"Táimid ag teacht chuig deireadh na bliana, bliain inar rinne an Rialtas an-dochar don Ghaeilge, dochar don Choimisinéir Teanga, dochar do na Gaelscoileanna agus dochar do scéim labhairt na Gaeilge. Ba dhéistineach a fheiceáil an Rialtas ag bagairt ar Dhónal Ó Cnáimhsí, a labhair ar son Ghuth na Gaeltachta. Is léir nach bhfuil suim dá laghad ag an Roinn nó ag an Rialtas plé oscailte daonlathach a dhéanamh anseo inniu." Peadar Tóibín TD
"Iarraim ar an Rialtas éisteacht le heagrais na Gaeltachta agus na Gaoluinne agus le daoine a bhfuil an Ghaoluinn ina gcroí acu conas gur féidir an Bille a dhéanamh i bhfad níos fearr agus, dá bhrí sin, gníomh i bhfad níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm chun an teanga a chaomhnú agus chun borradh agus bláth a chur faoin dteanga, chun deireadh a chur le bánú na Gaeltachta agus chun an Ghaoluinn agus an Ghaeltacht a chaomhnú agus a chur i mbláth arís." Joe Higgins TD
"Deputy Tóibín, you are not formally moving your amendment." Seán Barrett TD, (Ceann Comhairle)
"The Deputies opposite have done it before. Just walk out." Paul Keogh TD (Príomhaoire an Rialtais)
"Táimid ag imeacht anois." Aongus Ó Snodaigh TD |
Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Léiríonn cinneadh an fhreasúra chun an Dáil a fhágáil inniu, go raibh easpa rannpháirtíochta agus easpa cumarsáide ag an Rialtas le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus leis an gcóras polaitíochta araon, maidir leis an reachtaíocht seo.
"Bhí tacaíocht traspháirtí ag beartais Ghaeilge de chuid an Rialtais le roinnt mhaith blianta anuas, agus bhí ról lárnach agus ríthábhachtach ag an gComhchoiste Oireachtais um chúrsaí Gaeltachta sa phlé agus sa chumarsáid leis an bpobal chun an tacaíocht sin a chinntiú; ní raibh deis ag an gComhchoiste An Bille Gaeltachta 2012 a phlé fiú áfach, toisc gur rinneadh an reachtaíocht is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de le beagnach 60 bliain anuas a bhrú trí Thithe an Oireachtais roimh bhriseadh an tsamhraidh."
Ó foilsíodh An Bille Gaeltachta 2012 ceithre sheachtain ó shin (19 Meitheamh 2012), tá stocaireacht déanta ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta chun reachtaíocht níos láidre a chinntiú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí leasuithe éagsúla a mholadh leis an bhfreasúra agus leis an Rialtas araon. Cé gur léirigh an freasúra agus baill de pháirtithe an Rialtais tacaíocht do thromlach na moltaí de chuid na n-eagras pobail, i gcás bhaill Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre, thug Teachtaí agus Seanadóirí an Rialtais le fios go raibh an cinneadh déanta, nach raibh smacht acu ar an scéal, agus nach raibh an Rialtas chun glacadh le leasú ar bith ar an mBille Gaeltachta 2012.
Dúirt Éamonn Mac Niallais, Guth na Gaeltachta: "Léiríonn gach céim den phróiseas seo go bhfuil easpa daonlathais agus easpa chomhairliúcháin i gceist leis an Bhille Gaeltachta 2012, reachtaíocht atá in ainm 's freastal ar riachtanais an phobail Ghaeilge agus Ghaeltachta ach a dhéanann neamhaird iomlán ar thuairimí, ar mholtaí agus ar leasuithe an phobail chéanna.
"Thug an freasúra le fios inniu go gcuirfidh siad Bille Gaeltachta leasaithe os comhair Thithe an Oireachtais sna míonna amach romhainn, agus beidh Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge ag obair leo agus leis an phobal le bille cuimsitheach, sásúil a chur i dtoll a chéile, bille a luífidh leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030."
Cé gur ghá toghcháin an Údaráis a reáchtáil ní bá dhéanaí ná 30 Meán Fómhair 2012 de réir na reachtaíochta reatha, ní leithscéal é an méid sin leis an mBille Gaeltachta 2012 a reachtú gan plé mar is cóir i measc an phobail ó ní raibh le déanamh ag an Rialtas ach síneadh ama a thabhairt do na toghcháin, faoi mar a rinneadh faoin mBille Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2010:
- Alt 28(1) den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 a leasú ionas go mbeidh síneadh curtha leis an tréimhse is faide idir thoghcháin don Údarás ó chúig bliana go leith go dtí seacht mbliana go leith.
Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag iarraidh ar an bpobal dul i mbun comhairliúcháin leis na Teachtaí Dála áitiúla dá gcuid ar bhille Gaeltachta leasaithe sula suíonn an Dáil in athuair i mí Mheán Fómhair, agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa phlé agus sa díospóireacht air idir seo agus sin.
"...táimid ag tabhairt láimhe do mhuintir na Gaeltacht ina giniúint teanga féin. We are affording the people of the Gaeltacht a direct say in their own linguistic future." Dinny McGinley TD, Aire Stáit Gaeltachta
"...táimid ag tabhairt láimhe do mhuintir na Gaeltacht ina giniúint teanga féin. We are affording the people of the Gaeltacht a direct say in their own linguistic future." Dinny McGinley TD, Aire Stáit Gaeltachta