Showing posts with label Uachtarán na h-Éireann. Show all posts
Showing posts with label Uachtarán na h-Éireann. Show all posts

6.12.23

An triú Coimisinéir Teanga.

An English Version
Cheap Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn,Séamas Ó Concheanainn inniu ina Choimisinéir Teanga. I ndiaidh do Thithe an Oireachtais glacadh le rún de chuid an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán, Catherine Martin, chuir an tUachtarán a lámh le ceapachán Shéamuis Uí Choncheanainn in Áras an Uachtaráin inniu.

Tagann Séamas i gcomharbacht ar Rónán Ó Domhnaill a chaith naoi mbliana mar Choimisinéir Teanga sular ceapadh i measc na gCoimisinéirí i gCoimisiún na Meán é ag tús na bliana seo.

“Tá mé ag súil go mór leis an deis i mo ról mar Choimisinéir Teanga tionchar suntasach a imirt ar mhéadú agus ar fheabhsú na seirbhísí poiblí atá á gcur ar fáil trí Ghaeilge ag eagraíochtaí stáit." dúirt Séamas Ó Concheanainn ag an ocáid. "Is dea-scéala é go bhfuil reachtaíocht teanga leasaithe (Acht nadTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021) ag teacht i bhfeidhm i láthair na huaire leis na cearta teanga atá ag pobal na Gaeilge a láidriú. Tá gealltanais shuntasacha sa reachtaíocht teanga nua, ar nós an Plean Náisiúnta a leagfaidh amach cur chuige na hearnála poiblí, a chuimsíonn breis agus 500 comhlacht poiblí, le freastal cóir agus cothrom a dheánamh ar phobal na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus go náisiúnta. Beidh feidhmiú na ngealltanas maidir le dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge a bheith ar fáil do sholáthar na seirbhísí poiblí nua criticiúil freisin. Teastóidh beart náisiúnta ina mbeidh ról lárnach ag an earnáil ardoideachais trí Ghaeilge leis an acmhainn dhaonna a sholáthar, d’fhíorú na gcearta teanga atá sa reachtaíocht leasaithe.”

Labhair sé ar na forálacha atá tagtha i bhfeidhm cheana, “Tá fáilte mhór le cur roimh an mborradh follasach faoi fhógraíocht Ghaeilge ar na meáin chumarsáide éagsúla. Leagann alt 10A. (Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí) dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí sciar suntasach dá gcuid fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge. Is den tábhacht é go mbeadh an Ghaeilge á saothrú mar mheán plé agus dioscúrsa san uile réim phoiblí.”

Is as Baile an tSagairt, an Spidéal i gContae na Gaillimhe é, Shéamas Ó Concheanainn. Tá achar trí bliana caite aige ag obair mar Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga. Roimhe sin, bhí sé ina Riarthóir ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (Ollscoil na Gaillimhe), i gCarna, mar a raibh sé ag plé le fearainn na hacadúlachta agus bainistíochta araon.

Is iomaí ábhar taighde teangabhunaithe ar chuir Séamas faoi réir le linn a chuid ama ina measc Fios Físe, tionscadal taighde náisiúnta a bunaíodh d’fhonn tomhas a dhéanamh ar an tóir agus ar an éileamh atá ag pobal abhartha na Gaeilge ar TG4. Tá spéis ar leith aige sa bpleanáil teanga agus sa bhforbairt pobail agus sealanna éagsúla caite aige thar na mblianta ag obair go deonach le raon leathan eagraíochtaí agus coistí pobail.

Seo an chéad uair ar fógraíodh folúntas an Choimisinéara Teanga mar chomórtas earcaíochta, oscailte don phobal. Téarma 6 bliana atá sa cheapachán mar Choimisinéir Teanga.


@ceartateanga @DeptCultureIRL

Share/Save/Bookmark

22.12.21

Tá sé ina dlí.


Tar éis dó a mhachnamh a dhéanamh ar An Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, tá an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn tar éis a lámh a chur leis leis an mbille a dhéanann leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla dá réir sin tá sé ina dhlí.


Dúirt an Coimisinéir Teanga go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir le cearta teanga toisc Acht na dTeangacha Oifigiúla nua a bheith ina dhlí anois. Ach dúirt Rónán Ó Domhnaill gurb é an rud is tábhachtaí anois ná a chinntiú go gcuirtear an tAcht nua i bhfeidhm mar ba chóir.

