27.2.12

Caithfear éisteacht!

Pic le Tomás Ó Cuireáin

Bhí thar 700 duine i láthair ar an mórshiúl a d'eagraigh Craobh an Earagail dén INTO i nGaoth Dobhair ar an Satharn seo caite.  Bhí ionadaithe ansin ó scoileanna i nGaoth Dobhair, Cloch Cheann Fhaola, na Rossa, Árainn Mhór, an Tearmainn, Gartan agus neart ceantair eile.

Thosaigh an mórshiúl ag ionad an Acadaimh ar an Screabán agus shiúl an slua go dtí oifig Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaíoch TD.  Rinne Cathal Ó Fearraigh, Príomhoide Scoil Chonaill an Bhun Bhig(an post a bhí ag an Aire Stáit é féin sula ndeachaigh sé leis an pholaitaíocht) oráid dén scoth don slua.  Leag sé amach na deacrachtaí ollmhóra atá ann do na scoileanna beaga tuaithe agus Gaeltachta muna ndéantar na ciorruithe a tharraingt síár a mar a rinneadh leis na scoileanna DEIS i mBÁC.  Labhair Daithí Mac Roibeaird thar ceann na dtuismitheoirí agus an tAthair Seán Ó Gallchóir thar ceann na mboird bainistíochta agus chuir Seán Ó Domhnaill, ionadaí an INTO clabhsúr leis an agoid.  

Tá moladh mór tuillte ag Craobh an Earagail dén INTO as an agóid a eagrú agus fuair sé clúdach maith ar RnaG, TG4 agus ar RTÉ.
Pic le Tomás Ó Cuireáin

• Ar an lá céanna bhí slua timpeall dhá mhíle ag oifig an Taoiseach i gCaisleáin a'Bharraigh, Co Mhuigheó!

Share/Save/Bookmark

16.2.12

Teachtaireacht ó Fine Gael!

Scríobh mé chuig Fine Gael le déanaí faoin easpa Ghaeilge ar a suíomh.
    Bhí mé ag lorg eolas faoin bpáirtí ar an suíomh agaibh ach thug mé faoi deara nach bhfuil leagan Ghaeilge de ann. Seans gur chaill mé an cnaipe Ghaeilge ar an suíomh.
    Déanaim mo chuid oibre leis an stáit i nGaeilge agus sílim gur ceart do gach pháirtí a suíomh a bheith sa teanga náisiúnta!
    Beir bua
r-phoist ó Fhine Gael!
Inniú fuair mé teachtaireacht thár n-ais uatha agus is féidir é a léamh. Brú ar an bpictiúr ar dheis chun an chomhreagrais a fheiscint go soiléar!

Bhí mé chun é a fhreagairt ag miniú dó gur chríochnaigh mé fhéin an scoil 46 Bliain ó shin agus nach raibh mórán Gaeilge agam ach chuaigh sé i bhfeabhas ó shin.

Ach níor scríobhas - go fóill!
Share/Save/Bookmark

12.2.12

Teachtaireacht ón Teachta Dála!

Leagan Ghaeilge?
Fuarathas an billeog eolais ón TD Áitiúil Seán Kyne (FG) sa phost le déanaí. Mar a fhéacann tú is i mBéarla amháin atá sé. Níl fhios agam an tré thimpist a cuireadh leagan béarla de chugainn agus tá litir churtha agam leis an Teachta Dála ag iarraidh an leagan Ghaeilge. Seo an litir!
    Seán Kyne TD
    Dáil Éireann
    Baile Átha Cliath 2
    A Theachta Dála,
    Fuair mé an treoir billeog seo sa phost i rith na seachtaine. Chuir sé íontas orm gur i mBéarla amháin atá sé cé gur ceantair láidir Ghaeltachta é seo.
    An féidir leat an leagan Gaeilge a chuir chugam más é do thoil é.
    Dála an scéal rinne mé iarracht dul ar do shuíomh-sa www.seankyne.ie chun an leagan Gaeilge i bhfoirm pdf a fháil agus ní raibh an suíomh féin  le fail.
    Mise le meas
Cuirfidh mé aon fhreagra uaidh anseo.
Share/Save/Bookmark

8.2.12

Gaeilgeoir gníomhach de dhíth!

Sinn Féin ag earcú Oifigeach Forbartha Gaeilge

Jab duitse?
Duramar na mílte uair gur ceart go mbeadh náire ar na páirtithe polataíochta agus an easpa suime atá léirithe acu sa Ghaeilge. Déan comparáid idir aon pháirtí in Éirinn leis an aon pháirtí náisiúnach sa Bhreatain Bheag, Plaid Cymru (Breathnais). Nuair a chuireann siad preas ráiteas amach is dá theangach atá sé. Is annamh a thárlaíonn sé sin le haon pháirtí anseo.  Go dtí gur toghadh Trevor Ó Clochairtaigh mar Sheanadóir ní dócha gur chuir aon bhall den Oireachtas preas ráiteas amach sa teanga náisiúnta. Níl sé de nós ag Tithe an Oireachtais féin an Ghaeilge a úsáid in a chuid ráitaisí - féach ar a suíomh ar Facebook (Béarla).

Anois tá an fógra seo curtha amach ag Páirtí Shinn Féin ag lorg Oifigeach Forbartha Gaeilge

"An bhfuil grá agat don Ghaeilge? Grá agat don Phoblachtánachas? Suim agat do theanga agus do thír a chuir chun cinn? Má tá, b’fhéidir gur tusa an duine atá ag teastáil chun folúntas, nua dúshlánach atá ag Sinn Féín (Béarla) a líonadh.

Tá Sinn Féin ag earcú do phost nua san eagraíocht, Oifigeach Forbartha Gaeilge. Beidh an té a roghnófar freagrach as cur i bhfeidhm an polasaí nua Gaeilge a glacadh leis ag Ard Fheis an pháirtí i mBéal Feirste anuraidh. Díríonn an polasaí seo ar an nGaeilge a neartú agus a fhorbairt ag gach leibhéal sa bpáirtí, tríd comhoibriú le comhaltaí tofa agus gníomhaithe ag gach leibhéal den eagraíocht chun cinntiú go méadaíonn muid úsáid na Gaeilge i gcúrsaí cumarsáide, cruinnithe agus i bhforbairt polasaí tríd an pháirtí ar fad. 

Duine díograsach, líofa atá ag teastáil. Duine a bhfuil eolas mhaith acu ar saol na Gaeilge agus na himreoirí éagsúla a bhaineann leis an earnáil. Ní mór dóibh chomh maith, luí a bheith acu le haidhmeanna Sinn Féin agus an obair atá ar siúl ag gach leibhéal den pháirtí. Gan dabht, ni mhór go mbeadh an duine a roghnófar fuinniúil agus ábalta oibriú go maith as a stuaim féin.

Is deis den scoth atá anseo do dhuine a dteastaíonn dúshlán uathu chun a gcuid scileanna idirphearsanra a léiriú agus chun ról gníomhach a ghlacadh i bhforbairt an pháirtí sna blianta beaga atá romhainn. Tá fás agus forás ag teacht ar Shinn Féin agus tá muid ag iarraidh ár dteanga agus cultúr a bheith lárnach sa bhforbairt seo agus muid ag dul i dtreo comóradh Eirí Amach 1916 chomh maith. 

Má tá spéis agatsa nó ag duine ar d’aithne i bpost mar seo, tá na sonraí uile le fáil faoi ach teagmháil a dhéanamh le rosscarmody@hotmail.com."

Más maith is mithid!

Share/Save/Bookmark

7.2.12

Céim eile ar chúl do teanga!

Buile eile do mhúinteóireacht na tíre ó Roinn Ruairí Quinn!

Éist linn, Ruairí Quinn!
Pic: Dublin Opinion (Béarla)
Faoi láthair, íoctar as na cúrsaí 3-sheachtaine sa Ghaeltacht a fhreastalaíonn ábhair oidí orthu mar chuid éigeantach dá gcéim oideachais chun a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú, ach tugadh le fios ag seisiún eolais i Sráid Marlboro ar an 05 Nollaig 2011 go mbeadh deireadh leis na deontais seo chun airgead a shábháil.

Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag cur go tréanláidir i gcoinne chinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna deireadh a chur le deontais d'ábhair oidí ag freastal ar chúrsaí tumoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Agus fadhbanna tromchúiseacha cheana féin ag baint le múineadh na Gaeilge i scoileanna timpeall na tíre i láthair na huaire, ghlac an Rialtas céim ollmhór chun tosaigh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 chun na fadhbanna seo a réiteach nuair a mhol siad go leanfadh ábhair mhúinteoirí clár sainithe do theagasc teanga sa Ghaeltacht agus go deimhin, go gcuirfí leis an am teagaisc agus freastail d'ábhair mhúinteoirí ar na cúrsaí Gaeltachta."

Anuas air sin, sna treoracha agus sa chritéir nua a d'eisigh An Chomhairle Mhúinteoireachta do na coláistí oiliúna, moladh: "Ba chóir do chláir tréimhse chónaithe sa Ghaeltacht, fadaithe agus athchoinceapaithe, a chur ar fáil, a bheidh anois mar chuid den chlár iomlán agus faoi stiúir dhíreach ag na soláthraithe oideachas múinteoirí." Cuireadh coiste ar bun leis na moltaí seo a fhorbairt.

"Céimeanna móra chun tosaigh a bhí sa dá mholadh seo chun feasacht agus scileanna cumarsáide Gaeilge ár múinteoirí a chothú, agus tógfar dhá chéim ar chúl má bhaineann an Roinn Oideachais agus Scileanna na deontais ó na mac léinn le freastail ar na cúrsaí Gaeltachta."

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag moladh go mbeadh níos mó ama á chaitheamh ag ábhar oidí sa Ghaeltacht le blianta beaga anuas, agus bhí an dá eagras an-sásta leis na moltaí san áireamh ag an Rialtais sa Straitéis 20 Bliain agus ag an gComhairle Mhúinteoireachta; molann na heagrais freisin go mbeadh an tréimhse Ghaeltachta seo le déanamh ag mic léinn ag tús na céime chun gur féidir leo leanúint leis na caidrimh lena gcomhghleacaithe nua i nGaeilge i ndiaidh an chúrsa.

Dúirt Éamonn Mac Niallais, urlabhra Ghuth na Gaeltachta: "Más sábháil airgid atá á lorg ag an Rialtas trí dheireadh a chur leis na deontais do na cúrsaí Gaeltachta, a mhalairt ar fad a bheidh mar thoradh air. Go fadtéarmach, cosnóidh sé níos mó airgid ar an Stát chun toradh an drochchinnidh seo a chur ina cheart nuair nach mbeidh caighdeán Gaeilge na múinteoirí sásúil a dhóthain leis an teanga a mhúineadh sna scoileanna amach anseo. Faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair, tá sé deacair a shamhlú go mbeidh sé d'acmhainn ag ábhair oidí iad féin íoc as cúrsaí sa Ghaeltacht.


"Chomh maith leis sin, cuireann na cúrsaí seo go mór le geilleagar na Gaeltachta ó thaobh na Mná Tí, siopaí áitiúla, múinteoirí agus fostaithe eile na gColáistí Gaeilge de.

"Is cúis díomá mhór dúinn é go bhfuil easpa comhordú ag dul ar aghaidh idir na codanna éagsúla den Rialtas i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge. Tá Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 de chuid an Rialtais ag moladh cur leis na cúrsaí agus iad a fhorbairt agus an comhlacht reachtúil, An Chomhairle Mhúinteoireachta, ag tacú leis sin. Ag an am céanna, tá An Roinn Oideachais agus Scileanna ag iarraidh an bonn a bhaint den obair bhreá atá ar siúl acu. Cheap muid go raibh an Straitéis ann le treoir shoiléir a thabhairt do na Ranna éagsúla Stáit agus a bpáirtnéirí, ach ní mar sin atá sé ag feidhmiú faoi láthair."
Share/Save/Bookmark

1.2.12

Céim amháin eile!

Fógraíodh sna meáin gur cuireadh 1,400 suirbhé agus 240 aighneacht chuig Roinn na Gaeltachta don athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Tá ardmholadh ag dul do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta as an obair ar fad a rinneadh ar an bhfeachtas seo. Éiríodh leis na spriocanna a leagadh os a gcomhair ag an gcruinniú i nGaillimh roimh na Nollaig a bhaint amach agus níos mó fós.

Leanann an feachtas ar aghaidh. Beidh orainn cinnte a dhéanamh go nglacfaidh an Rialtas leis na moltaí, ach go háirithe le hOifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil mar oifig neamhspleách.

Chuige sin, tá deis faighte ag Conradh na Gaeilge agus ag Guth na Gaeltachta, dul os comhair an Chomhchoiste Dála um Chomhshaoil, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht (a bhfuil a leathanach i mBéarla amháin!!!!) ar an gCéadaoin (8ú Lá Feabhra 2012) ag 10.30 le cás Oifig an Choimisinéara a chur trasna agus a gcuid tacaíochta a lorg (beifear ag plé samhail nua mhaoinithe an Fhorais leo chomh maith).

Seo hiad na Teachtaí Dála atá ar an gcómhchoiste um gnóthaí Ghaeltachta (mar aon le hoidhreacht & ealaín) Níl an leathannach sin le fáil i nGaeilge ach oiread! Is cosúil nach bhfuil Seanadóir ar bith ar an bhfoth-gcoiste seo.

Noel Coonan Fine Gael
Marcella Corcoran Kennedy Fine Gael
Luke ‘Ming’ Flanagan Independent
Terence Flanagan Fine Gael
Ciarán Lynch Labour
Sandra Mc Lellan Sinn Féin
Gerard Nash Labour
Robert Troy Fianna Fáil
Brian Walsh Fine Gael
Tá Seanadóirí ar an bPríomh Choiste (Béarla) áfach!
Share/Save/Bookmark