9.5.24

Éagothromaíocht as cuimse.

English Version.
Tháinig méadú 6% ar líon iomlán na ngearán a fuair Oifig an Choimisinéara Teanga in 2023, sin 634 gearán i gcomparáid le 600 in 2022.

Tá toradh dearfach na reachtaíochta teanga nua (Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021) le feiceáil ón méadú suntasach atá ag teacht ar an bhfógraíocht a dhéanann eagraíochtaí stáit trí Ghaeilge ar na meáin chumarsáide éagsúla (e.g. teilifís, raidió, meáin shóisialta). Leanann sé seo sna sála ar fheachtas feasachta náisiúnta a reachtáil Oifig an Choimisinéara Teanga ar an reachtaíocht nua.

Bhain 39% den 634 gearán a fuair Oifig An Choimisinéara Teanga in 2023 le gealltanais a bhí tugtha ag eagraíochtaí stáit ina gcuid scéimeanna teanga reachtúla. “Léiríonn an líon an-ard gearán a bhaineann le scéimeanna teanga eagraíochtaí stáit an géarghá atá ann córas nua na gcaighdeán teanga, atá le teacht in áit córas na scéimeanna teanga, a thabhairt i bhfeidhm”, a deir an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn. "Aire na Gaeltachta a thabharfaidh córas nua na gcaighdeán teanga i bhfeidhm faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.

Meadú ar líon na gearán.
Tháinig méadú 6% ar líon iomlán na ngearán a fuair Oifig an Choimisinéara Teanga in 2023, sin 634 gearán i gcomparáid le 600 in 2022. Léiríonn líon agus cineál na ngearán easnaimh shuntasacha atá sa soláthar reatha do sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge. 

I measc na n-easnamh is tromchuisí, tá easpa foirne le hinniúlacht chuí sa Ghaeilge le croísheirbhísí poiblí a sholáthar, e.g. seirbhísí teileafóin agus cuntair ar ardchaighdeán trí Ghaeilge; agus an éagothromaíocht as cuimse idir an freastal a dhéantar trí Bhéarla ar an bpobal trí sheirbhísí teicneolaíochta ar líne i gcomparáid leis an lagfhreastal bearnach trí Ghaeilge. Léirigh imscrúduithe foirmiúla ar Chomhairle Contae na Gaillimhe agus An Post freisin na bearnaí reatha maidir le seirbhísí teicneolaíochta agus idirghníomhacha ar líne trí Ghaeilge.

Méadú comhairle.
Tá méadú 140% tagtha ar líon na gcásanna ar roinneadh comhairle le heagraíochtaí stáit faoina ndualgais reachtúla teanga le dhá bhliain anuas. Léirigh faireachán ar 18 Roinn Stáit i gcaitheamh 2023 leibhéal ard géilliúlachta maidir le caighdeán na bhfógairtí taifeadta béil a bhí á n-úsáid acu ar a gcórais teileafóin.

Ní mór athshamhlú a dhéanamh ag an tráth seo ar sheachadadh seirbhísí poiblí an Stáit trí Ghaeilge. Tá dlús criticiúil foirne le Gaeilge mhaith i gcomhlachtaí poiblí ag teastáil ionas go mbeidh muinín an phobail teanga i seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Ba chóir molchampais sheirbhísí poiblí a fhorbairt i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht, i Líonraí Gaeilge agus i lárionaid Ghaeilge i gcathracha le líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú. Rachfadh na molchampais go mór i ngleic le cuid de na bacanna a bhíonn ar phobal na Gaeilge teacht ar sheirbhísí poiblí ar ardchaighdeán trí Ghaeilge go laethúil.

Dúirt Séamas Ó Concheanainn freisin: “Beidh tábhacht ar leith ag baint leis an bPlean Náisiúnta do Sheirbhísí Poiblí trí Ghaeilge a fhoilseofar níos deireanaí i mbliana. Tá sé riachtanach go leagfaidh an Plean Náisiúnta amach cosán soiléir trína dtiocfaidh feabhas suntasach ar chaighdeán agus ar líon na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tá cur chuige réadúil, forásach agus céimnithe, i dtreo na sprice 20% d’earcaithe le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí, faoin mbliain 2030 riachtanach freisin, le go rachfar i ngleic leis na bearnaí suntasacha reatha i seirbhísí poiblí trí Ghaeilge”.


@CeartaTeanga @DeptCultureIRL @OireachtasNews @PresidentIRL @ForasnaGaeilge

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment