Gaeilge sa saol poiblí a mhéadú," a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, seachtain ó shin ag Oireachtas na Samhna i mBaile Átha Cliath. "Is minic go ndeir lucht na n-eagraíochtaí stáit nach bhfuil mórán éilimh ar sheirbhísí as Gaeilge."

"Ach," a dúirt sé, "Ar an gcéad dul síos, tá sé deacair a mheas go réalaíoch cén t-éileamh atá ann do sheirbhís nach bhfuil á cur ar fáil, nó mura a bhfuil an tseirbhís i nGaeilge chomh maith céanna, chomh héifeachtach chéanna agus fáil uirthi chomh heasca céanna leis an tseirbhís i mBéarla." Sa taighde a bhí á seoladh aige ar "Thuarascáil Taighde ar Nuachainteoirí na Gaeilge" bhí neart samplaí ar an anró, an strus agus an troid ag na cainteoirí seo ag lorg seirbhís ón stáit agus go mbíonn leisce orthu an tseirbhís sin a iarraidh mura féidir teacht uirthi gan ceist gan coinníoll. Roinn mé féin mó h-eispéireas féin le deanaí ar an trioblóid ceadúnas  tiomána a athnuachain!)

Ach chuir an Coimisinéir le na cinntí fiosrúcháin seo nuair a dúirt sé, "Ach déarfainnse, chomh maith, mura bhfuil éileamh ar sheirbhísí i nGaeilge, tá dlite ar an Stát ról ceannaireachta a ghlacadh agus an t-éileamh sin a ghríosadh de réir aidhmeanna agus beartas Gaeilge an Stáit. 

"Níl an Stát neodrach sna cúinsí sin."

Sílim gur cuma ar bhealach na figiúirí a luaidh san alt i dTuairisc.ie. An rud atá soiléir, ró shoiléir, ná an dearcadh atá ag na hAirí Rialtas, agus mar sin ar an Rialtas agus an Stát Sheirbhís trí síos gur rud "deonach" é seirbhís a sholáthar do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta. Samhlaigh oifigeach sa Roinn Airgeadas agus eolas ar chúrsai eacnamaíochta "go deonach" aige. Nó múinteoir gan eolas ar oideolaíocht bunúsach a bheith aige nó aici.

Is eagal liom ní h-amháin nach bhfuil an Stáit faoin Rialtas seo "neodrach sna cúinsí sin!" ach go léiríonn freagraí na nAirí Rialtas atá ag smaoineamh i malairt treo.  I dtraidisiúin Rialtaisí na tíre seo ó 1928 i leith, tá teachtaireach thár a bheith símplí a thabhairt do phobal na hÉireann.

"Labhraigí Gaeilge le chéile ach ná labhair linne í!"

@ceartateanga @IRLDeptPER
“Seo an tAire atá freagrach as cúrsaí fostaíochta sa Státseirbhís trí chéile, agus is léir nach bhfeiceann sé an tábhacht atá le foireann a bhfuil cumas sa Ghaeilge aici. Feiceann sé an Ghaeilge mar ‘aguisín’ seachas mar bhuncheart,” a dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh le Tuairisc.ie.

Share/Save/Bookmark

5.11.15

Léargais luachmhara seolta ag An Coimisinéir Teanga!


"Tá ról ceannaireachta, dá bhrí sin aitheanta ag an Stát dó féin maidir le cur ar chumas daoine ‘nuachainteoirí’ a dhéanamh díobh féin agus tacú leo ina dhiaidh sin, feidhm a bhaint as an teanga ina ngnóthaí agus ina saol."

Extracts from this address may be found in English here.
An English Language version of the Report on Foras na Gaeilge Site .

Cúntas san Irish Times (9/11/2015)
Sheol an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, Tuarascáil Taighde ar Nuachainteoirí na Gaeilge, a d’ullmhaigh an Dr. John Walsh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, An tOllamh Bernadette O’Rourke, Ollscoil Heriot-Watt, Dún Éideann, agus an Dr. Hugh Rowland, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, d’Fhoras na Gaeilge ag Oireachtas na Samhna i mBaile Átha Cliath.
Pic ó chúntas @cnag ar twitter.
Seo a chuid nótaí cainte don ocáid. Tá i bhfoirm pdf le fáil anseo ar shuíomh an Choimisinéara.

Tá mé fíor-shásta gur iarr údair an staidéir taighde seo orm an tuarascáil seo a sheoladh. Níl ceist ar bith faoi thábhacht an taighde seo ná faoi thábhacht agus riachtanas an chineáil seo taighde.

Chuireann siad inar láthair catagóir cainteora teanga – na ‘nuachainteoirí’ - iad siúd a labhraíonn an Ghaeilge go rialta agus gur chuid lárnach dá bhféiniúlacht í ach nár shealbhaigh an Ghaeilge mar chéadtheanga i dtimpeallacht thraidisiúnta Ghaeltachta ach a d’fhoghlaim an teanga nó a d’fhorbair a gcumas teanga agus a gcleachtais teanga i mbealaigh níos coimpléascaí.

Nuachainteoirí agus Beartas Athbheochana
Ba bheartas athbheochana é beartas Gaeilge an stáit ón uair a bunaíodh é. I dtéarmaí simplí, bhíothas chun an Ghaeilge a mhúineadh do shaoránaigh ionas go go labhróidís í.

Bhraith go leor de phobal na Gaeilge gur tháinig lagú ar dhiongbháilteacht an Stáit sa tionscnamh athbheochana le himeacht ama agus go rabhthas ag cúlú ón mbeartas sin. Bhraith daoine, b’fhéidir, gur fágadh ar an trá fholamh iad agus, mar a dúirt an tOllamh Ó Murchú, gur ‘leas príobháideach, roghnach, anois í, agus is ar éigean gur leas poiblí feasta í a mbraitear dualgas gníomhach a bheith ar an Stát ina leith’

Athdhearbhaíodh sa Ráiteas i leith na Gaeilge i 2006 agus arís sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge i 2010 gurb é beartas an Stáit cur le líon na gcainteoirí Gaeilge agus le húsáid na Gaeilge i saol na sochaí. Tá ról ceannaireachta, dá bhrí sin aitheanta ag an Stát dó féin maidir le cur ar chumas daoine ‘nuachainteoirí’ a dhéanamh díobh féin agus tacú leo ina dhiaidh sin, feidhm a bhaint as an teanga ina ngnóthaí agus ina saol.

