29.9.21

Cearta Teanga in Éirinn - Fís agus Feidhm.

Labhair an Coimisinéar Teanga ar an ábhar ‘Cearta Teanga in Éirinn - Fís agus Feidhm’ ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i dTeach Laighean ar an 22ú lá Meán Fomhair 2021. Pléadh é sin agus chomh maith leis , pléifidh an Comhchoiste na doiciméid ‘An Coimisinéir Teanga Tuarascáil Bhliantúil 2020’ agus An Coimisinéir Teanga Tuarascáil Faireacháin 2020/2021’ leis an gCoimisinéir Teanga ag an gcruinniú seo.

Seo mar a labhair sé:

A Chathaoirligh, agus a chomhaltaí coiste uile, 
Is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl duitse agus don choiste seo as an gcuireadh teacht in bhur láthair agus plé a dhéanamh ar an ábhar ‘Cearta Teanga in Éirinn’. Ní foláir dom a rá gur mór agamsa agus ag m’Oifig aird an Choiste seo ar gach gné den bheartas náisiúnta teanga agus cearta teanga phobal na Gaeilge go háirithe.

Is téama thar a bheith uileghabhálach é sin agus níor mhiste beachtú áirithe a dhéanamh air. Dá bhféadfainn dhá mhórcheist shonracha a chur faoi chaibidil sa ráiteas tosaigh seo creidim go gcuideodh sé le brí a thabhairt don phlé:

  1. Cén tábhacht a bhaineann le fís na gceart teanga?
  2. Cén chaoi ar cheart feidhm a thabhairt don fhís sin?

FÍS NA gCEART TEANGA

Is ceart tús áite a thabhairt do cheist na físe. Éascaíonn teangacha an chumarsáid; cuireann teangacha lenár dtuiscint ar chultúir a chéile; ligeann teangacha dúinn dul i mbun plé, cainteanna agus idirbheartaíocht ar cheisteanna móra amhail féiniúlacht, flaitheas agus fís. Níor ghá ach oiread go mbeifí taobh le fís chúng i dtaca le féiniúlacht agus flaitheas.

Gluaiseacht náisiúnta ionchuimsitheach a chuir dlús leis an athbheochan náisiúnta breis is céad bliain ó shin. Ba iad tréithe na héagsúlachta agus na mór-rannpháirtíochta sa ghluaiseacht chéanna a chinntigh gur bhain fís leathan leis an athréimniú teanga ó bunaíodh an Stát. Is fearr go mbeadh fairsinge ann don éagsúlacht, don rannpháirtíocht, don ionchuimsitheacht in aon phlé faoi theangacha i gcomhthéacs idirnáisiúnta na gceart daonna. A bhuíochas de Bhunreacht na hÉireann agus Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 baineann réim leathan le fís na gceart teanga. Is é dúshlán seasta ár gcuid comhlachtaí poiblí agus m’Oifige é freastal ar thnútháin réasúnacha an tsaoránaigh maidir leis an bhfeidhm a thugtar don fhís chéanna.

Fís an dóchais atá ag pobal na teanga i dTuaisceart Éireann. Beart praiticiúil atá sna moltaí maidir leis an Oifig úr um Léiriú Féiniúlachta agus Cultúrtha. Tugaim faoi deara go bhfuil beannacht na Comhaireachta Thuaidh-Theas (CATT) le Comhaontú an Túis Úir agus leis an gcreatlach polasaí Ré Nua, Cur Chuige Nua a bhfuil meas, ómós agus dínit mar bhunsraith aige. Má dhéantar reachtaíocht teanga a thabhairt chun cinn faoina gceapfar Coimisinéir Teanga agus faoina mbunófar Oifig nua um Léiriú Féiniúlachta agus Cultúir níl aon amhras orm ach go gcuirfear le stádas na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

Oifig an Choimisinéara Teanga
Tá m’Oifigse lánsásta comhairle a roinnt leis an Tionól, an Feidhmeannas agus an dá Rialtas ar na ceisteanna polasaí a bhaineann le reachtaíocht dá leithéid. Is fiú dom a lua freisin go bhfuilimse i m’iarchathaoirleach ar Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga. Cuidíonn Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga le coimisinéirí teanga ar fud an domhain tríd an gcleachtas is fearr agus caighdeáin den scoth a chur chun cinn agus tríd an gcomhionannas agus an éagsúlacht i gcúrsaí teanga a chur chun tosaigh. Bheinnse, agus baill uile an chumainn, lántoilteanach cuidiú le hiarrachtaí ar bith cur le cultúr na gceart teanga i dTuaisceart Éireann.

Maidir leis an dara mórcheist – cén chaoi a dtugtar feidhm d’fhís na gceart teanga – tá ábhar plé agus machnaimh sa reachtaíocht reatha atá ar fáil don Stát seo agus sna próisis agus sna dúshláin a tháinig chun cinn go mór mór le bliain go leith anuas, in aimsir éigeandála agus paindéime.

Gearáin Phaindéim COVID-19
Olldúshlán as cuimse a bhí sa phaindéim a tháinig aniar aduaidh ar an domhan agus ar chórais stáit ar fud na cruinne. Is ábhar bróid dúinn uile mar shaoránaigh agus mar sheirbhísigh phoiblí (sa chiall is leithne den téarma sin) an teacht aniar a léirigh an pobal agus an Stát araon chun rochtain ar bhunseirbhísí ardchaighdeáin a chinntiú ainneoin na srianta sláinte poiblí. D’imir paindéim COVID-19 tionchar ollmhór ar imeachtaí reáchtála na hOifige, idir obair iniúchta agus imscrúdaithe, agus a lorg sin ar Thuarascáil Bhliantúil 2020 agus Tuarascáil Faireacháin 20-21 a foilsíodh le tamall míonna anuas. Tugadh faoi dhá thuarascáil théamacha ó thús na bliana seo: tuarascáil ar an nGarda Síochána i mí Aibreáin agus tá tuarascáil ar an gcóras Eircode á leagan os comhair gach Tí den Oireachtas inniu agam.

Má bhíonn cearta ag an saoránach de bhun na reachtaíochta teanga léirítear croífheidhm Oifig an Choimisinéara Teanga sna gearáin a chuirtear faoi bhráid m’Oifige ar bhonn bliantúil. 604 gearán a cuireadh faoi bhráid m’Oifige le linn 2020 arbh ionann é agus laghdú 14% ar líon na ngearán in 2019. Laghdú 6.7% a tháinig ar líon na ngearán a rinneadh leis an Ombudsman mar ábhar comparáide (Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2020: 12). Is i míonna tosaigh na paindéime – Feabhra, Márta agus Aibreán 2020 – is mó a mhaolaigh ar na gearáin a cuireadh faoi bhráid m’Oifige agus bheadh sin ag teacht le cúinsí na paindéime trí chéile. Tháinig laghdú suntasach (382 > 203) ar líon na ngearán a rinneadh le hOmbudsman na Leanaí le linn mhíonna Márta, Aibreáin agus Bealtaine freisin (Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman do Leanaí 2020: 6).

Tugadh ceithre cinn d’imscrúduithe chun críche le linn na bliana 2020 agus bhain dhá cheann acu siúd go díreach le seirbhísí don phobal nár cuireadh ar fáil go dátheangach ar bhonn comhuaineach le linn na paindéime. Ó thús na paindéime go deireadh 2020, rinneadh gearáin le m’Oifig 86 uair faoi ghníomhartha comhlachtaí poiblí a bhain le paindéim COVID-19 ar shlí éigin.

Bhain bunáite na ngearán le modhanna cumarsáide éagsúla chun eolas a chur ar fáil don phobal, idir chomharthaí, leabhráin eolais, shuíomhanna gréasáin agus fógraíocht sna meáin agus an tslí nár soláthraíodh ábhar don phobal as Gaeilge. Ba sciar suntasach de na gearáin córais idirghníomhacha chun clárú nó chun iarratais a dhéanamh ar líne. Ar ndóigh, b’éigean úsáid mhór a bhaint as córais dá leithéid de bharr na paindéime ach ba é an trua é nár chomhlíon líon mór comhlachtaí poiblí an dualgas teanga a bhí orthu. Is i gcúinsí den chineál seo is fearr a léirítear cén ghéilliúlacht a bhíonn ag comhlachtaí poiblí do reachtaíocht amhail Acht na dTeangacha Oifigiúla. Bhraith go leor de na gearánaithe go raibh leithcheal á dhéanamh ar an nGaeilge nó ar lucht a labhartha sa dioscúrsa náisiúnta in aimsir éigeandála. Ar an ábhar céanna seo, thug mé suntas don tráchtaireacht seo ón Dr John Walsh a foilsíodh in eagrán an Mheithimh den iris Comhar in 2020:

