15.6.22

Méadú 20% ar méad ghearáin!


Méadú 20% ar ghearáin a cuireadh faoi bhráid an Choimisinéara Teanga in 2021. Bhain gach cúigiú gearán le heaspa seirbhísí i nGaeilge le linn na paindéime.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go raibh díomá mhór ar líon mór gearánaithe a rinne teagmháil lena Oifig anuraidh faoin imeallú rialta a rinneadh ar sheirbhísí stáit i nGaeilge le linn na paindéime. Bhain trian de ghearáin Covid-19 le heaspa seirbhísí idirghníomhacha a bheith ar fáil i gcéad teanga oifigiúil an Stáit, mar shampla, tástáil ISP nó coinne vacsaíne a chur in áirithe ar líne.

Dúirt an Coimisinéir: “Fuarthas líon iomlán 123 ghearán i mbliana a bhain leis an éigeandáil sláinte. Ní fhéadfaí líon mór de na gearáin seo a fhiosrú de bharr easnaimh sa reachtaíocht a chinnteodh seirbhís shásúil trí mheán na Gaeilge. Léiriú arís eile is ea an scéal seo ar an tábhacht a bhaineann le tosach feidhme a thabhairt d’fhorálacha an Achta leasaithe nua a ritheadh i ndeireadh na bliana seo caite.

“Tabharfaidh m’Oifig faoi mhórfheachtas faisnéise agus feasachta poiblí amach sa bhliain chun tábhacht fhorálacha nua an Achta a chur ar shúile an phobail agus comhlachtaí poiblí araon. Má dhéantar forálacha éagsúla an Achta nua a chur i bhfeidhm mar is cuí, beidh buntáiste ag an bpobal ar líon méadaithe seirbhísí a bheith ar fáil dóibh i nGaeilge seachas mar a bhí go dtí seo.”

I measc phríomhfhorálacha an Achta nua, tá:
  • Cuspóir go mbeadh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí agus sa Státseirbhís inniúil i nGaeilge faoin mbliain 2030.
  • Foráil lena leagtar dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht bhliantúil a dhéanamh i nGaeilge.
  • Foráil chun a chinntiú go bhfreagraítear cumarsáid a dhéantar le comhlacht poiblí ar na meáin shóisialta sa teanga chéanna.
Dírítear aird ar fheidhm faireacháin an Choimisinéara Teanga sa Tuarascáil Bhliantúil chomh maith agus an obair mhonatóireachta a cuireadh i gcrích le linn na bliana seo caite. Chuimsigh an clár faireacháin fiosruithe breise maidir le moltaí imscrúdaithe a rinneadh cheana ar chomhlachtaí poiblí amhail an Roinn Oideachais, an Foras Taighde ar Oideachas agus RTÉ. Beidh earraíocht á baint ag an gCoimisinéir Teanga in am trátha as feidhm úr san Acht leasaithe a chuirfidh ar a chumas faireachán a dhéanamh ar achtachán ar bith a bhaineann le húsáid na Gaeilge de bhreis ar fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, mar atá faoi láthair.

Deir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go bhfuil ‘ardú suntasach’ tagtha ar líon na gclár Gaeilge a chraoltar ar RTÉ ach go bhfuil bearna mhór i gcónaí ann maidir le cláir cúrsaí reatha i nGaeilge

Tugadh cúig imscrúdú fhoirmeálta chun críche in Oifig an Choimisinéara Teanga in 2021. Ba é fionnachtain imscrúdaithe amháin gur sháraigh Comhairle Contae na Mí Plean Forbartha Chontae na Mí toisc nár féachadh chuige go ndéanfaí cosaint ar oidhreacht theangeolaíoch na Gaeltachta nuair a bhí iarratais phleanála i Ráth Chairn á mbreithniú aici.

Bhain dhá imscrúdú eile le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin nár chinntigh go ndéanfaí oifigeach Gaeilge a cheapadh sa Chomhairle agus nár chinntigh go gcuirfí leagan Gaeilge ar fáil de nuachtlitir a bhí á scaipeadh ag an gComhairle sa cheantar. 

Rinneadh líon iomlán de 727 ngearán leis an Oifig anuraidh – méadú 20% ar 2020. 

Gearánaithe a raibh cónaí orthu i mBaile Átha Cliath a rinne 27% de na gearáin agus gearánaithe de bhunadh na Gaeltachta a rinne 27% de na gearáin eile – méadú 4% ar 2020.

@CeartaTeanga


Share/Save/Bookmark