19.4.23

An ndearna an státchóras beart de réir a bhriathair maidir le cearta teanga?

Tuarascáil Bhliantúil 2022 – An Coimisinéir Teanga

Mar ullmhúchán do theacht i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 reachtáil an Oifig (OCT) ceann de na cláir ardaithe feasachta ba mhó ó aimsir a bunaithe. D’fhreastail breis is 2,100 rannpháirtí ar sheimineáir ghréasáin a reachtáil an Oifig, cuid acu a reáchtáladh i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Díol suntais ab ea an méadú de 81%, ó 189 go dtí 284, a tháinig ar líon na gcásanna inar roinn an Oifig comhairle le comhlachtaí poiblí faoina ndualgais faoin Acht. D’eascair an méadú is suntasaí ar líon na gcásanna comhairleacha go príomha ó theacht i bhfeidhm alt 10A. (Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí) in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a tháinig i ngníomh mí Dheireadh Fómhair 2022.


Príomhphointí
❖ Méadú 81% ar líon na gcomhairlí a tugadh do chomhlachtaí poiblí in 2022
❖ 600 gearán faighte le fiosrú ag OCT in 2022 – 25% as Contae Bhaile Átha Cliath
❖ Feachtas feasachta is mó riamh rite ag OCT – breis is 2,100 rannpháirtí ar sheimineáir ghréasáin
❖ 5 imscrúdú curtha i gcrích – 3 imscrúdú a bhain le húdaráis áitiúla; teip Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte clárúchán i nGaeilge do vaicsíní a chur ar fáil; agus imscrúdú ar chomharthaíocht de chuid Iarnród Éireann.
❖ Pleanáil tithíochta sa Ghaeltacht agus craoltóireacht i nGaeilge i measc na mórábhar faireacháin i gcaitheamh na bliana 2022.
Fógraíocht.
Leagann alt 10A. dualgas ar chomhlachtaí poiblí go mbeidh 20% ar a laghad dá gcuid fógraíochta in aon bhliain ar leith déanta trí mheán na Gaeilge agus go mbeidh ar a laghad 5% de bhuiséad bliantúil fógraíochta an chomhlachta phoiblí caite leis na meáin Ghaeilge freisin.

Gearáin.
Fuair an Oifig 600 gearán i gcaitheamh 2022, agus cé gur ísliú an figiúr sin ón 727 gearán a fuair an Oifig in 2021 bhí sé ar chomhleibhéal le líon na ngearán ó bhlianta beaga eile anuas, m.s. 604 gearán in 2020. Chomh maith leis sin, tháinig isteach is amach le ceann as gach uile chúig ghearán ón nGaeltacht agus ceann as gach uile cheithre gearán ar bhonn contae as Contae Bhaile Átha Cliath.

Imscrúdaithe.
Bhain trí cinn den chúig imscrúdú a cuireadh i gcrích in 2022 le húdaráis áitiúla. Bhain ceann de na himscrúduithe sin le Comhairle Contae Uíbh Fhailí (Béarla). Ar mhaithe leis an imscrúdú seo a thabhairt chun críche bhí ar an gCoimisinéir Teanga céim neamhghnách a thógáil trí alt 22(1) den Acht a thionscnamh. Foráiltear in alt 22(1) gurbh fhéidir ceangal ar aon duine ar dóigh leis an gCoimisinéir Teanga faisnéis ábhartha a bheith aige nó aici an fhaisnéis sin a chur ar fáil agus más gá iarraidh ar an duine sin freastal os a chomhair chun críche chur i ngníomh a chuid feidhmeanna.

Léirigh imscrúdú eile gur sháraigh FSS - Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Bearla) an dualgas reachtúil teanga atá daingnithe i bhfo-alt 9 (2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. D’eascair an sárú de bharr gur thug an FSS feidhm do chóras chun coinní do vacsaín a dhéanamh ar líne gan dícheall cuí a dhéanamh i leith na gceart teanga atá leagtha amach i bhfo-alt 9(2) trína bhfuil sé de cheart ag an bpobal cumarsáid i scríbhinn i nGaeilge a dhéanamh le comhlacht poiblí.

Rinne an Oifig faireachán ar fheidhmiú moltaí imscrúduithe i gcás 10 gcomhlacht poiblí le linn 2022 freisin. Bhí cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht agus an chraoltóireacht Ghaeilge i measc na n-ábhar ba shuntasaí a raibh monatóireacht le déanamh orthu.

Pleanáil sa Ghaeltacht.
Is díol suntais é an líon gearán a bhaineann le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht atá tagtha chun cinn le blianta beaga anuas. Faoi alt 10(2)(m) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, cuirtear ceanglas ar údarás pleanála a bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina chúram, cuspóirí faoi leith a leagan síos ina Phlean Forbartha Contae chun oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint, lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail.

Léirigh imscrúdú in 2019 gur theip ar Chomhairle Contae na Mí na cuspóirí céanna seo a bhí leagtha amach ina Plean Forbartha Contae a chomhlíonadh agus iarratais phleanála ar fhorbairtí tithíochta sa Ghaeltacht á bpróiseáil, agus cinntí á ndéanamh orthu. Cé go bhfuil iarracht dhílis á déanamh ag Comhairle Contae na Mí moltaí an imscrúdaithe a chur i bhfeidhm, léiríonn an cás seo gurb ann do riachtanas soiléirithe i bhfoirm reachtaíochta nó rialacháin d’údaráis áitiúla a bhfuil limistéir pleanála teanga Ghaeltachta faoina gcúram, amhail cásanna eile atá curtha faoi bhráid na hOifige le blianta beaga. Chuige sin beidh tábhacht ar leith ag baint leis na treoirlínte reachtúla nua atá le heisiúint ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i mbliana chun feidhmiú alt 10(2)(m) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 a chinntiú.

Rónán Ó Domhnaill
Coimisinéir Teanga 2014-2023
Craoltóireacht.
Maidir leis an gcraoltóireacht Ghaeilge, léiríodh in imscrúdú ar RTÉ (Béarla) sa bhliain 2018 gur sáraíodh dualgais reachtúla a bhaineann le réimse cuimsitheach clár a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla i gclársceidil a chuid seirbhísí craolacháin. Tá méadú suntasach tagtha ar líon na n-uaireanta craolta Gaeilge ar sheirbhísí teilifíse RTÉ ó rinneadh an t-imscrúdú agus táthar ag súil go leanfaí den mhéadú ar bhonn céimnithe sna blianta amach romhainn. Mar thoradh díreach ar chur i ngníomh mholtaí an imscrúdaithe sin, tá curtha in iúl ag RTÉ go gcraolfar clár cúrsaí reatha teilifíse as Gaeilge ar RTÉ 1 in 2023 den chéad uair le breis is fiche bliain.

Scoir Rónán Ó Domhnaill de bheith ina Choimisinéir Teanga nuair a chuaigh sé i mbun a chuid cúraimí nua mar Coimisinéir Forbartha na Meán i gCoimisiún Nua na Meán i lár mhí Feabhra 2023.




Share/Save/Bookmark