30.9.09

Cód poist

Comhionannas don teanga i gcóras nua códphoist na tíre!

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh ráiteas a rinne an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha ar an Luan, 21 Meán Fómhair 2009, ag fógairt córas códphoist nua d’Éirinn(Béarla amháin) in 2011 ach cuirtear fainic roimh chóras bunaithe ar na logainmneacha Béarla.

Cuidigh leis an bhFeachtas anseo!

Sna sála ar thuarascáil an Athar Mhic Ghréil, The Irish Language and the Irish People (2009) a léiríonn go bhfuil 93% de mhuintir na tíre ag iarraidh an Ghaeilge a chaomhnú nó a athbheochan, tá Conradh na Gaeilge ag moladh trí rogha féideartha do chóras códphoist na hÉireann a shásódh pobal na tíre trí chéile agus a léireodh meas ar chéad theanga oifigiúil na tíre:
1. Logainmneacha Gaeilge
Creideann Conradh na Gaeilge go dtabharfadh córas códphoist bunaithe ar logainmneacha Gaeilge spreagadh d’úsáid na Gaeilge ar bhonn laethúil i measc mhuintir na hÉireann agus d’fheadfaí na logainmneacha Gaeilge is mó atá i mbéal an phobail a úsáid; nó
2. Uimhreacha agus IE
Baineann tíortha dátheangacha agus tíortha ilteangacha na hEorpa feidhm as cóid lán-uimhreacha amháin, mar shampla sa Bheilg (Fraincis agus Pléimeannais) agus san Fhionlainn (Fionlainnis agus Sualainnis), mar aon leis an Eilbhéis (Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Rómáinis), an Spáinn (Spáinnis, Bascais, Catalónais), agus an Iodáil (Iodáilis, Gearmáinis, Fraincis, Albáinis, Sairdínis).
Bíonn coimriú aon-litreach nó dhá cheann le hainm na tíre i gcóid phoist na hEorpa. Creideann Conradh na Gaeilge go bhféadfadh Éire eiseamláir na hEorpa a leanúint agus an coimriú IE .i. Ireland/Éire a úsáid le huimhreacha i gcóras códphoist na hÉireann. Tá an coimriú seo IE in úsáid cheana go forleathan agus go hidirnáisiúnta, go háirithe i ndomhan mór na ríomhaireachta agus na margaíochta, mar shampla sna seoltaí idirlín a bhaineann le hÉirinn .i. www.cnag.ie; nó
3. Córas cosúil le PONC curtha ar fáil ag GPS Ireland
Úsáidtear uimhreacha agus litreacha gan ceangal le haon logainm i gcód sé charachtar i gcóras dá leithéid PONC de chuid GPS Ireland, agus creideann Conradh na Gaeilge go bhféadfaí an córas seo a úsáid do chóras códphoist na hÉireann gan stádas a thabhairt do theanga amháin thar teanga eile.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Fáiltíonn an Conradh roimh chóras códphoist a éascóidh seachadadh litreacha le seoltaí as Gaeilge, mar is cinnte go mbíonn fadhbanna ann le seoltaí atá scríofa i nGaeilge agus gabhann an-iomarca díobh ar strae nó baineann siad ceann scríbe amach an-déanach.

“Creideann an Conradh nár chóir go mbeadh córas códphoist na hÉireann bunaithe ar an mBéarla, áfach. Bhainfeadh a leithéid de stádas na Gaeilge, agus bheadh sé in aghaidh spiorad Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, in aghaidh a bhfuil leagtha síos i mbunreacht na hÉireann, agus in aghaidh na straitéise 20 bliain don Ghaeilge atá le foilsiú go luath. D’fhéadfadh córas códphoist bunaithe ar chomhordanáidí an fhadhb seo a réiteach, agus a bheith ina áis ag seirbhísí éigeandála chomh maith.”


Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: “Ní hé go bhfuil an Conradh ag moladh go mbeadh rogha Ghaeilge sna códphoist mar go gcuirfeadh sin mearbhall ar an bpobal agus chruthódh sé neart fadhbanna eile. Ba chóir go mbeadh aon chóras amháin ann agus d’fhéadfaí an córas nua a bhunú ar logainmneacha Gaeilge; ar uimhreacha agus an coimriú IE; nó ar uimhreacha agus litreacha nach mbaineann le haon logainm mar atá in úsáid sa chóras PONC atá curtha le chéile ag GPS Ireland cheana féin. Shábhálfadh an córas PONC seo na milliúin euro ar an rialtas chomh maith.

“Pé córas códphoist a roghnaítear don stát, ní mór dúinn na fadhbanna a d’éireodh dá n-úsáidfí leagan Béarla na logainmneacha amháin a sheachaint. Tharla fadhb nuair a athraíodh an córas uimhirphlátaí roinnt blianta ó shin go córas a bhain úsáid as ainmneacha na gcontaetha i mBéarla amháin. Cuireadh i gcoinne an chórais sin agus níorbh fhada gur athraíodh arís é le hainmneacha i nGaeilge a chur san áireamh freisin. Creideann an Conradh gur chóir dúinn a leithéid d’aighneas a sheachtaint an babhta seo agus an deis a thapú chun an dátheangachas a chothú lenár gcódphoist. Léireofaí don domhan mór go bhfuil Éire dáiríre faoi chomhionannas teangacha.”




An Post agus an Ghaeilge!

Feachtas IRL v ÉIR ar na carrannaí!

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment