21.10.20

Coimisinéir ós comhair an Choiste nua!

"Dá nglacfaí leis nach raibh dlite ar chomhlacht poiblí na seirbhísí seo a chur ar fáil go dátheangach ar an údar nárbh acmhainn dó sin a dhéanamh gan moill a chur leo, d’fhéadfaí a fhorléiriú as sin nuair ba thábhachtaí agus ba phráinne an tseirbhís nó an chumarsáid, gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í."

Tionóladh an chéad cruinniú de Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal na Gaeilge ar an 21ú lá Deireadh Fomhair 2020. Bunaíodh an coiste i mí Feabhra agus tá baill ón dá Theach den Oireachtas. Sé Aonghus Ó Snodaigh T.D. atá ina Chathaoirleach ar an gCoiste. Bunaíodh an Coiste seo mar comharba ar Bhuan-choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. (2016-2019) a bhí faoi cathaoirleacht Catherine Connolly T.D. Tá an Coiste tiomanta d’úsáid na Gaeilge mar theanga choiteann i ngach gné de shaol na hÉireann a chur chun cinn.

Tugadh cuireadh do gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, labhart leis an gcoiste ar a chuairimí an Choimisinéara, faoin dTuarascáil 2019, Tuarascáil Fearacháin 2019 agus faoin Bille Teanga atá ós comhair Tithe an Oireachtas faoi láthair.

Seo mar a labhair sé

Gabhaim buíochas leat, agus leis an gCoiste, as an gcuireadh teacht in bhur láthair. Is ábhar misnigh dom gur bunaíodh an Coiste seo chun úsáid na Gaeilge mar theanga choiteann i ngach gné de shaol na hÉireann a chur chun cinn. Nuair atá an oiread airde á tabhairt ar thosaíochtaí móra ar nós phaindéim COVID-19 agus an Bhreatimeachta, d’fhéadfadh ceisteanna tábhachtacha eile imeacht as radharc. Is ceist díobh sin inmharthanacht na teanga náisiúnta mar theanga bheo.

Pleanáil Teanga
Tá sé tráthúil mar sin go bhfuil an óráid seo á tabhairt agam agus leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla faoi chaibidil ag Tithe an Oireachtais. Tá géarghá leis na leasuithe lena chinntiú go mbeidh freastal níos fearr á dhéanamh ag an Stát ar phobal labhartha na Gaeilge, ina rogha teanga, sa Ghaeltacht agus go náisiúnta. Chun léiriú a thabhairt ar an ngá atá leis an leasú, ba mhaith liom sliocht as litir ó dhuine a rinne gearán linn anuraidh a chur faoi bhur mbráid – gearán nach raibh ar ár gcumas a fhiosrú toisc nár tháinig an t-ábhar faoi dhlínse mo chuid feidhmeanna. (Seo roimh fhoilsiú an Bhille agus cuid de na leasuithe molta, dar ndóigh:)

 “Léiríonn a bhfuil sa litir agat, dar liom, cé chomh lag is atá Acht na dTeangacha mar uirlis chun cearta phobal na Gaeilge agus cearta an tsaoránaigh aonair le Gaeilge a chosaint…Cén t-ord luachála a chuireann lucht dréachtaithe Achta i bhfeidhm chomh fada is a bhaineann le Gaeilge? Mar shampla: an gcuirtear éascaíocht oibre na Státseirbhíse mar atá i láthair na huaire chun tosaigh ar feabhas a chur ar chumas na Státseirbhíse céanna oibriú trí Ghaeilge? An gcuirtear costas earcaíochta chun tosaigh ar inmhianaitheacht seirbhíse trí Ghaeilge? An gcuirtear éileamh poiblí chun tosaigh ar chearta absalóideacha teanga? An gcuirtear an status quo chun tosaigh ar nuálaíocht?...”

Tá cead tugtha ag scríbhneoir na litreach seo í a chur faoi bhur mbráid ina hiomláine agus más mian libh is féidir liom í a chur ar aghaidh chuig an gCléireach.

"...ní deirtear sa mBille leasaithe cé a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an phlean do sholáthar seirbhísí stáit a bheidh le hullmhú ag an gCoiste Comhairleach. Gan a leithéid a bheith ann, d’fhéadfadh éiginnteacht mhór a bheith ann amach anseo faoi cé air a dtiteann an fhreagracht go gcuirtear an plean i bhfeidhm."
Is léir go bhfuil cumas an Stáit seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil ar bhonn sásúil ag brath ar líon leordhóthanach foirne le Gaeilge a bheith ann chuige sin. Fáiltím, mar sin, roimh an sprioc inmholta sa mBille leasaithe go mbeadh dualgas reachtúil ann a chinntiú gur cainteoirí Gaeilge iad fiche faoin gcéad d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí. Tá sé tábhachtach, áfach, go mbeadh muinín ag an bpobal go gcloífear leis an sprioc sin taobh istigh den tréimhse fhada ama, deich mbliana, atá curtha ar fáil chuige sin agus go dtabharfaí barántas nach gcuirfí an sprioc sin siar arís agus arís agus arís eile.

Is cinnte go mbeidh sé dúshlánach sprioc ghinearálta 20% a bhaint amach in earnálacha áirithe agus caithfear tabhairt faoin obair ar bhealach eagraithe, pleanáilte. Dírítear sa mBille ar Choiste Comhairleach a bhunú chun plean a ullmhú do sholáthar na seirbhísí poiblí. Tá an Coiste Comhairleach le bheith comhdhéanta den chuid is mó d’ionadaithe ón earnáil phoiblí. Arís, le muinín an phobail a chothú, ba chóir comhdhéanamh níos leithne a bheith ar an gcoiste sin.

Níos tábhachtaí fós, sílim, ní deirtear sa mBille leasaithe cé a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an phlean do sholáthar seirbhísí stáit a bheidh le hullmhú ag an gCoiste Comhairleach. Gan a leithéid a bheith ann, d’fhéadfadh éiginnteacht mhór a bheith ann amach anseo faoi cé air a dtiteann an fhreagracht go gcuirtear an plean i bhfeidhm. Maidir leis an bplean féin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí freastal inti ar riachtanais phobal na Gaeltachta. Tá molta agam go rialta foráil a chur sa mBille le cinntiú gur oifigigh stáit le Gaeilge a bheidh lonnaithe sa nGaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantair shainiúla aitheanta sin. D’fhéadfaí, mar shampla, sainriachtanais phobal na Gaeltachta a thabhairt san áireamh sna caighdeáin teanga a leagfar amach faoi scáth an phlean.

Fáiltím roimh an bhfeidhm bhreise do m’Oifig atá leagtha síos sa mBille nua, is é sin gur féidir faireachán a dhéanamh ar fhorálacha in achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúla. Tá os cionn céad píosa reachtaíochta ann a d’fhéadfadh teacht faoi scóip obair faireacháin na hOifige de thoradh an leasaithe seo – an tAcht Craolacháin, an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, agus an tAcht Oideachais, gan ach cúpla ceann a lua. Roimhe seo is i bhfoirm imscrúdú amháin a d’fhéadfainn aghaidh a thabhairt ar aon sárú féideartha.

Tá iarracht déanta sa mBille nua dul i ngleic leis na fadhbanna aitheanta ó thaobh reachtaíocht teanga de. Táimid tagtha chomh fada anois, agus ag fanacht chomh fada, ba thrua go mór gan cur leis an méid atá geallta. Teastaíonn níos mó cinnteachta a chur faoin sprioc cainteoirí Gaeilge a earcú, breis ionchuimsitheachta a chinntiú i gcás an Choiste Chomhairligh agus an fhreagracht a shoiléiriú ó thaobh chur i bhfeidhm an phlean.

Tuarascáil Bhliantúil - Léargas Ginearálta. 
Tugadh cuireadh dom anseo inniu chun phríomhthorthaí mo Thuarascála Bliantúla agus mo Thuarascála Faireacháin, 2019 a chur in bhur láthair.

Tá cur síos sa Tuarascáil Bhliantúil ar na himscrúduithe a cuireadh i gcrích le linn na bliana 2019. Bhain an ceann is suntasaí díobh sin le Comhairle Contae Chiarraí.

Ba é seo an chéad uair a tionscnaíodh imscrúdú faoi fhoráil de chuid an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000. Leagtar síos san Acht sin nach mór d’údaráis phleanála a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram cuspóirí a áireamh ina bplean forbartha contae a bhaineann le cosaint oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta. Léiríodh san imscrúdú gur sháraigh Comhairle Contae Chiarraí an reachtaíocht sin nuair nár chuir sí i bhfeidhm coinníoll teanga a cheangail an Bord Pleanála de chead pleanála a deonaíodh d’fhorbairt tithíochta i mBaile an Fheirtéaraigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Is den riachtanas é go gcuirtear i bhfeidhm mar is ceart an fhoráil reachtúil seo mar gheall ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar inmharthanacht na teanga má thagann ardú ar líon na ndaoine nach cainteoirí Gaeilge iad sna pobail a bhfuil an Ghaeilge i réim iontu go fóill.

Mhol mé go n-ullmhódh agus go mbunódh an Chomhairle Contae nósanna imeachta a bheidh le leanúint in aon chás ina gceanglófar coinníoll teanga de chead pleanála le haghaidh forbairt tithíochta sa nGaeltacht. Mhol mé, chomh maith, go gcuirfeadh Comhairle Contae Chiarraí m’Oifig ar an eolas maidir le haon chead pleanála a dheonófar i nGaeltacht Chiarraí go ceann cúig bliana i dtaca le hiarratais mhóra phleanála. Tá an faireachán atá á dhéanamh ag m’Oifig ar chur i bhfeidhm mholtaí an imscrúdaithe leanúnach, agus tá mé sásta leis an gcomhoibriú atá faighte ag m’Oifig ó Chomhairle Contae Chiarraí.

Faireachán
Is feidhm eile de mo chuidse, mar Choimisinéir Teanga, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla. Chomh fada siar le 1925 dúradh i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, chun an dochar a dhéantar do stádas na Gaeilge sa nGaeltacht ag feidhmeannaigh stáit gan Ghaeilge a thuiscint, nár ghá ach stáisiún de chuid an Gharda Síochána a shamhlú, lán de chomhaltaí gan Ghaeilge i lár ceantair Gaeltachta.

Tá cuntas i dTuarascáil 2019 ar an bhfaireacháin a rinneadh ar chur i bhfeidhm moltaí a bhí déanta in imscrúdú a rinne mo réamhtheachtaí, Seán Ó Cuirreáin, in 2011 inar léiríodh gur sháraigh an Garda Síochána foráil de chuid Acht an Gharda Síochána. Bhain an fhoráil sin lena chinntiú, an oiread agus is féidir, gur comhaltaí den Gharda Síochána atá inniúil sa nGaeilge a bheidh ar stáisiún i ndúiche ina bhfuil limistéar Gaeltachta.

Rinneadh moltaí san imscrúdú sin a raibh d’aidhm acu a chinntiú gur Gardaí atá inniúil sa nGaeilge a bheadh ar dualgas sna stáisiúin sa nGaeltacht. In ainneoin teagmhálacha leanúnacha m’Oifige, níos mó ar an ábhar seo ná le haon chomhlacht poiblí eile maidir le cur i bhfeidhm moltaí imscrúdaithe riamh, níor cuireadh i bhfeidhm mar is ceart moltaí an imscrúdaithe sin. De réir na faisnéise a cuireadh ar fáil anuraidh ní raibh inniúlacht sa nGaeilge ach ag tuairim agus trian de chomhaltaí an Gharda Síochána atá ar stáisiún sa nGaeltacht.

I gcás ina measaim nár cuireadh moltaí imscrúdaithe i bhfeidhm go cuí laistigh d’achar réasúnta ama, is féidir liom tuarascáil ar an ábhar a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Tá chuile chosúlacht ar an scéal gurb é sin an t-aon rogha a bheidh os mo chomhair amach maidir leis an ábhar seo.

COVID-19
Tá an tír seo, fearacht an chuid eile den domhan, i ngreim ag géarchéim de bharr phaindéim COVID-19. Tá seirbhísí stáit ag tabhairt a n-aghaidhe ar dhúshláin mhóra san am i láthair agus soláthar á dhéanamh do riachtanais agus leas an phobail.

Is i gcúinsí den chineál seo a fhaighimid léargas éigin ar a dhaingne agus atá reachtaíocht atá dírithe ar chearta – ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla – fréamhaithe i gcórais riaracháin an Stáit.

Maidir leis na gearáin a d’fhiosraigh m’oifig, a bhain bealach amháin nó bealach eile leis an bpaindéim, feictear dom téama coitianta i gcuid de na freagraí a tugadh: go mb’éigean gníomhú go práinneach agus, i gcúinsí fíoreisceachtúla na géarchéime sláinte, cinneadh an dualgas reachtúil teanga a chur i leataobh, é a chur ar atráth, nó níor tugadh aird ar an dualgas sin toisc go gcuirfeadh sé moill ar an ngníomh a chur i gcrích.

Dá nglacfaí leis nach raibh dlite ar chomhlacht poiblí na seirbhísí seo a chur ar fáil go dátheangach ar an údar nárbh acmhainn dó sin a dhéanamh gan moill a chur leo, d’fhéadfaí a fhorléiriú as sin nuair ba thábhachtaí agus ba phráinne an tseirbhís nó an chumarsáid, gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í.

Críoch
Mar fhocal scor agus chun filleadh ar an bpríomh chúis go bhfuilim i bhur láthair anseo inniu, sé sin chun labhairt faoin leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, is cinnte go mbeidh go leor cainte idir seo agus achtú an Bhille faoi chéard atá indéanta agus céard nach bhfuil. Ba chóir, dar ndóigh, ag chuile staid den phróiseas seo, go bhféachfaí́ i gcónaí le freastal ar riachtanais phobal na teanga agus a gcearta, ag cur san áireamh stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus mar chéadteanga oifigiúil na tíre.

@Ceartateanga @aosnodaigh @OireachtasNews 

Share/Save/Bookmark

17.10.20

Deireadh le támáilteacht agus méarfhadachas?

Baineadh ardú €17.6m amach sa cháinaisnéis don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. 

Cinnte ba ardú an-suntasach don Ghaeltacht é a bhí ann. Cé go bhfuil sé go maith go bhfuil tús curtha le ciorruithe ar Fhoras na Gaeilge ó 2008 a aisiompú, tá obair mhór fós le déanamh leis an sprioc i leith maoiniú an Fhorais,  maoiniú, láidriú agus daonlathú an Údaráis, agus do na tionscadail aontaithe sa phlean infheistíochta, a bhaint amach. 

Is fiú a rá chomh maith gur baineadh €8m amach don Údarás agus €1.9m amach do TG4 mar airgead aon-uaire i mbliana chomh maith. Ta an-mholadh ag dul do gach duine páirteach sna fheachtais éagsúil, go háirithe iad siúd páirteach i SEAS an Chonartha agus/nó a rinne teagmháil lena polaiteoirí ó 2016, leis an airgead seo a bhaint amach. Agus cé go bhfuil buíochas ag dul do na hAirí, na polaiteoirí agus do na daoine sna húdaráis a rinne gníomh ar son ár n-éileamh chomh maith ní an ach tús - go fiú tús mall!

