Tugtar cuntas sa Tuarascáil Faireacháin, díreach foilsithe, ar thorthaí iniúchtaí éagsúla a thug Oifig an Choimisinéara Teanga chun críche le linn na bliana 2018. Is mar seo a bhí príomhthorthaí na n-iniúchtaí sin:
- Níl ach 84 post as an 20,000 duine atá fostaithe ag ranna rialtais aitheanta mar chinn lena mbaineann riachtanas Gaeilge. Tá 67 do na poist sin sa Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta.
- Ní raibh ach dhá údarás áitiúla as na deich gcinn a scrúdaíodh a bhí ag comhlíonadh, den chuid is mó, na ngealltanas reachtúil teanga a bhí tugtha acu maidir lena suíomhanna gréasáin.
- Bhí beagnach 60% de na comharthaí a scrúdaíodh ag ionaid oidhreachta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí ag cloí leis na rialacháin.
Foireann le Gaeilge i ranna rialtais
Tráth an iniúchta bhí 7 roinn rialtais ann nach raibh post ar bith sainaitheanta acu mar chinn lenar bhain riachtanas Gaeilge. Cé is moite den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a bhí ag 10%, bhí líon na bpost a bhí sainaitheanta mar chinn lenar bhain riachtanas Gaeilge faoi bhun 1% ag gach roinn rialtas eile.
Ar an iomlán ní raibh ach 551 ball foirne, as 21,060 (2.62%) atá fostaithe ag ranna rialtais, a bhí aitheanta mar bhaill foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge. Ní raibh ach dhá roinn rialtais sa tír – an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus an Roinn Oideachais agus Scileanna – a bhfuil níos mó ná 5% den fhoireann iontu inniúil sa nGaeilge.
Tuairiscí/Tagairt • Gan aon údarás áitiúil ag comhlíonadh a ndualgas i dtaobh na Gaeilge ar líne • 38% de chomharthaí de chuid an OPW i mBéarla amháin - iniúchadh • Is leor Béarla a bheith ag duine do 99.06% de na poist sa státseirbhís – tuarascáil nua.
Tuairisc.ie 11/7/2019
• Ranna Rialtais: riachtanas Gaeilge ag 84 post as 20,000
(RTÉ 11/7/2019)
(CnaG 11/7/2019)
|
“Is léiriú an athuair iad na figiúirí seo”, a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, “ar easpa acmhainn an Stáit seirbhísí sásúla a chur ar fáil i nGaeilge. Ní chothaíonn torthaí an iniúchta seo aon mhuinín go bhfuil ceannaireacht á léiriú ag ranna rialtais maidir le dóthain foirne le Gaeilge a bheith fostaithe iontu. Fágann an líon íseal foirne le Gaeilge nach féidir a bheith ag súil le réimse cuimsitheach seirbhísí a chur ar fáil ar comhchaighdeán sa dá theanga oifigiúla. Caithfear aghaidh a thabhairt air seo trí leasuithe a dhéanamh ar an Acht agus ar pholasaithe earcaíochta an Stáit.”
Suíomhanna gréasáin na n-údarás áitiúil
Mar chuid de chlár iniúchta na bliana 2018 scrúdaíodh suíomhanna gréasáin roinnt údaráis áitiúla le féachaint an raibh siad ag cloí leis na gealltanais ábhartha a bhí tugtha ina gcuid scéimeanna teanga. As suíomhanna gréasáin na ndeich n-údarás áitiúla a scrúdaíodh bhí ceithre cinn acu a bhí, den chuid is mó, ag neamh-chomhlíonadh na ngealltanas a bhí tugtha acu. B’in iad Comhairlí Contae an Chláir, Chill Mhantáin, Lú agus Chiarraí. Bhí dhá údarás áitiúla – Comhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath – ag comhlíonadh a ndualgas den chuid is mó.
Comharthaíocht ag láithreacha oidhreachta
"Ní chothaíonn torthaí an iniúchta seo aon mhuinín go bhfuil ceannaireacht á léiriú ag ranna rialtais maidir le dóthain foirne le Gaeilge a bheith fostaithe iontu. Fágann an líon íseal foirne le Gaeilge nach féidir a bheith ag súil le réimse cuimsitheach seirbhísí a chur ar fáil ar comhchaighdeán sa dá theanga oifigiúla."
Scrúdaíodh freisin úsáid na dteangacha oifigiúla ar chomharthaíocht ag roinnt láithreacha oidhreachta atá faoi bhainistíocht Oifig na nOibreacha Poiblí. Deich láthair oidhreachta éagsúla i mBaile Átha Cliath a rinneadh a iniúchadh le linn na bliana 2018. Bhí leibhéal sásúil géilliúlachta ag cúig cinn de na deich láthair a scrúdaíodh. Bhí an leibhéal is airde géilliúlacht ag Músaem na bPiarsach i Ráth Fearnáin ag 89% agus an leibhéal is ísle ag Garraithe Náisiúnta na Lus, áit nach raibh ach ceann as chuile dheich gcomhartha a scrúdaíodh ag teacht leis na rialacháin.
Is é seo an chéad bhliain ag Oifig an Choimisinéara Teanga tuarascáil faoi leith a fhoilsiú ar obair faireacháin na hOifige atá teoranta d’fhaireachán ar fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla amháin. Chinn an Coimisinéir Teanga próiseas monatóireachta na hOifige, a bhíodh dírithe den chuid is mó ar scéimeanna teanga, a leasú i bhfianaise na laigí a aithníodh sa Tráchtaireacht a foilsíodh ar chóras na scéimeanna teanga. Mar chuid den mhúnla nua monatóireachta roghnaíonn an Coimisinéir tosaíochtaí faireacháin na bliana, a chuimsíonn gnéithe éagsúla den Acht.
No comments:
Post a Comment