Bhí an Coimisinear Teanga, Rónán Ó Domhnaill ós comhair
Buan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ar an 21ú lá Bealtaine 2019 ag plé tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga do 2018. Seo an
Preas Ráiteas ón gCoiste roimh an chruinnithe.
"...ghoill sé orm mar Choimisinéir Teanga, nach raibh ar mo chumas thart ar leath de na gearáin a rinneadh liom a fhiosrú, de thoradh, den chuid is mó, gan dualgas a bheith ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí cuimsitheacha Gaeilge a chur ar fáil."
A Chathaoirligh,
Gabhaim buíochas leat féin agus leis an gCoiste as an gcuireadh teacht in bhur láthair anseo tráthnóna. Is mór an tacaíocht dom an tsuim leanúnach a chuireann an Comhchoiste i gcúrsaí cearta teanga agus reachtaíochta teanga. Tá an pháirt ghníomhach atá á glacadh agaibh sna cúrsaí seo agus an díospóireacht a spreagann sibh fíorthábhachtach, tráth a dteastaíonn athmhachnamh ar chur chuige an Stáit i leith na Gaeilge.
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL – LÉARGAS GINEARÁLTA
Tugadh cuireadh dom anseo inniu chun príomhthorthaí mo
Thuarascála Bliantúla, 2018 (pdf) a chur in bhur láthair agus aon cheisteanna atá agaibh a fhreagairt chomh maith, dar ndóigh.
Fearacht oifigí ombudsman agus oifigí géilliúlachta eile tá an t-idirphlé a bhíonn againn leis an bpobal thar a bheith tábhachtach inár gcuid oibre. Bíonn muid ag brath ar an bpobal chun na deacrachtaí a bhíonn acu seirbhísí a fháil ón státchóras i nGaeilge a chur faoinár mbráid. Minic go maith réitítear cuid mhaith de na deacrachtaí aonaracha a bhíonn ag daoine cé nach n-éiríonn linn gach deacracht a réiteach, go háirithe nuair nach ann do dhualgas reachtúil seirbhísí áirithe a chur ar fáil i nGaeilge nó i gcásanna nach dtagann comhlacht poiblí faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is bunfhadhbanna iad sin a bhaineann leis an Acht féin agus a bhfuil cuid mhaith plé déanta orthu roimhe seo. Táthar freisin ag brath ar thoil an Stáit caitheamh go cothrom le daoine a dteastaíonn uathu a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Ní aon amhras orm ach nach bhfuil an státchóras sách réamhghníomhach i soláthar na seirbhísí sin agus go minic go mbaineann crá croí le bheith ag iarraidh cuid de na seirbhísí poiblí is bunúsaí a fháil i nGaeilge.
Bhí líon na ngearán a rinneadh le m’Oifig le linn 2018 mórán mar an gcéanna leis an mbliain roimhe sin, titim an-bheag ó 638 go 634. Bhain os cionn 90% de na gearáin le cúig réimse faoi leith: forálacha i scéimeanna teanga, comharthaíocht agus stáiseanóireacht, freagra i mBéarla ar chumarsáid i nGaeilge, comharthaí bóthair, agus fadhb le húsáid ainmneacha agus sloinnte i nGaeilge. Tháinig aon tríú de na gearáin ó dhaoine i mBaile Átha Cliath agus ceann as chuile chúig cinn ó dhaoine sna ceantair Ghaeltachta.
Arís, ghoill sé orm mar Choimisinéir Teanga, nach raibh ar mo chumas thart ar leath de na gearáin a rinneadh liom a fhiosrú, de thoradh, den chuid is mó, gan dualgas a bheith ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí cuimsitheacha Gaeilge a chur ar fáil.
