Showing posts with label An Coimisinéar Teanga. Show all posts
Showing posts with label An Coimisinéar Teanga. Show all posts

17.1.23

Athru post don gCoimisinéir Teanga.

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD inniu go mbeadh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, le ceapadh mar Choimisinéir um Fhorbairt na Meán leis an rialálaí nua, Coimisiún na Meán.
Rónán Ó Domhnaill
I measc thorthaí oibre Oifig an Choimisinéara Teanga ó 2014 i leith, tá:
• Próiseas leasaithe monatóireachta chun faireachán bliantúil a dhéanamh ar dhualgais reachtúla teanga. 
• Imscrúduithe mórshuntasacha i gcroí-réimsí teanga amhail craoladh na Gaeilge ar RTÉ; polasaí na Roinne Oideachais maidir le soláthar oideachais lán-Ghaeilge; dualgas na n-údarás áitiúil maidir le gnóthaí pleanála sa Ghaeltacht;
• Tuarascálacha chuig Thithe an Oireachtais maidir le h-inniúlacht Ghaeilge chomhaltaí den Gharda Síochána sa Ghaeltacht agus an córas Eircode.
• Treoirlínte nua maidir le fógraíocht ag comhlachtaí poiblí;
• Tráchtaireacht chuimsitheach ar chur i bhfeidhm Scéimeanna Teanga agus Acht na dTeangacha Oifigiúl

D’fháiltigh Rónán Ó Domhnaill roimh fhógra an Aire Catherine Martin agus labhair sé ar thábhacht Oifig an Choimisinéara Teanga: “Onóir cheart chríochnaithe a bhí ann nuair a rinne Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, mé a cheapadh mar Choimisinéir Teanga ar an 12 Márta 2014. Beidh buíochas go deo agam ar an tacaíocht a thugann Oireachtas Éireann do m’Oifig i gcónaí.

“Tá bród as cuimse orm as an dúthracht mhór a chaith foireann m’Oifige le cearta teanga a chur chun cinn i measc an phobail ar bhonn leanúnach. Cuideoidh forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 le daingniú a dhéanamh ar chultúr agus cleachtas na gceart teanga san earnáil phoiblí.

“Is beart tairbheach é go bhfuil Coiste Comhairleach bunaithe ag an Rialtas chun Plean do Sholáthar Seirbhísí Stáit trí Ghaeilge a ullmhú: is cinnte go mbeidh obair an Choiste cinniúnach chun an sprioc 20% d’earcaithe nua sa tSeirbhís Phoiblí a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu a bhaint amach faoi 2030. Ardtosaíocht phráinneach náisiúnta atá ann, dar liom.

“Gabhaim buíochas ó chroí le foireann Oifig an Choimisinéara Teanga as a ndíograis ghairmiúil agus a gcuid saineolais. Fáiltím go mór roimh an deis leas earnáil na meán a chur chun cinn leis an rialálaí nua, Coimisiún na Meán, agus táim ag súil go mór le bheith ag obair le Cathaoirleach Feidhmiúcháin agus an bheirt Choimisinéirí eile ar Choimisiún na Meán.”

Scoirfidh Rónán Ó Domhnaill de bheith ina Choimisinéir Teanga nuair a rachaidh sé i mbun a chuid cúraimí nua i lár mhí Feabhra.

@CeartaTeanga @DeptCulturelRL #CeartaTeanga #NaMeáin


Share/Save/Bookmark

11.8.20

An Dara Tuarascáil Faireacháin foilsithe ag an gCoimisinéir Teanga.

Ní gceadaítear don gCoimisinéir Teanga ach faireachán a dhéanamh ar fhorálacha a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla.

Acoimre

Creideann sé go mba chóir aghaidh a thabhairt air seo agus Bille nua na dTeangacha Oifigiúla á achtú. Fágann an staid reatha nach bhfuil ar a chumas faireachán réamhghníomhach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm aon fhorálacha a bhaineann le stádas ná le húsáid teanga oifigiúla atá in aon achtachán eile amhail an tAcht Oideachais, 1998, an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 agus an tAcht Craolacháin, 2009.

Is i bhfoirm imscrúdaithe amháin is féidir leis aon neamh­chomhlíonadh a líomhnaítear a fhiosrú i láthair na huaire.

Mar sin foilsíonn a oifig an dara tuarascáil faireacháin ó bunaíodh í. Tá gearrchuntas le fáil ar an obair faireacháin i dTuarascáil Bhliantúil na hOifige agus leanfar le heolas achomair a chur ar fáil ar an mbealach sin feasta. Tá cúntas ar an gcéad ceann anseo: Tuarascáil Faireacháin 2018.

Tá cuntas sa tuarascáil ar an obair a cuireadh i gcrích i leith na réimsí oibre seo a leanas a aithníodh mar thosaíochtaí faireacháin don bhliain 2019  -
• Cur i bhfeidhm moltaí imscrúduithe
• Úsáid na dteangacha oifigiúla ar chomharthaíocht ag
suíomhanna oidhreachta
• Gealltanais teanga de chuid ceithre Bhord Oideachais agus Oiliúna
• Úsáid na dteangacha oifigiúla ar chomharthaíocht in ollscoileanna faoi scáth Ollscoil na hÉireann
• Suíomhanna gréasáin na n­údarás áitiúil
• Gealltanais Ghaeltachta na n­údarás áitiúil
• Gealltanais teanga Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
An Garda Síochána
Níl ach 35 Garda le Gaeilge lonnaithe i stáisiúin Ghaeltachta de réir chóras féinmheasúnaithe na heagraíochta. Sin as 99 Garda san iomlán atá ar stáisiún sa Ghaeltacht. Deir an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill gur léir anois nach bhfuil moltaí imscrúdaithe a rinneadh in 2011 ar an ábhar seo curtha i bhfeidhm mar ba chóir.

Agus Tuarascáil Faireacháin Oifig an Choimisinéara Teanga don bhliain 2019 á seoladh aige inniu, dúirt an Coimisinéir Teanga, “...is cosúil go bhféadfadh sé gurb é an toradh a bheidh ar an easpa dul chun cinn seo ná tuarascáil ar an ábhar a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Sin de réir an dualgais atá leagtha orm nuair nach gcuirtear moltaí atá in imscrúdú i bhfeidhm tar éis achar réasúnta ama. Ba dheacair a áitiú nach bhfuil achar réasúnta ama caite ó rinneadh moltaí in imscrúdú in 2011 maidir leis an nGarda Síochána ag comhlíonadh a ndualgas faoi Acht an Gharda Síochána gur Gardaí le Gaeilge atá ar stáisiún sa Ghaeltacht, a mhéad is atá sin indéanta."

Comharthaí
(Tuairisc.ie) Léirítear sa Tuarascáil Faireacháin chomh maith go raibh 75% de na comharthaí ag na 10 n-ionad oidhreachta a scrúdaíodh ag cloí le riachtanais na reachtaíochta, ach go raibh os cionn 40% de na comharthaí in ollscoileanna faoi scáth Ollscoil na hÉireann i mBéarla amháin.

Suíomhanna Gréasáin
Scrúdaíodh suíomhanna gréasáin de chuid na n-údarás áitiúil, scéimeanna teanga na mBord Oideachais agus Oiliúna agus seirbhísí idirghníomhacha Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim chomh maith mar chuid den iniúchadh.

Acht na dTeangacha Oifigiúla arís...
Dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh súil aige go gcuirfeadh an láidriú atá geallta a dhéanamh sa Chlár Rialtais ar Acht na dTeangacha Oifigiúla deireadh leis an gconstaic atá ar fhaireacháin gníomhach a dhéanamh ar aon fhoráil in achtacháin eile a bhaineann le húsáid na Gaeilge, amhail an tAcht Oideachais, an tAcht um Pleanáil agus Forbairt agus an tAcht Craolacháin, 2009. Is trí imscrúdú amháin is féidir leis an gCoimisinéir aon neamh-chomhlíonadh a líomhnaítear a fhiosrú i láthair na huaire.


Share/Save/Bookmark

21.11.15

An Ghaeilge - oileáinín beag san fharraige amuigh ar Mapa an Stáit! @UdarasnaG @ForasnaGaeilge @ceartateanga

Stádas na Gaeilge i dtosaíochtaí an Stáit - oileáinín beag san fharraige amuigh! (Irish Times & Zero-G)
Nuair a labhair Iar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin le Coiste Oireachtais ag tús na bliaina seo caite rinne sé trácht ar rud a dúirt Seosamh Mac Donnachadh agus é ag caint faoin Stráitéis 20 Bliain sa bhliain 2013. Dúirt sé:

“níl againn ach fo-rannóg ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta – fo-rannóg de roinn atá mór agus ilghnéitheach...Agus tá an fho-rannóg sin lonnaithe i bhfad ó lár na cumhachta (thiar sna Forbacha i gConamara); tá siad ag bun an tslabhra cumhachta inmheánaigh laistigh dá Roinn féin; agus tá an mháthair-Roinn atá acu ag bun an tslabhra cumhachta lena mbaineann na Ranna Stáit i gcoitinne, rud a fhágann gur deacair di mórthionchar a imirt ar cheapadh polasaí ná ar fheidhmiú polasaí na Rann eile sin a bhfuil ról lárnach acu i bhfeidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge...”

Tá alt san Irish Times inniú, Mapping the State, (Béarla 21/11/2015) a theaspáineann cé chomh cruinn a bhí an méid a dúirt sé. Rinne foireann Zero-G (Béarla), comhlucht dearadh lonnaithe i mBaile Átha Cliath (ar ndóigh!) learscáil bunnaithe ar an stáit. Tá an dearadh bunaithe ar méid bhuiséid gach rannóg agus ar tuairimí na dearthóirí ar an tabhacht nó an tionchar ata ag gach rannóg. Mar sin tá méid gach rannóg bunaithe ar an méid airgid atá tugtha dóibh agus an áit ina bhfuil siad an tábhacht agus an tionchar atá acu. Deireann duine de na deartheóirí gur roghbhlúire é an learscáil seo ar "tosaíochtaí na hÉireann!"  (Tá an mapa féin le feiscint ag Teach na gCóistí i gCaisleáin Dubhlinne go dtí deireadh Mí na Nollag!)

Deirtear san alt:
“These are placements based on our gut feeling . . . and what we’ve seen over the past few years. Our gut feeling would be that Justice and Equality has a lot of power.


"The same could not be said, for the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht. Even though it’s really important in terms of national profile, in terms of funding, the drop since the recession might suggest that is not as important as other aspects.”

Is beag ná nach féidir linn an Roinn a fheiscint tá sé chomh fada san ar dheis ar an mapa. agus tá trí oileáin beag siar ó dheas (Corca Dorca?) uaidh d'Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus an Coimisinéir Teanga.

Nach dearbhíonn sé seo "go bhfuil an teanga á ruaigeadh ar leataobh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán poiblí?"


An féidir éinne sa Stáit Chóras é sin a shéanadh?
Fó rannóg de Roinn mór agus ilghnéitheach i bhfad ó lár ionad na cumhachta!


Share/Save/Bookmark

18.9.15

Comhthéacs na Pleanála Teanga in Éirinn. Mar a labhair @CeartaTeanga ag #EPT15

"Tá bealach ag na healaíona le gach cineál duine a mhealladh chucu, beag beann ar chúrsaí teanga."

Bhí Comhdháil Ról na nEalaíon sa Phleanáil Teanga 2015 ar siúl ar na Forbacha le deanaí. Bhí sé eagraithe ag Ealaíon na Gaeltachta agus ba léir go ndéanadh an-chuid oibre ag eagrú clár lán agus fiúntach (pdf).

Tháinig lucht na n-ealaíon, saineolaithe teanga agus pobal na Gaeltacht le chéile thar dhá lá, le ról rí-thábhachtach na nealaíon sa phleanáil teanga a scagadh. Chuir aíonna as Albain, An Bhreatain Bheag, Tír na mBascach agus Friesland samplaí dea-chleachtas i láthair, mar aon le léargas a fháil ó shár ealaíontóirí agus ó eagrais ealaíona Gaeltachta. Bhí an-chlár eagraithe don imeacht agus bhí tinreamh maith i láthair do na míreanna éagsúla

Is ar an Aoine a thug Rónán Ó Dónaill, An Coimisinéirí Teanga,  oráid uaidh ar an ábhar: Comhthéacs na Pleanála Teanga in Éirinn. Seo h-iad a chuid nótaí cainte.

Comhthéacs na Pleanála Teanga in Éirinn.

TÚS
Táim thar a bheith sásta a bheith anseo in bhur gcomhluadar don chomhdháil seo agus ar an gcéad dul síos ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl d’Eibhlín de Paor agus Ealaín na Gaeltachta as an gcuireadh. Tá seanaithne agam ar Eibhlín mar gur oibrigh an bheirt againn le chéile ar feadh scaithimh mar iriseoirí agus tá a fhios agam gur duine díograiseach coinsiasach í agus táim cinnte go bhfuil a cuid taithí agus taithí na foirne ar fad in Ealaín na Gaeltachta ag dul go mór chun tairbhe do na healaíona i gcoitinne, na healaíona Gaeilge agus go speisialta cúrsaí ealaíon sa Ghaeltacht.

Tá ról lárnach ag na healaíona Gaeilge le daoine a tharraingt le chéile agus insíonn an stair dúinn go bhfuil spéis mhór ag muintir na Gaeltachta sna healaíona. Luaim an drámaíocht mar shampla; bealach chun lucht labhartha na Gaeilge a thabhairt le chéile chun a gcuid smaointe a roinnt agus na smaointe sin a chur os comhair an phobail ar cheann de na bealaí is macánta agus is ionraice atá ann, is é sin ar an stáitse. Cuimhním ar chumann drámaíochta mo bhaile féin, Aisteoirí Mhic Easmainn ar an gCeathrú Rua, agus na sluaite ag teacht amach chuig an scoil náisiúnta ansin le linn m’óige leis an dráma is deireanaí uathu a fheiceáil. Agus tá na cumainn chéanna ar fáil fud fad na Gaeltachta dar ndóigh, ó Halla na Feothanaí go Gaoth Dobhair. Bhíodar lárnach sa bpleanáil teanga fiú sular tháinig an téarma sin ar an bhfód.

Cuidíonn an healaíona mar a dúirt mé le daoine a tharraingt le chéile. Is sa gCumann Drámaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a chuir mise aithne ar dtús ar chainteoirí le saibhreas sa Ghaeilge ó Ghaeltacht Dhún na nGall agus ó Ghaeltacht Chiarraí. Thóg sé píosa dul i dtaithí ar na canúintí éagsúla ach nuair atá tú ar stáitse agus ag brath ar na haisteoirí eile chun cinntiú go dtiocfaidh tú slán agus nach ndéanfaidh tú dearmad ar do chuid línte, ní bhíonn tú i bhfad ag foghlaim.

COMHTHÉACS
Is le blianta beaga anuas, agus go háirithe ó foilsíodh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch sa bhliain 2007, a leagadh níos mó béime ar an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht. Is dócha gur bhain an taighde sin stangadh as chuile dhuine sa Ghaeltacht a raibh suim acu i dtodhchaí na Gaeilge mar theanga bheo phobail. Thug sé an léargas ba shoiléire dúinn faoi staid na teanga agus an chaoi, i gcaitheamh na mblianta agus de réir a chéile, a raibh cúngú agus laghdú ag teacht ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht faoi mar a tharla i ngach coirnéal eile den tír i bhfad roimhe sin. Níl aon réiteach simplí ná éasca le fáil ar an staid ina bhfuil cúrsaí – dá mba ann dá leithéid bheadh sé déanta i bhfad roimhe seo.

Is as an gcúlra seo a fáisceadh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge sa bhliain 2010 agus ina dhiaidh sin an phleanáil teanga le teacht i bhfeidhm Acht na Gaeltachta sa bhliain 2012. Ó shin i leith tá na pobail Ghaeltachta i mbun na pleanála teanga agus roinnt blianta tugtha dóibh le pleananna a ullmhú chun a stádas mar Ghaeltacht a choinneáil. Bí ar a shon nó amhrasach faoin gcur chuige seo creidim ar laghad ar bith go bhfuil sé folláin agus thar am go mbeadh na pobail Ghaeltachta féin i mbun plé ar chúrsaí teanga ina gceantair féin.

"Tá bealach ag na healaíona le gach cineál duine a mhealladh chucu, beag beann ar chúrsaí teanga. Sa timpeallacht Ghaeltachta caithfidh na healaíona a bheith aitheanta, ar bhealach neamhbhagrach, le fuinneamh a thabhairt don teanga."
Ach creidim chomh maith go bhfuil dúshláin go leor leis an bpróiseas seo. An bhfuil an baol ann go mbeidh sciar mór den phobal nach gcuirfidh aon spéis san obair seo agus nach mbeidh aon rath air dá bharr? Is anseo is féidir leis na healaíona pobail tionchar a imirt ar an méid sin trí bheocht agus brí a chur sna pobail Ghaeltachta agus ag an am céanna ár dteanga dhúchasach a bheith fite fuaite sna hiarrachtaí sin. Tá bealach ag na healaíona le gach cineál duine a mhealladh chucu, beag beann ar chúrsaí teanga. Sa timpeallacht Ghaeltachta caithfidh na healaíona a bheith aitheanta, ar bhealach neamhbhagrach, le fuinneamh a thabhairt don teanga. Sa gceantar seo smaoiním ar an obair mhór a rinne Pléaráca le blianta fada, an obair atá ar siúl ag Fíbín, coláistí Gaeilge, cumainn drámaíochta, na clubanna óige agus go leor leor eile, cuid mhaith acu nach lorgaíonn agus nach bhfaigheann an t-aitheantas atá tuillte acu.