Ní fhéadfadh aon rud a bheith níos ábhartha, dá bhrí sin, don tionscnamh teanga, ná an spléachadh a thugann an taighde seo ar chúlra sochtheangeolaíoch na nuachainteoirí, ar a gcleachtais teanga agus ar a bhféiniúlachtaí nó idé-eolaíochtaí. Má táthar chun tacú leis an aicme thábhachtach seo den phobal teanga (móramh an phobail sin, b’fhéidir), caithfear léargas a fháil ar a ndearcadh, a gcuid riachtanas agus ar an inspreagadh atá á múscailt.

Muda
Cuireann siad inár láthair an téarma Muda ón gCatalóinis. Is éard atá sa Muda nó sna Mudes ná athrú cinniúnach i saol nó i dtaithí an duine a mhúsclaíonn iad chun an Ghaeilge a ghacadh chucu féin agus a labhairt go gníomhach. Cíortar sa staidéar seo na cúinsí agus na tarlúintí is coitianta a luaigh na faisnéiseoirí féin.

Ar ndóigh as an 1.7 milliúin duine a thuairisc sa daonáireamh i 2011 go raibh Gaeilge acu, níor labhair ach céatadán beag díobh an teanga ar bhonn ghníomhach. Admhaímis go rabhthas beagán soineanta, b’fhéidir, le linn blianta tosaigh an Stáit, má bhíothas ag súil go labhródh mórán den phobal an teanga ina ghnáthshaol ar a shon sin amháin gur fhoghlaimaíodar ar scoil í ach ná déanfaimis beag is fiú den méid a baineadh amach trí an Ghaeilge a mhúineadh sa gcóras scolaíochta.

Le coincheap an Muda, táthar ag scrúdú na n-athróg i saol agus i dtaithí an duine a ardaíonn an dóchúlacht go músclófar iad chun ról níos suntasaí a thabhairt don Ghaeilge ina saol. Feictear dom gur rud cinniúnach é seo má tá rath le bheith ar aon bheartas a bhfuil de chuspóir aige líon na gcainteoirí gníomhach a mhéadú.

Feidhm Chumarsáide
Is dúshlán don nuachainteoir i gcónaí feidhm don Ghaeilge mar urlabhra a chruthú ina shaol. Is díol spéise mar shampla go luaitear cainteoirí seachtainiúla Gaeilge i measc na gcainteoirí gníomhacha. D’fhéadfadh an Ghaeilge a bheith lárnach d’fhéiniúlacht an duine, nach mbíonn deis acu í a labhairt go laethúil sa saol nó san áit ar fhág an chinniúint iad. Chun feidhm a thabhairt don teanga, caithfear na gréasáin shóisialta agus na háiseanna i réimsí eile den saol a chruthú agus a chothú. Tagraítear freisin do “spásanna sábháilte”- fearainn nó diméin teanga ina féidir an Ghaeilge a úsáid.

"...tá sé deacair a mheas go réalaíoch cén t-éileamh atá ann do sheirbhís nach bhfuil á cur ar fáil, nó mura a bhfuil an tseirbhís i nGaeilge chomh maith céanna, chomh héifeachtach chéanna agus fáil uirthi chomh heasca céanna leis an tseirbhís i mBéarla...

...mura bhfuil éileamh ar sheirbhísí i nGaeilge, tá dlite ar an Stát ról ceannaireachta a ghlacadh agus an t-éileamh sin a ghríosadh de réir aidhmeanna agus beartas Gaeilge an Stáit. Níl an Stát neodrach sna cúinsí sin."
Maidir le mo chúram reachtúil féin, ná déanfaimis dearmad gurb é cuspóir an Acht na dTeangacha Oifigiúla ná úsáid na Gaeilge sa saol poiblí a mhéadú. Is minic go ndeir lucht na n-eagraíochtaí stáit nach bhfuil mórán éilimh ar sheirbhísí as Gaeilge. Ar an gcéad dul síos, tá sé deacair a mheas go réalaíoch cén t-éileamh atá ann do sheirbhís nach bhfuil á cur ar fáil, nó mura a bhfuil an tseirbhís i nGaeilge chomh maith céanna, chomh héifeachtach chéanna agus fáil uirthi chomh heasca céanna leis an tseirbhís i mBéarla. Thagair faisnéiseoirí sa taighde don anró agus don troid a bhíonn i gceist seirbhísí a iarraidh ón Stát i nGaeilge agus don leisce a bhíonn orthu féin an tseirbhís sin a iarraidh mura féidir teacht uirthi go héasca. Ach déarfainnse, chomh maith, mura bhfuil éileamh ar sheirbhísí i nGaeilge, tá dlite ar an Stát ról ceannaireachta a ghlacadh agus an t-éileamh sin a ghríosadh de réir aidhmeanna agus beartas Gaeilge an Stáit. Níl an Stát neodrach sna cúinsí sin.

Gaeltacht / IarGhaeltacht
Chuireann an taighde seo fainic orainn gan a bheith ag smaoineamh ar an nGaeltacht agus ar Phobal na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht i dtéarmaí déscaradh ró-shimplí, cuirim i gcás - an té a shealbhaíonn an Ghaeilge mar chéad theanga sa nGaeltacht i gcodarsnacht leis an té a fhoghlaimíonn í mar dhara teanga. Bhí faisnéiseoirí sa taighde seo a tógadh le Béarla sa nGaeltacht agus le Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Is bunfhíric anois í nach bhfuil aon duine nó chomhluadar slán ó illáithreacht an Bhéarla sa saol comhaimseartha. Is cruinne, sílim, smaoineamh ar speictream nó cointeanóid seachas déscaradh nuair atáthar ag trácht ar chumas teanga, modh a sealbhaithe nó a foghlama agus ról na Gaeilge i gcleachtais teanga.

"...Ní bheidh aon rath orainn mar phobal teanga mura mbíonn an meas, an bhailíocht agus an dlisteanacht á tabhairt gan ceist ar chuile chainteoir Gaeilge gan beann ar a chúlra, a chanúint ná a chumas..."
Ní bheidh aon rath orainn mar phobal teanga mura mbíonn an meas, an bhailíocht agus an dlisteanacht á tabhairt gan ceist ar chuile chainteoir Gaeilge gan beann ar a chúlra, a chanúint ná a chumas.

Tá difríochtaí ann idir an saol a chaitheann duine i ndeisceart Chonamara agus deisceart Bhaile Átha Cliath nó Bhéal Feirste. Caithfear na difríochtaí sóisialta agus sochtheangeolaíochta sin a scrúdú agus a shainaithint ionas gur féidir freastal níos éifeachtaí ar riachtanais ábhartha lucht labhartha na Gaeilge cibé áit ina mbíonn siad. Is céim shuntasach athchothramaíochta í tuarascáil an taighde seo i dtreo na sprice sin.

