28.1.13

Conamara "beag beann ar an dlí?"

Na cúirteann á dhúnadh i gConmara

Is cosúil go bhfuil an Rialtas chun Teach Cúirte Doire an Fhéich i gConmara a dhúnadh.
•DeaSceal•
25 Feabhra 2013: An nuacht is déanaí ná go bhfuil tithe Cúirte Chill Rónáin agus Doire an Fheiche le fanachta á úsáid ag Seirbhís Chuirte.
Dár leis an tSeirbhís Chuirte is fo-oifig de chuid Oifige Chúirt Duiche na Gaillimhe í Oifig Doire an Fheiche. De ghnáth bíonn an oifig ar oscailt gach lá agus cléireach i láthair ann ar feadh trí lá gach seachtain.

Tá athbhreithniú dhá dhéanamh ar sheirbhís na gcúirteanna ar fud na tíre le tamall anuas agus mar chuid de sin tá stádas cúirteanna Inis Mór, An Spidéal agus Doire Né i mbaol. Ach, tuigtear go bhfuil scéala tugtha don fhoireann go bhfuil an oifig riarachán i nDoire Né le dúnadh ag deireadh mí Aibreán.

Ní mó ná sásta a bhí an Breitheamh Cúirt Dúiche i nGaillimh, Mary Fahy leis an gcinneadh mar a léirigh sí nuair a labhair sí sa chúirt sa Spidéal mí Meán Fomhair 2012. (Féach "Judge Lashes out..."  Curadh Chonnachtach i mBéarla).

Deireann an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh i ráiteas ar an Luian: ‘Buille tubaisteach a bheadh i ndúnadh na hoifige seo’, a deir an Seanadóir, ‘agus bheadh amhras orm cé chomh fada is a leanfaí leis na cúirteanna féin i gConamara & Arainn má théann sé seo chun cinn. Buille eile ag an Rialtas seo in aghaidh bunsheirbhísí a bheith le fáil i gceantar tuaithe atá anseo agus is cém ar gcúl mór atá ann’

Mar a léiríodh in alt san Irish Times (Béarla) tá na ceantair tuaithe a thréigint ag an Roinn Dlí & Cirt tré céad stáisiúin de chuid an Gharda Síochana le dúnadh ar an nDéardaoin beag seo (31/1/2013) agus anois tá na cúirteanna le dúnadh chomh maith.

Tá cúrsaí airgid tabhachtach ach is cosúil nach dtuigeann an Rialtas seo gur tír atá á rialú seachas geilleagar.



Share/Save/Bookmark

14.1.13

Ag glacadh seilbh ar an Straitéis?

Ní neart go cur le chéile.

Is gá dúinn teacht chun tosaigh ar na droch-chinntí atá á nglacadh ag Rialtas na hÉireann go rialta maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise agus droch-chinntí eile go mbíonn tionchar díreach acu ar dhul chun cinn na Gaeltachta agus na Gaeilge. Chuige sin tá éileamh curtha ag Conradh na Gaeilge os comhair Roinn na Gaeltachta le breis agus ocht mí anuas agus níl freagra ar bith curtha chugainn fós uirthi:

Glac seilbh?
"An pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an struchtúr riachtanach ardleibhéil a chur ar bun chuige sin.".

Deireadh le COGG
Tá an liosta de na droch-chinntí ag dul i méid, go háirithe an cinneadh a glacadh le déanaí leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a chur faoin gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Is ionsaí eile é seo ar institiúidí na Gaeilge go bhfuil muinín ag pobal na Gaeilge agus Gaeltachta astu. Táimid ag troid in aghaidh an chinnidh seo faoi láthair agus pléifear cás COGG ar an lá chomh maith.

