15.10.18

Ceithre r-phoist agus scairt ghutháin...


Ta mo cheadúnas tiomána ag dul in éag ar an 21ú lá den mhí seo (Deireadh Fomhair 2018) agus mar sin fuair mé litir (dhá theangach) ón tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána, ag tús mí Meán Fomhair á rá go bhfuil sé le dul in éag agus gur comhair dom coinne a dhéanamh leo agus na foirmeacha cuí líonta isteach agam. Tugadh an aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne (URL) chugam len é sin a dhéanmh.

Bhí mé anseo cheanna trí bhliain ó shin agus bhí an trioblóid agam ag an am sin. Is féidir an sceal achrannach casta a léamh anseo - "Ábhar lúibín? Cé chumfadh é?" (26/10/2015)

Chuaig mé chuig an suíomh mar sin le beagáiníon fataoís nó imní 'smé ag smaoineamh ar chad a thárla an uair deireannach.

Cé go bhfuil an suíomh i mBéarla amháin acu, d’éirigh liom na foirmeacha cuí a aimsiú sa Teanga Náisiúnta. Ach nuair a rinne mé iarracht dáta a shocrú ní raibh rogha teanga le fáil ann. Bhí gach rud i mBéarla agus mar sin féin ní fhéadfá a bheith cinnte go mbeadh an agallamh sa Teanga Náisiúnta.

Scríobh mé chuig an seoladh a tugadh ar an suíomh ag iarraidh socraithe cinnte a dhéanamh i mo rogha teanga. "An féidir leat a rá liom na dátaí a bheidh seirbhís le fáil i nGaillimh i nGaeilge. Ní sé soiléir ón suíomh." (18/9/2018)

Fuair mé freagra uathoibríoch a bhí dhá theangach ach níor chuala mé aon rud eile uatha. Mar sin chuir mé ceann eile chuchu ag rá go raibh íontas orm ná bhfuair me freagra go dtí sin. Fuair mé freagra uatha ansin:

"Go raibh maith agat as ucht do ríomhphoist. Ionas gur féidir linn coinne a éagrú duit in Oifig de chuid an Seirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána chun do iarratas a próiseáil trí Gaeilge, iarraimid ort a insint dúinn cén oifig a bhfuil sé ar intinn agat freastal ar agus cén lá is am a mbeadh feiliúnach duit." Is léir nár léadh an r-phoist uaim inar luaigh mé "Gaillimh."

Scríobh mé thár n-ais ar an lá céanna: "Is dócha gur Gaillimh atá i gceist mar tá cónaí orm i gConamara. Tá chuile lá ón 11ú lá den mhí seo oiriúnach domsa - am ar bith tár éis 11.00 ar maidin. Tá na foirmeacha líonta istigh agam cheanna ach beidh orm dul chuig an dochtúir leis an tuairisc leighis a shiniú."

Ní fhuair mé freagra agus mar sin scríobh mé arís ar an 8ú lá Deireadh Fomhair ag lorg freagra.

Fuair mé glaoch ó dhuine éigin i Sligeach ag iarraidh dáta a shocrú. Chinneamar ar dáta (11 Deireadh Fomhair 2018) ag meán lae.

Chuas isteach ag an am cuí agus suigh mé ag feitheamh. Ar deireadh ní raibh duine ar bith fágtha ach mé féin. Ansin tháinig cailín amach agus chuir cheist orm (i mBéarla) an raibh coinne déanta agam dúirt mé "Teileafón" agus chuig sí thár n-ais chuig a áit.

Glaodh orm ansin agus chuig mé isteach sa bhothán agus thosaigh mé ag caint i nGaeilge leí. Níor thuig sí mé agus bhí orm iompú ar an mBéarla. Dúirt me go bhfuair mé glaoch agus gur socraíodh go mbeadh an agallamh i nGaeilge! Bhí beagáinín cainte foirne taobh thiar den ghloine agus ar deireadh dúradh go dtiochfadh duine anuas le cabhrú liom.

Tháinig sí anuas agus glaodh orm arís. Bhí beirt anois taobh thiar den ghloine agus is cosúil duine acu gan Gaeilge, a bhí "ar na cnaipe" agus duine eile agus neart Gaeilge aici. Is mar sin a chuaigh an agallamh ar aghaidh - mise ag caint i nGaeilge agus an aistritheoir á athrá i mBéarla agus vice versa.

Bhí sé an ghreannmhar cé go raibh sé go hainnis gur anois, tár éis beagnach céad bliain mar tír neamhspleach nach féidir seirbhís ceart a fháil sa Teanga Náisiúnta, céad teanga oifigiúil na tíre. Ní nach íonadh nach bhfuil éileamh ar sheirbhís lochtach mar sin.

Cinnte tá beagáinín feabhas ón uair deireannach áfach. Tá sé éasca go leor na foirmeacha a aimsiú ar an suíomh (Béarla) agus tá Cairt Chustaiméirí i nGaeilge (pdf) ann ach gan rud ar bith faoi chearta teanga ann áfach! Ní mór Béarla a bheith agat an suíomh féin a oibriú i gceart agus níl sé soiléir go mbeadh an cruinniú ag an lár ionad le fáil i nGaeilge - sin an fáth go raibh orm na r-phoisteanna sin a chuir.

Cabhródh sé go mór liom an suíomh acu a bheith sa Teanga Náisiúnta agus go mbeadh Gaeilge ag bhúr iniúchóirí go mór mór sna h-ionaid atá le seirbhís a thabhairt sna ceantreacha Ghaeltachta. Ní féidir leis an gCoimisinéir Teanga cabhrú le gearán mar seo mar níl Udarás um Shabháilteacht ar Bhoithre luaite clúdaithe faoin Acht.

Rinneamar tagairt do ráiteas ón gCoimisinéir Teanga tár éis an "eachtra" seo i 2015. Is eagal liom go mbaineann sé fós le hábhar:"Bíodh is go bhfuil muid imithe i dtaithí ar an gcur chuige sin ní shin le rá go bhfuil sé ceart..." (An Coimisinéir Teanga, 18 Meán Fómhair 2015 )

Iar nótaí:
Fuair mé teacs on NDLS (sic) inniú ag brú Bearla orm arís. Nach mbeadh sé simplí teachtaireacht mar sin a bheith dhá theangach?

Fuair mé an ceadúnas féin ar an Aoine (19 DF 2018) agus tá sé i gceart fiú mo shloinne litrithe i gceart! Bí ag faire amach dom.


Saoirse Tiomána....

Share/Save/Bookmark

26.6.18

Scoilt i nGaeltacht Chonamara!


Tá scéal apacrafúil ann faoin mbosca fón i gCill Rónáin. Nuair a dúnadh é agus nuair a togadh an fón as, cuirfeadh fógra ar an doras, i mBéarla (níl Gaeilge ag Éircom) ar ndóigh, "We regret that service from this phonebox has been terminated. If you require a phone the nearest working phone box is in Roundstone."

Foilsíodh eolas le déanaí faoin roinnt a bheidh ar Chonamara don na toghcháin áitiúla atá le bheith ann i 2019. Is léir nach ag smaoineamh ar chúrsaí teanga sa Ghaeltacht is mó sa tír, a bhí ag pé choiste a rinne an roinnt.

Go tradisiúnta síneann Ghaeltacht Chósta Chonamara siar ó Bhearna go Carna. Anois tá sí scaoilte. Tá Cois Fharraige, Árainn agus Ceantair na n-Oileán mar aon leis an gCeathrú Rua i gceantair amháin, Conamara Theas - Bearna siar go Cheann Ghólam. Agus tá na ceantreacha láidir Ghaeltachta ó thuaidh agus siar ó Chasla, ina bhfuil Camas, Ros Muc agus Iorras Aithneach, ceantair ina bhfuil géarchéim mór eisimirce ann, ceantair láidir Ghaeltachta, curtha in gceantair láidir Bhéarla Conamara Thuaidh. Tá na paróistí atá ar an dá bhruach den chuan, Cuan Chill Chiaráin, scartha óna chéile ag coiste anaithnid .

Dúirt an Comhairleoir Contae Seosaimh Ó Cualáin ar Adhmhaidin (RnaG) go gcuireann sé iontas air féin gur scoilteadh an ceantar Gaeltachta le cósta. Bheadh an vóta a bhí aige fhéin scoiltí ina lár mar gheall ar an leagan amach nua atá ar an gceantar ach thárais sin is beag seans go dtoghfaí ionadaí a thuigeann fadhbanna cheantair mar sin san toghcheantair sin. Conas a éiródh le hiarrachtai Choiste Jabanna do Cheantair Iorras Aithneach i gceantair nach dtuigeann a gcás mar shampla?

Deirtear linn go ró-mhinic go bhfuil neart le chúr le chéile. Is trua nach dtuigeann lucht deartha cheantracha toghchán (i mBaile Átha Cliath ar ndóigh!) é sin.

Nach mbeadh an léarscáil a bhí ag lucht Cearta Sibhilata na Gaeltachta caoga bliain ó shin i bhfad níos ciallmhara?


Share/Save/Bookmark

28.5.18

Plean forbartha le cur le chéile!

Tá preas ráiteas éisithe ag Coiste Jabanna do Cheantair Iorras le fáilte roimh cinneadh an Údaráis plean forbartha a thosú don gceantair.

"Tá Coiste Jabanna do cheantar Iorras Aithneach an-sásta go bhfuil Údarás na Gaeltachta sásta Plean Forbartha a chur le chéile don cheantar. Tá sí ríthábhachtach plean a ullmhú don áit chun todhchaí na háite a shlánú. 

Molann muid go hard ÚnaG agus na hiarrachtaí atá siad ag déanamh chun an áit a chur chun cinn. É sin ráite, is iontach an rud plean forbartha a bheith ar na bacáin ach caithfear déanamh cinnte anois go gcuirfear ag obair é. Tá súil againn go mbeidh ionchur ag an gcoiste sa bplean a chuirfear le chéile. 

Creideann muid go dteastaíonn tascfhórsa chun é seo a chur chun cinn agus bhí an tAire Seán Kyne agus comhairleoirí Contae ar aon intinn linn ar seo freisin nuair a bhuail muid leo le gairid."




Share/Save/Bookmark

16.5.18

Deascéal faoi oideachas agus Raiftearaí sásta!



"Taibhse Raiftearaí an File féin faoi chomaoin againn!"

Cuir an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, fáilte roimh mholadh ón Roinn Oideachais agus Scileanna a chuirfeadh deireadh le ceann de na bacanna is mó roimh bhunú scoileanna lán-Ghaeilge nua. Bhí sé ag caint ag seoladh Tuarascáil Bhliantúil 2017 a oifige ag Institiúid Oideachais Marino ar maidin.



I bhfianaise thoradh imscrúdaithe dá chuid tá moladh déanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna a chuirfeadh béim i bhfad níos mó ar an éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna nua á mbunú.

Faoin gcóras reatha maidir le bunú scoileanna nua sa Stát, is é an pátrún a bhfuil an líon is airde léirithe spéise aige a roghnaítear agus scoil nua á bunú, rud a aithnítear mar bhac mór ar fhorbairt an Ghaeloideachais.

Ach faoin gcóras nua atá á mholadh, níor ghá gur ag an bpátrún atá ag lorg scoil Ghaeilge a bheadh an líon is mó léirithe spéise agus bhunófaí dhá scoil neamhspleách ar a chéile – scoil Bhéarla agus scoil Ghaeilge – dá gcruthófaí go mbeadh éileamh i measc céatadán áirithe tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge.

Chuir an Coimisinéir fáilte roimh an moladh go gceadófaí scoileanna lán-Ghaeilge nua fiú sa chás nach mbeadh an líon is airde léirithe spéise ag an iarratas ar oideachas trí Ghaeilge.

“Molaim an t-athrú atá beartaithe ag an Roinn Oideachais,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, “agus táim ag súil go n-éascóidh sé iarrachtaí tuismitheoirí oideachas trí Ghaeilge a fháil dá bpáistí, más é sin a theastaíonn uathu. Is gá go ndéanfadh an céatadán a shocrófar difear suntasach ó thaobh tógáil scoileanna Gaeilge de, agus is ceart sin a aontú a luaithe agus is féidir.”

As imscrúdú a rinne sé a d’eascair an t-athrú atá molta ag an Roinn Oideachais maidir lena gcur chuige i dtaobh bunú scoileanna lán-Ghaeilge. Léiríodh san imscrúdú sin gur sárú reachtúil a bhí i gceist nuair nár chuir an Roinn Oideachais an Ghaeilge san áireamh agus pátrún á cheapadh acu do scoil nua i gceantar Dhroim Conrach/Marino/Bhaile Átha Cliath 1.

Dúradh mar chuid den imscrúdú céanna nach raibh an córas a úsáideadh chun scoil nua a sholáthar sa cheantar sin ag teacht mar ba chóir le haidhmeanna an Achta Oideachais maidir le teagasc agus cur chun cinn na Gaeilge.

Is ábhar sásaimh don Choimisinéir freisin go bhfuil sé i gceist ag an Roinn a mholadh gur Gaelscoil ilchreidmheach, faoi chúram an Fhorais Pátrúnachta, a bheadh sa scoil nua atá le bunú i gceantar Dhroim Conrach/Marino/Bhaile Átha Cliath 1, tar éis don Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás i gcomhréir le ceann de mholtaí an imscrúdaithe.

An Tuairisc féin

Bhí sé ámharach mar sin gur seoladh an Tuarascáil Bhliantúil 2017 ann. I measc na staitisticí a foilsíodh, léiríodh gur tháinig laghdú 17% ar líon na ngearán a rinneadh leis an Oifig – ó 768 sa bhliain 2016 go dtí 638 le linn na bliana 2017.

Bhain an tríú cuid de na gearáin a fuair an Oifig le seirbhísí a thagann faoi scáth na scéimeanna teanga. Cuimsítear sa réimse seo seirbhísí ar nós suíomhanna gréasáin, córais ar líne, foirmeacha iarratais agus seirbhísí idirphearsanta. Bhain cuid mhór gearán chomh maith le heaspa Gaeilge ar chomharthaíocht agus ar stáiseanóireacht.

I measc na gearáin bhí cheann faoi comhartha a chonaic mé go minic ar an mbóthar ó Baile Locha Riach siar go Gaillimh. Bhí "Grave of Anthony Raftery's (Poet)" scríofa air agus bhí cineál íontas nach raibh aon eolas ar an bhfile sin. Is cosúil gur thuig duine éigin gur Raifearaí an File a bhí i gceist agus rinne sé gearán faoi. Tá sé luaite san dTuairisc seo (llch 29).

"..Ba dhíol suntais é an comhartha a bhí i mBéarla amháin ar bhóthar an R446 i gCo. na Gaillimhe chuig uaigh an fhile iomráitigh Antaine Ó Raiftearaí (1779-1835), duine de na filí Gaeilge is mó le rá. Cheap an gearánach gur mhasla a bhí sa chomhartha seo do thraidisiún na nGael.

Nuair a d’ardaigh  an Oifig an cheist le Comhairle Contae na Gaillimhe, baineadh an comhartha Béarla sin anuas agus cuireadh comhartha dátheangach in airde ina áit. B’ábhar mór sásaimh don ghearánach é sin agus mhaígh sé go mbeadh taibhse an fhile féin faoi chomaoin againn!"

D'fhéafadh sé a rá go firineach go raibh an aois imithe de agus é arís óg!

Tháinig an líon is airde gearán ó dhaoine a bhfuil cónaí orthu i mBaile Átha Cliath (35%), agus mar a tharla anuraidh, is ó na ceantair Ghaeltachta a tháinig gearán amháin as chuile chúig cinn.

Tugtar cuntas sa Tuarascáil Bhliantúil ar na himscrúduithe foirmiúla a tugadh chun críche le linn na bliana mar aon le hobair faireacháin na hOifige.

Imscrúdaithe

I measc na gcomhlachtaí poiblí a ndearnadh imscrúdú orthu le linn na bliana bhí Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge – imscrúdú a bhain le foilsiú a Tuarascála Bliantúla don bhliain 2015 as Béarla amháin.

Rinneadh imscrúdú chomh maith ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a bhain le freagraí i mBéarla a bheith á n-eisiúint ar chumarsáid i scríbhinn a bhí i nGaeilge.

Bhain imscrúdú a rinneadh ar Chomhairle Contae Chorcaí le foilsiú i mBéarla amháin dréacht-Phleananna Forbartha Áitiúla agus le logainmneacha oifigiúla Gaeltachta.

Ba é an ceathrú himscrúdú ná an t-imscrúdú maidir leis an soláthar a rinne an Roinn Oideachais don oideachas trí Ghaeilge.

Is féidir cóip den Tuairisc Bhliantúil 2017 a fháil anseo (pdf) ar shúiomh an Choimisinéara.

Share/Save/Bookmark

11.5.18

Tost na hEalaíona Ghaeilge -

"Tá an t-iarrthóir Gaeilge faoi mhíbhuntáiste mór (leis na heagraíochta atá freagrach as maoiniú agus as cur chun cinn na nEalaíon) de bharr an rogha teanga atá déanta aige nó aici!"

Roinn muid atheasc Rónáin Uí Dhónail, An Coimisinéir Teanga, ag Léacht Nollaig Uí Gadhra in mBaile Átha Cliath inné.  Dúirt sé "...is minice ná a mhalairt, i Státchóras na tíre seo: go bhfágtar an Ghaeilge ar lár ó mhórbheartais an Stáit agus i gcur i bhfeidhm na mbeartas sin."  Ar an lá ceannan céanna bhí léiriú beacht den meon sin á léiriú ag Coiste de chuid an Oireachtais.

Tá Buan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ag leanúint a chuid cruinnithe ag scrudú hEalaíona agus an Ghaeilge. Bhí criunniú acu ar an 9ú lá Bealtaine 2018 agus rinne Stiúthóir An Chomplachta Dhrámaíochta Fibín, Darach Ó Tuairisc,  cuir i láthair láidir ann. Is féidir breathnú ar fhís den gcruinniú anseo. Tosnaíonn a chaint ag 51 neomaid!

Is mar seo a labhair sé:

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libh as an gcuireadh teacht chun cainte libh inniu agus Na hEalaíona agus an Ghaeilge á phlé. Labhróidh mé ar mo chuid taithí féin sa gcomhthéacs sin, agus mé ag obair san earnáil agus ag plé le heagraíochtaí stáit i leith na nEalaíon Gaeilge le breis is 20 bliain. Tuigim go bhfuil go leor gnéithe éagsúla ag baint leis an gceist ach táimse chun díriú go príomha ar mhaoiniú na nEalaíon Gaeilge agus mo thaithí agus mo thuairímí a roinnt ina leith. Táim ag súil ar ndóigh go gcuirfidh sé leis an bplé a dhéanfar ar an ábhar sin, anseo inniu.

Mo thaithí i leith Na hEalaíona agus an Ghaeilge le breis is 20 bliain 
Ní féidir an tábhacht atá leis na hEalaíona i saol an duine a shéanadh, baineann sí leis an staid dhaonna féin agus cuireann sí le luach eacnamaíoch, sláinte agus oideachais na sochaí. Dá réir sin, ba chóir go mbeadh teacht ag an bpobal, óg agus sean, ar na healaíona sa saol mórthimpeall orthu. Nuair a chuimhnítear ar an bhfás as cuimse atá tagtha ar líon na ngaelscoileanna sa tír le blianta anuas, agus ar an 39.8% de dhaonra na tíre a dúirt go raibh Gaeilge acu sa daonáireamh is deireanaí, ní áirím an chuid eile de mhuintir na tíre atá báúil don teanga agus a bhfuil spéis acu sna hEalaíona i gcoitinne, dhéanfainnse an argóint, go bhfuil sé de cheart ag gach saoránach sa tír teacht a bheith aige nó aici ar na hEalaíona Gaeilge chomh maith. Ní miste a rá gur chóir go mbeadh an t-ábhar Ealaíona sin ar chomhchéim leis na hEalaíona atá ar fáil i mBéarla. Is cúis mhór díomá dom, mar sin féin, go ndéanann cuid de na heagrais stáit neamhaird de na hEalaíona Gaeilge arís agus arís eile.

Obair a bhíonn ar siúl ag an gcomhlacht drámaíochta Fíbín
 Bunaíodh an comhlacht drámaíochta Fíbín, a bhfuil mé féin mar stiúrthóir air, i 2003 nuair a chonaic muid go raibh páistí na Gaeltachta ag freastal go rialta ar léirithe drámaíochta Béarla i gcathair na Gaillimhe. An t-aon deis a bhí ag páistí drámaí Gaeilge a fheiceáil go dtí sin den chuid is mó ná drámaí a bhí curtha ar stáitse i halla na scoile féin. Bhí Fíbín ag iarraidh eispéireas drámaíochta ar leith a chur ar fáil do pháistí, áit a mbeidís in ann dráma Gaeilge ar ardchaighdeán a fheiceáil ar mhórstáitse agus leas á baint as teicnicí nuálacha nach mbeadh feicthe acu go dtí sin i gcomhthéacs na Gaeilge ná fiú i mBéarla i gcuid mhaith cásanna.

Is drámaí nuascríofa a bhí agus atá sa gcuid is mó de léirithe Fíbín go dtí seo. Tá breis is 40 dráma nua curtha ar stáitse agus tugtha ar chamchuairt againn ó bunaíodh an comhlacht agus muid páirteach i mórfhéilte mórthimpeall na tíre. Go deimhin, tá camchuairteanna idirnáisiúnta curtha i gcrích againn i dtíortha ar nós an Bhreatain Bheag, Albain, an Spáinn, An Bheilg agus chomh fada ó bhaile le Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, Zimbabwe agus Zambia. Ní hamháin sin, ach tá cuirí faighte againn le gairid léirithe a thabhairt chomh fada le Meiriceá Theas agus an tSín.

Go dtí seo, tá breis is 150,000 duine tar éis freastal ar léirithe Fíbín. D’éirigh linn an chéad dráma le breis is 25 bliain a chomhléiriú le hAmharclann na Mainistreach agus an chéad dráma Gaeilge a oscailt i Manhattan, Nua Eabhrac ó 1884! Tá éileamh fós, dar linn, ar an ábhar nuálach a chuireann muid ar fáil don lucht féachana, tá muid ar an bhfód le beagnach cúig bliana déag anois ... tá muid fós ar an mbóthar ... ach is ar éigin é! Labhróidh mé i gceann tamaill ar na dúshláin is cúis leis sin.

Nuair a bunaíodh Fíbín, tuigeadh dúinn nach raibh aon chomhlachtaí drámaíochta ag léiriú drámaí do dhéagóirí go príomha – i mBéarla ná i nGaeilge. Shocraigh muid tabhairt faoi léirithe do dhaoine óga san aoisghrúpa seo roinnt blianta siar, arís léirithe i sainstíl Fíbín a mheallfadh daoine óga i leith dhrámaíocht na Gaeilge. D’éirigh go maith leis na drámaí seo agus tvíteanna leithéidí “I didn’t think Irish could be so Fun!” á bhfeiceáil againn, rud a léirigh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag léiriú ealaíne d’ardchaighdeán ar dhaltaí meánscoile, daltaí nach bhfuil de thaithí acu ar an nGaeilge go minic ach laistigh de bhallaí an tseomra ranga. De bharr easpa maoinithe, áfach, tá deireadh curtha leis na léirithe don aoisghrúpa seo.

Agus mórléirithe á gcur ar stáitse ag Fíbín, bhí agus tá an t-ádh linn go bhfuil teacht againn ar líon mór ealaíontóirí, déantasóirí, aisteoirí agus cruthaitheoirí toisc leithéidí Macnas agus Druid a bheith lonnaithe i nGaillimh mar aon le TG4 a bheith ar leac an dorais againn. Chinntigh sé seo ar fad go bhféadfadh muid ár sprioc a bhaint amach go háitiúil – sé sin léirithe Gaeilge d’ardchaighdeán a chur ar stáitse do pháistí i nGaeilge. Tá pobal láidir ealaíona i gcathair na Gaillimhe toisc mórchomhlachtaí drámaíochta a bheith lonnaithe ann mar a dúirt mé. Níl aon dabht ann, go bhféadfaí leas a bhaint astu seo agus as ealaíontóirí eile mórthimpeall na tíre chun ábhar ealaíne den chéad scoth a chur ar fáil i nGaeilge agus infreastructúr láidir a chruthú san earnáil seo, dá réir, ach an maoiniú ceart a bheith ann.

Tugann sé sin ar aghaidh mé chuig cuid de na dúshláin a fheictear dom atá romhainn agus roimh na hEalaíona Gaeilge i gcoitinne:

Na Dúshláin atá romhainn
    1. Níl aon dabht ach go bhfuil Easpa maoinithe ar na hEalaíona Gaeilge. Cé go bhfuil foinsí airgid ar fáil d’ealaíontóirí na Gaeilge trí Fhoras na Gaeilge, trí Ealaíon na Gaeltachta mar fho-chomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, trí na Comhairlí Contae agus ar uile, is pota srianta maoinithe atá i gceist leo seo ar fad agus go minic ní hiad na healaíona an príomhchúram atá orthu. 
    Tá An Chomhairle Ealaíon freagrach as maoiniú agus as cur chun cinn na nEalaíon i gcoitinne sa tír. Tá neamhaird á dhéanamh acu, áfach, ar na hEalaíona Gaeilge dar liom. I 2017, mar shampla, de réir na bhfigiúirí atá ar fáil ar líne, chaith an Chomhairle Ealaíon 0.8% den bhuiséad ar na hEalaíona Gaeilge, i bhfocail eile: as buiséad de 65.1 milliún caitheadh 568K ar na hEalaíona Gaeilge ar fad - tá an maoiniú a chuirtear ar fáil d’Ealaíon na Gaeltachta san áireamh anseo. Sa mbliain chéanna, tugadh beagnach seacht noiread níos mó maoinithe do chúrsaí 'Opera' in Éirinn ná mar a tugadh do na hEalaíona Gaeilge ar fad. Is cinnte gur iontach an rud Opera a spreagadh sa tír seo, ach an bhféadfaí a rá go bhfuil traidisiún Opera againn, nó pobal leathan Opera le freastal air? 
    Mar a dúirt mé níos luaithe, nuair a chuimhnítear ar an bhfás as cuimse atá tagtha ar líon na ngaelscoileanna sa tír le tamall de bhlianta anuas, agus ar líon na ndaoine a dúirt go raibh Gaeilge acu sa daonáireamh is deireanaí, maraon leis an gcuid eile de mhuintir na tíre atá báúil don teanga agus a bhfuil spéis acu sna hEalaíona i gcoitinne, an féidir a rá go bhfuil freastail mar is ceart á dhéanamh orthu nó an bhfuil an pobal tábhachtach seo á shásamh ó thaobh na nEalaíon de? Arís, mar sin féin i 2018, as buiséad de €28.4 milliún de chuid maoiniú straitéiseach na Comhairle cuireadh níos lú ná €173,000 (0.6%) ar fáil do na hEalaíona ar fad sa Ghaeilge. Tús le structúr nua maoinithe ag an gComhairle Ealaíon atá sa maoiniú straitéiseach, mar a dúirt stiúrthóir na comhairle ina leith:
     “This is the first year of our new funding framework, which by its rigour and strategic focus we believe will help shape and develop the arts in Ireland for many years to come”. 
     An féidir a rá go bhfeictear ról ag na hEalaíona Gaeilge sa bhfís seo má tá 0.6% den mhaoiniú iomlán déanta orthu? Cén fáth a bhfuil siad á bhfágáil in áit na leathphingine arís? 
     2. Ní hamháin sin ach tá Easpa tuisceana ar na hEalaíona Gaeilge léirithe ag na príomheagrais stáit atá freagrach as na healaíona i gcoitinne sa tír. Fiú ar bhunús praiticiúil mar shampla, go dtí seo má dhéantar iarratas trí mheán na Gaeilge ar an gComhairle Ealaíon, déantar aistriúchán ar an iarratas sin, ní bhíonn an bunleagan Gaeilge ar fáil don phainéal moltóirí agus ní dhéantar aon aistriúchán ar an ábhar tacaíochta, rud a chiallaíonn go bhfuil an t-iarrthóir Gaeilge faoi mhíbhuntáiste mór de bharr an rogha teanga atá déanta aige/aici. 
     3. Tá Easpa infreastructúr mar thoradh ar an easpa maoinithe ar na hEalaíona Gaeilge – Nuair atá easpa comhlachtaí proifisiúnta ann i gcomhthéacs na drámaíochta mar shampla, ciallaíonn sé go bhfuil easpa scríbhneoirí agus stiúrthóirí ann agus go bhfuil sé dúshlánach aisteoirí maithe le Gaeilge a aimsiú. Is deacair chomh maith lucht féachana Gaeilge a fhorbairt nuair nach bhfuil teacht sách rialta ag an bpobal ar ábhar proifisiúnta i nGaeilge. Mar shampla, de réir Playography Éireann scríobhadh 86 dráma nua in Éirinn sa tréimhse 2016-2017, astu sin bhí 3 dhráma nuascríofa Gaeilge, rinne meánscoil coimisiúiniú ar dhráma amháin díobh seo agus drámaí de chuid Fíbín a bhí sa dá dhráma eile. Ar ndóigh, baineann costas ollmhór le comhlacht drámaíochta proifisiúnta a rith ó lá go lá agus ní mór maoiniú mar is ceart a dhéanamh agus polasaithe cuí a chur i bhfeidhm chun comhlachtaí a spreagadh le léiriúcháin d’ardchaighdeáin a chruthú agus a chur ar bun.
Mar aon le daoine eile san earnáil seo, tá an chuid is mó de mo shaol caite agam, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, i mbun na nEalaíon Gaeilge. Tá mé paiseanta ina leith agus creidim go láidir go mbaineann luach ar leith leo. Níl sé éasca do mhisneach a choineáil i gconaí mar sin féin. Tá an baol ann i gcónaí go nglacfaidh níos mó comhlachtaí Ealaíne a bhíonn ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge polasaí dátheangach orthu féin nó ábhar Béarla amháin a chur ar fáil toisc an easpa tacaíochta a bheith ar fáil dóibh. Ar ndóigh, ní féidir milleán a chur orthu nuair is furasta i bhfad maoiniú a fháil, ealaíontóirí a aimsiú agus aitheantas a thuilleadh trí mheán an Bhéarla.

Moltaí
Ar ndóigh, níl aon réiteach amháin ar an scéal, ach tús maith a bheadh ann, dar liom,
maoiniú mar is ceart a dhéanamh ar na hEalaíona Gaeilge agus ealaíontóirí, scríbhneoirí, léiritheoirí, aisteoirí agus déantasóirí le Gaeilge a mhealladh ar ais i dtreo na nEalaíon Gaeilge. Ní miste a lua go gcuireann an Chomhairle Ealaíon tionscnaimh mhaoinithe luachmhara chun cinn go minic. I 2011, mar a luaigh mé níos luaithe, leagadh amach polasaí nua chun an Opera in Éirinn a chothú, a fhorbairt agus a chur chun cinn. Mar thoradh air sin, tháinig méadú ar an maoiniú a rinneadh ar Opera le tamall de bhlianta suas go €4.85 milliún i 2018, rud a chothóidh borradh agus fás faoin ngné thábhachtach seo de na hEalaíona. Nach bhféadfaí polasaí den chineál céanna a chur chun cinn i gcás na nEalaíon Gaeilge?

I 2013 cuireadh grúpa oibre le chéile chun na hEalaíona Gaeilge agus Gaeltachta a phlé, mar thoradh ar riachtanais Straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Ní heol dom go bhfuil aon toradh air seo go fóill, áfach. Níl sé de chead ag aon bhall den Rialtas brú a chur ar an gComhairle Ealaíon maoiniú a chur ar fáil d’aon eagras nó ealaíontóir ar leith. Aontaím go hiomlán leis an gcur chuige seo ar ndóigh. Moladh amháin a bheadh agam, áfach, ná go gcuirfí €3 mhilliún ar fáil d’eagraíocht ar nós Ealaíon na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge mar shampla, a bhfuil tuiscint acu agus atá tiomanta do na hEalaíona Gaeilge. Chuirfeadh maoiniú ceart deiseanna luachmhara agus cinnteacht ar fáil dóibh siúd ar mian leo a bheith ag plé go príomha leis na hEalaíona Gaeilge ach nach bhfuil sé sin mar rogha acu i láthair na huaire. Cinnteoidh pobal láidir den chineál seo infreastructúr láidir agus níos tábhachtaí fós todhchaí láidir do ghné shaibhir & luachmhar d’fhéiniúnacht na nÉireannach.

Tá scéal ar leith le hinsint againn trí na hEalaíona Gaeilge ach tá tost á chur lenár nguth i láthair na huaire.
Share/Save/Bookmark

10.5.18

Tá an t-am ag sleamhnú!

"Is baol liom, ó mo thaithí féin ó ceapadh mé mar Choimisinéir Teanga, gurb é ... an rud atá ag titim amach, is minice ná a mhalairt, i Státchóras na tíre seo ... go bhfágtar an Ghaeilge ar lár ó mhórbheartais an Stáit agus i gcur i bhfeidhm na mbeartas sin."

Bhí Léacht Uí Ghadhra, eagraithe ag Conradh na Gaeilge i Halla na Cathrach i mBaile Átha Cliath inné. Iriseoir, léachtóir, staraí, craoltóir dearscnaitheach agus gníomhaire teangan ab ea Nollaig Ó Gadhra. (1943-2008). Tógadh mar an 30ú Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2004 é.
Nollaig Ó Gadhra (1943-2008)

Bé an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill a thug an léacht ann. Thagair an Coimisinéir Teanga do chás na Gaeilge sa chóras poiblí agus do ghéarchéim na teanga sa Ghaeltacht. Ach ar ndóigh bhí an chuid eile á rá aige ina oráid agus is fiú go mór é a léamh le eolas a fháil ar stáid na teangan san lá atá inniú ann. 

Seo mar a labhair sé:

Tá céad fiche agus a cúig bliain ann ó bunaíodh Conradh na Gaeilge, an gníomh ba chinniúnaí a chuir dlús le hathbheochan na Gaeilge, agus táimid ag comóradh i mbliana – “Bliain na Gaeilge” – tábhachtach na hathbheochana sin agus an tionchar a bhí aici ar shochaí na hÉireann. Ar ndóigh, is cuid fhíorthábhachtach de shochaí ar bith an stát lena mbaineann sí agus an tslí a mbíonn an tsochaí sin á riaradh ag an stát sin. Is éard atá fúm a dhéanamh inniu na spléachadh a thabhairt ar thionchar na hAthbheochana ar bheartais an Stáit agus ar fheidhmiú na seirbhíse poiblí, le linn na tréimhse sin, agus ar ndóigh, ar thionchar an Stáit agus fhorais an Stáit ar an Athbheochan, ar an nGaeilge féin agus ar phobal a labhartha.

Is maith a oireann an t-ábhar seo d’ócáid atá á reáchtáil i gcuimhne Nollaig Uí Ghadhra, (beannacht Dé leis), iar-uachtarán de chuid an Chonartha, duine de phríomhphearsana na hAthbheochana lenár linn féin, gaiscíoch a chaith a shaol ag saothrú ar son na Gaeilge, urlabhraí dochloíte, neamheaglach agus tráchtaire grinn, géarchúiseach ar an bpolaitíocht agus ar imeachtaí an Stáit. Dá mbeadh sé in éineacht linn inniu, tá mé cinnte go bhféadfadh sé mé a cheartú ar phointí go leor agus gurbh fhearrde ár dtuiscint ar na pointí sin.

1893
Má chaithimid súil siar ar an uair a bunaíodh Conradh na Gaeilge feicimid gur tuairiscíodh i ndaonáireamh na bliana 1891 go raibh an Ghaeilge ag 680,000 duine in Éirinn nó 14.5% de phobal na tíre uile. Níor mhiste a lua, gur chainteoirí dúchais Gaeilge a bhí ina bhformhór sin agus cónaí orthu i gceantair in iarthar nó i ndeisceart na tíre arbh í an Ghaeilge an teanga phobail iontu nó arbh í an teanga phobail tamall gairid roimhe sin. Is mór idir sin agus Gaeltacht an lae inniu.

Halla na Cathrach BÁC
Ní raibh sa méid sin, áfach, ach fuíoll an áir. Bhí an Ghaeilge ag cúlú i dtreo an iarthair ó thús an naoú céad déag ach, i ndiaidh an drochshaoil i lár an chéid sin, d’iompaigh an cúlú sin ina mhaidhm reatha agus bhí titim 86% ar líon na gcainteoirí Gaeilge in imeacht leathchéad bliain. Ina theannta sin má bhreathnaítear ar líon na ndaoine óga a raibh Gaeilge acu is léir go raibh an t-aistriú teanga imithe i bhfeidhm cheana féin in an-chuid áiteanna ina raibh líon ard cainteoirí Gaeilge agus gur ag na glúnta ba shine amháin a bhí an Ghaeilge. Is iomaí cúis a luaitear leis an aistriú teanga a tharla in Éirinn agus, gan dabht, bhí baint acu uile leis an scéal, ach an rud atá i bpáirt acu ná an éagothromaíocht chumhachta idir an mhórtheanga agus an mhionteanga.

I gcás mar sin, braitear nach leor a dteanga dhúchais dá riachtanais fostaíochta, oideachais, shóisialta ná chumarsáide sa tsochaí inar fhág an chinniúint iad agus go bhfuil foghlaim dara teanga riachtanach dá rath agus fiú dá marthanas. Is sna cúinsí éagothroma cumhachta agus feidhme idir an mhórtheanga agus an mhionteanga a chaithfear cás lucht na mionteanga a thuiscint. Dátheangachas imthoisceach nó circumstantial bilingualism a bhíonn i gceist agus an t-aistriú teanga i dtreo na mórtheanga a thoradh, is minice ná a mhalairt.

Bhí tionchar an Stáit agus institiúidí an Stáit ar shaol na ndaoine cinniúnach sa bpróiseas sin. Ag tús an naoú céad déag, ba bheag an bhaint a bhí ag an Stát le saol an ghnáthdhuine ach tháinig forás agus borradh mór ar ról an Stáit i saol an duine le linn an chéid sin. Ní hamháin sin, ach tugadh deiseanna dul chun cinn sa saol tríd an oideachas agus deiseanna fostaíochta sa Státchóras. Bhí labhairt agus scríobh an Bhéarla riachtanach chun teacht i dtír ar na buntáistí sin agus bhí an Ghaeilge iomarcach. Bhí teanga riartha an Stáit ina cúis leis an aistriú teanga.

Conradh na Gaeilge
Is de bharr na héigeandála sin a bunaíodh Conradh na Gaeilge. Ní hionann agus Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge a bhí ann roimhe, d’éirigh le Conradh na Gaeilge breith ar shamhlaíocht an ghnáthphobail agus mórghluaiseacht phobail a dhéanamh de féin: le céad míle ball agus naoi gcéad craobh nuair a bhí sé i mbarr a réime. Is dócha gurbh é buaicphointe an Chonartha mar ghluaiseacht phobail an tslí a rabhthas in ann na sluaite a mhúscailt agus ollchruinnithe agóide a reáchtáil ar son ardú stádais a thabhairt don Ghaeilge in earnáil an oideachais.

Saoirse Pholaitiúil
Bhí an náisiúnachas cultúrtha tagtha i dtreis go mór faoin tráth sin agus samhlaíodh sainiúlacht chultúir agus teanga mar chomhartha sainiúlachta agus féiniúlachta náisiúin a raibh ceart féinchinntiúcháin aige. Cé nach raibh lucht ghluaiseacht na Gaeilge ar fad i bhfabhar í a cheangal leis an ngluaiseacht pholaitiúil, bhí an Ghaeilge, mar sin féin, in idéil na gluaiseachta polaitiúla agus míleata a bhain saoirse pholaitiúil amach don chuid is mó den tír. Ba chainteoirí Gaeilge agus ba bhaill de Chonradh na Gaeilge formhór shínitheoirí Fhorógra na Poblachta agus ba i nGaeilge a reáchtáladh imeachtaí an chéad chruinnithe de Dháil Éireann in 1919.

Stát Nuabhunaithe
Ghlac ceannairí an tSaorstáit nua le teagasc an Chonartha agus gur chuid do-scartha den tionscadal náisiúnta athbheochan na Gaeilge. Rinneadar an “Teanga Náisiúnta” den Ghaeilge i mbunreacht an tSaorstáit, tráth nach raibh an Ghaeilge ach ag tuairim agus 18% de phobal an Stáit agus í á labhairt go gníomhach ag céatadán níos lú ná sin, ní foláir.

