“Neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga ríthábhachtach” a deir aoichainteoirí Thóstal na Gaeilge 2012
Ag
Tóstal na Gaeilge 2012, a thionól Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an Sathairn 14 Eanáir, bhí saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta ar aon intinn go bhfuil sé ríthábhachtach do chur i bhfeidhm rathúil an Achta Teanga, go gcoimeádfaí Oifig an Choimisinéara Teanga neamhspleách ó aon rannóg nó áisíneacht eile.
‘Treisiú Stádas na Gaeilge’ a bhí mar théama an Tóstail i mbliana, agus leag na haoichainteoirí idirnáisiúnta
An tOllamh Colin Williams (An Bhreatain Bheag),
Dr Wilson McLeod (Albain) agus
an tOllamh François Grin (An Eilvéis) an-bhéim ar thábhacht neamhspleáchas
Oifig an Choimisinéara Teanga chun stádas na Gaeilge a neartú faoin Acht Teanga, agus dúirt nach mbeadh muinín ag an bpobal in Oifig an Choimisinéara mura mbeadh an t-oifig sin iomlán neamhspleách.
I measc siúd a labhair le linn an Tóstail, bhí an Coimisinéir Teanga,
Seán Ó Cuirreáin, agus
Séamus Mac Giolla Chomhail, Príomhoifigeach de chuid na
Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, maraon le saineolaithe acadúla sa tsochtheangeolaíocht agus sa phleanáil teanga, agus gníomhairí teanga áitiúla.
Tháinig sé chun solais arís agus arís eile le linn óráidí na n-aoichainteoirí gur léiriú í an easpa dul chun cinn ar dhaingniú agus ar chur i bhfeidhm na scéimeanna teanga faoin gcóras reatha gur cur i bhfeidhm drogallach atá ar siúl ag formhór na gComhlachtaí Poiblí, go bhfuil teipthe ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an córas reatha a riaradh go héifeachtach, agus gur gá aghaidh a thabhairt ar an gceist seo go práinneach.
Moladh le linn an Tóstail go mbreathnófaí ar an bhféidearthacht a mhalairt de chóras a fheidhmiú a chuimseodh rangú ar Chomhlachtaí Poiblí faoin Acht chun seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge don phobal a bheadh ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla. Moladh go mbeadh ról lárnach ag Oifig an Choimisinéara Teanga faoin gcóras úr i dtaca le dul i bhfeidhm ar nósmhaireachtaí laistigh de na Comhlachtaí Poiblí agus maidir le smachtbhannaí a ghearradh sa chás nár chomhlíon na Comhlachtaí Poiblí a ndualgais reachtúla.
Ag tacú go láidir dóibh le moltaí an Choimisineára Teanga, d’aithin na saineolaithe a labhair ag an Tóstal go bhfuil géarchéim ann maidir leis an líon íseal foirne sa chóras poiblí atá in ann seirbhís a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit. Aontaíodh go bhfuil sé riachtanach go gcuirfear polasaí earcaíochta i bhfeidhm a thabharfaidh aitheantas d’inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon agus a chinnteoidh, dá réir, go mbeidh líon níos airde den fhoireann sna Comhlachtaí Poiblí faoin Acht in ann plé leis an bpobal trí mheán na Gaeilge.
Beidh na moltaí ar fad a tháinig chun cinn le linn an Tóstail mar bhunús d’aighneacht Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge chuig an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Foilseofar achoimre na moltaí sin ar Gaelport.com, príomhshuíomh eolais na Gaeilge, chun go mbeidh siad ar fáil mar threoir don phobal agus iad ag líonadh suirbhé na Roinne nó ag ullmhú aighneachtaí le cur faoi bhráid na Roinne.
Ag labhairt dó ag Tóstal na Gaeilge 2012, dúirt Uachtarán
Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge,
Pádraig Mac Fhearghusa gur léirigh “an líon ard daoine a d’fhreastail ar Thóstal na Gaeilge i mbliana an spéis agus an tuiscint atá ag an bpobal i gcoitinne san athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003”. Deir Mac Fhearghusa gur gá don phobal “gníomhú agus freagairt don athbhreithniú trí suirbhé na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a chomhlánú roimh dheireadh na míosa”.
• ATHBHREITHNIÚ AR ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003 Ar LÍNE!
Neamhspleachas an Choimisinéara Teanga!