26.6.16

Ceisteanna tromchúiseacha ann maidir le toil an Stáit seirbhísí a sholáthar i nGaeilge! @ceartateanga

"Buncheart céannacht duine a bheith aitheanta ina rogha teanga oifigiúla i ngnóthaí an Stáit” 
An Comisinéir Teanga

Tá ar an Coimisinéir Teanga tuarascáil bhliantúil faoi obair Oifig an Choimisinéara Teanga a sholáthar don Aire Gaeltachta lena leagan os comhair Thithe an Oireachtais.

Foilsíodh  Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2015 ar maidin.

  • Tháinig méadú 6.5% ar líon na ngearáin ón bliain roimhe. 
  • Bhí níos mó ná 25% a tháinig ó nGaeltacht agus 74% ó thaobh amuigh den Ghaeltacht. 
  • Bhí 15% dóibh ó Co na Gaillimhe agus 40% as Baile Átha Cliath. 
  • Tháinig méadú an mhór ar mhéid na gearán faoi Ranna agus oifigí Rialtais - ó 17% sa bhliain 2014 go 30% agus bhí méadú beag ar líon na gearán faoi Údaráis Áitiúla. 
  • Tá an Tuarascáil le fáil ar shúíomh an Choimisnéara Teanga.

Eircode - gan réiteach sásúil
Léiríonn an tuarascáil gur sháraigh an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha dualgas reachtúil teanga le linn sheoladh an phostchóid náisiúnta, Eircode. Is ar an ábhar sonrach seo a fuair Oifig an Choimisinéara Teanga an líon is airde gearán riamh ó bunaíodh an Oifig in 2004.

Ba de thoradh ainmneacha, sloinnte agus seoltaí a bheith aistrithe go leaganacha Béarla, le linn dháileadh an Eircode, is mó a rinneadh gearáin leis an Oifig ina leith. Tharla an méid seo in ainneoin nár ghnách leis na gearánaithe a bhí i gceist ach a n-ainm agus a seoladh a bheith i nGaeilge. Chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha dualgas reachtúil maidir le húsáid logainmneacha Gaeltachta nuair a seoladh an Eircode chuig sealbhóirí tí sa Ghaeltacht le seoltaí a bhí i mBéarla.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, agus é ag foilsiú na Tuarascála Bliantúla inniu, gur “buncheart céannacht duine a bheith aitheanta ina rogha teanga oifigiúla i ngnóthaí an Stáit”.

Thug an Coimisinéir Teanga le fios go bhfaigheann a Oifig cuid mhaith gearán maidir le deacrachtaí a bhíonn ag daoine a n-ainm agus seoladh a úsáid i nGaeilge le forais éagsúla an Stáit. Dar leis an gCoimisinéir léiríonn sé seo an géarghá atá le leasú ar an reachtaíocht chun cosaint a thabhairt d’úsáid ainm agus seolta i gcéadteanga oifigiúil na tíre agus go bhfeidhmeofaí ar an moladh a rinne a Oifig ar an ábhar seo breis agus cúig bliana ó shin. Mar gheall ar an lúb ar lár seo a bheith sa reachtaíocht ní raibh ar chumas an Choimisinéara réiteach sásúil a fháil ar na gearáin sin a bhain le hainm agus sloinne daoine a bheith aistrithe go Béarla agus an Eircode á sheachadadh.

Easpa tola an Stáit!
Ar ábhar eile, tharraing an Coimisinéir Teanga aird ar a laghad post lena mbaineann riachtanas Gaeilge atá á n-aithint ag Ranna Rialtais. Dúirt an Coimisinéir Teanga go bhfuil ceisteanna tromchúiseacha ann maidir le toil an Stáit seirbhísí ar comhchaighdeán a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla i bhfianaise an chur chuige seo. Mhol sé go ngníomhófaí anois chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a neartú i gcomhréir leis na moltaí a tháinig chun cinn ón gComhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht, ón bpróiseas comhairliúcháin phoiblí, ó chur i láthair atá tugtha aige féin ar fheidhmiú an Achta do choistí Oireachtais agus ón tráchtaireacht a d’fhoilsigh a Oifig ar oibriú fhorálacha an Achta.

“Is léir ón ardú 6.5% a tháinig ar líon na ngearán agus ón ardú 79% a tháinig ar líon na gcomhairlí a cuireadh ar fáil do chomhlachtaí poiblí, le bliain anuas, gur gá freastal mar is ceart ar na riachtanais teanga atá ag lucht labhartha na Gaeilge agus iad ag lorg seirbhísí Stáit” a dúirt Rónán Ó Domhnaill.
An tUachtarán Michael D Higgins a cheap Rónán Ó Domhnaill ina Choimisinéir Teanga 12 Márta '14


@ceartateanga

Share/Save/Bookmark