Bhí an fhadbh maidir le húsáid ainm agus sloinnte i nGaeilge go mór sa nuacht le deireanaí. Thagair mé sa Tuarascáil chomh míshásúil is atá sé nach bhfuil córais ríomhaireachta roinnt comhlachtaí poiblí in ann déileáil le síntí fada go fóill. Is cuid lárnach de chéannacht an duine a ainm. Ní sé míréasúnach a bheith ag súil go ndéanfaí soláthar don mhéid sin i gcórais ríomhaireachta na gcomhlachtaí poiblí i ré theicneolaíochta na linne seo. Tá mé ar an eolas faoi chinneadh a rinne an Coimisiún Cosanta Sonraí ar an ábhar seo le deireanaí agus an rialú nach raibh dualgais cosanta sonraí á sárú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nuair nach raibh ar chumas a gcórais ríomhaireachta síntí fada ar ainm duine a thaifeadadh. Tuigfidh sibh nach dtagann cúrsaí cosanta sonraí faoi mo dhlínsese agus mar sin níor mhaith liom aon tuairim a thabhairt ar chinneadh an Choimisiúin.
An méid sin ráite creidim go láidir nár chóir gur ceist cosanta sonraí a bheadh anseo ó thús deireadh. Is ábhar í a bhaineann le húsáid teanga oifigiúla de chuid an Stáit seo agus is gá go ndéileálfaí leis ar an mbealach sin. Léiríonn an deacracht atá ann an tábhacht go mbeadh an t-ábhar seo cuimsithe ag reachtaíocht teanga. Gan foráil reachtúil tá sé soiléir nach féidir glacadh leis go réiteofar an fhadhb seo go huathoibríoch nó in imeacht ama. Tá sé tráthúil mar sin go scrúdófaí an cheist seo go mion agus Bille na dTeangacha Oifigiúla ag teacht faoi bhur mbráid go luath. Tá fáilte le cur roimh an bhforáil a bhí sna ceannteidil ina leith seo ach mar atá ráite agam roimhe seo creidim go dteastaíonn í a threisiú. D’fhéadfaí sin a dhéanamh ach dáta cinnte a shocrú le dlí faoina gcaithfeadh córais ríomhaireachta atá in úsáid ag an Státchóras a bheith in ann glacadh le síntí fada. Ní gá agus níor cheart go bhfágfaí faoi chomhlachtaí poiblí na dátaí sin a shocrú.
Ar ábhar gaolmhar ní mór chomh maith aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a bhíonn ag daoine a n-ainm i nGaeilge a úsáid nuair a bhíonn na sonraí sin i mBéarla ar bhundoiciméid chéannachta. Is fadhb leanúnach í seo agus ba cheart an deis atá ann réiteach reachtúil a fháil ina leith a thapú anois.
IMSCRÚDÚ RTÉ
"...is bocht an scéal é sin d’aon chraoltóir náisiúnta; is é sin go mbeadh céadteanga oifigiúil na tíre fágtha ar lár ar fad beagnach ó chraoladh teilifíse an chraoltóra chéanna."
Tá cur síos sa Tuarascáil Bhliantúil chomh maith ar cheann de na himscrúduithe is tábhachtaí a rinneadh i stair na hOifige; b’in an t-imscrúdú ar an gcraoltóir seirbhíse poiblí, RTÉ. D’eascair an t-imscrúdú seo ó ghearán a rinne duine den phobal liom faoi easpa craoltóireachta trí Ghaeilge a bhí le brath ar sheirbhísí craoltóireachta RTÉ. Léirigh an t-imscrúdú féin gur beagán le cois céad uair an chloig de chláir theilifíse Ghaeilge a craoladh ar RTÉ le linn 2017 i gcomparáid le hos cionn ocht déag míle uair an chloig de chláir Bhéarla. Is ionann sin agus pointe a seacht faoin gcéad agus is léir, faraor géar, go bhfuil craoladh clár teilifíse Gaeilge beagnach caite i dtraipisí ar fad ag an gcraoltóir náisiúnta faoin tráth seo. Cibé céard faoi aon sárú reachtaíochta is bocht an scéal é sin d’aon chraoltóir náisiúnta; is é sin go mbeadh céadteanga oifigiúil na tíre fágtha ar lár ar fad beagnach ó chraoladh teilifíse an chraoltóra chéanna.