    ‘Nuair a tháinig an crú ar an dtairne agus srianta Covid-19 á bhfógairt, fágadh an Ghaeilge in áit na leithphingine i réimsí eile den saol seachas an chomharthaíocht, mar shampla eolas sláinte poiblí ar an idirlíon, an fhoinse is mó a mbaineann an pobal úsáid as.’
An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Dónaill
Tá faitíos orm go dtagann an anailís seo le taithí agus cleachtadh m’Oifige le linn na paindéime. Os a choinne sin, aithním le buíochas an comhoibriú a fuair m’Oifig ó fhormhór na gcomhlachtaí poiblí a rabhthas i dteagmháil leo agus a ghlac leis gur chóir an tseirbhís nó an t-eolas a bhí faoi chaibidil a chur ar fáil sa dá theanga, go mór mór sna cásanna nár léir go raibh aon dualgas sonrach reachtúil i gceist lena leithéid a dhéanamh.

Sna cásanna ina raibh dualgas soiléir reachtúil i gceist agus a d’fhiosraigh m’Oifig, feictear dom go bhfuil téamaí coiteanna sna freagraí a tugadh:
  • go mb’éigean gníomhú go práinneach agus, i gcúinsí fíoreisceachtúla na géarchéime sláinte;
  • cinneadh na dualgais reachtúla teanga a chur i leataobh nó iad a chur ar atráth;
  • nó níor tugadh aird ar na dualgais sin ar chor ar bith toisc go gcuirfeadh sé moill ar an ngníomh a chur i gcrích.

Dá nglacfaí leis nach raibh dlite ar chomhlacht poiblí na seirbhísí seo a chur ar fáil go dátheangach ar an údar nárbh acmhainn dó é sin a dhéanamh gan moill a chur leo, d’fhéadfaí a fhorléiriú as sin go bhfuil an teidlíocht reachtúil seirbhís a fháil as Gaeilge ag brath ar thosca nó acmhainn an chomhlachta phoiblí. Ba dhócha, i gcás mar sin, nuair ba thábhachtaí agus ba phráinní an tseirbhís nó an chumarsáid, gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í.

Is ceart a rá go soiléir nach bhfuil an teidlíocht reachtúil seirbhís a fháil as Gaeilge ag brath ar thosca, tosaíochtaí nó acmhainn an chomhlachta phoiblí. Níor cheart go mbeadh coimhlint idir na gníomhartha tromchúiseacha náisiúnta a bhí, agus atá, idir lámha agus dualgais i dtaca le cearta teanga.

An Roinn Oideachais
Rinneadh dhá gearán liom nach raibh fáil ar leagan Gaeilge den chóras clárúcháin do ghráid ríofa a cuireadh ar fáil do dhaltaí na hArdteistiméireachta i mí na Bealtaine 2020. Bhí sárú ar an Acht Oideachais agus ar scéim teanga na Roinne Oideachais dá bharr. Chuir cinneadh na Roinne Oideachais gan rogha a thabhairt clárú trí Ghaeilge as do dhaltaí, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí araon. Cuireadh leagan Gaeilge ar fáil nuair a osclaíodh an tairseach arís i mí Iúil ach i ndáiríre bhí an dochar déanta faoin tráth sin.

Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Ábhar amháin a rinne buairt do ghearánaigh ná comharthaí a bhí curtha in airde ag comhlachtaí poiblí amhail Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi COVID-19 i mBéarla amháin. Sin in ainneoin gur chuir an Roinn Sláinte leaganacha Gaeilge de na comharthaí buí comhairle sláinte ar fáil. Tugadh faoi imscrúdú i gcás Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ach thángthas ar réiteach neamhfhoirmeálta i líon mór cásanna eile (13) agus molaim stuaim na gcomhlachtaí poiblí as a gcomhoibriú le m’Oifig sna cásanna sin. Teip shuntasach fheiceálach is ea é ar bhundualgas reachtúil faoi réir na rialachán a rinneadh faoin Acht, dualgas atá i bhfeidhm le breis agus deich mbliana faoin tráth seo.

An Roinn Sláinte agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta
Fuarthas líon suntasach gearán i dtaca le dhá leabhrán a ndearna an Roinn Sláinte agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta dáileadh orthu chuig gach teach sa Stát. Sa dá chás seo foilsíodh agus dáileadh leabhrán eolais i mBéarla amháin. Bhain moill le foilsiú agus dáileadh leagain Gaeilge de na leabhráin. Is cosúil gur sháraigh an dá Roinn an dualgas reachtúil toisc nár táirgeadh leabhrán dátheangach in am trátha. Ní raibh socruithe sásúla i bhfeidhm sna ranna sin chun a chinntiú go gcomhlíonfaí an dualgas reachtúil i gcás práinne.

Feidhmeannacht na Seirbhise Sláinte.

Ba chóir go n-aithneofaí gaisce cheannaireacht agus foireann na seirbhísí sláinte in aimsir ghéarchéime agus is maith a thuigtear go raibh móréileamh gan choinne ar an uile acmhainn a bhí faoi stiúir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. San am céanna, nuair is mó an riachtanas eolas agus faisnéis iontaofa a scaipeadh ar an bpobal trí chéile is ceart nach ndéanfaí loiceadh ar bhuncheart teanga an tsaoránaigh agus an fhaisnéis chéanna a chur ar fáil ag an am céanna i nGaeilge agus i mBéarla.

Ní léir go bhfuil dualgas reachtúil ar an bhFeidhmeannacht i dtaca le roinnt mhaith de na hábhair ghearáin a cuireadh faoi bhráid m’Oifige mar nach bhfuil scéim teanga náisiúnta aontaithe ag an eagraíocht fós. Áirítear an aip rianaithe teagmhálaithe a chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar fáil sa réimse gearán seo. Socraíodh an aip a chur ar fáil i nGaeilge den chuid is mó, cé nach raibh dualgas reachtúil i gceist. B’amhlaidh a tharla i gcás na bhfoirmeacha agus na gcóras idirghníomhach ar líne.

Ocht gcineál gearáin a tháinig chun cinn ón bpobal agus a cuireadh faoi bhráid na Feidhmeannachta. Baineann na gearáin ar fad le heaspa seirbhíse i nGaeilge ar bhealaí difriúla. Cuimsítear idir dhualgais reachtúla agus neamhreachtúla sna gearáin seo agus tá teagmháil leanúnach i scríbhinn ag m’Oifig le FSS ó lár mhí Feabhra i mbliana agus fuarthas an comhfhreagras is deireanaí uathu mí Lúnasa.

Aithnítear an t-ualach a bhí ar an FSS le linn na paindéime agus an dúshlán a bhain le leanúnach seirbhíse a sholáthar i ndiaidh an chibirionsaithe go speisialta. Mar sin féin, ba chóir an réamhphleanáil chuí a bheith déanta lena chinntiú go mbíonn ar chumas an chomhlachta phoiblí na seirbhísí sin a sholáthar sa chéad teanga oifigiúil nuair a thagann brú ar a cuid seirbhísí ar chúiseanna éagsúla. Níor mhór do chomhlachtaí poiblí a bheith airdeallach air sin agus pleanáil á déanamh acu i dtaca le leanúnachas gnó agus seirbhíse in aimsir éigeandála. Ní thagann dualgas seirbhíse teanga salach ar aon dualgas seirbhíse eile. D’iarr Aire na Gaeltachta ar an FSS scéim náisiúnta teanga a dhéanamh chomh fada siar le 2007. Tá Scéim Teanga daingnithe le Limistéar an Iarthair den Fheidhmeannacht ó 2005, ach leag an Oifig seo tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais sa bhliain 2011 de bharr easpa cur i bhfeidhm na Scéime sin. Ina theannta sin, ba léir go raibh baint ag córas Eircode le brú an Bhéarla i gcuid de na gearáin a cuireadh faoi bhráid na hOifige, agus tá tuarascáil faoin ábhar sin ann féin á leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais inniu agam, mar a luaigh mé i dtús na cainte seo.

Tharraing na gearáin seo aird arís eile ar laigí na reachtaíochta teanga reatha. Faoin mBille Teanga nua tá i gceist córas fabhtach na Scéimeanna Teanga a chur i leataobh agus córas nua caighdeán comónta a chur ina áit. Ba cheart go gcinnteodh an córas leasaithe go mbeadh caighdeáin chuí reachtúla teanga leagtha síos do chomhlachtaí poiblí ar nós Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ionas go gcuirfí seirbhís shásúil trí Ghaeilge ar fáil don phobal. Réiteach riachtanach eile is ea an dea-mhéin agus an dea-thoil ina cheann ar acmhainn foirne le Gaeilge a bheith ar fáil. Ní mór do chomhlachtaí poiblí réamhphleanáil a dhéanamh don riachtanas reachtúil seo agus earcaíocht thráthúil a dhéanamh d’fhonn soláthar cuí foirne a bheith faoi réir.

Teastais, Sínte fada agus Córas TFC

Ábhar mór díomá don phobal teanga an samhradh seo atá imithe tharainn ab ea an chaoi inar eisíodh Teastas Digiteach COVID an Aontais Eorpaigh. Ní raibh comhstádas ag an nGaeilge leis an mBéarla ar na Teastais a cuireadh amach agus ní dhearnadh próiseáil cheart ar an síneadh fada. Cuireadh ainmneacha Gaeilge as a riocht mar thoradh díreach air sin.

Níor cheart go mbeadh an scéal amhlaidh agus ní mór do chomhlachtaí poiblí féachaint chuige go mbeidh an córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide atá acu láninniúil ar an síneadh fada a phróiseáil in ainmneacha, sloinnte agus seoltaí ár gcuid saoránach. Dearbhaím arís eile in bhur láthair inniu gur ‘buncheart céannacht duine a bheith aitheanta ina rogha teanga oifigiúla i ngnóthaí an Stáit’. 

IMSCRÚDUITHE

Ina cheann ar na imscrúduithe a bhaineann go sonrach le COVID (Comhairle Cathrach na Gaillimhe, An Roinn Oideachais) atá luaite agam cheana tugadh imscrúduithe eile chun críche le linn 2020.

An Foras Taighde ar Oideachas
Rinne mé imscrúdú ar an bhForas Taighde ar Oideachas. Léirigh an t-imscrúdú sin gur theip ar an bhForas Taighde ar Oideachas dualgais reachtúla teanga den Acht Oideachais, 1998 a chomhlíonadh. Chuir an Foras Taighde ar Oideachas scoileanna lán- Ghaeilge as an áireamh nuair a bhí sampla á roghnú do chaighdeánú trialacha léitheoireachta Béarla agus trialacha Matamaitice a bhí á bhforbairt aige do bhunscoileanna. 

Chun an dualgas reachtúil a chomhlíonadh, níor mhiste na scoileanna lán-Ghaeilge a bheith san áireamh (seachas as an áireamh) mar bhun-réamhshocrú in aon fhorbairt ábhartha. Mhol mé don Fhoras Taighde ar Oideachas aird a thabhairt feasta ar na dualgais reachtúla teanga atá daingnithe san Acht Oideachais, 1998 nuair a bhíonn trialacha measúnaithe á gcaighdeánú aige do bhunscoileanna feasta.

MÓRTHÉAMAÍ INIÚCHTA AGUS FAIREACHÁIN

Baineann mórchuid den obair iniúchta agus faireacháin le comharthaíocht, fógraí poiblí agus seirbhísí idirghníomhacha a bheith ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.

Oifig na nOibreacha Poiblí
Rinneadh iniúchadh agus faireachán ar Oifig na nOibreacha Poiblí in 2019 agus tá dul chun cinn maith le tuairisciú bunaithe ar an iniúchadh a rinneadh ar dheich láthair oidhreachta atá suite lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. 784 comhartha a scrúdaíodh san iomlán. Bhí leibhéal iomlán géilliúlachta 75% bainte amach ag na suíomhanna a scrúdaíodh.

Eisíodh tuarascáil chuig Oifig na nOibreacha Poiblí i mí Aibreáin 2020 agus i mí Dheireadh Fómhair 2020, thug Oifig na nOibreacha Poiblí le fios go nglactar le toradh an iniúchta agus tá gealltanas tugtha ag Oifig na nOibreacha Poiblí go mbeidh gach comhartha nua dátheangach feasta, ina n-áirítear comharthaí athsholáthair agus comharthaí sealadacha. Is mór againn comhoibriú Oifig na nOibreacha Poiblí san obair seo.

Boird Oideachais agus Oiliúna.
Scrúdaíodh ceithre Bhord Oideachais agus Oiliúna in 2020 féachaint an raibh na dualgais reachtúla atá orthu i dtaca le comharthaíocht, stáiseanóireacht agus fógairtí taifeadta béil agus ar ghealltanais reachtúla na scéimeanna teanga á gcomhlíonadh acu.

  • Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí
  • Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uíbh Fhailí
  • Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí
  • Bord Oideachais agus Oiliúna Thiobraid Árann

Bhain Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) an grád is airde amach in earnáil na mBord Oideachais agus Oiliúna agus grád ‘comhlíonadh iomlán’ á bhaint amach acu. Grád ‘comhlíonadh méid áirithe’ a bronnadh ar BOO Lú agus na Mí agus ar BOO Laoise agus Uíbh Fhailí. Níor éirigh le BOO Thiobraid Árann ach grád ‘neamhchomhlíonadh den chuid is mó’ a thuilleamh.

Thug Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uíbh Fhailí le fios go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar na comharthaí atá curtha in airde faoi scáth an Bhoird agus go ndéanfar athbhreithniú iomlán ar shuíomh gréasáin an Bhoird faoi dheireadh na bliana 2021. Gheall Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí go ndéanfadh sé a dhícheall a chinntiú go mbeidh córais ríomhaireachta nua atá á suiteáil agus a dhéileálann le sonraí ón bpobal, lánábalta ortagrafaíocht na Gaeilge a láimhseáil go cruinn. Ghlac Bord Oideachais agus Oiliúna Thiobráid Árann le torthaí an iniúchta agus tugadh le fios go mbeadh an tuarascáil mar bhunús dá phlean oibre chun géilliúlacht a bhaint amach in 2021.

Údaráis Áitiúla
Tá ag méadú ar líon na seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí agus údaráis áitiúla ar fáil don phobal ar líne agus is ceart go mbeidís ar fáil sa dá theanga oifigiúla. Scrúdaíodh comhlíonadh gealltanas maidir leis an nGaeilge ar shuíomhanna gréasáin deich n-údarás áitiúla agus áiríodh gealltanais maidir le seirbhísí idirghníomhacha a chur ar fáil i nGaeilge sa chás gurbh ann do na gealltanais sin. Seo é an tríú bliain den tionscadal áirithe faireacháin seo. Is ann don fheabhas leanúnach agus do shamplaí forbartha dea-chleachtais.

Is mór agam an comhoibriú a fuarthas ó na húdaráis áitiúla seo a leanas:

  • Comhairle Contae Shligigh
  • Comhairle Contae Mhuineacháin
  • Comhairle Contae Ros Comáin
  • Comhairle Contae Chorcaí
  • Comhairle Contae Fhine Gall
Is ann chomh maith céanna don easpa dul chun cinn agus don neamhaird iomlán in amanta. Is dona liom go mór an cur chuige a ghlac cúig údarás áitiúla chucu féin maidir le próiseas faireacháin agus iniúchta na bliana seo.
  • Comhairle Cathrach Chorcaí
  • Comhairle Contae na hIarmhí
  • Comhairle Contae Cheatharlach
  • Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin
  • Comhairle Contae Uíbh Fhailí
In ainneoin na ndúshlán a bhí roimh an earnáil go náisiúnta, ní léiriú sásúil easpa shoiléir gnímh na gcúig údarás áitiúla thuasluaite seo i leith a gcuid dualgas reachtúil faoin Acht. Tá tús curtha le himscrúdú amháin cheana féin.

TUARASCÁLACHA OIREACHTAIS

An Gharda Síochána

Seoladh tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas maidir le líon na nGardaí atá ar dualgas i limistéar Gaeltachta Dhún na nGall agus táim buíoch de Choimisinéir an Gharda Síochána, an tUasal Drew Harris agus den Choiste seo as iniúchadh mion a dhéanamh ar ábhar na tuarascála sin i mí na Bealtaine agus den tuarascáil a d’eisigh an Comhchoiste i mí Iúil. Creidim go gcuideoidh na cúig mholadh atá sa tuarascáil sin leis an nGarda Síochána feidhm a thabhairt do mo chuid moltaí féin. Cuirim fáilte ar leith roimh an moladh go mbeidh tuarascáil bhliantúil á leagan ag Coimisinéir an Gharda Síochána os comhair an Oireachtais, ina léireofar an dul chun cinn atá déanta aige nó aici le linn na bliana roimhe sin, chun seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht, agus chun seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil taobh amuigh den Ghaeltacht, agus chun líon na nGardaí dátheangacha, i ngach grád sa Gharda Síochána a mhéadú.

EIRCODE

Tabharfaidh mé forléargas ar an tuarascáil Oireachtais maidir leis an gcóras Eircode agus logainmneacha Gaeilge a leagtar faoi bhur mbráid inniu. Is ceart a mheabhrú go dtiteann an dualgas reachtúil ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide sa chás seo agus ní ar Eircode féin, ná ar an Post, a dháil na héirchóid. Is í an Roinn atá freagrach as an gconradh don chóras a bhronnadh agus a stiúradh. Dá mhínádúrtha agus dá thútaí é mar nós ag comhlacht stáit logainmneacha Béarla a úsáid do sheoltaí daoine lasmuigh den Ghaeltacht ainneoin gur mian leo go n-úsáidfí an logainm Gaeilge, ba léir nach raibh sárú reachtaíochta i gceist leis. Is léiriú eile an neamhréir seo ar easpa cosanta ar bhuncheart teanga in Acht na dTeangacha Oifigiúla.

LEASUITHE MOLTA AR BHILLE na dTEANGACHA OIFIGIÚLA (LEASÚ)

I mí Iúil na bliana seo, thug an Rialtas le fios go gcuirfear breis is 30 leasú suntasach ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2019 (Leasú) faoi bhráid an Oireachtais. Ba mhaith liom fáilte eatramhach a chur roimh mhianaidhm na leasuithe uile atá molta ag an Rialtas ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú). Léiríonn gearáin a thagann chun cinn arís is arís eile a riachtanaí agus atá cuid acu. Má tá teorainn le mo chuid cainte ar an ábhar seo tuigfidh sibh níos fearr ná mise gur gnó de Thithe an Oireachtais iad na leasuithe seo anois, go bhfuil mo thuairim faoi na heasnaimh éagsúla san Acht curtha in iúl go rialta agus céard atá ag teastáil dul i ngleic leis na heasnaimh sin. Go deimhin, agus m’oráid á chur faoi bhráid an Choiste agam seachtain roimh an chruinniú seo, níor foilsíodh téacs na leasuithe go fóill agus níorbh fholáir grinnstaidéar a dhéanamh ar an téacs ionas go gcinnteofaí gurbh é toradh foriomlán an 32 leasú – astu féin agus tógtha le chéile – ná láidriú suntasach ar fhorálacha reatha an Bhille.

Is cinnte go mbeidh cabhair agus ábhar comparáide sna moltaí stuama atá le fáil sa Tuarascáil ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (leasú) 2017 a réitigh réamhtheachtaí an Choiste seo i mí na Bealtaine 2018. Dá thúisce a rithfear an Bille is amhlaidh is téagartha a bheidh an reachtaíocht teanga a bheidh ar fáil chun cearta teanga a chosaint. Dá ghaire fís agus feidhm na gceart teanga dá chéile is amhlaidh is fearr é.

Earcaíocht sa Státseirbhís
Tuigtear dom go mbaineann leasuithe 17-23 go dlúth le líon na státseirbhíseach dátheangach a fhostófar feasta. Fáiltím chomh maith roimh an tagairt shonrach don sprioc 20% faoi 2030 d’earcaigh nua ar cainteoirí Gaeilge iad i Straitéis Athnuachana na Státseirbhíse a foilsíodh i mí na Bealtaine. Is maith a thuigimid gur mórchóras atá sa Státseirbhís féin ina bhfuil breis is 40 míle státseirbhíseach ag obair. Aithním dea-obair Ghaelchultúr agus na deiseanna oiliúna teanga atá curtha ar fáil do bheagnach 1300 státseirbhíseach ó 2018 i leith.

Thug mé suntas don anailís a chuir an tUasal David Cagney, Príomhoifigeach Acmhainní Daonna don Státseirbhís, ar fáil don Choiste seo i mí Iúil. Idir 2017 agus 2021, tréimhse a chuimsíonn breis agus ceithre bliana, fud fad na Státseirbhíse bhí riachtanas teanga ag níos lú ná 1% de na ceapacháin a rinneadh sa tréimhse sin go léir. Thug mé suntas freisin do laghad an éilimh i measc cainteoirí Gaeilge ar cheapacháin mar Oifigeach Cléireachais agus Oifigeach Feidhmiúcháin.

Aontaím go láidir le hanailís an RCPA (An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe) gur tionscadal fadtréimhseach uile rialtais é seo a mbeidh toil agus comhoibriú iliomad páirtithe leasmhara i gceist leis. Ba mhaith liom a cheapadh go dtiocfadh nósanna imeachta chun cinn a d’éascódh soghluaiseacht idir ranna, a chinnteodh cosáin forbartha ghairmiúla do chainteoirí dátheangacha, a d’fhéachfadh chuige go mbeadh cainteoirí ardchumasacha Gaeilge i ngráid uile na Státseirbhíse – idir Oifigigh Cléireachais is Ard-Rúnaithe agus gach grád eatarthu – agus go mbeadh córas éifeachtach earcaíochta ann a bheadh oiriúnach dá feidhm a d’fhreastalódh go pras ar riachtanais na ranna éagsúla.

Chuige sin, dá thráthúla iad na leasuithe atá molta, chuideodh tuilleadh beachtaithe fós ar rannpháirtíocht fhorleathan sa Choiste Comhairleach go mór le pleanáil earcaíochta agus cur i bhfeidhm Straitéis Athnuachana na Státseirbhíse féin. Measaim go mbeidh sé riachtanach freagrachtaí soiléire a bheith luaite sa phlean earcaíochta, amlínte sonraithe agus treoracha cinnte do ranna a bheidh ag earcú foirne idir seo agus 2030. Beidh géarghá le stiúradh stuama agus comhordú cumasach ar imeachtaí an Choiste ina cheann ar shúil seabhaic ar chur i bhfeidhm chinnithe an Choiste féin.

CONCLÚID

Mar fhocal scoir, fillfidh mé ar an dá mhórcheist – tábhacht na físe agus feidhm na físe. Is maith a aithnítear an tábhacht a bhaineann le stádas, siombalachas agus comhionannas measa. Is cóir gach leas a bhaint as an dea-mhéin agus an chomhthoil chun go gcuirfí lenár dtuiscint choitianta ar chearta teanga in Éirinn. San am céanna, má dhaingnítear ceart teanga go reachtúil is ann don tnúthán réasúnach go mbainfí lánúsáid as an gceart céanna agus go ndéanfadh an Stát agus comhlachtaí poiblí freastal dá réir ar an bpobal teanga.

Sílim go bhfuil deis chinniúnach ag Oireachtas Éireann tuilleadh brí a thabhairt don fhís tríd an mBille leasaithe agus, ar an ábhar sin, is mian liom aitheantas a thabhairt do dhíograis an Choiste agus buíochas a ghlacadh leatsa, a Chathaoirligh, agus le comhaltaí uile an Choiste, as bhur ndúthracht. Is ábhar misnigh domsa go pearsanta go bhfuil próiseas maoirseachta agus monatóireachta i réim a láidríonn rialachas teanga an stáit. Déanann an scrúdúchán poiblí a dhéantar ar obair m’Oifige éascaíocht mhór don phobal teanga maidir le freagrúlacht, cuntasacht agus trédhearcacht m’Oifige.

A bhuíochas de chlár oibre agus éisteachtaí poiblí an Choiste le tamall míonna anuas, is léir go bhfuil airdeall seasta ar chearta teanga an tsaoránaigh in aimsir phaindéime go háirithe. Táimid uile faoi bhur gcomaoin dá bharr.

@ceartateanga #CGGPLnaG


Share/Save/Bookmark