Ach níl sna healaíona ach spóca amháin i roth mór na Gaeltachta agus caithfear díriú ar gach spóca sa roth sin a neartú. Tá cinn áirithe ar féidir leis na pobail féin, leis an tacaíocht cheart, go leor a dhéanamh as a stuaim féin ina leith. Leis an gceannaireacht agus na hacmhainní atá ag teastáil tá an deis ann go leor a bhaint amach. Gan dabht, braitheann an próiseas pleanála teanga ar a dóthain acmhainní a bheith ar fáil don obair atá le déanamh. Tá mé cinnte gur téama í sin atá pléite go mion agus go minic le linn na comhdhála seo.

"Ó thaobh na pleanála teanga de tá sé tábhachtach go n-éileodh an pobal seirbhísí trí Ghaeilge ón Stát agus nuair a chuirtear seirbhísí ar fáil go mbaintear úsáid astu."
Feictear domsa go bhfuil nasc nádúrtha idir an phleanáil teanga agus cearta teanga. Baineann cearta teanga, i gcomhthéacs na tíre seo, leis na cearta atá ag saoránaigh teacht ar sheirbhís ina dteanga féin ón Stát. Ní gá dom athrá a dhéanamh ar na deacrachtaí a bhaineann uaireanta le teacht ar sheirbhís shásúil trí Ghaeilge ón státchóras. Tuigeann muid uile gur ann dóibh agus tá go leor ráite maidir leis na bealaí ar chóir dul i ngleic leis na deacrachtaí sin, go háirithe dóthain daoine le Gaeilge a bheith fostaithe sa státchóras. Tá easpa comóntachta ann maidir leis na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge freisin, dar ndóigh.

Ach tá sé ceart chomh maith go n-aithneofaí go bhfuil iarrachtaí móra déanta ag roinnt eagraíochtaí stáit, in imeacht na mblianta, breis seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ó thaobh na pleanála teanga de tá sé tábhachtach go n-éileodh an pobal seirbhísí trí Ghaeilge ón Stát agus nuair a chuirtear seirbhísí ar fáil go mbaintear úsáid astu. Ach ní féidir go mbeadh aon cheist faoi chaighdeán na seirbhísí sin – caithfidh na seirbhísí a chuirtear ar fáil i nGaeilge a bheith ar aon dul leis na seirbhísí a cuirtear ar fáil i mBéarla, níor cheart go mbeifí ag súil ná go nglacfaí lena mhalairt.

PLEANÁIL SEIRBHISÍ SA GHAELTACHT
"...an bhfuiltear ag iarraidh ar na pobail Ghaeltachta níos mó a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de ná mar atá an Stát féin sásta a dhéanamh?"
Ón tuiscint atá agamsa ar an bpróiseas pleanála teanga, agus níl aon bhaint dhíreach agam leis, feictear dom go bhfuil an t-ualach á leagan go trom ar na pobail áitiúla agus cheisteoinn an bhfuil an córas stáit sásta a chuid féin den ualach a iompar. B’fhéidir gur cirte dom a fhiafraí an bhfuiltear ag iarraidh ar na pobail Ghaeltachta níos mó a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de ná mar atá an Stát féin sásta a dhéanamh?

AN CEART IS BUNÚSAÍ
"Bíodh is go bhfuil muid imithe i dtaithí ar an gcur chuige sin ní shin le rá go bhfuil sé ceart."
Sna míonna amach romhainn beidh muid ag comóradh na n-eachtraí a tharla cothrom an ama seo 100 bliain ó shin – eachtraí a bhí mar thús do bhreith an náisiúin seo. Nach deacair a chreidiúint in imeacht na mblianta sin go léir nach bhfuil an ceart is bunúsaí bronnta ar na pobail ina labhraítear ár dteanga dhúchasach iontu go fóill, is é sin an ceart go ndéileálfadh ár Stát linn go cuimsitheach inár dteanga féin. Chuile uair a dhiúltaíonn an Stát an méid sin a dhéanamh tá sé ag tabhairt teachtaireacht thar a bheith simplí maidir le tábhacht na teanga. Tá muidne mar phobail Ghaeltachta tar éis dul i dtaithí ar an méid sin, tá muid fiú tar éis glacadh leis, ní cheistíonn muid é go rialta agus is ábhair iontais dúinn é go minic nuair a chuirtear seirbhís ar fáil dúinn i nGaeilge. Bíodh is go bhfuil muid imithe i dtaithí ar an gcur chuige sin ní shin le rá go bhfuil sé ceart.

Ag labhairt dó níos luaithe i mbliana chuir Uachtarán na hÉireann dúshlán roimh lucht údaráis na tíre seo go léireoidís ceannaireacht maidir le húsáid na Gaeilge. Aontaím leis. Tá an cheannaireacht sin ag teastáil anois níos mó ná riamh. Gníomh fónta a bheadh ann don teanga, do chearta teanga agus don phleanáil teanga dualgas soiléir reachtúil a shocrú a d’fhágfadh go mbeadh ar an Stát a chuid seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge sna pobail sin a bhfuil an Ghaeilge in úsáid iontu mar ghnáth-theanga laethúil an phobail. Ní amháin gurbh é an rud ceart le déanamh é agus is é an rud is lú é ar chóir a bheith ag súil leis.

Tá alt anseo a chuireann an oráid a rinne réamhtheachtaí Rónáin Uí Dhomhnaill, Seán Ó Cuirreáin ina cruinniú deireannach le Coiste Oireachtas ular éirigh sé as (Eanáir 2014),  "....deirim an méid seo go cinnte libh inniu anseo i dTithe an Oireachtais – gur le croí trom a thabharfas pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aghaidh ar chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca, faoi cheann dhá bhliain eile, mura bhfuil inár dteanga náisiúnta ach teanga shiombalach agus, seachas í a bheith ina croíchuid dár gcultúr agus dár n-oidhreacht bheo, go mbeadh sí brúite ar leataobh, fágtha ar an imeall agus in áit na leathphingine i saol an náisiúin seo."

Cinnte, mar a deireann Uachtarán na hÉireann tá ceannaireacht ó lucht údaráis na hÉireann ag teastáil anois níos mó ná riamh.

Nascanna eile
• Cearta Teanga: Fís don Todhchaí! (Lúnasa 2015)
• Cur chuige an mhéir fhadachais! (Feabhra 2015)
• Léiriú ag Donncha Ó hÉallaithe ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch a foilsíodh 2008.


Share/Save/Bookmark

14.8.15

Ní fiú dlí chearta teanga gan é a chomhlíonadh!

"Is féidir coimhlintí contúirteacha a sheachaint trí aitheantas a thabhairt do chearta teanga agus d’fhéiniúlacht chultúrtha," dar leis an iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. (tuairisc.ie 13/8/2015).

Tá a ráiteas le fáil ar thuairisc ar shuíomh gréasáin (Béarla) na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (OSCE). Ní ag trácht ar chás na hÉireann a bhí an tIar-Choimisinéir ach ar cheist na gcearta teanga go hidirnáisiúnta. Foilsíodh an alt féin beagnach seacht lá ó shin ar suiómh OSCE é. Tá tagairt ann don obair atá ar siúl sa stáit nua, an Cosáibh, i gcúrsaí teanga agus páirt Sheáin Uí Chuirreáin ann.

Eagraíodh seimineár dhá lá (Béarla) i mí Iúl i bpoblacht na Cosáibhe ar chúrsaí cearta teanga ina raibh an Cuirreáineach páirteach.

Nach fiú an méid a deireann Darko Dimitrijević, Cathaoirleachh Coiste san OSCE ag deireadh an ailt?

“If institutions in Kosovo want to respect communities and treat them as equal then they should also respect their linguistic rights. The focus should not be on how good the Law on the Use of Languages is but how well is it being implemented to protect the rights of all.”

Nach bhfuil sé sin fíor, mutatis mutandis, in Éirinn leis?

• Suíomh Choimisinéara Teanga na Cosáive. (Béarla - & leaganacha in Albánais, Seirbís, Boisnis, Tuircis)
• Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga. (Béarla agus teangacha eile)



Share/Save/Bookmark

23.7.15

"...ar son a bhfuil beo de Chlannaibh Gaedheal..."

Ar an 31 Iúil 1915 d’fhág Pádraig Mac Piarais slán ag Scoil Bhriocáin, i gceantair Ros Muc don uair dheiridh agus thug a aghaidh ar Bhaile Átha Cliath ar an traein chun freastal ar shochraid Uí Dhonnabháin Rosa. I bpóca a sheaicéid aige bhí ceann de na hóráidí is aitheanta agus is spreagúla a tugadh sa tréimhse réabhlóideach sin agus a chuir an Piarsach os comhair an náisiúin mar cheann de cheannairí an fheachtais.