Ba í seo an chéad uair a fiosríodh na forálacha reachtúla teanga de chuid an Achta Craolacháin, 2009. Sorcaíonn na fionnachtana agus na moltaí atá déanta agam fasach thábhachtach don todhchaí.
Chinn mé san imscrúdú go gcaithfeadh RTÉ réimse cuismsitheach clár Gaeilge a chraoladh ar sheirbhís raidió agus ar sheirbhís teilifíse an chraoltóra. Nuair a socraíodh an fhoráil reachtúil seo ba léir gurbh é toil an Oireachtais go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil ar sheirbhís teilifíse agus raidió an chraoltóra náisiúnta. Socraíodh an dualgas sin agus lánfheasacht ar ról TG4. Gan dabht tá breithiúnas i gceist le céard is brí le ‘réimse cuimsitheach’ ach nuair ba léibhéal íosta ar fad an méid clár a bhí á chraoladh ar an tseirbhís teilifise b’éasca a aithint nach raibh an dualgas á chomhlíonadh.
Má chuirtear mo chuid moltaí i bhfeidhm, mar a bheinn ag súil go ndéanfadh aon chomhlacht poiblí freagrach, beidh tionchar mór aige ar sholáthar na gclár teilifíse Gaeilge san am atá le teacht.
Sna míonna beaga amach romhainn beidh mé ag súil le tuarascáil agus plean ó RTÉ ar an mbealach a dtabharfar faoi chomhlíonadh na ndualgas reachtúil teanga seo. Is é comhlíonadh na ndualgas sin an t-aon slat tomhais a bheidh in úsáid agamsa agus mé ag tabhairt mo bhreithiúnais an leor na moltaí a dhéantar in aon phlean a thagann ó RTÉ.
Tráth ar eisíodh an tuarascáil bhliantúil thagair RTÉ an athuair do na réimsí seirbhísí eile, idir seirbhísí digiteacha agus ar líne, a chuirtear ar fáil i nGaeilge. Níl aon cheist ach go bhfuil fiúntas le forbairt na réimsí sin ach déanaim an pointe go daingean an athuair nach laghdaíonn siad an dualgas atá ann maidir le craoladh réimse cuimsitheach clár teilfíse agus raidió i nGaeilge.
Ar ndóigh, má thagaim den tuairim nach bhfuil moltaí an imscrúdaithe á gcur i bhfeidhm go sásúil tá i gceist agam tuarascáil maidir leis an méid sin a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais i gcomhréir leis na cúraimí atá leagtha orm.
IMSCRÚDUITHE EILE
I measc na n-imscrúduithe eile is suntasaí a tugadh chun críche le linn na bliana tá ceann ar an Roinn Talmhaíochta, a shocraigh poist a fhógairt in dhá cheantar Gaeltachta gan aon riachtanas Gaeilge a bheith luaite leo; an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil as an gCreat Náisiúnta Pleanála, a bhí mar chuid de Thionsnamh Éire 2040, a fhoilsiú i mBéarla amháin; Comhairle Contae Chorcaí as Google Translate a úsáid chun suíomh gréasáin na heagraíochta a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge; agus Amharclann na Mainistreach de thoradh comharthaíocht a bheith ar neamhréir leis na rialacháin. Tá tábhacht le gach ceann de na himscrúduithe seo astu féin ó tharla gur bhain siad le neamhchomhlíonadh gné éigin d’fhoráil teanga nár éirigh linn a réiteach tríd an bpróiseas neamhfhoirmiúil reitithe gearáin a fheidhmíonn m’Oifig. Ach oiread le RTÉ scrúdófar cur i bhfeidhm mholtaí na n-imscrúduithe sin le linn na bliana seo.
