Ar eagla go ndéanfar dearmad ar pholasaí Leo Varadkar i leith na Gaeilge seo h-é:
"Tá an Ghaeilge lárnach dár bhféiniúlacht agus ní mór tacú go láidir léi. Tá sé riachtanach go dtabharfar faoi líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú agus go mbeidh sé mar thoradh ar ár mbeartais go mbeidh an teanga le feiceáil agus le cluinstin in úsáid go laethúil ar fud na tíre. Má thoghtar mise i mo Thaoiseach beidh mé ag úsáid na Gaeilge go laethúil i mo chuid oibre. Tacaím le Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Beidh mé ag obair chun na gníomhaíochtaí cuí in earnáil an oideachais, na n-ealaíon, an chultúir agus i seirbhísí a éascú agus tuigim an tábhacht atá le hacmhainní a chur ar fáil chun aidhmeanna na Straitéise a bhaint amach. Aithním freisin na riachtanais ar leith atá ag na pobail Ghaeltachta agus beidh mé ag obair ar son aitheantas agus meas do chearta Gaeilgeoirí. Cuirfear i bhfeidhm fosta an beartas ríthábhachtach mar atá an Comhbheartas Oideachas Gaeltachta. Déanfar leasuithe substaintiúla ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus déanfar cainteoiri líofa Gaeilge a earcú sa tSeirbhís Phoiblí le cinntiú go gcuirfear seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge. Beidh muid réamhghníomhach chun Gaelscoileanna, Gaelcholáistí agus aonaid nua a bhunú chun freastal ar an mhéadú leanúnach ar oideachas trí mheán na Gaeilge."
(Taking Ireland Forward -Bealtaine 2017)
|
Is mian liom díriú isteach ar cheann amháin acu, "Má thoghtar mise i mo Thaoiseach beidh mé ag úsáid na Gaeilge go laethúil i mo chuid oibre."
Anois ó tá sé ina Thaoiseach bhí mé ag súil go mbeadh sé sin le feiceáil nó le cloisint. B'fhéidir go labhrann sé i nGaeilge sa Dáil agus ag cruinnithe aireachta ach dúinne atá inár gcónaí ar líne is beag Gaeilge atá le feiscint ar a chúntas giolcaireachta ar twitter- @campaignforleo. Níl athrú ar bith mar sin ó chleachtas Enda Kenny ó 2011 gan Gaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta?
Ina chéad craoladh mar Thaoiseach óna oifig níl focal sa Teanga Náisiúnta fiú "Gura Maith agat!" ag an deireadh! Taoiseach Ghael?
Justin agus Leo |
Seans go bhfuil sé ró luath le breithiúnas a thabhairt ar a threimhse mar Thaoiseach. Duradh linn gur cheap sé go raibh sé tabhachtach Gaeilge a bheith ag Taoiseach Éireann. Ceist amháin mar sin: "Cén fáth nuair nach bhfuil sí le feiscint nó le cloisint ag an bpobal?"