“Is cinnte go bhfuil dul chun cinn déanta ó thaobh cearta teanga de toisc gur achtaíodh an reachtaíocht seo. Is gá don Stát gníomhú ar bhealach praiticúil agus réamhghníomhach anois chun feidhm a thabhairt don chuspóir soiléir gur daoine atá inniúil sa Ghaeilge a bheidh i 20% d’earcaithe nua sa tSeirbhís Poiblí agus sa Státseirbhís faoin mbliain 2030. Is léir go mbeidh go leor ag brath ar obair an Choiste Chomhairligh, atá le bunú faoin Acht, agus ar an bPlean Náisiúnta do Sholáthar Seirbhísí Stáit trí Ghaeilge, a mbeidh feidhm reachtúil aige, chun cur go suntasach le líon na gcainteoirí Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí.” 

I measc na bhforálacha sa reachtaíocht nua tá:

  • Cuspóir go mbeadh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí agus sa Státseirbhís inniúil i nGaeilge faoin mbliain 2030.
  • Deimhniú go leagfar síos spriocdháta faoina mbeidh chuile sheirbhís Stáit sa Ghaeltacht ar fáil as Gaeilge.
  • Feidhm bhreise faireacháin don Choimisinéir Teanga.
  • Foráil chun deireadh a chur le córas na Scéimeanna Teanga agus córas caighdeán seirbhíse a bhunú.
  • Foráil chun a chinntiú go bhfreagraítear cumarsáid a dhéantar le comhlacht poiblí ar na meáin shóisialta sa teanga chéanna.
  • Foráil lena leagtar dualgas ar chomhlachtaí poiblí ábhar margaíochta a chuirtear faoi bhráid aicme den phobal a bheith i nGaeilge.
  • Foráil lena leagtar dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20% dá fhógraíocht a dhéanamh trí Ghaeilge.
  • Foráil lena leagtar dualgas go mbeidh foirmeacha iarratais i nGaeilge.
  • Foráil le cinntiú gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh lógónna comhlachtaí poiblí.

A lámh curtha ag Uachtarán na hÉireann le bille teanga nua (TuairiscNuacht)
Fáilte áirithe curtha roimh achtú an Bhille Teanga (RTÉ)

Dúirt Rónán Ó Domhnaill go mbeidh a Oifig siúd ag cur comhairle ar an bpobal faoi na cearta breise teanga a bheidh ann de thoradh na reachtaíochta nua. Beidh a Oifig ag cur comhairle ar chomhlachtaí poiblí chomh maith maidir leis na dualgais reachtúla nua. Is in imeacht ama a thiocfaidh na forálacha i bhfeidhm ach ba cheart tosú tabhairt faoin obair sin chomh luath agus is féidir, a dúirt an Coimisinéir sé.

Tá athbhreithniú á dhéanamh shuíomh gréasáin An Choimisinéara d’fhonn na leasuithe ar an reachtaíocht teanga de thoradh an Achta nua a thabhairt san áireamh. Tá súil acu an obair seo a thabhairt chun críche go luath san athbhliain. 

@PresidentIRL @Ceartateanga @OireachtasNews #AchtTeanga

Share/Save/Bookmark

28.8.21

Respect et manque de respect et mépris!

Teachtaireacht measa ó Uachtaráin agus dímheas agus neamhaird ag an Taoiseach agus polaiteoirí!

Bhí alt in dTuairisc.ie le deanaí ina léirigh Jack Chambers, Aire Stáit na Gaeltachta, a "fhrustrachas" an t-imeallú a rinneadh ar an nGaeilge le linn na paindéime. Dúirts sé leis gur raibh sé tar éis scríobh "chuig gach Roinn Rialtais le déanaí chun a n-oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a mheabhrú dóibh."*

Cúpla lá roimhe bhí preas ócáid ag Ceannaire TG4 agus dúirt: "Sa nach mór 100 bliain ó bunaíodh an stát, thacaigh an stát leis an nGaeilge mar shiombail den fhéiniúlacht náisiúnta ach níor léiríodh an uaillmhian chéanna do phobal chainteoirí na Gaeilge is a léirigh na húdaráis sa Bhreatain Bheag don Bhreatnais.”

Tháinig an Iar-Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuireáin, ina a chuid taighde ar pholasaí gach rialtas sa tír ó 1928 go dtí na seascadaí ar an tuairim gur "soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis: is deacair brí ar bith eile a bhaint as polasaí an stáit ó 1928 ar aghaidh".

Bhí cuairt ar an dtír seo ag Uachtarán na Fraince i rith na seachtaine agus ba léir an dearcadh a bhí ag an Rialtas seachas ag an Náisiún ar an dTeanga Náisiúnta.

Bhí Uachtarán na Éireann (mar is gnáth dó) cúramach go mbeadh ár dteanga féin agus teanga na Fraince le feiscint agus le cloisint. Fiú an biaclár don Dinnéar Foirmeálta bhí sé i dteangacha náisiúnta an dá thír. Ach ní raibh sé soiléir (má bhí sé ann ar chor ar bith) go raibh mórán meas ag an Taoiseach nó ag Corps Politique na tíre uirthi.

Ar an gcóras giolcaireachta ó Aras an Uachtaráin bhí siad i nGaeilge nó dhá theangach. Sin an gnáth nós atá aige ó thosigh sé ar sin (cé gur "@PresidentIRL" a thugann sé ar féin ar chúis nach dtuigim). (https://president.ie/ga/ilmheain-agus-oraidi/eisiuinti-nuachta/statement-following-a-meeting-of-an-tuachtaran-michael-d-higgins-with-president-macron)

Mar ceannaire ar Rialtas na hÉireann bheithfeá ag súil le giolch nó dó sa Teanga Náisiúnta ach faraoir, níl an nós sin aige. Ní dóigh liom go bhfaca mé oiread is tuít amháin uaidh i nGaeilge ó thoghadh ian thaoiseach é. Gach tuít uaidh tá sé i mBéarla na Banríona agus mar a gcéanna sa chás seo - cé go raibh beagáinín Fraincise ag a tús a fháiltiú roimh an Uachtarán! 

Mar an gcéanna ó suíomh nuachta an Rialtais - @MerrionStreet.ie - News from the Government of Ireland (sic). - gan focal sa Teanga Náisiúnta. Bhí giolch Emmanual Macron féin faoin ocáid ina theanga dhúchais féin agus nod dár dteanga mar clabhsúr. 

 Nach léiríonn sé a dúirt an Teachta Dála Catherine Martin dhá bhliain ó shin, "má tá rud tabhachtach le rá abair i mBéarla é." Nó mar a mhínigh Seán Ó Cuireáin linn roimpi gur teachtaireacht rí shoiléir í ó gach rialtas ó buníodh an stáit chuig pobal na Gaeilge "Labhraigí Gaeilge le chéile ach ná labhair linne í!".

Agus mé á scríobh seo bhí na giolchanna ó chomhfhreagraí polaitíochta Raidío na Gaeltachta, Eoin Ó Catháin an shoiléir agus cabhrach má bhí duine ag iarraidh na cúrsaí a leanúint. I gcomparáid leis na lag iarrachtaí sna mheáin Béarla a bhí ag brath ar athfhoilsiú ráitaisí i mBéarla seachas tuairiscáil "beo" sa chás seo. 

* Fuair Tuairisc.ie cóip den litir seo, a sheol an tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Jack Chambers chuig a gcomhghleacaithe rialtais. (Iarrtha ag Airí na Gaeltachta ar airí rialtais eile go gcomhlíonfadh a ranna a ndualgais i leith na Gaeilge 7 MF 2021)


Share/Save/Bookmark

12.11.18

"Gaoth ar muir..."


D'fhéach mé ar insealbhú Mhíchíl D. Uí Uiginn aréir. Ar bhealach sé an seamanais is mó bhunreachtúil a bhíonn ann. Is féidir córas riliú na tíre a fheiscint in aon áit amháin ag deanamh gníomh bunreachtúil. An Bhunracht i gcolann daonna mas maith leat - an fheoil ar na cnámha!
Pic: Cuntas twitter  Míchíl Uí Leidhin 

Tá baill na trí tithe Oireachtais Éireann le feiscint ann - Uachtarán, Seanad & Dáil. Tá an Rialtas ann ar ndóigh agus Binse na mBreithiúna. Reachtasóirí, Rialióirí agus Imscrúdathóirí.

Rud a chuir díomá mar aon le brón orm áfach ná an easpa Gaeilge sa searmánais. Aon uair a úsáitadh Gaeilge sa searmanais tugadh aistriú i mBéarla de. Níor tugadh aon aistriú ar an mBearla go Gaeilge ar ndóigh. Fiú amhán tugadh an módh go dhá theangach - a chéad uair a thárla san go bhfios dom - fiú i gcás Erskine Childers. Teachtaireacht simplí?