Agus an méid sin ráite, ní mór dom tábhacht ollmhór na Gaeltachta a dhearbhú. Fuaireamar spléachadh sa staidéar seo ar thábhacht na Gaeltachta agus daoine de bhunadh na Gaeltachta mar fhoinse fhoghlama agus mar thobar inspioráide do na nuachainteoirí. Ní féidir go mbeadh an rath céanna faoi phobal náisiúnta na Gaeilge mar a mbeadh an Ghaeilge bheo mar theanga cheannasach phobail in aon áit. Braitheann na nuachainteoirí féin sa taighde go bhfuil an Ghaeltacht riachtanach do thodhchaí na teanga agus moltar tacaíocht bhreise a thabhairt don phleanáil teanga sa nGaeltacht.

"...is díol iontais é tar éis nach mór céad -bliain de neamhspleáchas polaitiúil nach í an Ghaeilge an teanga reámhshocruithe chaidrimh idir an Stát agus na pobail Ghaeltachta agus gur minice ná a mhalairt go gcaithfear dul i muinín an Bhéarla chun do ghnó a dhéanamh leis an Stát. ...
Ó thaobh mo chúraim féin de, is díol iontais é tar éis nach mór céad -bliain de neamhspleáchas polaitiúil nach í an Ghaeilge an teanga reámhshocruithe chaidrimh idir an Stát agus na pobail Ghaeltachta agus gur minice ná a mhalairt go gcaithfear dul i muinín an Bhéarla chun do ghnó a dhéanamh leis an Stát. Ó ceapadh mé mar Choimisinéir Teanga, dúirt mé gur chóir go mbeadh foráil dhíreach déanta san Acht a chinnteodh go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag fostaithe an Stáit atá lonnaithe sa nGaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantair sin. Ní dhéanann sé aon chiall go mbeadh an Stát ag leagan dualgais ar na pobail Ghaeltachta pleananna teanga a ullmhú do limistéir aitheanta pleanála teanga ach ag an am céanna go bhfuil sé ag diúltú aitheantas a thabhairt dá gcuid freagrachtaí reachtúla féin.

Ach ní mhairfidh an Ghaeltacht sa saol comhaimseartha domhandaithe mar theanga pharóiste nó leath-pharóiste. Dheimhnigh Coimisiún na Gaeltachta gur den riachtanas é d’inmharthanacht na Gaeltachta go mbeadh an Ghaeilge ina teanga náisiúnta agus pobal na Gaeltachta ina chuid de phobal níos fairsinge náisiúnta Gaeilge.

Ar scáth a chéile a mhairfidh siad.

Tréaslaím do na húdair, d’Fhoras na Gaeilge, d’Ollscoil na hÉireann agus d’Ollscoil Heriot-Watt as an taighde ceannródaíoch seo a dhéanamh. Guím gach rath air agus go dtabharfaí aird mar is cuí air mar thaca don phleanáil teanga sa gciall is leithne den téarma sin, agus go raibh sé ina bhunchloch do thaighde eile sa réimse sin.

Tá tuairisc ar an seoladh anseo ag tuairisc.ie: Staidéar ar Nuachainteoirí Seolta. Ní fhaca muid tuairisc ar bith ar seo sna meáin Béarla.
Share/Save/Bookmark

26.10.15

Ábhar lúibín? Cé chumfadh é?

"Bíodh is go bhfuil muid imithe i dtaithí ar an gcur chuige sin ní shin le rá go bhfuil sé ceart..." (An Coimisinéir Teanga, 18 Meán Fómhair 2015 )

Bhí mé le cara linn i mBaile Átha Cliath níos túisce i mbliaina agus thosnaíomar ag caint faoin gceadúnas tiomána. Dúras go raibh mo cheann fhéin ag dul in éag agus mhol sé dom é a athnuachan mé féin mar go raibh dream nua i bhfeidhil ar an gcóras agus nach gcuirfaí réamhfhógra chugam. 


Is ansin a thosaigh an scéal fada casta seo. Is féidir é a shamhlú mar ábhar lúibín nó agallamh beirte ag Oireachtas na Samhna!

Don Béarleoir - Símplí
1. Téir chuig an suíomh seo:
2. Ioslódáil na foirmeacha ar chlé agus cliog ar "Book an Appointment".
3. Déan an coinne.
4. Bailigh do chuid paipéarachas.
5. Téir isteach chuig an ionad clárúcháin.
6. Déanta!

I gcás Lucht na Gaeilge - teachtaireacht simplí "Déan i mBearla é!"

17 Lúnasa 2015
Ós rud é go dtéann sé in éag ag deireadh mí Dheireadh Fomhair chuaig mé chuig Google ag lorg "Ceadúnas Tiomána." Thóg sé díreach chuig suíomh an Údarás um Shabháltacht ar Bhoithre (USB) chuig leathanach le píosaí i nGaeilge agus píosaí eile i mBéarla.  Bhrú mé an nasc "Renewing your licence" le dóchas go mbeadh an cuid eile i nGaeilge. Faraoír thóg an nasc sin mé chuig leathanach a bhí ina iomlán i mBéarla agus gan fiú cnaipe "Gaeilge" air a bhain leis An tSeirbhís Náisiúnta un Cheadúnais Tiomána (SNCT).

23 Lúnasa 2015
Is ceann de na laigí atá ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ná nach bhfuil éifeacht air ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh ó dháta an dlí sin. Mar sin is beag gur féidir leis an Coimisinéir Teanga a dhéanamh leis an ÚSB nó an SNCT. Ní rabhas i ndán seoladh r-phoist a aimseú ar shuíomhana an dá eagraíocht le scrí go díreach chucu. Mar sin scríomh mé go díreach chuig an Roinn Iompair mar seo:

Fuair mé an gnáth admháil a dúirt go raibh mo theachtaireacht faighte acu (Dhá theangach - Béarla ar dtús agus Gaeilge faoi!)

25 Lúnasa 2015
Cupla lá ina dhiaidh sin fuair mé freagra (tá ainm an duine a scríobh bainte ón dteachtaireacht agam!):


14 Meán Fómhair
Thosaigh mé ag feithimh ach litir nó freagra níor fuair mé. Mar sin scríomh mé chuig an Roinn arís ar an 14 Meán Fómhair, 


22 Meán Fomhair
Scríomh mé chuig an Roinn arís ar an 22 Meán Fómhair, 

29 Meán Fomhair 
Scríomh mé chuig an Roinn arís ar an 29 Meán Fómhair, 

5 Deireadh Fomhair 
Scríomh mé chuig an Roinn arís ar an 22 Meán Fómhair, 


Béarla éigeantach le foirm
Ghaeilge a fháil!
6 Deireadh Fómhair 2015

Bhí mé ag éirí imníoch faoin am seo agus scríos chuig Oifig an Choimisinéara Teanga arís ag iarraidh ortha rud éigin a dhéanamh le freagra a fháil ó dhuine éigin mar ní raibh mé i ndán na foirmeacha a fháil i nGaeilge fiú. Scríodar thár n-ais chugam ar an lá céanna (mar is gnáthach leis an oifig sin!) agus dúradar go raibh foirmeacha i nGaeilge ar an suíomh cheanna féin. Agus bhí, ach aisteach go leor, is i mBéarla amháin a bhí an nasc. (Má tá mise ag lorg foirm nó an cnaipe chuig legan Gaeilge de aon rud deanaim cuadach simplí "Gaeilge" agus ní "Irish" len é a fháil mar sin níor thugas faoi dearadh ga raibh siad ann.).