Rianaigh an scoláire Pádraig Ó Riagáin ceithre phríomhghné i straitéis an Stáit i leith na Gaeilge:

  1. An Ghaeilge a chosaint agus a chothú sna ceantair ina raibh sí fós á labhairt.
  2. Líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú sa gcuid eile den tír tríd an teanga a mhúineadh sna scoileanna.
  3. Úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa tSeirbhís Phoiblí, agus
  4. An teanga féin a chaighdeánú agus a chur in oiriúint don saol nua-aoiseach.
Maidir leis an nGaeltacht, d’aithin Coimisiún na Gaeltachta i 1926 go raibh an Ghaeilge mar theanga phobail sna ceantair sin ag cúlú chomh sciobtha céanna agus i bhí le linn réimeas na Breataine. Tá sé suntasach gurbh é cuspóir an Choimisiúin na ceantair a shainaithint ina bhféadfaí an Ghaeilge a chur i réim i ngnóthaí oideachais, i gcúrsaí riaracháin agus go ginearálta mar phríomhtheanga phobail, beag beann ar fheidhm reatha na teanga sna diméin sin ag an am – ba limistéir phleanála a bhíothas a shainaithint seachas limistéir ina raibh an Ghaeilge in uachtar iontu mar theanga phobail. Is díol suntais é, chomh maith, gur aithin an Coimisiún an drochthionchar a bhíothas a imirt ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ag seirbhísigh phoiblí gan Ghaeilge agus iad ag soláthar seirbhísí poiblí trí Bhéarla amháin. Deimhníodh a riachtanaí agus a bhí sé go mbeadh an Ghaeilge ina gnáth-theanga réamhshocraithe idir an Stát agus a chuid feidhmeannach agus muintir na Gaeltachta agus go gcinnteofaí gur seirbhísigh phoiblí le Gaeilge a bheadh ag obair sa Ghaeltacht:

In order fully to understand it, one has only to visualise a Garda Síochána barracks of English Speaking Gardaí in the centre of an Irish Speaking district; or a Post Office, in which no one speaks Irish, in an Irish Speaking village; or a non-Irish Speaking official of the Department of Agriculture, or of the Land Commission, or of the Customs and Excise, operating amongst an Irish Speaking population. These officials are direct agents in the spreading and establishment of English.

Leag an Stát nua béim an-mhór (béim rómhór, déarfadh daoine áirithe) ar mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna agus d’fhógair an Rialtas gurbh aidhm dá chuid an Ghaeilge a chur in áit an Bhéarla mar mheán teagaisc sna scoileanna de réir a chéile.

An Bunreacht
Is maith is ceart, agus muid ag tabhairt spléachadh ar cheist na Gaeilge agus an Stáit, breathnú i dtús báire ar an údarás is airde sa Stát sin, an Bunreacht: Mar a luaigh mé, deimhníodh gurbh í an Ghaeilge an “Teanga Náisiúnta” de réir Airteagal 4 de Bhunreacht Shaorstát Éireann. Deimhníodh ina theannta sin, nár chosc an tAirteagal sin ar an Oireachtas forálacha speisialta a dhéanamh do cheantair nó limistéir nach raibh ach teanga amháin i ngnáthúsáid iontu.

In Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann, 1937, deimhnítear gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil toisc gurb í an teanga náisiúnta í. Glactar leis go bhfuil an “Sacs-Bhéarla” ina “theanga oifigiúil eile” agus foráiltear in Airteagal 8.3 gur féidir socrú a dhéanamh le dlí d’fhonn ceachtar den dá theanga oifigiúla a bheith ina haon teanga le haghaidh aon ghnó oifigiúil. Tá an chuma ar an bhfoclaíocht leasaithe gur cuireadh le stádas bunreachta na Gaeilge i mBunreacht 1937 – tuiscint atá i gcomhréir le breithiúnas thug an Breitheamh Ó hAnluain in 1988:

“Táim den bharúil go bhfuil forálacha Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann níos treise maidir leis an aitheantas a tugtar don Ghaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit, ná mar a bhí Airteagal 4 de Bhunreacht an tSaorstáit.”

B’ábhar léachta as féin na léirmhínithe a thug breithiúna na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí ar bhrí na forála seo de chuid an Bhunreachta ach is fiú aird a dhíriú ar bhreithiúnas a thug an Breitheamh Hardiman sa gCúirt Uachtarach in 2001 mar go dtagann sé leis an gciall nó an tuiscint, creidim, a bhainfeadh aon duine as na focail “príomhtheanga oifigiúil”:

“Is é mo thuairimse nach féidir an Ghaeilge arb í an teanga náisiúnta í agus, san am céanna arb í príomhtheanga oifigiúil an Stáit í, a eisiamh (ar a laghad in éagmais dlí den chineál a shamhlaítear le hAirteagal 8.3) ó aon chuid de dhioscúrsa poiblí an náisiúin nó ó aon ghnó oifigiúil de chuid an Stáit ná de chuid aon cheann dá bhaill.

“Ná ní féidir caitheamh léi sna comhthéacsanna seo ar shlí ar bith nach bhfuil chomh fabhrach leis an tslí a gcaitear leis an dara teanga oifigiúil. Ná ní féidir iad siúd atá inniúil agus ar mian leo í a úsáid chun iad féin a chur in iúl nó chun cumarsáide, a chosc nó a fhágáil faoi mhíbhuntáiste agus iad á dhéanamh sin in aon chomhthéacs náisiúnta nó oifigiúil.”

Ní miste, áfach, aird a thabhairt ar bhreithiúnas tábhachtach de chuid na Cúirte Uachtaraí a tugadh ina dhiaidh sin. Sa gcás seo d’éiligh an cosantóir, cainteoir dúchais Gaeilge ón nGaeltacht, go raibh de cheart aige ní hamháin a chás a dhéanamh sa gcúirt sa bpríomhtheanga oifigiúil ach go raibh sé i dteideal giúiré a bheadh in ann a cás a éisteacht gan ateangaire ná aistriúchán Béarla. Diúltaíodh don éileamh sin san Ard-Chúirt agus sheas an Chúirt Uachtarach le breithiúnas na hArd-Chúirte le cinneadh móraimh. B’ionann rollú giúróirí a bhí in ann an cás a thuiscint i nGaeilge agus eisiamh cuid shuntasach den tsochaí ina hiomláine agus ba chóir do ghiúiré a bheith ionadaíoch den tsochaí trí chéile. Ní raibh aon mheicníocht faoin dlí lena chinntiú go raibh tuiscint a ndóthain ag giúróirí ar an nGaeilge. Cé nach raibh aon cháilíocht teanga ag baint le bheith indlite le fónamh ar ghiúiré, tugadh le fios go sainaithnítear daoine gan cumas cumarsáide i mBéarla má ghlaoitear iad chun freastal ar ghiúiré.

Ba é Hardiman a thug an breithiúnas easaontach agus chreid sé nach bhféadfadh sé go raibh tír eile ar domhan nach mbeadh an saoránach i dteideal a ghnó a dhéanamh os comhair cúirte sa teanga náisiúnta agus i bpríomhtheanga oifigiúil na tíre agus go dtuigfí é go díreach ag an gcúirt sa teanga sin.

Ach an féidir a thuiscint as go bhfuil dualgais an Stáit agus cearta an tsaoránaigh anois ag brath ar líon coibhneasta lucht labhartha na Gaeilge agus an Bhéarla de thuras na huaire? I bhfocail an Bhreithimh Clarke:

While the State, and each of its organs, has an obligation to promote and respect the high status of the Irish language there may, nonetheless, be limitations on an entitlement to have Irish used which derive from the limited use of Irish in ordinary everyday life at least so far as many parts of the country is concerned.

Forálacha i bPíosaí Éagsúla Reachtaíochta
Áirítear ar mo chuid feidhmeanna mar Choimisinéir Teanga imscrúdú a dhéanamh ar mo thionscnamh féin nó de bhun gearán a bheith déanta liom chun a fháil amach an amhlaidh nach bhfuil “aon fhoráil d’aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla á comhlíonadh.” Is é atá i gceist anseo ná forálacha reachtúla nach bhfuil in Acht na dTeangacha Oifigiúla féin ná nach dtagann faoin Acht sin.

Mionfhoráil nó foráil shiombalach a rinneadh don Ghaeilge i gcuid díobh agus, ar ndóigh, tá cuid díobh nach bhfuil i bhfeidhm níos mó agus reachtaíocht eile tagtha i gcomharbacht orthu. Rinne an Dochtúir John Walsh staidéar ar na forálacha reachtúla sin sa reachtaíocht a ritheadh idir 1922 agus 2015 agus a bhí fós i bhfeidhm agus shainaithin sé 197 alt. Ar an mórgóir bheinnse den tuairim gur scátháin iad na forálacha sin (agus, go deimhin, an reachtaíocht ábhartha nach bhfuil foráil déanta inti d’úsáid na dteangacha oifigiúla) ar dhoiléire bheartas an Stáit i leith na Gaeilge agus ar thábhacht an bheartais sin. Bheifí ag súil, i ndlínse dhátheangach a raibh aidhmeanna agus beartas pleanála teanga aici, go mbeadh níos mó comhsheasmhachta agus substainte le brath sna forálacha reachtúla sin agus sa gcorpas reachtaíochta trí chéile. Is forálacha ginearálta cuid mhaith díobh nó forálacha a bhfuil coinníoll ag baint leo ar deacair an ní nó an ghníomhaíocht a chomhlíonfadh iad a shainaithint agus ar dheacra fós a rá le haon chinnteacht gur sáraíodh iad.

Agus an méid sin ráite, tá roinnt bheag achtachán a bhfuil forálacha substainteacha teanga iontu (mar a thug an Dochtúir Walsh orthu) agus dá chomhartha sin is iad na forálacha sin is minice atá ina n-ábhair do na gearáin a fhiosraíonn m’Oifig nach mbaineann Acht na dTeangacha Oifigiúla féin leo. Ceann de na hAchtanna is tábhachtaí san aicme sin is ea an tAcht Oideachais, 1998 a fhorálann don Ghaeilge in earnáil chinniúnach an oideachais ar bhealaí éagsúla. Tá samplaí eile san Acht um Pleanáil agus Forbairt agus an National Cultural Institutions Act. Tá forálacha tábhachtacha, chomh maith, san Acht um Thrácht ar Bhóithre agus san Acht Iompair, 1951 a bhaineann le comharthaí go príomha ach a chuireann go mór, ar an gcaoi sin, le feiceálacht agus stádas na Gaeilge i súile an phobail i gcoitinne.

Ceist na Gaeilge Éigeantaí sa Státseirbhís
Maidir leis an gcóras riaracháin, ó 1925 airíodh an Ghaeilge mar ábhar riachtanach sna comórtais oscailte do ghráid ghinearálta na Státseirbhíse. Glacadh céimeanna eile ina dhiaidh sin chun líon na Státseirbhíseach le cumas sa nGaeilge a mhéadú agus an cumas sin a neartú. In 1945, mar shampla, cuireadh i bhfeidhm triail inniúlachta sa nGaeilge i gcomhair ardú céime. Is léir gur éirigh leis na hiarrachtaí sin le himeacht ama, cur le cumas na Státseirbhíse ó thaobh na Gaeilge de.

An rud nach ndearnadh mórán ná céimeanna a thógáil ionas go mbainfí feidhm as an gcumas sin. Bhí de dhualgas ar Státseirbhísigh a gcumas sa nGaeilge a choinneáil agus a fheabhsú fiú mura mbeadh aon fheidhm ag an scil sin ina ngnáthobair ná deis acu an Ghaeilge a úsáid. Is féidir gur cruthaíodh roinnt áirithe doichill agus soiniciúlachta dá dheasca sin. Na rudaí a bhí in easnamh ná pleanáil le spriocanna cinnte maidir le húsáid na Gaeilge go hinmheánach agus le seirbhís a sholáthar do shaoránaigh.

Ba ghá freisin reachtaíocht a dheimhneodh feidhm phraiticiúil do cheart an tsaoránaigh a ghnó a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge. Cuireadh deireadh le riachtanas iontrála na Gaeilge sa mbliain 1975 agus cuireadh ina áit buntáiste áirithe don chumas feidhmiú sa dá theanga i gcomórtais d’ardú céime. Níl mórán amhrais orm ach go ndeachaigh acmhainn Ghaeilge na Ranna Stáit agus sa tSeirbhís Phoiblí trí chéile i laghad go mór ó shin.

Athrú Treo
Ní miste an cinneadh sin a thuiscint i gcomhthéacs na linne sin. Tuairimítear gur féidir athrú a fheiceáil i ndearcadh agus i mbeartais an Stáit i leith na Gaeilge agus cúlú ón bpleanáil teanga ón mbliain 1970 ar aghaidh arbh iad deireadh na “Gaeilge éigeantaí” i scrúduithe stáit in 1973 agus an deireadh leis an nGaeilge mar choinníoll iontrála sa Státseirbhís in 1975 na comharthaí ab fhollasaí de. ‘Benign Neglect’ an t-achoimriú a rinne an Dr Pádraig Ó Riagáin ar dhearcadh an Stáit i leith na Gaeilge ón uair sin ar aghaidh. Bhí saol na tíre ag athrú go mór agus leis an bhforbairt eacnamaíochta agus sóisialta, tháinig méadú mór ar an gcaidreamh eacnamaíoch, polaitiúil agus cultúrtha le domhan mór an Bhéarla i gcéin, ballraíocht sa gComhphobal Eorpach in 1973 agus comhshnaidhm na tíre sa gcaipitleachas idirnáisiúnta. Glacadh leis gur thír Bhéarla a bhí in Éirinn agus b’amhlaidh a bheadh inti feasta. Agus i bhfocail Mháirtín Uí Mhurchú, má bhain saoránaigh áirithe leas as an nGaeilge, tuairimítear gur ‘leas príobháideach, roghnach, anois í, agus is ar éigean gur leas poiblí feasta í a mbraitear dualgas gníomhach a bheith ar an Stát ina leith.’

Is féidir gur in earnáil an oideachais is soiléire atá an t-athrú treo seo le brath. Ó bunaíodh an Stáit is le brú ón Stát a tháinig méadú mór ar líon na mbunscoileanna a bhí ag teagasc cuid nó iomlán na n-ábhar trí Ghaeilge. Faoi 1950 bhí tuairim agus leath bhunscoileanna na tíre á dhéanamh sin. Ach ina dhiaidh sin tháinig “leá cúr na habhann” orthu, mar a thug Seán Ó Riain air. Faoi 1976 ní raibh ach scór bunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Ó shin i leith is ón bpobal aníos atá gluaiseacht na nGaelscoileanna á cur chun cinn agus braitheadh patuaire nó drogall roimpi ó thaobh an Stáit de.

Creidimse, nuair a thosaigh sé ag rith leo siúd a raibh leas agus inmharthanacht na Gaeilge ag déanamh imní dóibh nach raibh an Stát agus iad féin ar an mbóthar céanna, is ea a tháinig forás ar an dioscúrsa ina measc ar chearta teanga agus ar chomhionannas. Is dócha go raibh cuid de seo faoi anáil ghluaiseachtaí cearta sibhialta na seascaidí abhus agus i gcéin. Braitheadh gur ghá dul ag coimhlint leis an Státchóras chun aidhmeanna a bhain le leas na Gaeilge a bhaint amach; bhí cearta á n-éileamh agus agóid á déanamh uaireanta. Feictear é seo i ngluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus bunú Raidió na Gaeltachta in 1972, sa bhfeachtas ar son seirbhís teilifíse (a raibh dlúthbhaint ag Nollaig Ó Gadhra leis), agus i bhfeachtas Chonradh na Gaeilge ar son Acht Ceart don Ghaeilge.

Ráiteas / Straitéis / Acht
Tá sé suntasach gur moladh i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta in 2002 nach raibh an Ghaeltacht inmharthana in éagmais bheartas Stáit i leith na Gaeilge agus nárbh eol dóibh a leithéid a bheith ann. Rinneadh roinnt moltaí suntasacha sa Tuarascáil a chuir tús leis an Stát a thabhairt ón éidreoir ina raibh sé maidir le beartas i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta:

  • Moladh go ndéanfadh an Stát beartas maidir le hathbheochan na Gaeilge mar theanga náisiúnta. In 2006 d’fhoilsigh Rialtas na hÉireann an Ráiteas i leith na Gaeilge inar dhearbhaigh an Rialtas “a thacaíocht d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta” agus gurbh í “aidhm pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ná úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga phobail ar bhonn céimiúil.” Caithfear a rá go bhfuil difríocht idir friotal na mholta agus friotal an Ráitis.
  • Moladh sa Tuarascáil, chomh maith, go bhforbrófaí plean náisiúnta don Ghaeilge ina mbeadh spriocanna soiléire agus d’fhoilsigh an Rialtas Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge in 2010. Ar ndóigh, tharraing an Straitéis go leor cainte i measc na nGael maidir lena raibh inti agus maidir lena chur i bhfeidhm ó shin.
  • Moladh eile fós a rinneadh i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta ná Acht chun chomhionannas na dteangacha oifigiúla agus ceart an tsaoránaigh seirbhísí a fháil trí Ghaeilge a dheimhniú agus chun coimisinéir teanga a cheapadh chun na gcríoch sin. Ar ndóigh bhí Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas), 2002 ar na bacáin tráth an ama sin. Nuair a achtaíodh é an bhliain dár gcionn, bhí an tagairt do chomhionannas imithe agus tagairtí do chearta an tsaoránaigh seirbhísí stáit a fháil trí Ghaeilge maolaithe go mór – cibé suntas a thabharfá don mhéid sin.

Sula bhfágfar Coimisiún na Gaeltachta, is fiú a lua, ar son na hiomláine, an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch a rinneadh ar úsáid na Gaeilge sa nGaeltacht. Foilsíodh an Tuarascáil sin in 2007 agus Acht na Gaeltachta in 2012. Ní miste a lua freisin gur sa mbliain sin 2007 a rinneadh teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh den Ghaeilge.

Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003
Ar ndóigh, baineann mo chuid feidhmeanna féin mar Choimisinéir Teanga go dlúth le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, agus is ar an reachtaíocht sin a dhíreos mé ar feadh tamaill. Is iad cuspóirí ginearálta an Achta sin:

  • úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa Stát,
  • dualgais na gcomhlachtaí poiblí i leith theangacha oifigiúla an Stáit a leagan amach, agus
  • Oifig an Choimisinéara Teanga a bhunú.

Díol suntais, mar a dúirt mé cheana, go ndírítear san Acht ar dhualgais comhlachtaí poiblí i leith na dteangacha oifigiúla níos mó ná cearta an tsaoránaigh. Go hachomair, deimhnítear cearta an duine a rogha teanga oifigiúla a úsáid sna cúirteanna agus i dTithe an Oireachtais, i gCuid a Dó. Baineann Cuid a Trí le dualgais teanga comhlachtaí poiblí idir fhorálacha san Acht féin, rialacháin agus scéimeanna teanga. Baineanna Cuid a Ceathair le ról, feidhmeanna agus cumhachtaí an Choimisinéara Teanga agus Cuid a Cúig le logainmneacha idir logainmneacha Gaeltachta agus logainmneacha eile.

Leagann an tAcht dualgais áirithe ar chomhlachtaí an Stáit a bhaineann le soláthar faisnéise go príomha – cumarsáid scríofa, foilseacháin áirithe, comharthaí agus stáiseanóireacht, chun cuid díobh a lua. Is léir gur glacadh leis nárbh fhéidir nó nárbh acmhainn do chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí ar fad a chur ar fáil ar comhchéim sa dá theanga in aon iarraidh amháin agus tugadh isteach córas na scéimeanna teanga chun an sprioc sin a bhaint amach de réir a chéile.

Cheadófaí scéim teanga a mhairfeadh trí bliana agus ina sonrófaí spriocanna áirithe a bhainfí amach. Bheadh an dara scéim ag tógáil ar ar baineadh amach sa gcéad scéim agus, in imeacht roinnt scéimeanna, bheadh sé ar chumas an chomhlachta phoiblí a chuid seirbhísí ar fad a chur ar fáil i nGaeilge agus ar an gcaighdeán seirbhíse céanna leis an mBéarla. Is é córas na scéimeanna, mar sin, croílár chur chuige an Achta. Fillfidh mé ar na bealaí ar theip ar an gcóras seo, faraor, ar ball beag.

I measc mo chuid feidhmeanna mar Choimisinéir Teanga, déanaim faireachán ar chur i bhfeidhm na ndualgas teanga i gcás na gcomhlachtaí poiblí, cuirim comhairle ar fáil do na comhlachtaí sin maidir leis an dualgais teanga atá orthu, cuirim comhairle ar dhaoine maidir lena gcearta faoin Acht agus is féidir liom sáruithe líomhnaithe a imscrúdú cibé acu ar mo thionscnamh féin, ar iarratas ón Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta nó de bhun gearán a bheith déanta liom. Is iondúil go bhfiosraíonn m’Oifig an t-ábhar ar bhonn neamhfhoirmiúil mar chéad chéim agus, is minice ná a mhalairt, réitítear an cheist ar an gcaoi sin gan dul i muinín imscrúdú reachtúil.

Agus mé ag caint ar imscrúduithe roghnaigh mé roinnt bheag cásanna a chreidim ar díol spéise iad:

Scoil Ghaeltachta
Rinneadh gearán in éadan na Roinne Oideachais agus Scileanna as iarracht a dhéanamh tabhairt ar scoil Ghaeltachta a fheidhmíonn trí Ghaeilge glacadh le hath-imlonnú múinteoirí nuair nár chreid údaráis na scoile sin ná na múinteoirí a bhí i gceist go raibh oiread líofachta ag na múinteoirí i nGaeilge lena gcuid oibre a dhéanamh go cuí sa teanga sin. Ba é cinneadh an imscrúduithe in 2013 nach raibh aird á tabhairt sna socruithe a bhí i bhfeidhm maidir le hath-imlonnú múinteoirí ar na cuspóirí teanga atá daingnithe le dlí san Acht Oideachais, 1998.

Moladh san imscrúdú a rinne an chéad Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go gcinnteodh an Roinn nach gcuirfí aon bhac ar an scoil múinteoir leis an gcumas cuí sa nGaeilge a fhostú, agus go ndéanfadh an Roinn, i bpáirt leis na comhpháirtithe ábhartha oideachais eile, athbhreithniú agus leasú ar aon chomhaontú maidir le hath-imlonnú múinteoirí chun a chinntiú go ngéilleann na socruithe sin do na dualgais reachtúla teanga atá san Acht Oideachais.

Is féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne cinntí imscrúdaithe ar phonc dlí chun na hArd-Chúirte. Mura ndéantar achomharc ach fós féin mura gcuirtear moltaí an imscrúdaithe i bhfeidhm, tá dualgas orm mar Choimisinéir Teanga tuairiscí a sholáthar do Thithe an Oireachtais. Tar éis do m’Oifig iniúchadh a dhéanamh ar an mbealach ar tugadh faoi chomhlíonadh mholtaí an imscrúdaithe tháinig mé ar an tuairim, in ainneoin go raibh córas leasaithe curtha i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, gur theastaigh go fóill socruithe dochta daingne a chinnteodh nach bhféadfaí tabhairt ar aon scoil Ghaeltachta glacadh le múinteoirí nach raibh a gcaighdeán Gaeilge sách maith, agus chuir mé tuairisc dá réir bhráid Thithe an Oireachtais in 2015.

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Ní dhearnadh achomharc chun na hArd-Chúirte faoi Alt 28 den Acht go fóill ach i gcás amháin agus ba í Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim a rinne é sin in 2013 agus a eistíodh i 2014. De réir Alt 9(3) den Acht, má dhéanann comhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn leis an bpobal i gcoitinne, nó le haicme den phobal i gcoitinne, ní mór an chumarsáid sin a bheith i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla. Rinneadh roinnt gearán nuair a dáileadh leabhrán eolais faoin gCáin Mhaoine Áitiúil ar bheagnach 1.7 milliún duine. Bhí an leabhrán sin i mBéarla amháin i gcás a bhformhór cé gur cuireadh leagan Gaeilge chuig na custaiméirí sin a raibh an rogha teanga sin cláraithe acu leis na Coimisinéirí Ioncaim. Bhí an leabhrán sin i dteannta comhfhreagras ina raibh sonraí a bhain le gach cáiníocóir ar leith. Léirigh an t-imscrúdú a rinneadh le linn na bliana 2013 gur sháraigh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim an dualgas reachtúil chomh fada agus a bhain sé leis an leabhrán eolais bíodh is nach raibh aon sárú i gceist i gcás an chuid eile den chomhfhreagras.

Ba é seasamh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim le linn an imscrúdaithe agus le linn an achomhairc nár eisíodh an leabhrán mar chumarsáid laistigh de théarmaí fho-alt 9(3) den Acht, mar go raibh sé tánaisteach don litir agus don tuairisceán Cánach Maoine a eisíodh chuig daoine aonair ina raibh faisnéis phearsanta shonrach agus gur cheart breathnú ar an gclúdach litreach agus a raibh istigh ann ina iomláine mar chomhfhreagras faoi rún le cáiníocóirí aonair.

I mbreithiúnas a tugadh san Ard-Chúirt i mí Feabhra 2015 diúltaíodh d’achomharc Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim i gcoinne chinneadh an imscrúdaithe, ábhar a thug faoiseamh dom agus a dhaingnigh go láidir an dualgas reachtúil go gcaithfidh eolas a scaiptear ar an bpobal a bheith i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla.

Eircode
Bhain an líon ab airde gearán riamh faoi aon ábhar amháin le córas na bpostchód nua, Eircode, agus go háirithe an cur chuige a glacadh ó thaobh sheachadadh na bpostchód céanna. Ar an iomlán, fuair m’Oifig os cionn 70 gearán a bhain leis an ábhar seo. Níor chuir an t-olc a bhí ar dhaoine nuair a fuair siad an postchód nua ó Eircode aon iontas orm, faraor: daoine ag fáil litreacha lena n-ainm agus sloinne i mBéarla nuair nár úsáid siad riamh ach a n-ainm i nGaeilge. Ina theannta sin bhí míchruinneas ag baint le seoltaí agus logainmneacha Gaeilge agus Gaeltachta. Thabharfadh sé le fios duit gur deacair leis an Stát déileáil le pobail agus le daoine aonair in aon teanga ach amháin i dteanga oifigiúil agus réamhshocraithe an Bhéarla.

Ba í an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nadúrtha a bhí freagrach as an ngnó seo ach tugadh an cúram ar conradh do chuideachta phríobháideach. Bhí gealltanas déanta ag an Roinn sa scéim teanga a bhí daingnithe ina cás go mbainfí feidhm as na leaganacha oifigiúla Gaeilge de logainmneacha Gaeltachta de réir mar a shonraítear iad sna hOrduithe Logainmneacha. Agus, bíodh is go raibh conraitheoir i mbun an chúraim, de réir an Achta, cuimsítear seirbhís arna cur ar fáil go díreach nó go neamhdhíreach ag comhlacht poiblí nuair a luaitear an tseirbhís sin i scéim teanga.

Léirigh an t-imscrúdú gur sháraigh an Roinn an tAcht toisc nár comhlíonadh an gealltanas sin de chuid a scéime teanga faoi na logainmneacha Gaeltachta. Cé nach bhfacthas dom go raibh aon sárú reachtúil i gceist i gcásanna eile, ghoill sé go mór ar dhaoine a rinne teagmháil le m’Oifig gur i mBéarla a bhí a n-ainm agus a seoladh ar an litir seachadta Eircode. Is dlúthchuid dár gcéannacht é ár n-ainm agus sloinne agus níor chóir go dtógfadh aon duine nó eagraíocht orthu féin é a ghalldú. Léiríonn an cheist seo uair amháin eile an gá atá le reachtaíocht láidir teanga le cosaint a thabhairt do bhunchearta an tsaoránaigh. Ba chóir go mbeadh stádas reachtúil ag ainmneacha agus seoltaí Gaeilge.

Sna cásanna sin, agus i gcásanna eile nach iad, is ar éigean a d’fhéadfá a rá go raibh dualgais teanga ar bharr a n-aigne ag na gníomhairí Stáit ná réadú bheartais an Stáit i leith leathadh an dátheangachais mar a léirítear iad sa Ráiteas i leith na Gaeilge agus sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. Ní chreidim, ach oiread, go bhfuilim ag déanamh aon éagóir orthu má deirim gur thábhachtaí dóibh dul i muinín argóintí íogaire teicniúla chun a gcás a chosaint ná an rud ba leas don teanga a aithint.

Laincisí
Ní féidir a shéanadh go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta maidir le soláthar eolais agus seirbhísí stáit, de bharr an Achta, ach ar an mórgóir agus muid ag breathnú siar ar chúig bliana déag d’fheidhmiú an Achta, “ní raibh an chathair mar a tuairisc.” Tá aird tarraingthe go minic agam ar na laigí a bhaineann leis an reachtaíocht seo ar ardáin éagsúla agus díreoidh mé inniu ar thrí cinn shuntasacha:
  1. Is iad na scéimeanna teanga an phríomh-mheicníocht faoin reachtaíocht chun feabhas a chur ar mhéid, réimse agus caighdeán na seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil as Gaeilge. Le tamall de bhlianta anuas bhí caighdeán na scéimeanna teanga a bhí á n-aontú thar a bheith lag, go ginearálta, agus d’iarr mé ar mo chuid oifigeach anailís chuimsitheach a dhéanamh orthu. I mbeagán focal léirigh an anailís sin go raibh scéimeanna teanga ag feidhmiú, i roinnt cásanna, ní mar uirlis chun cur le líon na seirbhísí trí Ghaeilge ach mar uirlis chun teorannú a dhéanamh ar sholáthar na seirbhísí sin. Is minic a bhí friotal in úsáid a d’fhág nach raibh aon dualgas docht daingean ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Fiú is go rabhthas ag iarraidh córas na scéimeanna teanga a chur i bhfeidhm, mar a samhlaíodh é, sa saol comhaimseartha ina mairimid, níl gach comhlacht poiblí ina fheod nó ina fhíofa neamhspleách ann féin ar féidir comhaontú a dhéanamh leis gan beann ar an ngréasán casta idirghaolmhaireachtaí le páirtithe eile sa státchóras agus sa tsochaí.
  2. Ó cuireadh tús le tionscadal athchóiríthe na Seirbhíse Poiblí go háirithe, tá béim níos mó ná riamh ar sheirbhísí comhroinnte, ar ríomh-Rialachas agus seirbhísí ar líne, agus ar sheachfhoinsiú seirbhísí ar conradh chuig páirtithe eile (le cuid de na forais sin a lua). Is ag leibhéal níos airde ná an comhlacht poiblí aonair a chaithfear dul i ngleic le cur i bhfeidhm bheartas an Stáit i leith sheirbhísí an Stáit a sholáthar sa dá theanga oifigiúla.
  3. Má tá drogall le brath i bhfoclaíocht agus i ngealltanas na scéimeanna teanga gealltanais shoiléire a thabhairt seirbhísí a chur ar fáil as Gaeilge, is léir gurb é croí na faidhbe nach bhfuil a ndóthain foirne (nó foireann ar bith) ag eagraíochtaí le cumas sa nGaeilge. Is é bun agus barr an scéil nach féidir seirbhísí a chur ar fáil trí mheán teanga mura mbíonn acmhainn sa teanga sin ag soláthraí na seirbhísí sin. Caithfear an riachtanas agus an t-easnamh a shainaithint ó thaobh inniúlacht Gaeilge na foirne sna hearnála éagsúla den tseirbhís phoiblí agus foráil a dhéanamh i mbeartais agus straitéisí earcaíochta chun na bearnaí sin a líonadh lena n-áirítear spriocanna soiléire agus tréimhsí faoina mbainfear amach iad.
Acht Nua
Tá go leor cainte san am i láthair faoin mbille leasaithe d’Acht na dTeangacha Oifigiúla. D’fhéadfadh sé gurb é seo an deis dheireanach a bheidh ag an Stáit córas cuí, ceart agus cuimsitheach a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an easnamh ó thaobh a laghad daoine atá inniúil sa nGaeilge sa Státchóras agus sa tSeirbhís Phoiblí; sin mura bhfuil an deis imithe tharainn cheana féin. D’fháiltigh mé tríd is tríd roimh cheannteidil an Bhille nua a foilsíodh anuraidh, cé gur tharraing mé aird ar easnaimh in áiteacha. Tá sé mar chuspóir aitheanta sna ceannteidil go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge. Deirtear gur san fhadtréimhse a tharlóidh sé sin. Ach caithfear sprioc sonrach a chur leis an aidhm sin, agus caithfidh muinín a bheith againne, muidne ar mian linn gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an Stát, go mbainfear amach an sprioc sin.

Ba cheart mar sin córas a bhunú a chinntíonn go mbeidh íoschéatadán foirne atá inniúil sa nGaeilge á earcú, go mbeidh an measúnú inniúlachta sin caighdeánach agus go ndéanfar monatóireacht neamhspleách ar an gcóras sin. Caithfidh an córas sin a bheith bunaithe ar phleanáil éifeachtach agus ar fhaisnéis agus anailís chruinn ina n-aithneoidh an Stát na seirbhísí atá mar thosaíocht aige, na socruithe chun na seirbhísí sin a chur ar fáil agus na hacmhainní daonna atá ag teastáil chun sin a bhaint amach. Le toil agus comhoibriú is féidir sin a bhaint amach – creidim sin i mo chroí – ach tá an t-am ag sleamhnú agus is anois nó go brách a chaithfear tabhairt faoina leithéid d’obair.

Mórán athrú?
Is fiú breathnú ar an caint Seáin Uí Chuirreáin sa bhlian 2013 ag oscailt Coláiste na hÉireann nuair a dúirt sé go neamhbalbh: 
"Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis: is deacair brí ar bith eile a bhaint as polasaí an stáit ó 1928 ar aghaidh"
Molaim go mbeadh dualgas reachtúil ag baint lena leithéid de phlean a ullmhú, go ndéanfaí é laistigh de bhliain go leith ón tráth a dtabharfaí an tAcht leasaithe ar an bhfód, agus go gcaithfí an plean a nuashonrú uair gach cúig bliana.

Géarchéim na Gaeltachta
Ba chóir prionsabal soiléir a leagan síos san Acht freisin a d’fhágfadh go gcaithfeadh Gaeilge ar a dtoil a bheith ag oifigigh stáit atá lonnaithe nó ag cur seirbhísí ar fáil sa nGaeltacht. Tá os cionn nócha bliain ann ó d’aithin Coimisiún na Gaeltachta an riachtanas seo i dtús báire. D’aithin Coimisiún na Gaeltachta arís é in 2002. Nuair a fágadh réiteach na ceiste seo faoi chóras na scéimeanna teanga san Acht, fágadh ar an méar fhada arís é.

Is limistéir pleanála teanga na ceantair Ghaeltachta de réir Acht na Gaeltachta, 2012, agus é ina aidhm reachtúil ‘méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, áineasa agus tráchtála’ iontu, gan beann ar a mhinice nó a fhairsinge agus atá an Ghaeilge á húsáid ag pobal in aon limistéar díobh san am i láthair. Is beag is fiú a bheith ag caint faoi phleanáil teanga mura bhfuil an Stát toilteanach a chion féin a dhéanamh agus a chuid seirbhísí féin a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Astu féin, ní réiteoidh soláthar na seirbhísí stáit trí Ghaeilge dúshláin teanga na Gaeltachta ach léireodh a leithéid diongbháilteacht agus ceannaireacht agus is mór is gá iadsan.

Ar bhealach, ‘sé an t-ábhar imní is mó atá ann ná todhchaí na Gaeltachta. Ó d’fhoilsigh Reg Hindley a leabhar cáiliúil in 1990 The Death of the Irish Language, tá lucht taighde ag cur ar ár súile dúinn go bhfuil pobal na Gaeltachta i ngreim ag géarchéim ó thaobh fheidhm na Gaeilge mar ghnáth-theanga phobail agus nár dhócha go mbeadh aon Ghaeltacht i bhfad eile ann de réir mar a thuigtear an focal sin go coitianta. Léiríonn staitisticí an daonáirimh dheireanaigh, áfach, nach bhfuil aon éalú ón bhfírinne sin. Léirítear i dtaighde chomh maith go bhfuil sé ag éirí níos deacra ag tuismitheoirí, fiú sna ceantair is láidre Ghaeltachta, an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh dá gclann mar chéad-teanga sna cúinsí ina maireann siad sa lá atá inniu ann. I bhfocail an teangeolaí iomráitigh, Silvina Montrul:

‘To summarize, bilingual children, who speak a minority language at home become aware very early in life of the political and social status of the language they speak once they start to socialize beyond the home through childcare, friends and other social interactions. Even when children are encouraged to use the minority language at home, preference for the majority language is very strong. When the family language is used less frequently than the majority language by simultaneous bilingual children, it runs the risk of becoming weaker, eventually affecting its vocabulary and grammar.”

Níl aon dabht ann ach go bhfuil dúshláin agus dúshláin mhóra, roimh an bpleanáil teanga sa nGaeltacht. Ba chéim mhór chun cinn é foilsiú an Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht agus gur tugadh aird ar chúinsí eisceachtúla agus na cúinsí fíorchasta teanga a bhaineann leis an nGaeltacht. Tá uair na cinniúna buailte linn mura bhfuil sí bailithe tharainn.

Faillí i mBeartais an Stáit
Níl aon ghné de shaol pearsanta nó idirphearsanta an duine nach mbíonn tionchar aige ar iompar agus ar chumas teanga an duine. Fágann sin nach bhfuil aon teorainn leis na gnéithe éagsúla de cheist na pleanála teanga. I gcead daoibh, mar sin, fanfaidh mé “ar mo thairseach féin”, mar Choimisinéir Teanga. Thug Coimisinéir na Breatnaise, Meri Hews, aitheasc don Fhochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara i nDáil Éireann ar an 25 Samhain 2014; nocht sí an tuairim:

‘that it is dangerous to leave the language in a policy silo. If one sees the language as something which is absolutely discrete and it is dealt with solely as such, there is danger. That approach gives status to the language, but it also means that as one plans for economic, social, employment, education and health policy, it sits outside the debate’.

Is baol liom, ó mo thaithí féin ó ceapadh mé mar Choimisinéir Teanga, gurb é sin díreach an rud atá ag titim amach, is minice ná a mhalairt, i Státchóras na tíre seo: go bhfágtar an Ghaeilge ar lár ó mhórbheartais an Stáit agus i gcur i bhfeidhm na mbeartas sin.

Is aidhm é de chuid na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge go gcuirfeadh an oiread daoine agus is féidir eolas ar an nGaeilge agus go bhféadfadh daoine suim áirithe a chur sa nGaeilge agus cultúr na nGaeilge agus í a chleachtadh ó thráth go céile mar chaitheamh aimsire ach a chaitheann a saol go príomha i mBéarla. Ní gá dom a rá nach miste urraim agus meas a bheith ar rogha an duine sin.

Tá daoine arís ann a tógadh le Gaeilge nó a ghlacann an Ghaeilge chucu féin agus a bhíonn á n-ionannú féin mar chainteoirí Gaeilge agus a bhíonn ag iarraidh feidhm a bhaint as an nGaeilge an oiread agus is féidir leo ina saol laethúil. Is é mianaidhm na Straitéise an pobal teanga sin a mhéadú as cuimse. Maireann na daoine sin, ar ndóigh, sa tsochaí chéanna ina maireann an móramh nach labhraíonn í. Caithfear, mar sin, “spás maireachtála”, “spás anála” a chruthú don phobal teanga sin laistigh den tsochaí. Nuair a dhéantar neamhshuim den Ghaeilge i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí an Stáit, d’fhéadfaí a bheith ag imirt drochthionchar ar infheidhme na Gaeilge mar theanga an duine agus ag bheith ag cur mhianaidhm na Straitéise ó chrích, fiú is nach in aon turas a táthar á dhéanamh sin. Molaim go mbeadh dualgas reachtúil ag baint lena leithéid de phlean a ullmhú, go ndéanfaí é laistigh de bhliain go leith ón tráth a dtabharfaí an tAcht leasaithe ar an bhfód, agus go gcaithfí an plean a nuashonrú uair gach cúig bliana.

Má roghnaíonn an saoránach an Ghaeilge a úsáid ba chóir go mbeadh an rogha sin chomh saoráideach agus is féidir í a bheith agus níor chóir go mbeadh an duine sin ar aon mhíbhuntáiste as an rogha sin a dhéanamh, go háirithe ina aon réimse ina bhfuil tionchar ag an Stát ann. Sin é an chuid is lú a theastaíonn.

Athbhreithniú
Nuair is minic ár n-aird ar fad ar dheacrachtaí agus easnaimh, is fiú féachaint siar ar na chéad chúig bliana fichead agus ar an méid a baineadh amach. Ní beag é. Ní chreidfeadh duine ar bith sa naoú céad déag go mbeadh an Ghaeilge ina teanga bheo san aonú céad agus fiche ná go mbeadh sí ina teanga phobail in aon chearn den tír.

Maíonn nach mór 1.7 milliún duine, nó 40% den phobal, go bhfuil cumas éigin labhartha acu agus thug trian den mhéid sin (nó 17% den phobal ar fad) le fios go mbaineann siad feidhm as an nGaeilge mar mheán urlabhra fiú mura ndéanann cuid mhaith díobh an-mhinic é – a bhuíochas sin ar an gcóras oideachais den chuid is mó.

Is teanga nua-aoiseach í atá curtha in oiriúint le feidhm a bhaint aisti i réimse ar bith den saol, ard nó íseal. Ina theannta sin tá stádas aici faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí na hEorpa, sna meáin chraolacháin agus chlóite, sa gcóras oideachais agus i saol na tíre nach bhféadfadh pobail teangacha eile, ar líonmhaire lucht a labhartha, ach a bheith in éad leis. Is éachtach, is míorúilteach, an méid a baineadh amach agus bhí lámh chinniúnach ag an Stát féin sa méid sin. Ní deirim é sin chun go ligfimis na maidí le sruth ach chun ár misneach a chruinniú.

Tacaíocht Shochaí na hÉireann
Mar fhocal scoir, agus muid ag ceiliúradh Bhliain seo na Gaeilge, is fiú a thabhairt chun cuimhne gur dlúthchuid doscartha muidne, pobal na Gaeilge, de mhórshochaí na hÉireann. D’aithin Nollaig Ó Gadhra é sin go láidir agus ní taobh le cás na Gaeilge amháin a bhí sé ach chruthaigh sé áit don Ghaeilge mar iriseoir, tráchtaire agus scríbhneoir; chruthaigh sé áit don Ghaeilge sna dioscúrsaí poiblí faoin iliomad ábhar go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

An tsochaí sin ina maireann muid, is sochaí í sin nach mbaineann mórán feidhme as an teanga agus atá aineolach uirthi i gcás an mhóraimh. Is amhlaidh a bheas an scéal lenár linn féin agus le linn ár gclainne agus chlann ar gclainne. Is ar scáth a chéile a mhairfeas muid. Léiríodh i dtaighde an bhá atá ag pobal na hÉireann trí chéile leis an nGaeilge. Is le tacaíocht agus comhoibriú an mhórphobail a chruthófar an spás agus tosca inar féidir leis an nGaeilge maireachtáil nó bláthú mar theanga bheo. Is daonlathas liobrálach í Éire atá tar éis teacht in inmhe cuid mhór. Tá bród orainn as an méid sin agus tá údar againn. Is mór is fiú linn saibhre éagsúlacht ár sochaí, a hilghnéitheacht, a huileghabhálacht, a comhbhá.

Más tábhachtach linn na luachanna sin, is i dtéarmaí na luachanna sin a chaithfí an plé faoin nGaeilge a dhéanamh. Is i gcomhthéacs dioscúrsa mar sin a chuirfear ar chumas an phobail éisteacht níos tuisceanaí a thabhairt d’éilimh agus do riachtanais phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Gur fearrde muid ar fad an Ghaeilge a bheith ina teanga bheo agus go mba bhoichte go mór muide agus an domhan ar fad, gan teanga dúchais an oileáin seo a bheith beo i mbéal daoine.

Caithfear a thuiscint ar bhonn níos fairsinge gur teanga bheo í i saol daoine agus nach miste don tsochaí foráil a dhéanamh agus an spás a chruthú inar féidir le daoine í a úsáid agus gur cheart í a úsáid.
Share/Save/Bookmark

Seirbhísí Tacaíochta Gaeilge: Aitheantas ó Seanad Éireann.

Mhol an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh an rún seo sa Seanad ar an 28ú Márta 2018 agus cuidigh an Seanadóir Catherine Ardagh leis. Ghlach an Seanad leis gan aon athrú.

"Seirbhísí Stáit sa Ghaeltacht
Seanadóir Pádraig Ó Céidigh
- gur chóir don Stát cur chuige eiseamláireach teanga a ghlacadh i leith soláthar seirbhísí sa Ghaeltacht, rud a léireodh go soiléir a thiomantas d’úsáid agus do stádas na Gaeilge sna ceantair sin;

- chun an méid sin a bhaint amach gur chóir éifeacht a thabhairt d’fhoráil reachtúil a cheanglódh Gaeilge ar a dtoil a bheith ag oifigigh Stáit a bhíonn lonnaithe, nó i mbun soláthar seirbhísí pobal-dírithe, sna ceantair Ghaeltachta;

- gur chóir freisin go gcuirfí na tacaíochtaí teanga cuí ar fáil sna réimsí oibre nó gairme sin lena mbaineann sainscileanna faoi leith agus a bhféadfadh dúshlán a bheith ann daoine a mbeadh an inniúlacht chuí sa Ghaeilge acu a earcú ina leith;

- go n-aithníonn an Rialtas an ghéarchéim atá sa Ghaeltacht, ó thaobh mheath na Gaeilge agus bánú pobail de. Tá sé riachtanach go dtabharfar faoi fheachtas tarrthála bunaithe ar an obair atá ar siúl ag na pobail Ghaeltachta agus go dtabharfaidh gach roinn Stáit tacaíocht iomlán don obair seo;

Seirbhísí Stáit i gCoitinne
Seanadóir Catherine Ardagh
- gur cheart soláthar na seirbhísí Stáit inár dteanga dhúchais a éascú de réir an stádais a bhronntar ar an nGaeilge i mBunreacht na hÉireann, mar an teanga náisiúnta agus príomhtheanga oifigiúil na tíre;

- thar aon ní eile, go mbraitheann soláthar seirbhísí atá ar chomhchaighdeán trí Ghaeilge ar líon leordhóthanach daoine le Gaeilge a bheith fostaithe sa tseirbhís phoiblí. Dá réir sin, is cóir go socrófaícaighdeáin seirbhíse trí Ghaeilge, i ngach cuid den earnáil phoiblí, bunaithe ar mhúnla na tairisceana gníomhaí agus go dtabharfaí feidhm reachtúil don mhéid sin. Tá sé riachtanach leis go mbunófaí córas earcaíochta chun a chinntiú go mbeidh líon cuí fostaithe le hinniúlacht sa Ghaeilge ag obair sa tseirbhís phoiblí ionas gur féidir na caighdeáin sin a bhaint amach;

Oideachas Gaeltachta agus Oideachas Lán-Ghaeilge
- ó bunaíodh an Stáit, go bhfuil an córas oideachais i gcroílár na n-iarrachtaí chun ár dteanga dúchais a tharchur ó ghlúin go glúin. Ba cheart go dtacófaí leis na hiarrachtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa chóras oideachais–

- trí bheartas Stáit a fhorbairt i leith oideachas lán-Ghaeilge chun aitheantas a thabhairt do chearta tuismitheoirí go bhfaigheadh a leanaí oideachas trí Ghaeilge más mian leo sin;

- trí sholáthar comhionann agus ar chomhchaighdeán a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge ó thaobh áiseanna, tacaíochtaí foghlama, tacaíochtaí oiliúna agus tacaíochtaí riaracháin de;

- trína chinntiú gurb ann do líon leordhóthanach múinteoirí le Gaeilge, agus go mbunófaí cúrsa oiliúna lánaimseartha dírithe ar oiliúint a chur ar mhúinteoirí maidir le teagasc a thabhairt trí Ghaeilge;

Maoiniú Údarás na Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge
- gur chóir go mbeadh maoiniú Údarás na Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge ar chomhchéim (i gcomhthéacs an réimse dualgas) le maoiniú na bhforas stáit eile a bhíonn ag plé leis na réimsí céanna forbartha - mar shampla, leis an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail igcás an Údaráis, agus leis an gComhairle Ealaíon i gcás Fhoras na Gaeilge. I gcomhthéacs na ndeacrachtaí atá ag an bhFeidhmeannas i dTuaisceart Éireann agus an bac atá á chur acu sin ar fhorbairt an Fhorais agus ar fhorbairt na Gaeilge ba chóir struchtúr nua a chruthú don Fhoras chun nach ndéanfar dochar don Ghaeilge de dheasca na srianta atá ar Fhoras na Gaeilge faoi láthair.

Go dtugann Seanad Éireann dá aire:
- tacaíocht an Taoisigh agus an Rialtais do Bhliain na Gaeilge, 2018;

- go bhfuil go leor oibre fós le déanamh chun ár dteanga dhúchais a chur chun cinn.
Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit go dtí an Teach seo. Bímid ag caint go minic faoi chúrsaí Gaeilge agus cúrsaí teangan. Táim ag moladh an rún seo. Táim díreach chun cúpla pointe a dhéanamh, ní bheidh mé 12 nóiméad. Tá brón orm agus tá brón orainn uilig go raibh an tAire Stáit agus muid uilig ag fanacht timpeall anseo ar feadh roinnt uaireanta an chloig ach, mar atá a fhios ag an Aire Stáit, bhí díospóireachtaí eile ar siúl a thóg suas i bhfad níos mó ama ná mar a bhí pleanáilte.

Ba mhaith liom tosnú ag rá leis an Aire Stáit - agus dúirt mé sin leis go minic cheana - on the record, mar a deirtear, go bhfuil meas agam ar an obair atá sé féin agus an Rialtas ag déanamh ó thaobh na Gaeilge de agus go bhfuil mé buíoch as ucht an obair atá sé ag déanamh agus mar sin de. Anseo, tá mé ag caint ar pholasaithe. Seo an áit, Teach Laighean, ina gcuirtear polasaí le chéile. Séard atá i gceist anseo ná dúshlán don Aire Stáit agus don Rialtas agus, ag an am céanna, tacaíocht ó thaobh polasaithe foirfe cuimsitheacha a bheith againn ó thaobh na Gaeilge de.

Níl ach cúpla pointe le déanamh agam. I dtosach báire, mar gheall ar fhís - vision - céard é an fhís a bheadh againn ó thaobh na Gaeilge de? Mar a dúirt mé anseo cheana, ba cheart go mbeadh gach saoránach sa tír seo ábalta ár dteanga dúchais a úsáid má tá sé nó sí ag plé le Ranna Stáit nó le cúrsaí oideachais. Ba cheart go mbeadh an rogha sin ann. Tá Bunreacht na hÉireann agam anseo, the Irish Constitution. Tá sé ráite anseo in Airteagal 8 gurb í an Ghaeilge ár dteanga náisiúnta agus gur príomhtheanga oifigiúil í. Tá sin sa Bhunreacht. Tá go leor caint ar an mBunreacht na laethanta seo ó thaobh cúiseanna eile de. Ní dóigh liom go raibh muid dáiríre faoi Airteagal 8 den Bhunreacht le blianta fada siar.

Ba cheart go mbeadh chuile duine ábalta ár dteanga dúchais a úsáid go laethúil mas mian leo é sin a dhéanamh. Níl mé ag iarraidh ach go mbeadh cothrom na Féinne ag lucht na Gaeilge - ní muintir na Gaeltachta amháin, ach lucht na Gaeilge sa tír. I am asking for us to be treated equally. Sin an méid. Má táimid ag iarraidh úsáid a bhaint as an nGaeilge, ba cheart go bhféadfadh muid é a dhéanamh ar a laghad le Ranna Stáit. Bheadh súil agam freisin go bhféadfadh muid é a dhéanamh le comhlachtaí príobháideacha. Mar atá a fhios ag an Aire Stáit, toisc go dtugann sé tacaíocht airgid dó, tá Foras na Gaeilge ag déanamh an t-uafás oibre ó thaobh an Gaeilge a leathnú amach ó thaobh chúrsaí gnó de. Tá seimineár mór - an all-Ireland seminar - ó thaobh cúrsaí gnó de ar siúl i bPáirc an Chrócaigh i mí Aibreáin ina mbeidh an foras páirteach ann. Tá sé sin fíorthábhachtach san am céanna.

Caithfimid mar Stát ceannródaíocht a thógáil, in other words leadership a thógáil, ó thaobh na Gaeilge de. Caithfimid a bheith proactive in áit a bheith reactive. Rinne mé taighde ar ról an Stáit maidir le seirbhisí as Gaeilge. Ní fheicim go bhfuil aon phlean ann faoi láthair do sheirbhís phoiblí as Gaeilge go hiomlán. Molaim go mbeadh orainn smaoineamh air sin agus é a thógáil isteach san áireamh. Freisin, caithfear cur chuige agus, mar a deirtear i mBéarla, key performance indicators, KPIs, maidir le cén chaoi atá ag éirí linn a bheith againn. Caithfidh accountability a bheith againn. Cén chaoi a bhfuil ag éirí linn leis an airgead agus an infheistíocht atá á déanamh ó thaobh na Gaeilge de?

Maidir le cúrsaí oideachais, ní féidir baitsiléir oideachais, B.Ed., a dhéanamh as Gaeilge faoi láthair. Bheadh sé iontach dá bhféadfadh an tAire Stáit comhoibriú leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun go bhféadfadh scoláirí agus daoine atá ag traenáil le bheith mar mhúinteoirí céim múinteoireachta a fháil trí mheán na Gaeilge - ceim trí bliana nó ceithre bliana. Cabhródh sé sin go mór mar tá fadhbanna móra ann ó thaobh cúrsaí oideachais de. I dtosach báire, níl dótháin daoine ag dul isteach sa mhúinteoireacht. Tá fadhb eile ó thaobh cúrsaí pá de agus tá fadhb ann ó thaobh chaighdeán mhúineadh na Gaeilge."

Tá glachadh leis an rún!

An díospóireacht féin ar shuíomh Tithe an Oireachtais.

I bhfoirm físe:
Tá tús na diospóireachta anseo:
1: 2018-03-28 20:00 Tús (ó 25 Neom ar aghaidh.) 

2: 2018-03-28 21:00 Críoch 
Share/Save/Bookmark

20.3.18

Bille na dTeangacha - An Coimisinéir Teanga ós comhair Chomhchoiste Oireachtais.

Tá an Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán de chuid an Oireachtais ag déanamh grinnscrúdú réamhreachtach ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017 – An Scéim Ghinearálta agus Dréacht-Cheannteidil an Bhille.
Mar chuid de sin bhí an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ag a 4i.n. ar 20 Márta 2018. Tá nótaí cainte dá ráiteas tosaigh anseo againn.

A Chathaoirligh,
Rónán Ó Domhnaill - An Coimisnéir Teanga
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an gComhchoiste as an gcuireadh freastal ar sheisiún an lae inniu agus labhairt libh faoi Cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla a foilsíodh anuraidh. Tá doiciméad eile á chur faoi bhráid an Chomhchoiste agam ina dtugtar léargas níos iomláine daoibh ar mo dhearcadh i leith gach ceann de na Ceannteidil.

Is léir ó aon chomparáid a dhéanfaí idir na Ceannteidil sin agus na cinn a foilsíodh in 2014 go bhfuil athrú ollmhór tagtha ar chur chuige na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i leith Acht teanga leasaithe. Ar ndóigh, is athrú chun feabhais atá tagtha mar go bhfuil na Ceannteidil reatha i bhfad níos cóngaraí don mhéid a lorg an pobal mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh sa bhliain 2011. Ba mhaith liom ón tús aitheantas a thabhairt don iarAire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne, a ghlac an cinneadh stuama na Ceannteidil a fhoilsiú i mí an Mheithimh anuraidh.

Is deacair a chreidiúint go bhfuil os cionn sé bliana imithe thart anois ó cuireadh tús leis an bpróiseas chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú agus nach bhfuil muid tagtha chuig céim an Bhille go fóill. Ní theastaíonn uaim an iomarca ama a chaitheamh ag dul siar ar an méid a tharla nó nár tharla le sé bliana anuas ach is cinnte go bhfuil go leor ama curtha amú agus go mba chóir dúinn a bheith imithe i bhfad níos faide chun cinn ón áit a bhfuil muid faoi láthair. Fáiltím mar sin roimh ráiteas an Aire Stáit Joe McHugh go bhfuil i gceist an reachtaíocht leasaithe a thabhairt trí Thithe an Oireachtais gan a thuilleadh moille.

I mo chur i láthair daoibh inniu ba mhaith liom díriú ar na Ceannteidil is tábhachtaí mar a fheicimse iad agus aird a dhíriú chomh maith ar roinnt ábhar nach bhfuil clúdaithe sna Ceannteidil faoi mar ba mhaith liomsa iad a bheith déanta.

Earcaíocht
Is daoine atá i gcroílár soláthair seirbhísí. Sa mhéid is go bhfuil an riachtanas d’fhoireann le Gaeilge sa Státseirbhís aitheanta sna Ceannteidil táthar ag glacadh leis nach bhfuil dóthain daoine le Gaeilge ann faoi láthair agus nach bhfuil na socruithe a fógraíodh sa bhliain 2013 ag tabhairt aon toradh fónta.

Tá trí sprioc luaite leis an gCeannteideal áirithe seo, Ceannteideal uimhir 9,
• go mbeidh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge,
• go bhfeidhmeoidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht trí mheán na Gaeilge agus
• go méadófar acmhainneacht comhlachtaí poiblí seirbhísí poiblí a sholáthar trí Ghaeilge

Fáiltím roimh an gCeannteideal seo mar chéim shuntasach chun cinn ach is gá anois feoil a chur ar na cnámha agus go sonrófaí na bearta a ghlacfar chun an sprioc earcaíochta a bhaint amach. Ní féidir a bheith ag súil go dtabharfadh an córas earcaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair go ceann scríbe muid. Is gá é a leasú agus más mian linn go mbeadh níos mó oibrithe le hinniúlacht sa Ghaeilge sa tseirbhís phoiblí caithfear creidiúint níos mó agus níos luaithe a thabhairt don scil sin sa phróiseas earcaíochta. Ní mór a chur san áireamh freisin go mbaineann an moladh seo le feachtais earcaíochta a reáchtálfar sa todhchaí agus nach ndíríonn sé ar an lag trá atá ann ag an bpointe áirithe ama seo.


Colm Ó Coisdealbha 
Stiurthóir, Oifig an Choimisinéara
Mar sin féin is dul chun cinn suntasach atá sa gCeannteideal seo agus fáiltím roimh an moladh go mbeadh tagarmharc sonrach socraithe d’fheachtais earcaíochta as seo amach. Baineann an moladh seo le hearcaigh seachas le painéil agus dá bhrí sin is é an toradh a gcaithfear a bheith ag súil leis go mbeidh Gaeilge ag duine as gach cúigear a thiocfaidh isteach sa tseirbhís phoiblí. Tá sé suntasach freisin go luaitear an tseirbhís phoiblí agus nach bhfuil sé teorannaithe don Státseirbhís, nach gcuimsíonn ach ranna rialtais agus oifigí stáit amháin.

Creidim go mbeidh an cur chuige a ghlacfar i leith na hearcaíochta mar chuisle don Bhille nua agus ar an léiriú is mó ar an dáiríreacht i dtaobh seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Is uaidh a eascróidh gach ní eile. Ní bheidh aon fheabhas i ndáiríre ar sholáthar seirbhísí stáit trí Ghaeilge mura méadófar go mór líon na bhfostaithe le Gaeilge.

Caighdeáin seachas Scéimeanna Teanga
Tá an moladh córas na scéimeanna teanga a thréigean ar mhaithe le córas nua caighdeán ar cheann de na moltaí is fónta dá bhfuil sna Ceannteidil seo. Cuireann teip chóras na scéimeanna teanga an-díomá orm. Tá sé soiléir nár cuireadh córas na scéimeanna i bhfeidhm mar is ceart ón tús agus gurbh é sin a d’fhág sa riocht ina raibh siad iad.

Le tamall de bhlianta anuas bhí caighdeán na scéimeanna teanga a bhí á n-aontú ag cur an oiread sin imní orm gur iarr mé ar mo chuid oifigeach anailís chuimsitheach a dhéanamh orthu. I mbeagán focal léirigh an anailís sin go raibh scéimeanna teanga ag feidhmiú, i roinnt cásanna, ní mar uirlis chun cur le líon na seirbhísí trí Ghaeilge ach mar uirlis chun teorannú a dhéanamh ar sholáthar na seirbhísí sin. Is minic a bhí friotal in úsáid a d’fhág nach raibh aon dualgas docht daingean ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. San áit a raibh dualgas ba bheag a bhí geallta agus níos measa fós bhí sé follasach i roinnt scéimeanna go raibh cúlú déanta ar ghealltanais a bhí tugtha roimhe sin. Thug mé cuntas roimhe seo daoibh ar thoradh na hanailíse sin agus mar sin ní theastaíonn uainn athrá a dhéanamh ar na pointí céanna.

Creidim go bhfuil an cinneadh ceart déanta imeacht ó chóras na scéimeanna teanga agus tabhairt faoi chóras nua ina leagfaí síos caighdeáin seirbhíse. Cuirfidh sé seo deireadh le córas idirbheartaíochta a bhí ag brath ar dhea-thoil na gcomhlachtaí poiblí.

Ar ndóigh, beidh go leor ag brath ar cén sórt caighdeán a shocrófar. Má tharlaíonn go mbíonn na caighdeáin lag is beag brí a bheas leo agus ní dhéanfaidh siad aon difríocht le hais na scéimeanna teanga. Molaimse go socrófaí ar dtús an toradh a theastaíonn uainn a bhaint amach maidir le soláthar na seirbhísí stáit trí Ghaeilge. Céard a theastaíonn uainn ó ranna rialtais, ó údaráis áitiúla, ó institiúidí oideachais agus mar sin de. An bhfuil roinnt de na heagrais sin níos tábhachtaí ná a chéile? Ar chóir dúinn a bheith ag súil le níos mó ó na heagraíochtaí sin a mbíonn níos mó plé acu leis an bpobal seachas cinn a bhfuil ról níos imeallaí acu? Nuair a bhíonn freagra na gceisteanna sin againn beidh muid in áit níos fearr le córas caighdeán a bhunú a bheas éifeachtach agus a oibreoidh don saoránach agus do na comhlachtaí poiblí. Tá go leor oibre le déanamh ar an ábhar seo ach mar thús caithfear an tsamhail atá ag an Roinn do na caighdeáin seo a chíoradh.

Go deimhin, táim ag moladh gur cheart go bhforbrófaí plean do sholáthar na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge ag an leibhéal náisiúnta. Molaim go mbeadh dualgas reachtúil ag baint lena leithéid de phlean a ullmhú, go ndéanfaí é laistigh de bhliain go leith ón tráth a dtabharfaí an tAcht leasaithe ar an bhfód, agus go gcaithfí an plean a nuashonrú uair gach cúig bliana.

An Ghaeltacht
Thug mé le fios roimhe seo go mba chóir prionsabal soiléir a leagan síos san Acht leasaithe a d’fhágfadh go gcaithfeadh Gaeilge ar a dtoil a bheith ag oifigigh stáit atá lonnaithe nó ag cur seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht. Tá loighic shoiléir leis sin sa mhéid gur beag is fiú a bheith ag caint faoi phleanáil teanga mura bhfuil an Stát in ann a chuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Is teachtaireacht áiféiseach í a bheith ag iarraidh ar phobail Ghaeltachta tabhairt faoi ghníomhaíochtaí chun úsáid na Gaeilge a threisiú má thiontaíonn an Stát féin thart agus tabhairt le fios nach bhfuil i gceist aige a chuid seirbhísí chur ar fáil ach i mBéarla.

Léirigh torthaí dhaonáireamh 2016 an ghéarchéim theanga atá sna ceantair Ghaeltachta agus go cinnte tógfaidh sé iarracht ollmhór an taoide a chasadh. Ní réiteoidh soláthar na seirbhísí stáit trí Ghaeilge ann féin na dúshláin teanga atá sa Ghaeltacht. Ag an am céanna léireodh a leithéid de chur chuige dáiríreacht an Stáit maidir leis an nGaeltacht agus is gníomh ceannaireachta a bheadh ann a chuirfeadh le stádas na Gaeilge. Is teachtaireacht a bheadh ina leithéid go raibh an Stát ag aithint agus ag freastal ar cheantar teanga ann féin.

Tá an Ceannteideal a dhéileálann leis an ábhar seo tar éis dul cuid den bhealach, ach ba cheart, dar liom, é a láidriú. Má táthar muiníneach go dtacóidh an beartas nua earcaíochta le dóthain foirne le Gaeilge a bheith ar fáil chun seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, cén fáth nach ndaingneofaí an dualgas sin sa reachtaíocht? Is athrú cultúir atá i gceist le prionsabal den chineál seo agus ba chóir é a áireamh sa reachtaíocht. Tuigim, ar ndóigh, go mb’fhéidir go mbeadh deacrachtaí teacht ar dhaoine le sainscileanna éagsúla agus le hinniúlacht sa Ghaeilge ach is furasta socruithe a dhéanamh ina lorgófaí díolúine i gcásanna mar sin agus go gcuirfí tacaíocht teanga ar fáil nuair is cuí a leithéid a dhéanamh.

Seirbhísí á soláthar ag tríú páirtithe
Níl aon tagairt fhollasach sna Ceannteidil do sheirbhísí a chuireann tríú páirtithe ar fáil thar ceann comhlachtaí poiblí nó thar ceann an Stáit. Creidim gur bearna é seo sna rialacháin agus go mba cheart aghaidh a thabhairt air sa phróiseas reachtaíochta. Ba chóir go dtiocfaí ar mheicníocht san Acht a d’fhágfadh go mbeadh dualgas teanga i gceist i gcás seirbhísí a chuirtear ar fáil de thoradh conradh a bhronnann comhlachtaí poiblí nó de thoradh eintiteas a bhunaítear ina mbíonn páirt lárnach ag comhlachtaí poiblí iontu. Tugaim faoi deara go bhfuil sé seo ag tarlú ar bhonn níos coitianta mar a tharla i gcás Eircode, an Chrannchuir Náisiúnta nó na seirbhíse ceadúnais tiomána. Gan socruithe reachtúla a bheith in áit tá an baol ann nach mbeidh aon dualgas teanga i gceist do chonarthaí agus do sheirbhísí a bhfuil tábhacht don phobal dóibh.

Ainm agus Seoladh
Fadhb choitianta a thagann chun cinn do shaoránaigh ná a bheith in ann a n-ainm agus seoladh a úsáid i nGaeilge nuair a bhíonn a gcuid buncháipéisí aitheantais, ar nós a dteastais breithe, i mBéarla. Tá foráil déanta in Acht na bPasanna, 2008 a cheadaíonn don Aire glacadh le hainm agus sloinne seachas an t-ainm agus sloinne a bhíonn ar an teastas breithe nuair a chuirtear cruthúnas ar fáil go bhfuiltear ag baint gnáthúsáid as an leagan sin le dhá bhliain nó níos mó. Is dóigh liomsa go bhfuil géarghá lena leithéid d’fhoráil in Acht na dTeangacha Oifigiúla do réimse níos leithne comhlachtaí poiblí.

Fuair m’Oifig os cionn céad gearán le dhá bhliain anuas maidir le deacracht a bhíonn ag daoine a n-ainm agus sloinne i nGaeilge a úsáid ar leithéid a gceadúnais tiomána de thoradh a bpas agus a dteastas breithe a bheith i mBéarla. Is dóigh liom go mba chóir socruithe a bheith déanta sa reachtaíocht maidir le hábhar chomh bunúsach leis seo a tháinig go mór chun solais le linn ainmneacha agus seoltaí a bheith i mBéarla le linn don Eircode a bheith á sheachadadh.

Ní fheictear dom go dtéann an Ceannteideal ábhartha i ngleic mar ba chóir leis an deacracht seo a bhíonn ag saoránaigh; is é sin cead reachtúil a n-ainm agus sloinne i nGaeilge a úsáid. Cé go bhfuil an méid atá sa gCeannteideal, a dhíríonn ar chórais ríomhaireachta agus a leithéid a bheith in ann glacadh leis an nGaeilge, inmholta, tá an fhadhb níos doimhne ná sin.

Críoch
A Chathaoirligh, creidim gur céim mhór chun cinn atá sna Ceannteidil a foilsíodh i mbliana. Ní theastaíonn uaimse poill a phiocadh sna Ceannteidil sin, agus arís molaim obair na Roinne, an Aire agus an Rialtais, as iad a fhoilsiú, ach tá sé tábhachtach anois agus muid ag bogadh ar aghaidh sa chéad chéim eile den phróiseas reachtaíochta go mbeifí aireach ar na mionsonraí. Is ceart freisin go bhféachfaí ar reachtaíocht eile sa tír seo agus i ndlínsí eile ní hamháin i dtéarmaí na socruithe a dhéantar do sholáthar seirbhísí ach freisin don ról a bhíonn ag oifigí ar nós m’Oifige féin ag cur san áireamh an ról comhairleach agus taighde a bhíonn ag oifigí coimisinéara teanga i dtíortha eile a chuireann go mór leis an bhfeidhm agus leis an tionchar a bhíonn acu.

Seachas aon ní eile ní féidir linn amharc a chailleadh ar an mórsprioc, is é sin go mbeadh seirbhísí poiblí i nGaeilge, ar ardchaighdeán, ar fáil do shaoránaigh na tíre.


Ós comhair Choiste Oireachtais le tráchtaireacht. (4/4/2017)

Na hábhair is tábhachtaí a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. (4/10/2017)



Share/Save/Bookmark