FAIREACHÁN
D’fhógair mé anuraidh ag cruinniú den Chomhchoiste seo go raibh mé ag cur deireadh leis an bpróiseas monatóireachta a bhí i bhfeidhm ag m’Oifig go dtí sin, is é sin iniúchadh ar Scéimeanna Teanga aonaracha den chuid is mó. Is mar thoradh ar mo Thráchtaireacht ar Chóras na Scéimeanna Teanga, a léirigh go raibh úsáid á baint as an gcóras chun cúngú agus lagú a dhéanamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge, a chinn mé an méid sin a dhéanamh. Mheas mé nach mbeadh sé cuí dom mar Choimisinéir Teanga acmhainní teoranta na hOifige a dhírú den chuid is mó ar chóras atáthar a fheidhmiú go fabhtach.
Ó lár na bliana seo caite chuir m’Oifig córas nua faireacháin i bhfearas lena ndéantar iniúchadh ar:
- líon an bpost atá sainaitheanta ag Ranna Rialtais lena mbaineann riachtanas Gaeilge,
- úsáid na dteangacha oifigiúla ar chomharthaíocht ag suíomhanna oidhreachta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí, agus
- cur i bhfeidhm gealltanas reachtúil a bhaineann le suíomhanna gréasáin de chuid na n-údarás áitiúil.
Tá súil agam an Tuarascáil Faireacháin don bhliain 2018 a fhoilsiú faoi cheann roinnt seachtainí agus na torthaí sin a chur faoi bhur mbráid. Idir an dá linn, táim féin agus ár mbainisteoir géilliúlachta Eileen Seoighe breá sásta tuilleadh plé a dhéanamh ar an múnla nua libh agus an modh oibre a bhí againn.
Forbrófar an córas seo de réir a chéile agus tá i gceist agam tuarascáil faireacháin a fhoilsiú go bliantúil feasta. Faoi láthair níl aon údáras agam monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh aon fhorálacha teanga d’aon Achtachtáin eile seachas na cinn sin a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Creidim go gcuirfeadh sé go mór le mo chuid feidhmeanna dá bhféadfaí aghaidh a thabhairt air seo agus an tAcht á leasú.
BILLE NUA
Tá tagairt déanta agam sa Tuarascáil Bhliantúil don mhoill atá ann le foilsiú Bhille na dTeangacha Oifigiúla chun leasú a dhéanamh ar an Acht reatha. Tá an tAcht ar an bhfód anois le os cionn cúig bliana déag, agus dhá bhliain caite ó foilsíodh na ceannteidil is deireanaí. Mar sin féin tá muid ag fanacht go fóill le foilsiú an Bhille. Tá na leasuithe a theastaíonn pléite agus athphléite faoin tráth seo, tá bhur moltaí féin curtha i láthair sa tuarascáil a d’fhoilsigh sibh i mí na Bealtaine 2018 agus is beag eile is féidir a rá faoin ábhar nach bhfuil ráite go minic cheana. Ní theastaíonn uaim dóchas ná éadóchas a léiriú faoi fhoilsiú an Bhille ag an tráth seo ó tharla gur ábhar í nach bhfuil aon smacht agamsa air. Is faoin Aire agus faoin Roinn atá sé anois an Bille a fhoilsiú agus a achtú.
Glactar leis go coitianta go dteastaíonn Acht nua go géar chun aghaidh a thabhairt ar na feabhsúcháin atá de dhíth. Dá fheabhas a bhíonn aon reachtaíocht, ní leor í aisti féin. Níl aon amhras ach go dteastaíonn athrú ón mbun aníos ar chur chuige an Státchórais chomh maith. Níor cheart go mbeadh eagraíochtaí stáit ag féachaint ar an nGaeilge mar ualach nó mar dhualgas atá le comhlíonadh go drogallach nó le seachaint nuair is féidir. Ba cheart go bhféachfaí i gcónaí le stádas a thabhairt don teanga agus a húsáid a chur chun cinn in chuile bheartas agus gníomhaíocht de chuid an Stáit más ann go bhfuiltear chun caitheamh léi mar theanga oifigiúil atá ar comhchéim leis an mBéarla.
Ráiteas an Choimisinéara Teanga san Oireachtas. (Bealtaine 2019)