Dúirt Oifig an Choimisinéara liom go ndeanfaidis teangabháil leo agus cé nach raibh "aon dualgas reachtúil orthu faoin Acht" ba dóigh leo "go mbeadh díomá ortha a chloisteáil nach bhfuil freagra fiú á chur ar fáil duit."

7 Deireadh Fomhair 2015
An lá dár gcionn dúradh liom go raibh r-phoist faighte ó dhuine san ÚSB ag rá gur cuireadh r-phoist chugam ar an nDéardaoin roimhe sin (1 Deireadh Fómhair). Ní fhuair mé sin ach tá seans gur chuaig sé isteach mar turscar agus cailleadh é.

9 Deireadh Fómhair 2015
Chuir mé r-phoist fada ansin chuig an té sin ag miniú dó cad a bhí uaim ar na 9ú lá. Is mar seo a chriochnaigh mé mo theachtaireacht mar seo:

"Is cosúil go mbeidh orm dul isteach go Gaillimh leis an ceadúnas a athnuachan agus deireann sé ar an bhfoirm nach féidir coinne a dhéanamh ar ar líne. Ach ní féidir é sin a dhéanamh i nGaeilge.

Ansin deirtear liom nach féidir leis an oifig dealáil le daoine in nGaeilge “gan ceist, gan coinníoll”.

Tá sé soiléar anois domsa nach féidir seirbhís “gan ceist, gan coinníoll” le mo cheadúnas a athnuachan a fháil. Tá mé ag tiomáint le 45 bliain agus ní raibh trioblóid agam riamh ó thaobh theanga de go dtí seo. Níl mé sásta tosú sa Bhéarla tár éis an méid sin blianta.

Nach bhfuil an ceart sin agam?

Tá na foirmeacha go léir agam ach ní féidir liom an rud a críochnú mar a dhéanfadh Béarlóir."


Fuair mé freagra ar an lá céanna bhíodar ag lorg mo uimhir gutháin.



Ach idir an dá linn d'aimsigh mé fadhb i gceann de na foirmeacha, Foirm Tuairisce Míochaine, (focal nua domsa) bhí na focail a bhain le foirm eile "scrúdú Radharc na Súl" a bhí air agus mar sin d'iarr mé air a leagan ceart den bhfoirm sin a thabhairt. (Tá mé den aois sin gur gá dom Tuairisc Liachta a bheith agam!). Tá pictiur den cheann a rinne mé a íoslódáil ar dheis!


10 Deireadh Fómhair 2015
Freagraíodh mé tráthnóna dár gcionn (Sathairn a bhí ann) ag rá go mbeadh an foirm ceart ar an Luain agam.

12 Deireadh Fómhair
Thug mé m'uimhir gutháin dóibh, chuireadh an fhoirm ceart chugam, agus dúradh liom go mbeadh duine ag déanamh teangabháil le coinne a dhéanamh in Oifig na Gaillimhe dom.

Cheapas go mbeadh gach rud i gceart ach faraoir ní raibh.

Fuair mé glaoch níos deanaí ó dhuine éigin, cheap mé ar dtús gur bhain se le mo chuid gnó mar ba ghuth Shasannach ag lorg "Mr Ó Riain." Ach creid nó ná chreid bá dhuine ón SNCT, "I understand you wish to have your license renewal handled in Irish. There will be somebody with Irish in your local office on Friday next!”

Bhíos ar buile! Seo an teachtaireacht a chuir mé chucu,

"Ní chreidim seo!

Fuair mé glaoch ó dhuine éigin le guth Shasannach agus a labhair liom i mBéarla amháin! “I understand you wish to have your license renewal handled in Irish. There will be somebody with Irish in your local office on Friday next!”

Ar ámharaí an tsaol ní raibh an lá sin oiriúnacmh agus dúirt mé go mbeadh aon lá i rith na seachtaine seo chugainn oiriúnach - labhair mé i mBéarla mar gur baineadh an méid sin geit asam! Dúirt sise nach raibh fhios aicí cathain a bheidh duine le Gaeilge ann i rith na seachtaine sin. “I’ll ring you with another date in a few days!”

Tá sé seo dochreidthe, an offig agaibh sa chontae leis an Gaeltacht is mó sa tír agus gan bheith i ndán seirbhís chomh bunúsach agus riachtannach le soláthar ceadúnais tiomána a thabhairt i dteanga na ndaoine, “gan ceist, gan coinníoll!”

Scríobh mé ar dtús faoi seo i mí Lúnasa seo caite. Bheadh sé go léir críochnaithe agam dá mba rud é go rabhas sásta géilleadh don gcóras mar atá sé agaibh.

I bhfocal an Choimisinéara Teanga le déanaí, tá sibh “ag tabhairt teachtaireacht thar a bheith simplí maidir le tábhacht na teanga!"

Tá súil agam go mbeadh an duine le Gaeilge i ndán glaoch orm le dáta oiriúnach"

Fuair mé glaoch ansin ó bpríomhoifig ag rá go raibh an-abhéal ortha faoi sin agus ag aontú liom "nach bhfuil seirbhis sasúil as Gaeilge ar fail don gcustaiméir."

13 Deireadh Fómhair 2015
Beagáinín ina dhiadh sin fuair mé glaoch ó dhuine le Gaeilge mhaith a rinne coinne liom ar dháta a bhí oiriúnach. (Ní raibh muinín aige as a chuid Gaeilge ach dúras leis go raibh sé ar fheabhas agus bhí.).

15 Deireadh Fómhair 2015
Cheapas go raibh gach rud ceart go leor ansin ach ní raibh. Fuair mé teachtaireacht ar mo Fón Phóca.


Cad is féidir liom a dhéanamh? Cad is féidir le h-éinne a dhéanamh?

19 Deireadh Fómhair 2015.

"Ní bheidh an duine le Gaeilge ann ar an lá sin!" Fuair mé glaoch teileafóin ar maidin leis an coinne a aistriú go dtí lá eile mar "beidh mé ar an gClochán agus ansin i mBeal a'Mhuirid go dtí níos déanaí." Rinne muid cuinne don Déardaoin ansin. Chuir sé as dom mar bhí rudaí socraithe bunaithe ar an coinne ar an Máirt.