Clár Sealadahh
15.00
Fáilte ó Cathaoirleach an Chruinnithe
Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael

15.10
Todhchaí na Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30: Staid reatha, droch-chinntí glactha, COGG, éileamh déanta
Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge

15.30
Conas tionchar a imirt ar pholaiteoirí na tíre
Harry McGee, Comhfhreagraí Polaitiúil, Irish Times

15.50
Plé agus moltaí ón urlár ar an mbealach chun tosaigh
16.30
Moltaí a chuimsiú
Easpa fuinnimhe, easpa acmhainní!
Ní féidir troid, áfach, in aghaidh gach droch-chinnidh a ghlac agus a ghlacfaidh an Roinn agus an Rialtas i gcónaí. Níl an fuinneamh ná na hacmhainní ag Pobal na Gaeilge. Is gá teacht chun tosaigh ar na cinntí agus tionchar dhíreach a imirt chun go mbeidh na cinntí aontaithe idir an pobal agus na húdaráis le chéile. Tarlaíonn sé in earnálacha éagsúla go n-aithnítear na geallsealbhóirí agus go mbíonn ionadaíocht acu ag an mbord a ghlacann na cinntí móra. Tá an t-aitheantas agus an ionadaíocht céanna uainn-ne. Tá sé ar leas na n-údarás glacadh leis an éileamh gur chuir Conradh na Gaeilge & Guth na Gaeltachta chucu "chun go mbeidh muid, le chéile, ag glacadh seilbhe ar chur i bhfeidhm na Straitéise agus ag aontú ar an mbealach is fearr chun cinn don Ghaeilge agus don Ghaeltacht."

Bíonn an Dr. Conchúr Ó Giollagáin i gcónaí ag caint faoin mbearna idir an pobal agus an chumhacht. Is gá fáil réidh leis an mbearna go práinneach.



Tá chruinniú ríthábhachtach eagraithe, ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta, don Aoine, 1 Feabhra 2013, ag 3.00i.n. in Óstán Melo Park, Gaillimh le todhchaí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 a phlé (beidh an plé seo an-ábhartha chomh maith don Straitéis atá á cur le chéile ó thuaidh faoi láthair freisin).

• Seans go mbeadh spéis san caint seo a thug an Coimisinéir Teanga i mí Iúl 2013: Ag cothú na todhchaí.


Share/Save/Bookmark

Sealbh ar an Straitéis á chailliúint !

An Pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an struchtúr riachtanach ardleibhéal a chur ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta.

Cén cúlra a bhí ag an bpobal leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a chur le chéile?
Bhí dlúthpháirt ag an bpobal leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 (Straitéis as seo amach) a chur le chéile ó 2007 ar aghaidh sna bealaí seo a leanas: trína n-ionadaithe sna heagraíochtaí a bheith gníomhach ar Fhóram na Gaeilge; trí thacaíocht ón gComhchoiste um Ghnóthaí Turasóireachta, Cultúir, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta i mí Iúil 2010; tríd an gcomhairliúchán poiblí a cuireadh ar bun le teacht ar mholtaí don straitéis; trí na cruinnithe leis na heagraíochtaí mar chuid den phróiseas comhairliúcháin; agus trí stocaireacht leanúnach ar pholaiteoirí agus ar an Roinn go deireadh 2010.

Bhí sealbh ag an bpobal, mar sin, ar an Straitéis nuair a foilsíodh í mar gheall go raibh ionchur acu inti agus go bhfuil cuid mhaith de mholtaí an phobail san áireamh sa Straitéis.

Céard atá tar éis titim amach ó shin?
Donnchadh Mac Fhionnlaoich,
Aire Soisearach freagrach!
Bronnadh an fhreagracht ar Roinn na Gaeltachta ceannasaíocht a ghlacadh ar an Straitéis a chur i bhfeidhm. Bunaíodh coistí idir-rannacha agus leanadh le Coiste na nAirí faoi chathaoirleacht an Taoisigh chun cabhrú le comhordú na Roinne Gaeltachta. Tá cinntí glactha ag an Roinn ó shin chun míreanna éagsúla den Straitéis a chur i bhfeidhm, ar nós an chórais nua pleanála sa Ghaeltacht. Tá dlúthról le bheith ag an bpobal i gcur i bhfeidhm na gcinntí sin ar an talamh.

Cén fhadhb atá tar éis teacht chun cinn?
Tá ról ag an bpobal i gcur i bhfeidhm na gcinntí a thagann ón Roinn ach níl aon ról nó ionadaíocht ag an bpobal ar na cinntí iad féin atá á nglacadh ag an Roinn de réir an struchtúir atá curtha ar bun leis an Straitéis a chur i bhfeidhm. Tá tábhacht na ranna rialtais eile, ar nós an Roinn Oideachais agus Scileanna, aitheanta agus tá fochoistí curtha ar bun le ligean dóibh a bheith ina ngeallsealbhóirí sna cinntí atá á nglacadh. Níl aon chuid sa struchtúr, áfach, a aithníonn ríthábhacht ionchur an phobail agus a chinnteoidh go mbeidh an Straitéis curtha i bhfeidhm ón mbun aníos. Tá sealbh ar an Straitéis á chailliúint ag an bpobal faoi mar atá an struchtúr faoi láthair.

Cén réiteach atá ar an bhfadhb?
Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag moladh go gcuirfí Aonad Pleanála ar bun le cinntiú go mbeidh sealbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar an Straitéis le chéile agus le cinntiú go mbeidh pleanáil chomhtháite, éifeachtach agus éifeachtúil i gceist ón mbun aníos. Beidh an Aonad Pleanála in ann teacht roimh fhadhbanna trí aontas a fháil ar cheisteanna móra a bheidh tionchar acu ar an bpobal. Creideann muid go láidir nach mbeadh an oiread sin fadhbanna le hAcht na Gaeltachta, aistriú Oifig an Choimisinéara Teanga, aistriú COGG agus eile más rud e go raibh na cinntí seo pléite agus aontaithe roimh ré le tuairimí na n-údarás agus an phobail Ghaeilge agus Gaeltachta san áireamh.

Chuirfeadh na coistí idir-rannach, atá bunaithe cheana féin agus aon cheann nua amach anseo, tuairiscí os comhair an Aonaid Pleanála agus dhéanfaí na cinntí ansin a bheadh molta don Aire Gaeltachta le glacadh leo nó le diúltú leo. Moltar ionadaíocht ó na grúpaí seo a leanas:

· An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
· Foras na Gaeilge
· Údarás na Gaeltachta
· An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta
· Saineolaí aitheanta pleanála teanga
· Na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta

An bhfuil a leithéid de chóras ann in Éirinn faoi láthair?
Bheadh an córas nua seo ag teacht le dea-chleachtas na gcóras atá curtha ar bun idir an Stát agus an pobal le gaol níos éifeachtaí agus níos láidre a chothú eatarthu. Mar shampla:

· Na Cainteanna Náisiúnta - bhíodh ionadaíocht ag na geallsealbhóirí (na ceardchumainn, na fostóirí, an earnáil dheonach, srl. san áireamh) in Éirinn sna Cainteanna Náisiúnta agus mar gheall go mbíodh an ionadaíocht sin ann, d'éirigh leis an Stát cinntí móra a ghlacadh i gcomhpháirtíocht leo agus gan mórán cur ina gcoinne. Bhí sealbh, mar sin, ag na geallsealbhóirí ar fad sa phróiseas agus sna torthaí a aontaíodh.

· An tÚdarás um Ard-Oideachas (agus go leor leor gníomhairí stáit eile) - Aithnítear an tábhacht arís le hionadaíocht ó na geallsealbhóirí ar fad agus bíonn ionadaíocht ó na mic léinn, ó na coláistí, ón earnáil ghnó, srl. Arís bíonn sealbh, mar sin, ag na geallsealbhóirí ar fad sa phróiseas agus sna torthaí a aontaítear.

Conradh na Gaeilge - Samhradh 2012

Share/Save/Bookmark

3.1.13

Éire agus an AE!

Seo rud nach bhfuil ag Fine Gael, Lucht Oibre, Fianna Fáil, Sinn Féin nó aon pháirtí polaitiúil in Éirinn.

Thug mé cuairt ar shuíomh na hÉireann mar Uachtarán ar an Aontas Eorpach.

Míorúilt atá ann!

Suíomh ceart Gaeilge atá ann mar aon le Béarla, Fraincís agus Gearmáinis.

Molainn do gach Roinn, Údarás nó comhlucht poiblí, mar aon le gach páirtí polataíochta cúairt a thabhairt ar an suíomh agus déan amhlaigh!

Suíomhanna:
Fine Gael (Bearla amháin)
Lucht Oibre (Leathanach amháin i nGaeilge - Dúis don té a aimsíonn é!
Fianna Fáil (Cnaipe "Gaeilge" ach is beag Gaeilge atá air seachas na cinntideal!)
Sinn Féin (Cnaipe "Gaeilge" atá deachair a aimsiú agus ansin mar aon le Fianna Fáil!)



Share/Save/Bookmark