16.4.11

Deireadh le Sceim Labhairt na Gaeilge

Tá sé fograithe ag Roinn na Gaeltachta mar fhreagair ar cheist ó Cholm Ó Dulacháin, Raidió na Gaeltachta inne gurb é an scoilbhliain reatha 2010/11 an bhliain deireanach do Sceim Labhairt na Gaeilge.

Níl sé socruithe fos ceard a bhéas ag teacht in áit na scéime.  Ó thaobh Guth na Gaeltachta de, measann muid nar chóir deireadh a chuir leis an SLG gan scéim eile theacht ina áit.  Bunaíodh an SLG le tacaíocht nó aitheantas a thabhairt do theaghlaigh na Gaeltachta atá ag tógail a gclann le Gaeilge agus tá an bunaidhm sin anois níos tábhachtaí inniú na mar a bhí ariamh. 

Glacann Guth na Gaeltachta leis nach bhfuil an scéim mar a sheasann sé ag baint amach na haidhmeanna a leagadh amach do.  Sé'n príomh fath le sin nó nach dtosaíonn sé go bhfuil na páistí 6 bliana d'aois agus faoin am sin, tá trí bliana scolaíochta tré mheán na Gaeilge bainte amach ag furmhór na bpáistí sa Ghaeltacht agus eiríonn leo caighdeán sásúil a bhaint amach i scrudú cainte na Roinne cé nach é Gaeilge an teanga baile nó gnath theanga cumarsáide ag cuid mhaith de na páistí sin eatarthú féin.  Ba chóir mar sin d'aon scéim bheith ag díriú isteach ar an bpáiste ón chliabháin agus tacaíocht da reir a thabhairt do na teaghlaigh sin a labhraíonn Gaeilge sa bhaile mar seard is Gaeltacht ann nó pobal ina bhfuil an teanga a labhairt go nadúrtha taobh amuigh dén seomra scoile. 

Tá sé fíorthábhachtach chomh maith go leanfaidh ar aghaidh ag déanamh tomhais bliantúil ar líon na gcainteoirí baile Gaeilge mar is uirlis criticiúil é ó thaobh na pleanála teanga de chun go mbeidh a fhios againn an bhfuil ag eirí leis na polasaithe atá i bhfeidhm againn sa Ghaeltacht an teanga a thabhairt slán.
Share/Save/Bookmark

6.4.11

Clár rialtais!

Gaeilge agus Gaeltacht ar an gclár Rialtais


Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag leanúint leis an bpróiseas comhairliúcháin le Teachtaí Dála agus Seanadóirí maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta trí lá eolais eile a eagrú in Óstán Buswells, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, ó 8.00rn - 6.00in Dé Céadaoin, 1 Meitheamh 2011, don tríú bliain as a chéile.


Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge ag tabhairt cuireadh do Theachtaí na Dála agus an tSeanaid nua teacht le cúrsaí oideachais na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 de chuid an Rialtais go háirithe, a phlé le hionadaithe ón dá eagraíocht, áit go mbeidh daoine áitiúla i láthair ó na dáilcheantair éagsúla le labhairt lena bpolaiteoirí féin ag an lá eolais.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Seo deis do Theachtaí nua dul i mbun comhairle le hionadaithe Chonradh na Gaeilge agus Ghuth na Gaeltachta óna ndáilcheantar féin i dtaca le cúrsaí teanga, agus is seans í do pholaiteoirí gur bhuaileamar leo cheana caidreamh níos láidre a chothú le pobal na Gaeilge agus iad féin a thabhairt cothrom le dáta ar chúrsaí reatha na Gaeilge agus na Gaeltachta."

Arsa Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: "D'éirigh le pobal na Gaeilge dul i bhfeidhm go mór ar na polaiteoirí roimh an olltoghchán le déanaí, agus thug gach páirtí le fios sna forógraí a bhí acu go seasfaidís leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.