22 Deireadh Fómhair 2015
Chuaigh mé isteach chuig an Ionad Clárúcháin ar maidin agus b'aisteach an áit é. Bhí trí nó ceithre srathanna cathaoireacha ann ós comhair ceithre bhothanna. Ní fhaca mé aon fhógra i nGaeilge nó fiú dhá theangach ann. Bhí postaer amháin le feiscint i nGaeilge. Glaodh orm in am agus bhí Gaeilge ar fad a bhí ar iúl ag an bhfear liom. Bhí sé beagáinín as cleachtadh ach ní raibh gá le filleadh ar an mBéarla. Tá ceamra ann le pictiúrí a thógant le chuir ar an gceadúnas agus bhí rogha treoracha ann Gaeilge nó Bearla. D'fhéadfá a rá i bhfocal an Coimisinéir le déanaí, b’ábhar iontais dom é! Bhí na páipéirí go léir in ord agam agus bhí an obair go léir críochnaithe i cúig neomad deag nó mar sin. 



Conclúidí & moltaí
Is léir nach tuigtear tabhacht theanga agus gur ionann cearta daonna é cearta teanga. Is léir nach leor é a bheith scríofa sa bhunreacht - "Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an
phríomhtheanga oifigiúil í" (Alt 8;1) - 
obair oifigiúil an stáit a dhéanamh sa Teanga Náisiúnta. 


1. Molaim go mbeadh an suíomh acu i nGaeilge,an cnaipe "Book an Appointment/Cancel an Appointment."
2. Go mbeadh sé éasca agus duine ag deanamh an coinne cinntiú gur i nGaeilge a bheidh an agallamh.
3. Go mbeadh comhfhreagras ag deimhniú choinne a bheith dhá theangach de gnáth (agus gan "Irish Application a chuir leis.)
4. Go mbeadh na comharthaí sna h-oifigí clárúcháin dhá theangach.
5. Má deintear glaoch ghutháin faoin iarratas go mbeadh Gaeilge ar a t(h)oil ag an té a deineann an glaoch.
6. Go mbeadh an admháil dhá theangach.

Is léir sin ón méid a dúirt an dá Coimisnéir Teanga, Oifigigh Stáit, ceaptha ag Uachtarán na Tíre.
"Ní fhaca mé in imeacht 30 bliain mar iriseoir nó mar Choimisinéir Teanga an oiread ísle brí agus lagmhisnigh. D’ainneoin tacaíocht ollmhór ag tromlach an phobail i gcoitinne sa tír don teanga, tá sí á ruaigeadh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán phoiblí; ní bheidh sé furasta í a thabhairt ar ais go háit níos lárnaí."  (Seán Ó Cuirreáin, Coimisinéir Teanga 2003-2014; 4 Nollaig 2013)

"Is deacair fós do dhaoine muinín a bheith acu go mbeidh duine le Gaeilge mhaith rompu nuair a théann siad i dteagmháil le heagraíocht stáit. Má tá an duine sách muiníneach agus gur cás leo a ndóthain é lorgóidh siad a gcuid cearta. Ar ndóigh, dhéanfainnse an pointe más ceart é níor chóir go mbeadh ort é lorg. Tá bóthar fada amach romhainn sula mbeidh muid ag leanúint shampla Cheanada, áit a dtairgtear rogha seirbhíse duit i gceachtar den dá theanga oifigiúla." (Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Teanga 2014-; 4 Lúnasa 2015).


Léiríonn an scéal seo an laige atá sa reachtaíocht ag éirí as Acht Teanga 2003. Luadh é ag an Coimisinéir Teanga ag an Oireachtas ar an gCéadaoín: "Ar cheann de na hábhair nach miste liom aird an Chomhchoiste a tharraingt air tá an líon gearán nach raibh ar chumas m’Oifige iad a fhiosrú de bhrí nár tháinig na comhlachtaí poiblí ábhartha faoi scáth an Achta. Ar an iomlán bhí 115 gearán den chineál seo i gceist. Bhain 35% acu sin leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus 15% le hUisce Éireann." (Ós comhair Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha 21/10/2015)

D'éirigh Seán Ó Cuirreáin as mar Coimisinéir Teanga mar ní fhéadfadh sé "a bheith páirteach sa chur i gcéill" le polasaí immealú na teanga ag an stáit. Is é an chead "ombudsman" a bhí air "seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo." (23 Eanáir 2014). Bhfuil náire ar lucht riaracháin na tíre nó an cuma leo!

Tá mise ag tiomáint le breis is caoga bliain agus go dtí seo ní raibh fadhb ar bith mo cheadúnas a athnuachan tré Gaeilge fiú nuair a bhí mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath. Anois agus mé lonnaithe i gcroí lár na Gaeltachta tuigim an teachtaireacht simplí
 atá a chuir chugam ag an stáit seo. "Chuile uair a dhiúltaíonn an Stát an méid sin a dhéanamh tá sé ag tabhairt teachtaireacht thar a bheith simplí maidir le tábhacht na teanga." 

Cad é an teachtaireacht símplí sin? "Labhraigí Gaeilge le chéile ach nár labhair linne í!"


Agus seo á scríobh agam tá teachtaireacht cuimhne faighte agam ó Tástáil Náisiúnta Gluaisteán (NCT) agus cé gur cláraíos mo theastais i nGaeilge is i mBéarla a fuair mé an teachtaireacht cuimhne seo.

Cén saghas tír atá againn? B'fhíor ag an bPiarsach céad bliain nuiar a chuir sé na focail seo i mbéal an Chailigh úd: "Mó mo náir mo chlann féin ag díol a máthair!"

Nó mar a dúirt a dTaoiseach, "A great little country to do business in!" an fhad is a úsáidter Béarla.

• Seo alt a scríobhadh i dTuairisc.ie i mí Aibreáin 2016: ‘Tugadh rogha dom an scrúdú a dhéanamh as Béarla ar an lá nó fanacht ar dháta eile – ag fanacht atá mé fós’ - Tuigim dó!


Share/Save/Bookmark

22.10.15

Ós comhair Choiste Oireachtais: Buaicphointí Oifige an Choimisinéara Teanga le linn 2014!

"Tá an ceathrú cuid de thréimhse na Straitéise (20 Bliain) sin caite anois agus níl aon leithscéal nach mbeifí ag aithint na bpost seo ar bhealach córasach agus cuimsitheach, faoi mar a gealladh."