Dá mba rud é go raibh Maolra Seoighe, a crocadh go tragóideach agus a thug An tUachtarán pardún dó seacht mí ó shin is beag a thuigfeadh sé ar cad a bhí ar siúl!

"...let us approach the next seven years with energy and enthusiasm, bringing ár lán dhícheall to our work of building together what may come to be seen as a Real and beautiful Republic of inclusivity, creativity, imagination, love and indeed joy, a joy that is shared, for that too is part of what it is to truly participate...As lámha a chéile a mhairimíd...." (An Naoú Uachtarán).

"...It has always been very curious to me how Irish sentiment sticks in this half-way house  - how it continues to apparently hate the English, and at the same time continues to imitate them; how it continues to clamour for recognition as a distinct nationality, and at the same time throws away with both hands what would make it so...."  An chéad Uachtarán.

Rosc Aimheirgín

Mé gaoth ar muir
mé tonn díleann
mé glór mara
mé damh seacht mbeann
mé seabhac den aill
mé dealán gréine
mé áilleacht fáis
mé torc ar ghail
mé bradán sa linn
mé loch ar mhá
mé suí eagna
mé ga faoi bhua ag sa chath
mise a adhnas tinfeadh cinn
cé hé a mhíníos clochar sléibhe?
cé hé a áirmhíos trátha éasca?
cé dó is eol cá bhfuineann grian?
gair an draoi go geanaidh briocht díbh
mise an draoi
Mé gaoth ar muir

Share/Save/Bookmark

18.3.16

Céiliúradh Phadraig! An chuid de #PnaG iad lucht riaracháin na tíre?

Bunreacht na hÉireann
Agus Lá Fheile Pádraig á chéiliúradh againn bhí lucht twitter an ghnóthach ar ndóigh. Bhí an chuid le focal nó dhó i nGaeilge in onóir don ocáid agus bheithfeá ag súil leis sin. Is dócha gur comharha measa ar ár dteanga  féin atá ann.

Bhí ceann nó dhó ó shuíomh an Rialtas, @merrionst.ie - "Irish Government News Service is a service provided from Government Buildings in Dublin."(sic) agus is i mBéarla ar fad a bhí sé. Ar ndóigh is beag a roinneann siad sa teanga náisiúnta ar lá ar bith ach mach mbeithfeá ag súil go mbeadh nod ina treo ar an Lá Náisiúnta?

Spreag sé mé le scrudú a dhéanamh ar na trí chuntais twitter a bhaineann le riaracháin na tíre. B'iad cuntais an Uachtaráin, An Oireachtais agus an Rialtas féin.

Agus seo a fuair mé.

1. Uachtarán na hÉireann (@PresidentIRL). 
Meas ón Uachtarán
Cé go bhfuil tideal i mBéarla ar an gcúntas ("Twitter account for Áras an Uachtaráin, providing updates about the work of Uachtarán na hÉireann Michael D. Higgins.") is léir go bhfuil meon an Uachtaráin i leith na Gaeilge le feiscint sna píosaí a bhí roinnte ag a oifig linn. Foilsíodh 18 teachtaire sa dá la 16-17 Márta 2016. Bhí ceann amháin dhá theangach ann, ocht gcinn i nGaeilge amháin agus naoi gcinn i mBéarla amháin.

2. Rialtas na hÉireann (@merrionstreet).
Chuireadar cúig chinn de giolcacha amach sa tréimhse céanna agus gan oiread is ceann amháin fiú dhá theangach. (Bhí giolch amháin dhá theangach sa tréimhse ó @endakenny - rud atá anamh!)

3. Tithe an Oireachtais (@OireachtasNews).
Socrú deanta?
Deireann siad gur "Houses of the Oireachtas - Tithe an Oireachtais - Official Twitter account of the Irish Houses of Parliament!" Bhí ceithre tuíteanna uatha siúd agus ceann amháin a bhí dhá theangach.

Is léir go bhfuil an Rialtas agus "the Irish Houses of Parliament" ag baint lán úsáid as mír a trí d'Airteagal 8 den Bhunracht: "Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d’fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de."

Tá dhá rud á léiriú sa mion súirbhé anseo agam dár liom. An t-uafás obair atá ar siúl ag Oifig an Uachtaráin agus muid go léir ar saoire agus tá a mheas ar an teanga le feiscint ann chomh maith. Ní féidir an rud céanna a rá faoin dá mír eile de chóras riarachán na tíre. Faraoir tá sé soiléir ón a gcleachtadh nach an Ghaeilge "an fórsa diamhair a thiomáin chun cinn" iad na baol air!

Nach léir nach chuid den mBaile 'sagainne - an Ghaeltacht digiteach nó #PnaG aon chuid de Rialtas na hÉireann seachas ár n-Uachtarán féin? Bhfuil íontas ar éinne?

"...agus beagáinín den Ghaeilge tríd!"

Teachtaireacht nach féidir le Parlaimint na hÉireann a chuir amach?


Share/Save/Bookmark

10.1.16

Uachtarán Taoiseach, 2 pharlaimint & ár dteanga!


Cad deireann a gcuid giolchanna linn faoina meas ar an dteanga náisiúnta!


An Uachtarán:
Tá cúntas ag an Uachtarán (@PresidentIRL) ó lár mí na Nollag seo caite agus cuireadh 38 tuíteanna ar líne go deireadh na míosa sin. Deich gcinn a bhí i nGaeilge ann (26%).

An Taoiseach:
Tá cúntas ag an Taoiseach (@EndaKennyTD) agus chuir seisean 224 tuíteanna i rithna bliana ó Ean 2015 go dtí deireadh Nollag 2015. Bhí 219 acu i mBéarla amháin (97.77%) Bhí ceann amháin i bhFraincís (0.45% - faoi sléacht Charlie Hebdo!). Bhí dhá cheann i nGaeilge (0.89%) agus dhá ceann dhá theangach (0.89%).

Cé acu a léiríonn meas dár dteanga?

Na Parlaimintí
Tá sé spéisiúil breathnú ar tuíteanna an dá pharlaimintí, Parlaimint na hEorpa agus An tOireachtas. Tá seoladh twitter speisialta do lucht na Gaeilge ag Parlaimint na hEorpa (@Europarl_GA). Is i mBéarla amháin atá an cuid is mó ón Pharlaimint na hÉireann (@OireachtasNews).

Ait go leor is i mBéarla a tuíteann oifig Pharlaimínt na hÉorpa i mBaile Átha Cliath ach deineann siad ath tuíteanna de na chinn i nGaeilge a thagann ón mBruiséal nó ó Strasbourg. Aisteach!

Cé acu a léiríonn meas dár dteanga?

Teachtaireacht simplí eile?




Share/Save/Bookmark

12.3.14

Coimisinéir nua ceaptha!

Cheap Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, an tUasal Rónán Ó Domhnaill ina Choimisinéir Teanga tráthnóna inniu.

Ag labhairt dó i ndiaidh a cheapacháin in Áras an Uachtaráin, dúirt an tUasal Ó Domhnaill gur ‘pribhléid agus onóir mhór’ dó a bheith ceaptha ina Choimisinéir Teanga.

“Tá an-áthas orm gur ceapadh tráthnóna mé mar Choimisinéir Teanga agus táim ag súil go mór le tabhairt faoin ról ríthábhachtach seo," arsa an Coimisinéir nua. Tá sé i gceist agam an fód a sheasamh do phobal na Gaeilge, a gcearta teanga a chosaint gan chamadh gan chlaonadh agus na dualgais reachtúla atá anois orm a chomhlíonadh le fuinneamh agus le díograis. Tuigim go rímhaith go bhfuil dúshláin nach beag romham agus roimh Oifig an Choimisinéara Teanga sna blianta atá amach romhainn, ach creidim go láidir gur dúshláin iad seo ar fiú dul i ngleic leo ar mhaithe leis an nGaeilge, le pobal na Gaeilge agus le pobal na hÉireann.”

Ghabh an tUasal Ó Domhnaill buíochas speisialta leis an iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. “Ba chúis uchtaigh agus mhisnigh dom an chabhair a chuir Seán Ó Cuirreáin ar fáil dom ó ainmníodh mé mar Choimisinéir Teanga agus gabhaim buíochas ó chroí leis as an tacaíocht spreagúil sin. Gabhaim buíochas freisin le foireann Oifig an Choimisinéara Teanga as an bhfáilte chroíúil a chuir siad romham.”

