Tá cinneadh tubaisteach glactha ag an Rialtas le
hOifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman. (Féach "
Deireadh leis an gCoimisinéir Teanga?" 17/11/2011). Tá seo le bheith déanta in ainneoin gur fógraíodh athbhreithniú poiblí 15 lá ó shin maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, athbhreithniú go bhfuil ról agus feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga ag a chroílár.
Eagraíodh agóid lasmuigh den Dáil an tseachtain seo caite le cur in iúl don Rialtas láithreach ár míshástacht agus uafás leis an gcinneadh glactha acu (
grianghraif le feiceáil anseo) . Chomh maith leis sin éisíodh
preasráitisí is ar an ábhar.
Creideann
Conradh na Gaeilge agus
Guth na Gaeltachta araon go bhfuil gá an cinneadh seo a throid agus brú damanta a chur ar an Rialtas go dtí go ndéanfar an cinneadh a fhreaschuir.
Chuige sin tá cruinniú eagraithe i nGaillimh ar an Aoine, 02 Nollaig, ag 14.00 in Óstán Pillo, Bóthar Áth Chinn (trasna ó Óstán Menlo Park) le cás Oifig an Choimisinéara Teanga agus an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a phlé. Ba mhaith linn feachtas láidir a aontú leis an méad is mó do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta taobh thiar de.
Caomhnaigh ár gCoimisinéir!
No comments:
Post a Comment