Clár na Scoile 31 Iúil 2015

10r.n. Clárú (Tae & Caifé)
10.30 Ardú Brat na hÉireann – CathaoirleachChontae na Gaillimhe, An Comhairleoir Peter Roche
10.40 Fáiltiú – Páid Ó Neachtain, OifigeachForbartha Gaeilge, Comhairle Chontae naGaillimhe.
Cur in aithne Aíonna Speisialta na Scoile
10.50 Aitheasc Oscailte na Scoile - An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh
11.20 ‘An Piarsach i Ros Muc’ - Seosamh Ó Cuaig
12.00 Fealsúnacht Oideachais an Phiarsaigh - An Dr Ciarán Ó Coigligh
12.40 Cearta Teanga: Fís don Todhchaí - Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga
13.10 Díospóireacht agus Plé Oscailte ar théamaí na Scoile

13.30 Lón

14.30 Cur síos ar Thogra Ionad Cuairteoirí an Phiarsaigh
14.45 Siamsaíocht Chultúrtha ag Teach an Phiarsaigh (ag brath ar aimsir)
• Amhráin Sean-Nóis, Damhsa ar anSean-Nós, Filíocht
• Athchruthú ar Óráid an Phiarsaighar Shochraid Uí Dhonnabháin Rosa
16.00 Cumann Staire Ros Muc - Siúlóid go Cnocán na Móna agus nochtadh leacht chuimhneacháinag an dornálaí clúiteach Seán Ó Mainnín
*Déanfaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta craoladh beo ar angclár Idir Dhá Shéasúr
ó Ros Muc ó 9.15rn go 10.15rn in onóir na hócáide


ón gClaíomh Solais 1915
Is i Ros Muc a scríobhadh an óráid spreagúil cháiliúil sin sa teachín samhraidh a thóg an Piarsach ar an Turloch. "Do hiarradh orm-sa labhairt indiu ar son a bhfuil cruinnighthe ar an láthair so agus ar son a bhfuil beo de Chlannaibh Gaedheal, ag moladh an leomhain do leagamar i gcré annso agus ag gríosadh meanman na gcarad atá go brónach ina dhiaidh...."

Tá aistriuchán go Gaeilge den oráid go leir le fáil anseo ag Leabhra Feabhra.

Bheartaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe mar chuid do Chomóradh Céid Éirí Amach 1916 tús a chuir lena gclár comórtha céid i Ros Muc agus tá Scoil Samhraidh an Phiarsaigh á bhunú i mbliana chun comóradh a dhéanamh ar Phádraig Mac Piarais agus le ábhair bainteach le fís an Phiarsaigh don Ghaeilge agus do chothú na teanga a chíoradh. Áireofar ansin An Ghaeltacht, An Ghaeilge, Cearta, Cultúr, Oideachas, Litríocht agus eile.

Pádraig Mac Piarais (1879-1916)
Thosaigh Pádraig Mac Piarais ag cur suime i gcultúr nahÉireann agus é ina dhéagóir. In 1898 rinneadh comh-alta den Phiarsach ar Choiste Feidhmiúcháin Chonradhna Gaeilge. Bhain sé céim amach san Ollscoil Ríoga in1901, céim sna Dáin agus sa Dlí. Bhíodh an Piarsach agscríobh go seasta agus d’fhoilsigh sé cuid mhór saothari nGaeilge agus i mBéarla. Ceapadh ina eagarthóir é arpháipéar nuachta Chonradh na Gaeilge, An ClaidheamhSoluis.

Chreid sé go láidir san oideachas agus bhunaighsé dhá scoil, Coláiste Éanna agus Coláiste Íde, a bhídírithe ar oideachas trí Ghaeilge do pháistí na hÉireann.Bhí an Piarsach ar dhuine de bhunaitheoirí na nÓglachagus bhí sé páirteach i gcumadh Forógra na Poblachta. Bhí sé in Ard–Oifig an Phoist le linn an Éirí Amach, áit a raibh sé ina Phríomh-Cheannfort ar fhórsaí na hÉireann.

Scoil Bhriocáin, AnGortMór, RosMuc.
Tá stair fhada ag Scoil Bhriocáin ag dul siar go dtí 1873. Bhí Pádhraic Ó Conghaile ina Phríomhoide i seanscoil an Ghoirt Mhóir i dtús an chéid seo caite. Ba é ba chúis le Pádraig MacPiarais a thabhairt go Ros Muc an chéad lá riamh sa mbliain1903. D’iarr Pádhraic Ó Conghaile ar Chonradh na Gaeilge duine a chur anuas as Bleá Cliath le scrúdú a chur ar lucht rang oíche a bhí le bheith ina múinteoirí Gaeilge ina dhiaidh sin. Ba é an Piarsach a tháinig agus a choinnigh ag teacht mórán chuile shamhradh as sin go 1915. Chaitheadh an Piarsach go leor dá chuid ama i Scoil an Ghoirt Mhóir ag éisteacht leis na daltaí ag Gaeilgeoireacht.

Cúis áthais d'eagraithe na Scoile go m beidh gar-iníoneacha le Pádhraic Ó Conghaile - Phil Uí Leathleabhair agus Máire Barnard  -  i láthair le linn na Scoile.

Teach an Phiarsaigh
Teachín beag athchóirithe é seo a bhfuil a aghaidh amach arna lochanna draíochtacha agus ar shléibhte Chonamara. Bhain Pádraig Mac Piarais úsáid as mar theach samhraidh agus mar scoil samhraidh dá dhaltaí as Scoil Naomh Éanna i mBaile Átha Cliath. Dódh an teachín le linn Chogadh na Saoirse ach ath-chóiríodh an taobh istigh de, áit a bhfuil taispeántas anois ann. Thosaigh obair i Samhradh 2015 ar thógail ionad cuairteoirí le h-ais Thí an Phiarsaigh atáthar ag súil a bheith críoch-naithe faoi Shamhradh 2016.


Déan cinnte go gcláraíonn tú le freastal ar Scoil Samhraidh an Phiarsaigh 2015 trí ríomhphost a sheoladh chuig gaeilge@cocogaillimh.ie.
Share/Save/Bookmark

15.10.14

Áthas an Aire Stáit roimh €250míle so bhreis dá Roinn!

"Leanfaidh mise orm ag déanamh cás láidir d’acmhainní breise sna seachtainí amach romhainn lena chinntiú go mbeidh na huirlisí uilig ar fáil ag an Roinn seo."

Bé tuít ón Teachta Dála áitiúil, Seán Kyne, faoin gcáinfháisnéis a spreag an píosa seo uaim! Bé an uimhir €42 a thugeas faoi deara mar bhí tuít eile níos luaithe ag rá go raibh €41.8 milliún á thabhairt do Roinn na Gaeltachta (méadú de €1.7milliún ó anuireadh!). Bhí íontas  orm go raibh níos mó airgead á thabhairt do na Gárdaí i nGaillimh ná do ranna - nó foth-ranna? - rialtais.
"Beag an baol go bhfuil siad ar fad sásta Gaeilge a úsáid! (Tuít mar fhreagra ar seo!)
Sílim go léiríonn é seo an omós agus an meas atá ar an Rialtas dár dteanga. Léiríonn sé fírinne ráiteas Sheáin Uí Chuirreáin "go bhfuil an teanga á ruaigeadh ar leataobh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán poiblí." (23/1/2014).

Bhí Údarás na Gaeltachta ós comhair Choiste Oireachtais  níos luaith sa mhí agus ba léir nár féidir leo an obair atá leagadh ortha ag an Oireachtas chéanna a dhéanamh i gceart leis an méid airgead atá a thabhairt dóibh - méad airgead atá laghaidithe níos mó ná 50% ó tús an chéid seo. “Tá muid sáinnithe leis an méid a bhí ann anuraidh.” adúirt an Príomhfheidhmeannach aréir.

 Má chuirtear leidháileadh Fhorais na Gaeilge (laghdú 1%) leis an méid atá Roinn na Gaeltachta (+0.41%) le fáil faightear amach nach bhfuil ach €250míle d'árdú á fháil ón gCáinfháisnéis seo i leithdháileadh don theanga (Na hOileáin san áireamh).

Tá sé deacahir gan an mhiniú a fháil as na figiúirí seo ach gur cuma leo ann nó as dár dteanga náisiúnta! Tá tuairisc eile anseo ón Irish Times: ‘Díomá’ ar Údarás na Gaeltachta! (15/10/2014)
Sonraí

Leithdháileadh reatha do 2015 
Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta €6100k
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge €3600k
An Coimisinéir Teanga €650k
Údarás na Gaeltachta - Riarachán €8798k
Údarás na Gaeltachta - Reatha €3000k
Na hOileáin €5900k
Straitéis 20 Bliain  2010-2030 €551k

Foras Teanga €13444k

Leithdháileadh caipitil do 2015 
Scéimeanna tacaíochta Gaeltachta €1422k
Scéimeanna tacaíochta Gaeilge €95k
Údarás na Gaeltachta - Capiteal €5687k
Na hOileáin €644k
Teach an Phiarsaigh €750k

Níl costais riaracháin san áireamh leis na figiúirí seo (ach amháin i gcás An Choimisinéara Teanga, Údarás na Gaeltachta agus An Fhorais Teanga).