"Tá deis ag an Rialtas nua beart a dhéanamh de réir a mbriathair anois, áfach, agus léiriú dúinn go bhfuil siad dáiríre faoi thacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltachta, trí Príomhfheidhmeannach nua a cheapadh ar Údarás na Gaeltachta, agus trí tacú leis an Údarás mar is cóir tríd an maoiniú agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil don eagras leis an gclár oibre acu a chur i gcrích go héifeachtach."

Déanfar plé freisin ar chuid de na moltaí fiúntacha a bhí i bhforógraí na bpáirtithe maidir le múineadh na Gaeilge agus conas an teanga a chur chun cinn sa chóras oideachais ag an lá eolais. I measc na moltaí a bheidh béim á leagan air, áirítear moladh Pháirtí an Lucht Oibre chun ábhar amháin eile, sa bhreis ar an nGaeilge, a mhúineadh trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na bunscoile; moladh Fhine Gael go mbeadh dhá ábhar ann don Ghaeilge ag leibhéal na hArdteistiméireachta; agus moladh an dá pháirtí rialtais nua go gcuirfí feabhas ar oiliúint na múinteoirí le tréimhse níos faide sa Ghaeltacht d'ábhar oidí, srl.
Share/Save/Bookmark

5.4.11

TG4 - Teilifís na Gaeilge?

Léigh mé blag iGaeilge inniú agus bhí píosa, Nuacht i mBéarla ar phríomhleathnach TG4!!! a chuir íonadh an domhain orm.

Chuaigh mé chuig suíomh TG4 agus thug mé faoi dearadh an rud a bhí ag chuir isteach air. Féach thuas mar a bhí sé.

Ar ndóigh tá cnaipe "English" thuas ar bharr mar is gnáth dóibh siúd nach bhfuil Gaeilge acu - is cosúil go bhfuil Béarla ag gach éinne nach bhfuil Gaeilge acu!

Ansin tá fógra, i mBéarla ar ndóigh ó Nissan. Ní thuigim an meoin a cheapann go ceart fógraí a bheith i mBéarla ar shuíomh Gaeilge ach bíodh san mar atá....

Ansin tá na cnaipe éagsúla a thógann chuig na leathanaigh eile thú - bhfuil focal Gaeilge ar "Players" meas tú? "Seinnteoir" b'fhéidir?

Ansin  tá scannán beag éigin (Tá sé dubh sa pic thuas!) agus ar dheis tá fógra chláir (Ponc, Ros na Rún, Mo ghrá geal agus eile!)

Faoi sin aris ar chlé tá gearr-nasc chuig cula4, PONC agus Gradam Ceoil TG4. I lár ansin tá "Nuacht (News) Spórt (Sport)" atá go hiomlán as Béarla. Is faoi sin atá iGaeilge ag caint! Go n–usáitear foinse Bhéarla RTÉ ar suíomh sheirbhís a bunaíodh le freastal ar lucht na Gaeilge.

Ar dhéis tá fógra eile arís i mBéarla ó Vodafone...bhfuil aon chomhlucht sásta Gaeilge a úsáid?

Thíos faoi sin tá nasc chuig suíomg TG4 ar facebook. Tá na nodanna anseo i mBéarla. Tá fhios agam gur féidir an rogha a bheith agat facebook a bheith agat i nGaeilge (mar aon le iliomad teangacha eile) agus ní thuigim cén fáth nar rognaigh TG4 é sin.  I lár ansin tá an aimsir. Arís chuireann sé íontas orm nach mbíonn fógraí an urraitheora i nGaeilge. Sa bosca ar chlé tá siopa TG4.

Thíos faoi sin tá clárach an lae déanta amach an-chliste dár liom le pic beag do gach clár!

Tá an suíomh féin go deas. Tá sé éasca rudaí a aimsiú - níos fearr ná suíomh Béarla RTÉ nó RnaG.

Cén fáth an Béarla?
Share/Save/Bookmark

2.4.11

Corcaíoch mar Uachtarán ar CnaG!

Uachtarán Nua an Chonartha!
Toghadh Donnchadh Ó hAodha ó Dháil na Mumhan ina Uachtarán ar Chonradh naGaeilge don chéad uair ag Ard-Fheis na heagraíochta san Óstán Killashee, Nás
na Rí, Co. Chill Dara ar an Sathairn (2 Aibreán 2011)

Tá Donnchadh Ó hAodha ina bhall gníomhach de Chonradh na Gaeilge ón am go raibh sé ina dhéagóir, áit go bhfuil sé anois ina Chathaoireach ar Dháil Mumhan den Chonradh le tamall maith de bhlianta anuas, agus ina thimire deonach don Chúige ó 2010. Ba Thánaiste é Ó hAodha ar Bhuanchoiste agus ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge le 3 bliana anuas freisin, agus tá an-bhaint
aige le Clódhanna Teoranta, comhlacht foilseacháin Chonradh na Gaeilge, agus An Siopa Leabhar i gCeannáras an Chonartha go fóill.

Dúirt Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Táim ag tnúth le tabhairt faoin dúshlán atá romham mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge chun an eagraíocht a fhorbairt agus a neartú, trí chomhoibriú go dlúth le heagrais phobail eile, trí bhallraíocht na heagraíochta a mhéadú, agus trí leibhéal gníomhaíochta na mball sin a spreagadh chun gnímh le linn mo Uachtaránachta.

"Tá an crú ar an tairne le cúrsaí geilleagair mar atá sa tír seo faoi láthair, ach creidim go mbeidh Conradh na Gaeilge in ann leas a bhaint as an mbá agus an tacaíocht don Ghaeilge, atá forleathan i measc an phobail in Éirinn agus san diaspora Éireannach thar lear, chun seasamh na Gaeilge a dhaingniú agus chun eagraíocht níos láidre agus níos éifeachtaí fós a dhéanamh dínn féin."


Is as Cathair Chorcaí é Donnchadh Ó hAodha ó dhúchas ach tá cónaí air i nGaeltacht Chúil Aodha le blianta fada. Chaith an tUasal Ó hAodha 10 mbliana ag obair in Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge ó 1969-1973 agus é ag plé le stiúradh timireachta, agus chaith sé cúpla bliain sa bhreis air sin ag obair
mar Rúnaí ar an eagras. Bhí Donnchadh Ó hAodha ag obair ar an bhfoireann riaracháin ag plé le Gnóthaí na Mac Léinn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, go dtí anuraidh agus tá sé ina Chathaoirleach reatha ar Bhord na Gaeilge sa Choláiste go fóill. Bhronn Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, céim oinigh MA (honoris causa) ar Ó hAodha i 2009 leis.

Cabhróidh taithí Uí hAodha ag plé le cúrsaí teanga, le cúrsaí mac léinn agus daoine óga chun beocht as an nua a chur i gConradh na Gaeilge, go háirithe ag an am ríthábhachtach seo don teanga agus straitéis chinniúnach don Ghaeilge foilsithe um dheireadh na bliana seo caite. Arsa an tUachtarán Ó hAodha: "Tá Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2011 ag éileamh go láidir go gcuirfí An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 a chur i bhfeidhm ina hiomláine, go háirithe i réimse an oideachais; tá gá soiléir lena leithéid de Straitéis reachtúil, nuair a chítear, mar shampla, an doicheall agus na deacrachtaí atá sa státchóras i gcoinne cur i bhfeidhm Scéimeanna faoin Acht Teanga faoi láthair."

Tréaslaíonn foireann uile Chonradh na Gaeilge leis an Uachtarán nua Ó hAodha agus guíonn siad gach rath ar an obair a bheas le déanamh i bpáirt leis sa bhliain amach romhainn. Ní dheachaigh iarrthóir ar bith eile in iomaíocht leis an tUasal Ó hAodha d'Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge i mbliana.

Share/Save/Bookmark