Insealbhú Rónáin Uí Dhomhnaill (RnaG)
Ghabh Rónán Ó Domhnaill buíochas freisin le hAire Stáit na Gaeltachta, an Teachta Dála Dinny McGinley, agus leis an Rialtas as ucht é a ainmniú mar Choimisinéir Teanga. Ghabh sé buíochas chomh maith leis an Dáil agus an Seanad as glacadh leis an ainmniúchán sin d'aon ghuth agus leis an Uachtarán as é a cheapadh go hoifigiúil tráthnóna in Áras an Uachtaráin.

Tá Rónán Ó Domhnaill 38 bliain d'aois. Is as an gCeathrú Rua ó dhúchas dó agus le seacht mbliana anuas d’oibrigh sé mar Chomhfhreagraí Polaitíochta le Nuacht RTÉ/TG4 agus mar bhall d'Aonad Polaitíochta RTÉ. Tá sé pósta leis an iriseoir Irene Ní Nualláin agus tá beirt chlainne orthu.

• Insealbhú an Choimisinéara (Gaelport, 13/3/2014)


Share/Save/Bookmark

11.10.11

Díospóireacht TG4

Seo pictiúir íontach a chuir Ciarán Ó Brolcháin ar facebook agus é ag caint faoin díospóireacht uachtarántachta atá le bheith ar TG4  - "Tá siad ag teacht..." Ní gá a thuilleadh a rá!
Beidh an clár ar siúil ar an 18ú lá Deireadh Fomhair 2011.
Share/Save/Bookmark

24.4.10

Teanga iomlán daonna?

Tá tuairisc ar Árd Fheis Chonradh na Gaeilge i nGaelscéal na seachtaine seo.

Fáilte roimh an óige
Ni raibh mé ann ach chonaic mé chuid de ar an gcraoladh ar an idirlín. Is cosúil go raibh breis is dhá chéad ag an gcruinniú - de bharr an toghchán deirtear. Ach tá dainséar ann nach ndíreofar aird ar pholasaithe seachas phearsana nó polataíocht sa Chonradh. Ní mór teach le chéile go láidir gan acrann "ar son na cúise!"

Rud a thug mise faoi dearadh ná spiorad agus fearg an Uachtaráin ath-tofa, Pádraigh Mac Fhearghusa. "Tá mise i gConradh na Gaeilge ar son na hoibre, ar son an aontais, ar son brú a chur ar na státseirbhísí atá inar coinne!"

Ina aitheasch fuinniúil tháinig sé thar n-ais ní ba láidre ar an gceist sin. Chuir sé an ceist ortha go borb, i mBéarla borb: "Do you regard Irish as a fully human language?"

Chuir sé fáilte faoi leith roimh na daoine óga a bhí ag an Árd Fheis agus leag sé béim ar tabhacht an ghlúin nua do Chonradh.

Is cosúil go bhfuil beocht agus fuinneamh agus díogras sa sean-Chonradh fós!

Féach ar "A fully human language?" ar The Hidden Ireland.
Share/Save/Bookmark

24.1.10

Omós agus masla?



Tá stampa nua ar fáil ón bPost le déanaí ag comóradh 150 bliain ó rugadh Dubhghlas de hÍde.

Bhi de hÍde ar na daoine a ba thábhachtaí i stair na hathbheochana agus ar bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge. An Craoibhín Aoibhinn an leasainm a d’úsáid sé agus é ag scríobh agus bhí meas mór air mar scríbhneoir agus mar scolaire agus ar ndóigh ba céad Uachtarán na hÉireann (1938-1945) é. Ba as Contae Ros Comáin é agus bhí spéis aige sa teanga ó bhí sé ina óige.

Tá griangraf de a thog Keogh Brothers Ltd a theaspeáneann é ina shuí go samh.




Ar an lá céanna d'éisigh siad stampa nua bainise don bhliain 2010. Tá an stamps seo i mBéarla amháin seachas ainm na tíre. Tá dhá éin ghrá ann nó "love birds" mar a deireann an stampa.

Seo an chéad stampa ó tháinig a Acht Teanga i bhfeidhm, atá i mBearla amháin. Scríodh cheanna sna nuachtáin faoi Díspeagadh An Post agus ansin an ábhar dócas i 2004 sa litir Casadh na taoide?

An amhlaidh gur cúlú atá i gceist?

Seo suíomh do bhailitheoirí stampaí An Post (Béarla amháin!)
Share/Save/Bookmark