Dúirt Cathaoirleach ar an gCoiste Gaeltachta & Gaeilge an Oireachtais, Aengus Ó Snodaigh,   gur caitheadh “go dona leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht trí chéile” i gcomparáid le réimsí eile." (Tuairisc.ie 14/10/2020)  Tá sé deacair easaontú leis go mór mór nuair a deintear comparáid leis an méid atá á infheistiú ag Rialtas na hÉireann sna ceantair Ghaeltachta agus an teanga sa Bhuiséad seo leis an méid a bhí roinnte leo roimh 2008.

Deireadh ré?
Dúirt an céad Coimisinéir Teanga sular éirigh sé as 2014 go raibh gach cosúlacht go raibh "an teanga á ruaigeadh ar leataobh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán poiblí?"  (Fochoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 23/1/2014)

Bhí alt son Irish Times i 2015 (Mapping the State 21/11/2015 i mBéarla) eile ina dúradh "Even though (Arts, Heritage and the Gaeltacht) is really important in terms of national profile, in terms of funding, the drop since the recession might suggest that is not as important as other aspects.”

Bhuil an dearcadh sin athraithe? 

Fós ar an imeall?
Tá fáilte roimh an tús seo agus tá súil again gur tús atá ann agus nach mbeadh gá ag lucht na Gaeilge a rá go deo arís mar a dúirt Seosamh Mac Donnchadh tráth: “Níl againn ach fo-rannóg ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta – fo-rannóg de roinn atá mór agus ilghnéitheach...Agus tá an fho-rannóg sin lonnaithe i bhfad ó lár na cumhachta (thiar sna Forbacha i gConamara); tá siad ag bun an tslabhra cumhachta inmheánaigh laistigh dá Roinn féin; agus tá an mháthair-Roinn atá acu ag bun an tslabhra cumhachta lena mbaineann na Ranna Stáit i gcoitinne, rud a fhágann gur deacair di mórthionchar a imirt ar cheapadh polasaí ná ar fheidhmiú polasaí na Rann eile sin a bhfuil ról lárnach acu i bhfeidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge...”

Sílim nach bhfuil ann ach deireadh leis an dtús.  An chúis dóchais é go dtógfar caisleán mór dár bhféiniúlacht ar an mbunús seo agus go bhfuil deireadh leis an támáilteacht agus an méarfhadachas?

Moill, moilliú nó stopadh? Torthaí thaighde an Choimisinéara ar pholasaí Rialtas i leith na Gaeilge. (3/9/2013)


Share/Save/Bookmark

12.10.20

Sásta agus níos saibhre!

 Fuair mé litir "Dear Eoin," ó Electricity Ireland. Tá mé mar custaiméir leo le fada mar siad an t-aon dream a chuireann bille i nGaeilge chugam. Bhí an litir go hiomlán i mBéarla áfach.

Mar is gnáth dom  scríobh mé chucu ag gearán nach raibh an litir i nGaeilge agus mar is gnáth liom, chuir mé cóip de chuig an Coimisinéir Teanga. Sin nós atá agam nuair a fhaighim chomhfhreagas ó comhlucht poiblí nó ó roinn stáit. 

Scríobh mé chucha agus ar ball, gan mórán mhoill caithfidh mé a rá, fuair me freagra deas uatha.

Chuir mé cóip den fhreagra chuig an Coimisinéir Teanga agus tá mé €40 níos saibhre!

Is fiú gearán a dhéanamh!


Share/Save/Bookmark

6.10.20

Meas Oifige an Tánaiste!

Scríobh mé teachtaireacht chug an Tánaiste faoin méid a dúirt sé ar chlár teilifíse aréir. Mar is gnáth scríobh mé sa Teanga Náisiúnta agus seo a fuair mé mar admháil óna Rúnaí.

Teachtaireacht simplí. 

Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga tráth "Bíodh is go bhfuil muid imithe i dtaithí ar an gcur chuige sin ní shin le rá go bhfuil sé ceart!"


@ceartateanga, 
@LeoVaradkar

Share/Save/Bookmark