An ndóigh chuir an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., fáilte roimh an leithdháileadh atá beartaithe do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta don bhliain 2015.

Thug an tAire Stáit le fios go gcuirfear beagnach €42 mhilliún ar fáil don Roinn sa bhliain 2015 do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán, i dteannta €13.444 milliún breise don Fhoras Teanga. Is figiúirí táscacha iad seo, faoi réir na Meastacháin a bheith faofa amach anseo agus faoi réir chomhaontú na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i gcás an Fhorais Teanga.

Dúirt an tAire Stáit: “Tríd is tríd, tá áthas orm go bhfuil an cistiú atá leithdháilte ar na fo-mhírchinn seo a bheag nó a mhór mar an gcéanna le cistiú na bliana anuraidh. Go deimhin, i roinnt cásanna, mar shampla an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Oifig an Choimisinéara Teanga, tá airgead breise á chur ar fáil. Fáiltítear go háirithe roimh seo i bhfianaise an chreata teannta buiséadaigh lena bhfuil gach Roinn ag feidhmiú chun gealltanas an Rialtais a chomhlíonadh i ndáil le fás geilleagrach leanúnach a bhaint amach trí stuamacht fhioscach.”

I ndáil leis an leithdháileadh iomlán atá curtha ar fáil do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán don bhliain 2015, dúirt an tAire Stáit: “Tá mé cinnte go gcuirfidh an leithdháileadh seo ar chumas mo Roinne leanúint orainn ag cur ár bpríomhthosaíochtaí i gcrích agus ag cosaint seirbhísí túslíne. Ó ceapadh mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta mé, tá go leor taistil déanta agam ar fud na Gaeltachta agus chonaic mé le mo shúile féin an obair den scoth atá ar siúl sna pobail sin i gcúinsí dúshlánacha.”

Lean an tAire Stáit ar aghaidh: “Ní bheidh deireadh leis an phróiseas meastacháin inniu, agus leanfaidh mise orm ag déanamh cás láidir d’acmhainní breise sna seachtainí amach romhainn lena chinntiú go mbeidh na huirlisí uilig ar fáil ag an Roinn seo chun obair atá ar siúl cheana féin a chaomhnú agus chun forbairtí eile a chur ar bun amach anseo. Tá deiseanna ar dóigh ag teacht chun cinn sa Ghaeltacht agus tá sé le feiceáil go soiléir go bhfuil an cumas ann poist a chruthú. Tá mé tiomanta go hiomlán ár gclár oibre a bhrú chun cinn i ndáil le tábhacht agus ábharthacht na Gaeilge a mhéadú agus daoine a spreagadh, idir óg agus aosta, chun an teanga a úsáid."

Mar chlabhsúr, dúirt an tAire Stáit go gcreideann sé go gcuirfidh an soláthar d’Údarás na Gaeltachta, d’Oifig an Choimisinéara Teanga agus don Fhoras Teanga (Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise) ar a gcumas a gcuid feidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh in 2015.

Níl fheiceann mórán eile an rud a feiceann an Aire i mBuiséad 2015!

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas ó dheas athmhachnamh a dhéanamh ar sholáthar caipitil Údarás na Gaeltachta do 2015, go háirithe i gcomhthéacs an mhéadú suntasach maoinithe a fógraíodh inniu atá le bronnadh ar Fhiontraíocht Éireann agus ar an Údarás Forbartha Tionscail in 2015.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Léiríonn teip an Rialtais buiséad chaipitil Údarás na Gaeltachta a mhéadú nach bhfuil siad dáiríre faoi fhorbairt eacnamaíochta na Gaeltachta. Gan forbairt eacnamaíochta suntasach, beidh gach bonn bainte ó aon iarracht an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn mar theanga an phobail sna ceantair seo. Caithfidh an Rialtas gníomhú láithreach agus an maoiniú caipitil de €12m atá molta ag Údarás na Gaeltachta a chur ar fáil dóibh."

“Aithníonn Conradh na Gaeilge agus cuireann muid fáilte roimhe nach mbeidh an laghdú de 7% a bhí beartaithe á ghearradh ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge in 2015. Is céim chun cinn í seo ach tá neamhaird déanta ag an Rialtas ar éileamh an phobal Gaeilge agus Gaeltachta cur le cumas Údarás na Gaeltachta fostaíocht breise a chruthú sa Ghaeltacht. Táimid ag éileamh ar an Rialtas buiséad caipitil an Údaráis a chur ina cheart láithreach." a dúirt Julian de Spáinn, Árd Rúnaí an Chonartha.

Rinne an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ar an mbuiséad mar gur theip air dul i ngleic mar is ceart le riachtanais na gceantair tuaithe agus na pobail Ghaeltachta.

 “Is beag atá i mbuisead na bliana seo do na ceantair tuaithe & Gaeltachta." ar sé.  “Cé go bhfáilteoimis roimh athraithe sa bhuiséad talmhaíochta le daoine óga a mhealladh isteach san earnáil is beag céim dearfach atá tógtha maidir le Farm Assist nó le teacht in áit íocaíochtaí REPS.
“Ní fhaca muid tada chun an cúlú i ndaonra na tuaithe a mhaolú ná deireadh a chur le h-imirce.
“Níl aon cheo déanta leis na ciorruithe ar mhúinteoirí sna scoileanna tuaithe a iompú ar ais.
“Déanann an faoiseamh ar tháillí uisce leatrom ar dhaoine atá páirteach i ngrúpscéimeanna uisce agus iad siúd as pobail tuaithe.
“Tá díomá ar phobail na Gaeilge & Gaeltachta mar gur ar éigin atá athrú ar bith ina gcuid maoiniú ná aon tacaíocht bhreise leis an straitéis fiche bliain don Ghaeilge a chur chun cinn.
“Sa mhullach ar sin tá daoine sna ceantair imeallacha san iarthar & iarthuaisceart go traidisiúnta ar ioncam níos ísle agus beidh brabach níos lú acu as na h-athraithe cánach agus sna táillí sóisialta uilíoch ná daoine eile.

Share/Save/Bookmark

4.3.14

Mugadh magadh, briolla brealla, bréaga nó freagraí cinnte?

Tiocfaidh an tAire Stáit don Ghaeltacht, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., os comhair dhá Choiste Oireachtais i rith na seachtaine seo.

Ar an gCéadaoin (5 Marta 2014 4.00i.n) is ós comhair an Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha a bheidh sé. Is ag cruinniú den gcoiste sin a d'fhogair Seán Ó Cuirreáin go raibh sé le h-éirí as mar Coimisinéir teanga.

Mugadh magadh, briolla brealla
Dúirt sé "Mura féidir leis an Stát aghaidh a thabhairt ar an dá ghné seo – úsáid na Gaeilge i mbun cumarsáide le pobal na Gaeltachta agus cinntiú go mbeadh dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí ‒ nuair a bheidh an tAcht á leasú, creidim go dtuigfear ansin gur mugadh magadh, briolla brealla nó bréaga a bheas i gceist. Tráth a bhfuil muid ag teannadh lenár bhflaitheas eacnamaíoch a fháil ar ais, ba mhór an feall é dá gcaillfimis ár bhflaitheas teanga – bunchloch dár bhféiniúlacht chultúrtha, dár n-oidhreacht agus dár n-anam mar náisiún. Creidim gur measa mar bhaol é sin anois ná riamh."  (Mar a labhair an Coimisinéir Teanga!)

Cur i gcéill!
Ar an lá dár cionn, Déardaoin (6 Marta 2014 2.30i.n.) beidh sé ós comhair Fochoiste Oireachtais um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Rudaí Gaolmhara. Is ós comhair an choiste seo a thug an Coimisinéir na cúiseanna go mionn ar chén fáth ar éirigh sé as. "An rogha a bhí agam ná seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill."

Tá súil ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go mbeidh an Aire ábalta freagra pointe ar phointe ar a bhí á rá ag Seán Ó Cuirreáin.



Share/Save/Bookmark

7.9.12

Pleán cumarsáide do lucht an Bhéarla?

Béarla i gcónaí, Gaeilge anois is arís? Seirbhís den dara ghrád?


Do lucht an Bhearla amháin?
Foilsíodh pleán ag an Roinn Cumarsáide ar an 30 Lúnasa 2012 ag an Aire Pat Rabbitte le "Pleán Náisiúnta Leathan Banda d'Éirinn!" Rinne mé iarracht an phleán seo a fháil ar shuíomh na Roinne ach is  cosúil nach bhfuil sé le fáil inGaeilge fiú ar an leathnanach "Gaeilge" acu. Bhí mé ag lorg cóip as Gaeilge ós rud é gur bhain sé leis ceantreacha tuaithe agus is i gceantair tuaithe formhór na phobail Gaeltachta agus cheap mé go raibh dualgas faoin Acht Teanga an pleán seo (agus chuile pleán rialtais) a fhoilsiú.

