3.11.11

Plean forfheidhmithe na straitéise

Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh Phlean forfheidhmithe na Straitéise

Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh fhoilsiú Phlean forfheidhmithe na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta don bhliain 2011 maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030. 

Leagtar amach i dtéarmaí ginearálta an dul chun cinn atá déanta ag an Roinn faoin bplean forfheidhmithe maidir le bunú na struchtúr eagrúcháin agus oibríochta is gá chun go mbainfear amach spriocanna na Straitéise, chomh maith le frámaí ama, nó ar a laghad dátaí tosaithe do roinnt de na céimeanna ar gá a thionscain chuige sin. 

Tugann an Chomhdháil suntas ar leith don tagairt sa phlean forfheidhmithe do na nithe seo leanas:
    • Dréachtbhille Gaeltachta le hullmhú faoina gceapfar forálacha reachtúla, i measc eile, do:
            o shainmhíniú nua ar an nGaeltacht bunaithe ar chritéir theangeolaíocha;
            o phróiseas pleanála teanga faoina ndéanfar pleananna teanga a ullmhú ag leibhéal an phobail do gach limistéar Gaeltachta;

            o chineál nua de cheantair ‘Gaeltacht gréasáin’ a bheidh lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta reachtúla atá ann faoi láthair;
    • Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 faoi Chlár an Rialtais 2011 – 2016 atá le tionscnamh an mhí seo.
    • Scéim nua le teacht i gcomharbacht ar Scéim Labhairt na Gaeilge le fógairt i mí na Nollag 2011.

Ag tagairt go sonrach dó do na nithe áirithe sin, dúirt Stiúrthóir na Comhdhála, Pádraig Mac Criostail gur “bearta príomha iad seo nach mór a chur i bhfeidhm anois chun úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di a threisiú agus chun céim mhór a ghlacadh i dtreo bhunaidhm na Straitéise a bhaint amach. Níl aon amhras ach go gcabhraíonn foilsiú an phlean seo leis an Straitéis a choinneáil i mbéal an phobail agus tá oifigigh na Roinne le moladh as an gcur chuige oscailte seo”. 

Beidh foriomlánú le déanamh ar an bplean forfheidhmithe maidir le heilimintí tábhachtacha na Straitéise, ar a n-áirítear leithdháileadh na n-acmhainní a bheidh de dhíth chun spriocanna na Straitéise a bhaint amach, maraon leis na nósanna imeachta monatóireachta agus athbhreithnithe, luachála agus modhnaithe.  Beidh an Chomhdháil ag tnúth le foilsiú an eolais sin gan rómhoill.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment