19 Iúl 2020: Ó scríobhadh é seo fuair mé teachtaireacht neodrach ag miniú go raibh deachrachtaí ag Aontú agus iad ag dearadh an suíomh. Tuigim san ó mo thaithí féin go mór mór nuair is rud nua atá ar siúl nó á dtosnú. I gcás Pairtí Nua go h-áraithe tá cúrsaí eile ag chuir isteach ar fhoilsiú shuímh - cursaí chaighdeáin agus chosaint poiblí (Coimisiún um Chaighdeán Poibli, GDPR agus eile). Ar bharr ar sin ní raibh mórán cumhacht ar an dearadh féin ar dtús acu. Bhí an iarracht á bhainistiú ag oibreoirí deonach chomh maith agus ba cosúil narbh é chúrsaí teanga mar príomh chloch ar a bpaidrín! Anois áfach, agus le déanaí, is cosúil go bhfuil chúrsaí faoi phroifisiúnaigh acu. Is dócha gur b'shin a bhí i geist ag Peadar Tóibín nuair a dúirt se, "Tá muid beagnach ann. Tá go leor obair idir láimh againn ar an dtogra seo." Bíodh sin mar atá sílim go bhfuil an chuid den fhirinne sa mhéid a scríobh mé inné Feicimíd! |
Fuair mé freagra ó Pheadair Tóibín ar giolch a chuir mé ar líne tar éis fógra de chuid Aontú ag déanamh bolscaireach don díospóireacht a bhí le bheith ar Facebook idir é féin agus Éamon Ó Cuív a fheiscint. Bhí an fógra i mBéarla ar fad. Rinne mé tagairt do san i ngiolch le focal géar ó an Teachta Dála Catherine Connolly anuireadh. "Tá an teachtaireacht ag dul amach ... má tá rud tabhachtach le rá abair i mBéarla é!" (Coiste Oireachtais Samhain 2019). Seo mar a fhreagair Peadair Tóibín é:
Ar an deichiú lá Iúl rinne an Tóibíneach oráid tabhachtach sa Dáil faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus an dímheas ar "luachmhaireacht" na teanga. Chuir a Pháirtí giolch den oráid ach bhí an giolch féin i mBéarla. Chuaig mise chuig suíomh an Pháirtí agus bhí cineál íontas orm nach raibh aon phíosa de sa Teanga Náisiúnta. Luaigh mé sin i ngiolch, "Má tá an teanga chomh luachmar sin cén fáth nach n-úsáidtear ar bhur suíomh í? - 'protect and nurture?'" D'fhreagair Peadair Tóibín féin mé an giolch sin "Tá muid beagnach ann. Tá go leor obair idir láimh againn ar an togra seo."
Tá mé ag ceapadh go bhfuil Aontú ar an saol le breis agus dhá bhlian go leith nó mar sin. Cé mhéid ama a thógann sé suíomh a dhearadh i nGaeilge? Mar a dúirt iar-choimisinéir teanga tráth, "...más fíor gur go mall a mheileann muilte Dé, is léir gur níos moille fós a mheileann muilte an státchórais, go speisialta i réimse na teanga." Nach cosúil go bhuil an galar áirithe seo (na moille) an-thógálach?
Nuair a bunaíodh Aontú cheap mé go mbeadh suim agam ann mar bhí fhios agam go raibh suim nach beag ag Peadair féin sa teanga. Nuair a bhí sé le Sinn Féin ba uarlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta é. Bhí mé ag cruinniú a bhí aige agus Trevor Ó Clochartaigh agus iad ar chamcuirt Gaeltachta a thug dóchas éigin dom. (Ait go leor d'ardaigh mé Bhéarla ar shuíomh Shinn Féin ag an gcruinniú sin!). Ar ndóigh taobh istigh de bhliain dibríodh an beirt acu as a bpáirtí ar chúis amháin nó ar chúis eile.
Nuair a bunaíodh Aontú bhí súil agam go mbeidh aitheantas á thabhairt ag an bPairtí dár dTeanga Náisiúnta. Bhí dóchas ann a cheap mé!
Irish Language! |
Cé mhéid giolchanna atá curtha amach ag Aontú sa Teanga ó bunaíodh iad? Dá mba rud é go dteastaíonn dul isteach sa pháirtí ar line bheadh orm iompú ar an mBéarla - "Join us today!" Tá rial beag agam ó bhí mé 21 bliain d'aois (fadó ó shin) gan aon bhaint agam leis an stáit nó le haon pháirtí polaitíochta i mBéarla. Tá sé bunaithe ar rud a dúirt Heinrich Boell fadó: "Dá scríobhfainn in mBearla bheinn níos Sasanaí ná an Príomh Aire!"
Deireann Peadair Tóibín go bhfuilim "giota beag diúltach ar fáth éigin." Níl mé ag easaontú leis. Go dtí seo faraoir, níor thug Aontú, nó Páirtí ar bith eile, fáth le bheith dearfach ó thaobh chúrsaí teanga de!
Deirtear "Is beatha teanga í a labhairt". Nach beatha teanga í a scríobh ar líne, í a úsáid go poiblí sna meáin, í a labhairt taobh amuigh de na chúl seomraí?
• Ar son na Gaeilge - mar dhea! (20/12/2010)
• An Coimisinéir ós comhair fochoiste stratéis 20 Bliain do Ghaeilge (23/1/2014)