Rónán Ó Domhnail
An Coimisinéir Teanga
Bhí seachtain bruidiúl a bhí ann do lucht na Gaeilge i dTeach Laighin. Bhí plé i gcoiste amháin ar thuairisc Uí Ghiollagáin/Uí Churnáin ar an gCéadaoin a tuarascíodh anseo, Géarchéim na Gaeltachta (tuairisc,ie 20/10/2015). Inné bhí an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnail ós comhair an Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha.

Tá naoi mí ann ó bhí sé ós comhair an Choiste céanna le cearta lucht labhartha Gaeilge agus Acht na Gaeilge a phlé leo. Tá tuairisc ar an gcruinniú sin agus a chuid nótaí cainte le feiscint anseo san píosa An Coimisinéir & Comhchoiste eile! (15/1/2015).

Seo nótaí ar an méid a bhí le rá aige ann. Tá tuairiscí ar an gcruinniú féin, Uisce Éireann ag tabhairt na gcosa leo (21/10/2015), agus Cás le freagairt ag Eircode (22/10/2015), ag tuairisc.ie.

Is mar seo a labhair sé:
• Tá aistriúchán ar na nótaí seo le fáil ar The Hidden Ireland: What happened in 2014? 

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an gComhchoiste as an gcuireadh teacht in bhur láthair inniu chun plé a dhéanamh ar Thuarascáil Bhliantúil na hOifige don bhliain 2014 (pdf) mar aon leis an Tuarascáil Speisialta a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas níos luaithe i mbliana agus a bhain leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Is i mí an Mhárta i mbliana a chuir mé an Tuarascáil Bhliantúil faoi bhráid an Aire Gnóthaí Gaeltachta agus seoladh an tuarascáil go hoifigiúil ar an 14 Bealtaine. Tá trí phríomhchúram leagtha ag an Oireachtas ormsa mar Choimisinéir Teanga:

  • feidhmiú mar sheirbhís ombudsman; 
  • feidhmiú mar ghníomhaireacht ghéilliúlachta i dtaca le seirbhísí stáit trí Ghaeilge; 
  • agus comhairle a sholáthar i dtaca le cearta agus dualgais teanga. 
Mar atá ráite go minic roimhe seo is oifig bheag í m’Oifigse, ceann de na cinn is lú sa Stát, le seisear státseirbhíseach a chuireann réimse mór oibre díobh gach bliain.

Obair na bliana
Le linn na bliana seo caite dhéileáil m’Oifig le 709 gearán agus iarratas ar chomhairle ón bpobal maidir lena gcearta teanga. Is ardú de bheagán a bhí anseo le hais na bliana roimhe sin. Bhain an tríú cuid de na gearáin a fuair m’Oifig le seirbhísí a bhí clúdaithe i scéimeanna teanga, an ceathrú cuid le húsáid na dteangacha oifigiúla ar chomharthaíocht agus ar stáiseanóireacht agus an deichiú cuid araon le deacrachtaí a bhí ag daoine in úsáid an leagain Gaeilge dá n-ainm agus seoladh agus a bheith ag fáil freagra i mBéarla ar chomhfhreagras i nGaeilge. I dteannta gearán maidir le comharthaí bóthair, ar tháinig titim orthu anuraidh, tá patrún sonrach le haithint anois gurb iad seo na réimsí ábhair is mó a mbíonn deacracht ag lucht labhartha na Gaeilge leo ina gcuid idirghníomhaíochta leis an Stát.

Réitítear formhór na ngearán tríd an bpróiseas neamhfhoirmiúil gearán a fheidhmíonn an Oifig. Mar sin féin, i gcásanna áirithe ní bhíonn de rogha agam ach dul i muinín an phróisis fhoirmiúil imscrúdaithe nuair nach mbíonn aon toradh sásúil ar an bpróiseas neamhfhoirmiúil. I rith na bliana seo caite thionscain mé seacht n-imscrúdú oifigiúla ar ábhair éagsúla. Chomh maith leis sin, d’eisigh mé trí thuarascáil imscrúdaithe le linn na bliana a bhain leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród, Bus Átha Cliath agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Ar cheann de na hábhair nach miste liom aird an Chomhchoiste a tharraingt air tá an líon gearán nach raibh ar chumas m’Oifige iad a fhiosrú de bhrí nár tháinig na comhlachtaí poiblí ábhartha faoi scáth an Achta. Ar an iomlán bhí 115 gearán den chineál seo i gceist. Bhain 35% acu sin leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus 15% le hUisce Éireann.
Ar cheann de na hábhair nach miste liom aird an Chomhchoiste a tharraingt air tá an líon gearán nach raibh ar chumas m’Oifige iad a fhiosrú de bhrí nár tháinig na comhlachtaí poiblí ábhartha faoi scáth an Achta. Ar an iomlán bhí 115 gearán den chineál seo i gceist. Bhain 35% acu sin leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus 15% le hUisce Éireann. 

I gcásanna mar seo bíonn m’Oifig ag brath ar dhea-thoil na gcomhlachtaí poiblí chun ábhar na ngearán a réiteach nó go deimhin bíonn orainn a chomhairliú don phobal nach bhfuil aon spás ar fáil dúinn chun gníomhú. Tarlaíonn sé seo de bharr gur faoi chéadsceideal an Achta a ainmnítear na comhlachtaí poiblí sin a thagann faoi scáth an Achta. Is ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá an t-údarás nuashonrú a dhéanamh ar an sceideal agus tá os cionn naoi mbliana caite ó rinneadh é sin go deireanach, i mí Iúil 2006. Tá an iliomad athruithe déanta ó shin ar eagraíochtaí, fheidhmeanna agus sheirbhísí Stáit ó tugadh faoi athchóiriú na seirbhíse poiblí. Is fadhb leanúnach í seo is furasta a réiteach agus ba chóir a bheith déanta i bhfad roimhe seo.

Déantar cur síos sa Tuarascáil Bhliantúil ar an gclár monatóireachta nó faireacháin a chuir m’Oifig i gcrích le linn na bliana seo caite. Tá sé le feiceáil gur leanadh den scrúdú ar chur i bhfeidhm scéimeanna teanga agus moltaí a bhí déanta i dtuarascálacha imscrúdaithe. Is gnách le m’Oifig freisin faireachán a dhéanamh ar ghné éigin de na dualgais dhíreacha atá leagtha ar chomhlachtaí poiblí. Le linn na bliana seo caite scrúdaigh m’Oifig an bealach a raibh údaráis áitiúla ag tabhairt faoi chur i bhfeidhm na ndualgas a bhaineann le fógairtí taifeadta béil ar chórais teileafóin, dualgais atá i bhfeidhm ó mhí Iúil 2013 agus nár scrúdaíodh roimhe seo. Ba é príomhthoradh an iniúchta sin nach raibh ach dhá údarás áitiúla, as an 32 a tháinig faoi scóip an iniúchta, a bhí ag cloí go hiomlán leis na dualgais teanga atá leagtha orthu sa réimse seo.