Deireann an Acht (Mir 10)
    "D'ainneoin aon achtacháin eile, déanfaidh comhlacht poiblí (seachas comhlacht, eagraíocht nó grúpa a bheidh forordaithe de bhun rialachán chun críocha chlásal (b) de mhír 1(5) den Chéad Sceideal) na doiciméid seo a leanas, a dhéanfaidh sé nó a dhéanfar faoina údarás, a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla: 
     (a) aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí;..."
Scríobh mé gearán chuig an Coimisinéir Teanga ar an triú lá den mhí seo (Meán Fomhair). "Nach ceart dóibh plean mar sin a fhoilsiú sa dá theanga go mór mhór  nuair a bhaineann sé nach mór leis na ceantair Ghaeltachta mar is  cosúil go bhfuil sé dírithe ar ceantreacha tuaithe."

Ar maidin (7 Meán Fomhair) chuala mé thár n-ais ó Oifig an Choimisinéara Teanga ag rá go bhfuair siad freagra ón Roinn mar seo:

    "Re : Gearán maidir le foilsiú ‘Delivering a Connected Society’ i mBéarla amháin 
    Tagraím don ngearán maidir le foilsiú ‘Delivering a Connected Society’ i mBéarla amháin. 
    Ba mhaith liom, thar cheann na Roinne ár leithscéal a ghabháil leis an ngearánaí. Tá an foilseachán seo á aistriú faoi láthair agus táimid ag súil leis an leagan Gaeilge a bheith ar fáil go luath. 
    Tá súil agam go bhfuil leigheas againn ar an scéal anois. 
    Is mise le meas,"
Is léir ón chomhfhreagras seo go geapann an Roinn féin go bhfuil dualgas ortha é a fhoilsiú go dá theangach. Baineann sé le gach "pleán Rialtais" mar sin. Ach an rud is tabhachtaí faoin Acht ná gur ceart siad iad "a fhoilsiú go comhuaineach." "Sean nuacht" atá ann nuair a fhoilsíonn siad an leagan Gaeilge. Níl mórán chiall doiciméad nó foirm a fhoilsiú i nGaeilge seachtain nó mí níos deanaí. Chuala muid an manadh go minic - níl aon éileamh don leagan Gaeilge. Ní nach ionadh nuair nach chuirtear ar fáil "go comhuaineach!"  Tá an dualgas sin teoranta do dhoiciméid ina bhfuil “tograí beartais phoiblí”…moltaí atá le breithniú ag an bpobal, mar shampla, páipéar bhána nó glasa, dréacht-phlean forbartha contae, etc. Sílim fhéin gur “tograí beartais phoiblí” cé nach páipéar bán nó glas atá ann ach ní dlíodóir mé.

Tá seans mar sin nach raibh dualgas ar an Roinn Cumarsáide an doiciméad áirithe seo a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla mar nach raibh “tograí beartais phoiblí” inti. Thit dualgas ar an Roinn sin ar chúis eile ar fad leagan Gaeilge a sholáthar – bhí gealltanas maidir le soláthar leaganacha Gaeilge den chineál seo tugtha ina "scéim teanga". Ach ní raibh sé geallta ansin go mbeadh an foilsiú comhuaineach sa dhá theanga. Ach mar a deirim thuas is beag luach ar mar doiciméid leagan Gaeilge a chuir "ar fáil go luath."

Rud eile agus mé ag smaoineamh air. Níor thóg sé ach trí nó ceithre lá ar an Roinn freagra a chuir ar aghaidh chuig Oifig an Coimisinéara. Is minic a scríobh mise ag gearán chuig an Roinn seo nó an Comhlucht Stáit eile agus ní fhuair mé freagra ríamh taobh istigh de trí nó ceithre seachtaine!

Bhí an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ag caint ar an Raidío ar maidin faoin masla do Phobal na Gaeltachta seo (Conamara)  atá á thabhairt ag an Roinn Coimirce Sóisialaí gan a chuid oifigí a bheith i ndán déileáil leo ina dteanga féin. Níos luaithe i dtuairisc an Choimisinéara Teanga rinne sé tagairt don neam-aird a bhí á thabhairt ar an dlí ag an Garda Síochana i nGaeltacht Dhún na nGall. (Féach "Rialtas ag déanamh neamhaird ar sárú dlí na tíre!" 25 Aibreán 2012).

Ní léir go fóill go bhfuil mórán feabhas ag teacht ar an scéal.
Share/Save/Bookmark

25.1.12

Aire diúltach dearfach!

Chuir Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta fáilte roimh a bhí le rá ag an Aire Stáit Gaeltachta, Dinny McGinley TD, i dtaca le dul chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge; leis an lántacaíocht a léirigh an tAire do COGG; agus le deimhniú an Aire go mbeidh a Roinn ag dul i gcomhairle le saineolaithe aitheanta pleanála teanga cosúil leis an Ollamh Colin Williams (Breathnais) mar chuid den phróiseas comhairliúcháin ar athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, ag an díospóireacht Seanaid Dé Céadaoin, 18 Eanáir 2012. (Tuairisc ar an bplé sa tSeanad ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge 24/1/2011).

Duirt urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, Éamonn Mac Niallais: "Thug an tAire McGinley le fios go mbeidh feidhmeanna fiontraíochta ag Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil súil aige go mbeidh cinneadh á dhéanamh ag an Rialtas maidir le príomhfheidhmeannach lánaimseartha buan nua á cheapadh ar Údarás na Gaeltachta roimh dheireadh na míosa seo nó go luath ina dhiaidh. Is mór an faoiseamh é sin do mhuintir na nGaeltachtaí fud fad na tíre atá ag brath ar cheannasaíocht ón Údarás le fiontraíocht agus fostaíocht a chothú i gceantair atá ar uairibh imeallaithe agus scoite amach ó thionsclaíocht agus ó bhonneagar na gcathracha."

An Aire Stáit Gaeltachta
Ní raibh an chinnteacht chéanna ag baint le ceist Oifig an Choimisinéara Teanga áfach; ní raibh an tAire Gaeltachta soiléir an mbeadh an Rialtas sásta an cinneadh a rinne siad chun Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil poiblí, a tharraingt siar sna sála ar an athbhreithniú Achta.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Is ábhar dóchais é do phobal na Gaeilge go mbeidh moltaí an Ollaimh Colin H Williams á dtógáil san áireamh san athbhreithniú ar an Acht Teanga, óir is saineolaí mionteangacha mórmheasúil é Williams atá tar éis Seán Ó Cuirreáin agus obair Oifig an Choimisinéara Teanga a aithint agus a mholadh go hard."

"Thug an tAire McGinley le fios go raibh an cinneadh Rialtais maidir leis an gCoimisinéir Teanga "le cur i gcrích i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Acht" ach an gciallaíonn sé sin go nglacfaidh an Rialtas treoir ón bpobal leis an gcinneadh sin a fhreaschur, má mholann an pobal go gcoimeádfaí Oifig an Choimisinéara neamhspleách ina gcuid aighneachtaí agus suirbhéanna atá á bhfreagairt acu mar chuid den athbhreithniú Achta?"

Aontaíonn Mac Niallais: "Ba mhaith le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a bheith lánchinnte de go n-éistear lena nguth sa phróiseas comhairliúcháin seo, agus má léiríonn siad a muinín in oifig neamhspleách an Choimisinéara Teanga, tá siad ag súil go ndéanfaidh an Rialtas freaschur ar an gcinneadh gan chiall a rinne siad chun Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách ar an gcéad dhul síos."

Creideann Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta nach bhfeidhmeodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 mar ba chóir gan Oifig an Choimisinéara Teanga reachtúil neamhspleách, agus tá siad ag éileamh ar an Rialtas a gcinneadh chun an oifig a chónascadh le hOifig an Ombudsman a tharraingt siar láithreach. Tá siad ag iarraidh ar phobal na Gaeilge a dtacaíocht a léiriú don Choimisinéir trí pháirt iomlán a ghlacadh san athbhreithniú Achta trí shuirbhéanna agus aighneachtaí a líonadh isteach roimh 31 Eanáir 2012 freisin.

• Féach ar Guth na Gaeltachta chuig an Seanad (18/1/2011)
Share/Save/Bookmark

18.1.12

Guth na Gaeltachta chuig an Seanad

Seo tuairisc ar a thárla sa tSeanad: Seanad Éireann – Ráitis ar an nGaeilge (Gaelport 24/1/2012)
Seo litir a chuir Guth na Gaeltachta chuig na Seanadóirí:

A Sheanadóir, a chara,

Tuigim go bhfuil diospóireacht ar an Ghaeilge sa Seanad amárach agus bhí mé ag iarraidh d'aird atharraingt ar chúpla ábhar atá ag déanamh imní dúinn faoi lathair sa Ghaeltacht:

1. Údarás na Gaeltachta:
 Níl aon Príomhfheidhmeannach úr ceapaithe agus tá brú fos ag teacht ón Státchóras deireadh a chuir leis.

2. Scoileanna beaga Gaeltachta:
De bharr na ciorruithe atá a dhéanamh ar líón na muinteoirí, is é seo an chead céim ar bhothar an deiridh do na scoltacha beaga seo. Níl aon dabht ach gurb é an polasaí atá ag an Státchóras nó na scoltacha seo a dhúnadh da reir a chéile rud a dhéanfadh dochair mór do na pobail agus don teanga ins na ceantair seo.


Seo píosa ón Seanadóir Fidelma Healy Eames ar cheist na scoileanna beaga: Some small rural schools are being put in immediate jeopardy by staffing cuts (Béarla: Irish Times 26/1/2011)

3. Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge:
níl aon rud tarlaithe ach go bhfuil coistí idir-rannach ag caint le chéile mar a bhí sular cuireadh an Straitéis le chéile. Tá bliain imithe thart agus níl aon rud dearfach tarluithe. Tá deireadh le mórchuid na scéimeanna a bhí Roinn na Gaeltachta ag plé leis agus níl aon rud ina áit.


4. COGG:
Bhí ról larnach le bheith ag COGG i cur i bhfeidhm na Straitéise 20 bliain ó thaobh an oideachais de agus bhí áit acu le bheith ar an coiste a bheadh ag deileail le seo ach níl sé sin tarluithe. Cén fath nach bhfuil áit acu ar an gcoiste mar a bhí geallta doibh féin agus d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhorás na Gaeilge? An bhfuil an Roinn Oideachais taréis cur ina aghaidh?

5. An Coimisinéir Teanga:
Níl aon chiall leis an chomhnascadh atá molta le Oifig an Ombudsman. D'admhaigh an Aire Stáit é féin gur seans go gcosnodh sé airgead. Mar sin dé, cén fath go bhfuil seo a bhrú nuair nach bhfuil aon sábhailtí i gceist?

6. MFG:
Tá géarghá le struchtúr úr le focas Gaeltachta leis na cláir Eorpach seo a bhainistiú.

7. Maoiniú na nEagraíochtaí Gaeilge agus grúpaí pobail Ghaeltachta:
tá éiginnteacht mór ag baint leis an bunmhaoiniú do na grúpaí seo uilig a bhéas i dtús áite ó thaobh cur i bhfeidhm na Straitéis 20 Bliain. Caithfear reiteach sásúil a fháil ar an cheist seo go tapaidh le muinín agus dochas a thabhairt do na heagraíochtaí seo agus iad ag dúl i mbun oibre pleanála teanga mar atá leagtha amaach daofa sa Straitéis 20 Bliain.

Tá an Straitéis 20 Bliain glactha leis ag chuile pháirtí le bliain iomlán ach go foill, níl aon rud dearfach tarluithe ach amháin na rudaí diultach thuas. Tá deis ann rudaí a dhéanamh nach mbeadh aon chostas leo ach níl seo ag tarlú, mar shampla, polasaí luath-thumoideachais iomlán a chuir i bhfeidhm ins na bunscoltacha Gaeltachta agus ról lárnach a thabhairt do ChOGG sa choiste Oideachais dén Straitéis 20 Bliain.
Éamonn Mac Niallais, Urlabhraí Ghuth na Gaeltachta

• Tá litir oscailte eile ar The Hidden Ireland (Béarla - Open letter to Senators 18/1/2012) le roint de na pointe thuas.
• Tá a litir seo foilsithe ar iGaeilge chomh maith - Guth fórsúil na Gaeltachta (18/1/2012)


Share/Save/Bookmark

14.1.12

Neamhspleachas an Choimisinéara Teanga!

“Neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga ríthábhachtach” a deir aoichainteoirí Thóstal na Gaeilge 2012

Ag Tóstal na Gaeilge 2012, a thionól Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an Sathairn 14 Eanáir, bhí saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta ar aon intinn go bhfuil sé ríthábhachtach do chur i bhfeidhm rathúil an Achta Teanga, go gcoimeádfaí Oifig an Choimisinéara Teanga neamhspleách ó aon rannóg nó áisíneacht eile.

‘Treisiú Stádas na Gaeilge’ a bhí mar théama an Tóstail i mbliana, agus leag na haoichainteoirí idirnáisiúnta An tOllamh Colin Williams (An Bhreatain Bheag), Dr Wilson McLeod (Albain) agus an tOllamh François Grin (An Eilvéis) an-bhéim ar thábhacht neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga chun stádas na Gaeilge a neartú faoin Acht Teanga, agus dúirt nach mbeadh muinín ag an bpobal in Oifig an Choimisinéara mura mbeadh an t-oifig sin iomlán neamhspleách.

I measc siúd a labhair le linn an Tóstail, bhí an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, agus Séamus Mac Giolla Chomhail, Príomhoifigeach de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, maraon le saineolaithe acadúla sa tsochtheangeolaíocht agus sa phleanáil teanga, agus gníomhairí teanga áitiúla.

Tháinig sé chun solais arís agus arís eile le linn óráidí na n-aoichainteoirí gur léiriú í an easpa dul chun cinn ar dhaingniú agus ar chur i bhfeidhm na scéimeanna teanga faoin gcóras reatha gur cur i bhfeidhm drogallach atá ar siúl ag formhór na gComhlachtaí Poiblí, go bhfuil teipthe ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an córas reatha a riaradh go héifeachtach, agus gur gá aghaidh a thabhairt ar an gceist seo go práinneach.

Moladh le linn an Tóstail go mbreathnófaí ar an bhféidearthacht a mhalairt de chóras a fheidhmiú a chuimseodh rangú ar Chomhlachtaí Poiblí faoin Acht chun seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge don phobal a bheadh ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla. Moladh go mbeadh ról lárnach ag Oifig an Choimisinéara Teanga faoin gcóras úr i dtaca le dul i bhfeidhm ar nósmhaireachtaí laistigh de na Comhlachtaí Poiblí agus maidir le smachtbhannaí a ghearradh sa chás nár chomhlíon na Comhlachtaí Poiblí a ndualgais reachtúla.

Ag tacú go láidir dóibh le moltaí an Choimisineára Teanga, d’aithin na saineolaithe a labhair ag an Tóstal go bhfuil géarchéim ann maidir leis an líon íseal foirne sa chóras poiblí atá in ann seirbhís a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit. Aontaíodh go bhfuil sé riachtanach go gcuirfear polasaí earcaíochta i bhfeidhm a thabharfaidh aitheantas d’inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon agus a chinnteoidh, dá réir, go mbeidh líon níos airde den fhoireann sna Comhlachtaí Poiblí faoin Acht in ann plé leis an bpobal trí mheán na Gaeilge.

Beidh na moltaí ar fad a tháinig chun cinn le linn an Tóstail mar bhunús d’aighneacht Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge chuig an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Foilseofar achoimre na moltaí sin ar Gaelport.com, príomhshuíomh eolais na Gaeilge, chun go mbeidh siad ar fáil mar threoir don phobal agus iad ag líonadh suirbhé na Roinne nó ag ullmhú aighneachtaí le cur faoi bhráid na Roinne.

Ag labhairt dó ag Tóstal na Gaeilge 2012, dúirt Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa gur léirigh “an líon ard daoine a d’fhreastail ar Thóstal na Gaeilge i mbliana an spéis agus an tuiscint atá ag an bpobal i gcoitinne san athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003”. Deir Mac Fhearghusa gur gá don phobal “gníomhú agus freagairt don athbhreithniú trí suirbhé na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a chomhlánú roimh dheireadh na míosa”.


• ATHBHREITHNIÚ AR ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003 Ar LÍNE! 
SUIRBHÉ AR SHEIRBHISÍ TRÍ GHAEILGE Ó CHOMHLACHTAÍ POIBLÍ 
Nuair atá sé déanta agat abair gur mbeith tú ann an leathanach facebook seo

Share/Save/Bookmark

11.1.12

Litir ó Julian & Éamonn

Éamonn Mac Niallais ar chlé agus Julian de Spáinn
A chara,

Tá súil againn go raibh Nollaig an-deas agat.

Lon Dubh
Is féidir leat aighneacht a sheoladh isteach nó suirbhé a líonadh amach anseo
"Iarraim oraibh uilig an suirbhe seo a líonadh isteach le bhur dtoil, ní ghlacann sé ach 10 noiméad. Is féidir leat ansin clárú leis an suíomh facebook seo le léiriú go bhfuil sé déanta agat." (Brú an cnaipe "Beidh mé ann!")
Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil Acht Teanga ann agus nach ndéanfar lagú as cuimse air. Ní bheidh an deis seo againn arís lenar dtuairimí a thabhairt.
Táimid ag scríobh chugat le huasdátú ar an bhfeachtas. Tá 20 lá fágtha san athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus deis fós againn dul i bhfeidhm ar an Roinn agus ar an Rialtas leis an gcinneadh le hOifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a cuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman a athrú.

D'éirigh go maith leis an litir a cuireadh le chéile don fheachtas. Foilsíodh í san Irish Examiner, Irish Times, Galway Advertiser agus Gaelscéal. Tá roinnt mhaith nuachtáin eile len í a fhoilsiú go luath (mar eolas, i gcásanna áirithe ghearr nuachtáin áirithe siar ar an líon daoine luaite leis an litir mar gheall ar spás sa nuachtán).

Tá cóip den bhileog eolais mar iatán leis seo leis na grúpaí ar fad a tháinig ar ais chugam luaite léi. is feidir leis an mbileog seo a úsáid leis na polaiteoirí.

Tá níos lú ná trí seachtaine againn leis an mbrú deireanach a chur ar an Roinn. Bheadh sé iontach más féidir leat na rudaí seo a leanas a dhéanamh mar ábhair práinne:

• Cinnte a dhéanmh go bhfuil an deichniúr a d'iarr tú orthu an suirbhé a lionadh tar éis sin a dhéanamh

• Aighneacht a chur chuig an Roinn muna bhfuil sé déanta agat cheana féin

• Labhairt le do pholaiteoirí áitiúla  (tá an bhileog eolais anseo - pdf)

Go raibh maith agat,

Julian & Éamonn

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí,
Conradh na Gaeilge.
julian@cnag.ie
01 4757401/086 8142757
Éamonn Mac Niallais,
Urlabhraí,
Guth na Gaeltachta.
eolas@guthnag.com
087 6387468

p.s. Tá cuireadh chuig an siompóisiam ‘Acht na dTeanga Oifigiúla: Leasú chun Feabhas’ á eagrú ag Scoil an Dlí agus Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide agus Craobh na Ceithre Cúirte de Chonradh na Gaeilge le tacaíocht ó Ghuth na Gaeltachta mar iatán leis seo. Beidh sé ar siúl ar an Satharn, 21 Eanáir, ó 09.30 go dtí 15.00 i gColáiste na Tríonóide. Is féidir suíochán a chur in áirithe trí ríomhphost a chur chuig sine@cnag.ie má tá tú ag iarraidh freastail air.
Share/Save/Bookmark

30.12.11

An fiú Gaeilge gan Gaeltacht?

"An bhagairt is cinnte agus is dainséarai do thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht...."

Bhí alt mhaith ag Conchubhar Ó Liatháin i nGaelscéal na Nollag faoin mbagairt is mó don Ghaeltacht agus saol na Gaeltachta dár leis. “Tá gluaiseacht na Gaeilge fós ag fidléireacht agus tinte á lasadh faoin bpobal teanga!” a deireann sé! Agus cad iad na tinte nach bhfuil aghaidh lucht na gluaiseachta tugtha dó? Na scoileanna! Tá sé fíor aige nach bhfuil rid ar bith ar shuíomh Conradh na Gaeilge faoi - ach i ndairíre ní fhéadfá "suíomh aighneachta" a thabhairt ar shuíomh mar an suíomh áirithe sin. D'fhéadfá a rá nach bhfuil a leithéad ag aon ghluiaseacht Ghaeilge nó Gaeltachta. (Tá sé foilsithe ar-líne anseo!)

"Tá líon mór scoileanna Gaeltachta ar liosta thargaidí na Roinne.
I mo cheantar féin, Múscraí, tá dhá scoil as seisear i gceist.
I gCiarraí, tá 13 as 14 i mbaol ag na ‘treoirlínte’ nua;
i nGaillimh tá 22 as 41 i gcontúirt agus
i Maigh Eo níl ach trí scoil as 24 slán.
I dTír Chonaill tá ocht scoil is fiche faoi bhagairt agus
tá dhá scoil as an trí cinn sa Rinn ar liosta thargaidí na Roinne.
 
Má dheineann tú do chuid matamaitice, tuigfidh tú go bhfuil beagnach leath de na scoileanna Gaeltachta sa bhearna bhaoil."
Bhí clár ar RTÉ inné faoin na hábhair a bhí á lorg ag an bpobal ar an idirlíon - an nuacht a bhí á lorg i rith 2011 (Béarla). Ar ndóigh níl an méid sin suíomhanna i nGaeilge le fáil ach tá siad ann! Rinne mé chuardach "Scoileanna Gaeltachta" - bain triall as - agus ar maidin inniú (29 Nol 2011) agus is beag tagairt d'fhadhb na scoileanna Gaeltachta atá ann ó ghluaiseacht ar bith! Is ceart dár ngluaiseacht a bheith "amuigh ansin" ag blagáil, ag agóid, ar facebook, ar twitter ar chuile diabhal meán sóisialta atá ann. Cuirtear réabhlóidí i gcríoch ansin!

Tá an-chuid faoin gCoimisinéir agus an phlean deireadh a chuir len a oifig siúid. Tá sé sin tabhachtach gan aon amhras. Ach is beag tabhacht a bheidh ag Coimisinéir muna bhfuil pobal Ghaeltachta agus Gaeilge ann. Le bheith "féarálta" bhí agóid déanta roimhe seo i gcoinne tuairimí "Snip" Mhic Charthaigh i dtaobh chúrsaí oideachas i 2009 ag Guth na Gaeltachta! Ach is léir anois go n-aontaíonn an Roinn Oideachas le Mac Carthaigh!

Is ionsaí ar saol agus pobal na Gaeltachta an plean seo gach scoil beag sa Ghaeltacht a dhúnadh tré nascadh a dhéanamh le scoileanna móra.  Ach baineann an scéal seo le níos mó ná an Ghaeltacht. Sa Chúradh Chonnachtach tá scéal a léiríonn cé chomh trom is a bheidh sé ar saol gach pharóiste ní hamháin sa Ghaeltacht ach i nGaillimh agus ar fud na tíre -"Fears for future of more than half of county’s small schools!" Breathnaigh ar an alt seo san Irish Times - "Save our small schools by applying good practice rather than cuts!" Agus é so i The Hidden Ireland!  90% of Gaeltacht Schools to close!


Thár n-ais chuig Conchubhair Ó Liatháin: "Mar gheall ar lofacht na mbaincéirí, na bhforbróirí agus míchumas agus mí-ionracas na haicme polaitiúla, tá éiric le díol ag ár bpáistí. Ní leor go mbeidh siad ag díol as an gcalaois ollmhór a deineadh orthu i gcaitheamh a saol oibre tré cháin, dhleachtanna is a leithéid, tá orthu tosnú anois agus iad fós ar scoil." Ar bhealach tá Rialtas na hÉireann ag díol fíor-shaibreas na tíre, Óige na hÉireann!

"Is léir ón méid atá le rá sa ráiteas a d’éisigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta (ní híoróin go dtí an teideal seo!) go bhfuil siad ag iarraidh na scoileanna beaga a dhúnadh agus níos mó páistí a bhrú isteach i scoileanna comhnasctha......An chosúlacht atá ar an scéal anois go bhfuil sé ina pholasaí ag an Roinn na scoileanna a dhúnadh le go múchfaí na pobail atá timpeall orthu...." Níos mó ná sin fiú "is cinneadh frith-oideachais é freisin – nó is fearr iad na scoileanna áitiúla chun oideachas a chur ar pháistí go háitiúil."

Is beag eagrais Gaeilge a léiríonn go dtuigeann siad an cinneadh seo! "...níl na mór-eagrais Ghaeilge tar éis ráitis a éisiúint nó agóidí a chur ar bun faoin gcinneadh seo de chuid na Roinne Oideachais." An t-aon eagrais go bhfios dom-sa a thuigeann an bagairt seo agus atá ag eagrú i gcoinne an cinneadh marfach seo, ESG - Eagraíocht Na Scoileanna Gaeltachta. Ach níl suíomh idirlíon acu! Tá an scéal ar Gaelscéal afach, "Scoileanna Gaeltachta i mbun feachtais in aghaidh ciorruithe!"


Nach ceart dúinn go léir dul taobh thiar den fheachtas seo ESG? 

Mar a deireann Ciarán Dunbar in alt eile "an é atá i ndán don Ghaeilge ná í a bheith ina teanga chultúrtha amháin? Gan í a bheith beo mar theanga phobail agus theaghlaigh, gan í a bheith mar ‘chaitheamh aimsire’ ach oiread, ach mar rud éigin idir eatarthu - ach ní mar chéad teanga labhartha?"

Mairfidh an Ghaeilge mar teanga chultúrtha ach an mairfidh sí mar teanga bheo? 
Share/Save/Bookmark