Scéimeanna Teanga
In ainneoin roinnt scéimeanna lena mbaineann méid áirithe fiúntais, measaim gur córas fabhtach é seo agus gur cheart sampla na Breataine Bige a leanúint trí éabhlóidiú chuig córas caighdeán.
I gcaitheamh na mblianta rinneadh cuid mhaith cur agus cúiteamh faoi chóras na scéimeanna teanga. Mothaím nach bhfuil mórán sa bhreis is féidir a rá fúthu nach bhfuil ráite roimhe seo. Táim go mór in amhras faoin gcóras seo mar mhodh cuimsitheach do sholáthar seirbhísí stáit do lucht labhartha na Gaeilge. In ainneoin roinnt scéimeanna lena mbaineann méid áirithe fiúntais, measaim gur córas fabhtach é seo agus gur cheart sampla na Breataine Bige a leanúint trí éabhlóidiú chuig córas caighdeán.

Admhaím go bhfuil níos mó scéimeanna teanga á n-aontú anois ná mar a aontaíodh le tamall de bhlianta. Dhaingnigh an tAire 21 scéim teanga le linn na bliana seo caite. Ceistím mar sin féin fiúntas na ngealltanas i roinnt scéimeanna a bhíonn teoranta agus coinníollach. Níor chóir go mbeadh aon áit do chroimeasc den chineál seo i scéimeanna reachtúla teanga.

Cuireann sé imní orm freisin nach bhfuiltear go fóill ag aithint poist a mbeidh riachtanais Ghaeilge bainteach leo sna scéimeanna teanga atáthar a aontú. Is mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a tugadh le fios ar dtús go mbeadh na poist seo á n-aithint i scéimeanna teanga feasta. Tá an ceathrú cuid de thréimhse na Straitéise sin caite anois agus níl aon leithscéal nach mbeifí ag aithint na bpost seo ar bhealach córasach agus cuimsitheach, faoi mar a gealladh.

Ag deireadh na bliana seo caite bhí 99 iarratas déanta ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar chomhlachtaí poiblí dréachtscéim teanga de chineál éigin a ullmhú. Ón am a n-eisíonn an tAire fógra i dtaobh scéim a ullmhú bíonn de ghnáth sé mhí ag an gcomhlacht poiblí chun dréacht a chur ar fáil. Ag deireadh na bliana seo caite bhí os cionn ocht mbliana caite ó iarradh ar ocht gcomhlacht phoiblí scéim teanga a ullmhú, ina measc an Ceoláras Náisiúnta, Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus an Chomhairle Oidhreachta.

Cás Cúirte
Tacaím freisin leis an méid a bhí le rá ag an mbreitheamh léannta mar fhreagra ar áitiú na gCoimisinéirí Ioncaim go bhféadfadh comhlachtaí poiblí bealaí a aimsiú le hoibriú thart ar an reachtaíocht nuair a dúirt “Nílim den tuairim go mbeadh an cineál sin iompair ar bun ag comhlachtaí freagracha poiblí."
Ba le linn na bliana seo caite a thug an Breitheamh Colm Mac Eochaidh a bhreithiúnas maidir leis an achomharc a bhí déanta ag Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim i gcoinne cinneadh imscrúdaithe de chuid na hOifige. Ba é seo an chéad agus an t-aon achomharc a rinneadh go dtí seo i gcoinne fionnachtana imscrúdú de chuid an Choimisinéara Teanga agus 100 imscrúdú nó mar sin atá seolta ag an Oifig in imeacht na mblianta. Ba dhearbhú é cinneadh na Cúirte, i gcoinne an achomhairc, go raibh an bhrí chruinn á baint ag an Oifig seo as an gcuid áirithe sin den reachtaíocht. Is mór a thacaíonn fasach dlí den chineál seo le soiléiriú a thabhairt ar phíosa reachtaíochta agus fáiltím roimhe. Tacaím freisin leis an méid a bhí le rá ag an mbreitheamh léannta mar fhreagra ar áitiú na gCoimisinéirí Ioncaim go bhféadfadh comhlachtaí poiblí bealaí a aimsiú le hoibriú thart ar an reachtaíocht nuair a dúirt “Nílim den tuairim go mbeadh an cineál sin iompair ar bun ag comhlachtaí freagracha poiblí”.

Bille na dTeangacha Oifigiúla (leasaithe)
I mí Aibreáin na bliana seo caite a foilsíodh Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (leasú). Rinne mé cur i láthair ar an ábhar seo os comhair an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht i mí na Bealtaine 2014. Dúirt mé ag an am sin gur beag a bhí sa Bhille beartaithe chun riachtanais lucht labhartha na Gaeilge a shásamh. Thug mé le fios chomh maith nár tugadh mórán airde ar na moltaí a rinne m’Oifig ná go deimhin ar mholtaí an phobail sna ceannteidil a foilsíodh. Níor cuireadh san áireamh mar shampla aon riachtanas go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag oibrithe an Stáit a bhíonn ag cur seirbhís ar fáil sna ceantair Ghaeltachta ná go deimhin go gcuirfí malairt córais in áit chóras na scéimeanna teanga. Aontaím leis an dearcadh a léirigh an Comhchoiste traspháirtí, agus iad ag déanamh 34 moladh ar na 13 cheannteideal, go gcaithfeadh an Bille nua a chinntiú go bhféachfaí leis an nGaeilge a chur chun cinn seachas a feidhm a theorannú i réimsí ar leith. (Le fáil ar an leathanach - Bearla - seo: • 27 January 2015: Report on the General Scheme of the Official Languages (Amendment) Bill 2014).

Mar a thug mé le fios roimhe seo, lasmuigh d’athruithe teicniúla níl ach dhá mhír sna ceannteidil a foilsíodh a bhfeicim fiúntas lena gcuspóir, is é sin go dtabharfaí comhlachtaí poiblí go huathoibríoch faoi scáth an Achta agus go dtabharfaí cosaint reachtúil d’úsáid an leagain Gaeilge d’ainm agus de sheoladh. Léiríodh dúinn le deireanaí a thábhachtaí is atá sé go mbeadh cosaint reachtúil ann d’úsáid ainm agus seoladh tar éis do dhaoine a gcóid phoist nua a fháil ag seoltaí a bhí i mBéarla agus in ainm nár aithin siad. Tá cuid mhaith gearán faighte ag an Oifig seo maidir le Eircode agus an rud is mó a ghoill ar dhaoine ná gur seoladh an cód poist nua chucu faoi ainm agus sloinne a bhí i mBéarla cé nár ghnách leo a leithéid a úsáid riamh. Is ábhar é seo atáim a fhiosrú faoi láthair ach ní miste liom a rá go bhfuil cuing áirithe orm de bhrí nach ann d’fhoráil chun cearta a chosaint i ndlí teanga na tíre.


"...bheadh muid ag cur dallamullóg orainn féin dá sílfeadh muid gur leor na bearta sin gan Acht neartaithe ag luí taobh thiar díobh."
Tá ceithre bliana nach mór caite anois ó fógraíodh an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i mí na Samhna 2011. Níl aon amhras ormsa faoin méid atá ag teastáil. Tá na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Acht reatha ráite agus athráite. Mar Choimisinéir Teanga teastaíonn uaimse go mbeadh Acht againn a bheadh ina chrann taca do sholáthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge, a chuideodh leo siúd nach mian míréasúnach dóibh a bheith in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le forais oifigiúla na tíre seo. Go cinnte teastaíonn bearta, acmhainní agus tacaíochtaí, an ceann is lú díobh dóthain foirne le Gaeilge, chun an méid sin a chinntiú. Ach bheadh muid ag cur dallamullóg orainn féin dá sílfeadh muid gur leor na bearta sin gan Acht neartaithe ag luí taobh thiar díobh.

Tuarascáil Speisialta
Le linn dom a bheith ag seoladh na Tuarascála Bliantúla i mí Bealtaine na bliana seo, sheol mé tuarascáil speisialta chuig Tithe an Oireachtais chomh maith faoi alt 26(5) den Acht. Tá sé de chúram orm an méid seo a dhéanamh nuair a thagaim ar an tuairim nach bhfuil comhlacht poiblí tar éis moltaí a bhíonn déanta i dTuarascáil Imscrúdaithe a chur i bhfeidhm go sásúil.

Bhain an tuarascáil áirithe seo leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus a teip, dar liom, socruithe sásúla a chur i bhfeidhm a chinnteodh nach gceapfaí ach múinteoirí le Gaeilge líofa i scoileanna Gaeltachta. Tar éis imscrúdú a dhéanamh ar ghearán ó Scoil na Rinne ar an ábhar seo, ba léir go raibh tús áite á thabhairt do chearta painéil a tháinig salach nó nár thug aird ar na dualgais teanga a bhí ar an Roinn faoin Acht Oideachais, 1998.


Teastaíonn dar liom .... go gcuirfí socruithe i bhfeidhm a chinnteodh gan aon amhras go gcaithfeadh Gaeilge líofa a bheith ag múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus go deimhin i scoileanna lán-Ghaeilge.
Ba mhaith liom a chur ar an taifead go bhfáiltím roimh an bpróiseas a sheol an Roinn Oideachais agus Scileanna do Mholtaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta níos luaithe i mbliana. Tá tagairt déanta sa cháipéis sin don ábhar a bhí mar bhunús leis an ngearán, is é sin ath-imlonnú múinteoirí agus é ráite go ndéanfar athbhreithniú leanúnach ar éifeachtúlacht na socruithe atá i bhfeidhm. Teastaíonn dar liom níos mó ná sin agus go gcuirfí socruithe i bhfeidhm a chinnteodh gan aon amhras go gcaithfeadh Gaeilge líofa a bheith ag múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus go deimhin i scoileanna lán-Ghaeilge. Tar éis dom cur i bhfeidhm mholtaí an imscrúdaithe a mheas, tháinig mé ar an tuairim nach raibh dóthain déanta ag an Roinn chun talamh slán a dhéanamh de gur mar sin a bheadh. Is ar an mbonn sin a chuir mé an tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Tá súil agam go dtugann an ráiteas seo léargas don Chomhchoiste ar bhuaicphointí na hOifige le linn na bliana seo caite agus fáiltím roimh aon cheisteanna atá agaibh.

Share/Save/Bookmark

28.9.15

Tairbhe ghnó a bhaint as an nGaeilge!

Bhí giolch curtha amach le deanaí ó Fhoras na Gaeilge. "Tá Foras na Gaeilge ar fáil le cuidiú leat an cur chuige is fearr a mheas le tairbhe ghnó a bhaint as an nGaeilge do do ghnólachtsa!" Ag an am céanna cureadh pictiúirí samplaí d'úsáid na Gaeilge i roinnt ghnóanna.

Blaganna Ainmnaithe!
• An Codú
• An Croí Ait 
• Cúrsaí Staire
• Gaeltacht21
• Ramhaille

Tá liost de blaganna i nGaeilge ar an liosta seo ó Indiginous Blogs.
Ar ámharaí an tsaoil fuaireas teachtaireacht le deanaí go raibh an blag seo ainmnithe don gcomórtas Duais Bhlag na bliana mar an "Best Irish Language Blog sponsored by Foras Na Gaeilge," (sic). Ós rud é gur h-iad Foras na Gaeilge atá mar urraithe acu cheapfhá go ndéanfadh siad iarracht an leathanach vótála a bheith dhá theangach ar a laghad.

Nuair a cuireadh amach jpg (íomhá) ag moladh vótála sa chomortas is i mBéarla a bhí sé. Ní raibh mé fhéin sásta é a chuir ar an suíomh agus d'iarr mé ortha cean i nGaeilge a chuir thugainn. Bhí ortha é a dhéanamh agus rinneadar é gan stró. Ach bhí lógó an chomortas féin i mBéarla fós. Is dócha nach raibh údar An Chroí Ait (@tuigim ar twitter) sásta leis sin agus rinne sé é a fheabhsú agus a chuir in oiriúnt do na nGael!

Nach trua nach n-éisteann Rialtas na hÉireann leis an méid atá á rá ag Foras na Gaeilge i gcomparáid len a rinneadar fadó. "An bhfuil bealach níos fearr ann léiriú go bhfuil do bhranda ... i nGaeilge?" An seans eile é don gCoimisinéir Teanga le rá go bhfuul "...teachtaireacht thar a bheith simplí maidir le tábhacht na teanga," á thabhairt acu. (cf: Comhthéacs na Pleanála Teanga in Éirinn 18/9/2015)

Mar a deireann Foras na Gaeilge iad féin, "Is acmhainn í an phacáistíocht dátheangach in Éirinn fós nár bhain lucht margaíochta ach fíorbheagán tairbhe aisti."  Sílim gur ceart dóibh a bheith beagáinín níos teinne nuair atá siad ag déanam urraíochta ar chomórtais nó ar imeacht ar bith go mbeadh úsáid na Gaeilge mar choinníoll na h-urraíochta.

Gaelú na h-íomhanna


Share/Save/Bookmark