21.10.20

Coimisinéir ós comhair an Choiste nua!

"Dá nglacfaí leis nach raibh dlite ar chomhlacht poiblí na seirbhísí seo a chur ar fáil go dátheangach ar an údar nárbh acmhainn dó sin a dhéanamh gan moill a chur leo, d’fhéadfaí a fhorléiriú as sin nuair ba thábhachtaí agus ba phráinne an tseirbhís nó an chumarsáid, gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í."

Tionóladh an chéad cruinniú de Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal na Gaeilge ar an 21ú lá Deireadh Fomhair 2020. Bunaíodh an coiste i mí Feabhra agus tá baill ón dá Theach den Oireachtas. Sé Aonghus Ó Snodaigh T.D. atá ina Chathaoirleach ar an gCoiste. Bunaíodh an Coiste seo mar comharba ar Bhuan-choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. (2016-2019) a bhí faoi cathaoirleacht Catherine Connolly T.D. Tá an Coiste tiomanta d’úsáid na Gaeilge mar theanga choiteann i ngach gné de shaol na hÉireann a chur chun cinn.

Tugadh cuireadh do gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, labhart leis an gcoiste ar a chuairimí an Choimisinéara, faoin dTuarascáil 2019, Tuarascáil Fearacháin 2019 agus faoin Bille Teanga atá ós comhair Tithe an Oireachtas faoi láthair.

Seo mar a labhair sé

Gabhaim buíochas leat, agus leis an gCoiste, as an gcuireadh teacht in bhur láthair. Is ábhar misnigh dom gur bunaíodh an Coiste seo chun úsáid na Gaeilge mar theanga choiteann i ngach gné de shaol na hÉireann a chur chun cinn. Nuair atá an oiread airde á tabhairt ar thosaíochtaí móra ar nós phaindéim COVID-19 agus an Bhreatimeachta, d’fhéadfadh ceisteanna tábhachtacha eile imeacht as radharc. Is ceist díobh sin inmharthanacht na teanga náisiúnta mar theanga bheo.

Pleanáil Teanga
Tá sé tráthúil mar sin go bhfuil an óráid seo á tabhairt agam agus leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla faoi chaibidil ag Tithe an Oireachtais. Tá géarghá leis na leasuithe lena chinntiú go mbeidh freastal níos fearr á dhéanamh ag an Stát ar phobal labhartha na Gaeilge, ina rogha teanga, sa Ghaeltacht agus go náisiúnta. Chun léiriú a thabhairt ar an ngá atá leis an leasú, ba mhaith liom sliocht as litir ó dhuine a rinne gearán linn anuraidh a chur faoi bhur mbráid – gearán nach raibh ar ár gcumas a fhiosrú toisc nár tháinig an t-ábhar faoi dhlínse mo chuid feidhmeanna. (Seo roimh fhoilsiú an Bhille agus cuid de na leasuithe molta, dar ndóigh:)

 “Léiríonn a bhfuil sa litir agat, dar liom, cé chomh lag is atá Acht na dTeangacha mar uirlis chun cearta phobal na Gaeilge agus cearta an tsaoránaigh aonair le Gaeilge a chosaint…Cén t-ord luachála a chuireann lucht dréachtaithe Achta i bhfeidhm chomh fada is a bhaineann le Gaeilge? Mar shampla: an gcuirtear éascaíocht oibre na Státseirbhíse mar atá i láthair na huaire chun tosaigh ar feabhas a chur ar chumas na Státseirbhíse céanna oibriú trí Ghaeilge? An gcuirtear costas earcaíochta chun tosaigh ar inmhianaitheacht seirbhíse trí Ghaeilge? An gcuirtear éileamh poiblí chun tosaigh ar chearta absalóideacha teanga? An gcuirtear an status quo chun tosaigh ar nuálaíocht?...”

Tá cead tugtha ag scríbhneoir na litreach seo í a chur faoi bhur mbráid ina hiomláine agus más mian libh is féidir liom í a chur ar aghaidh chuig an gCléireach.

"...ní deirtear sa mBille leasaithe cé a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an phlean do sholáthar seirbhísí stáit a bheidh le hullmhú ag an gCoiste Comhairleach. Gan a leithéid a bheith ann, d’fhéadfadh éiginnteacht mhór a bheith ann amach anseo faoi cé air a dtiteann an fhreagracht go gcuirtear an plean i bhfeidhm."
Is léir go bhfuil cumas an Stáit seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil ar bhonn sásúil ag brath ar líon leordhóthanach foirne le Gaeilge a bheith ann chuige sin. Fáiltím, mar sin, roimh an sprioc inmholta sa mBille leasaithe go mbeadh dualgas reachtúil ann a chinntiú gur cainteoirí Gaeilge iad fiche faoin gcéad d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí. Tá sé tábhachtach, áfach, go mbeadh muinín ag an bpobal go gcloífear leis an sprioc sin taobh istigh den tréimhse fhada ama, deich mbliana, atá curtha ar fáil chuige sin agus go dtabharfaí barántas nach gcuirfí an sprioc sin siar arís agus arís agus arís eile.

Is cinnte go mbeidh sé dúshlánach sprioc ghinearálta 20% a bhaint amach in earnálacha áirithe agus caithfear tabhairt faoin obair ar bhealach eagraithe, pleanáilte. Dírítear sa mBille ar Choiste Comhairleach a bhunú chun plean a ullmhú do sholáthar na seirbhísí poiblí. Tá an Coiste Comhairleach le bheith comhdhéanta den chuid is mó d’ionadaithe ón earnáil phoiblí. Arís, le muinín an phobail a chothú, ba chóir comhdhéanamh níos leithne a bheith ar an gcoiste sin.

Níos tábhachtaí fós, sílim, ní deirtear sa mBille leasaithe cé a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an phlean do sholáthar seirbhísí stáit a bheidh le hullmhú ag an gCoiste Comhairleach. Gan a leithéid a bheith ann, d’fhéadfadh éiginnteacht mhór a bheith ann amach anseo faoi cé air a dtiteann an fhreagracht go gcuirtear an plean i bhfeidhm. Maidir leis an bplean féin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí freastal inti ar riachtanais phobal na Gaeltachta. Tá molta agam go rialta foráil a chur sa mBille le cinntiú gur oifigigh stáit le Gaeilge a bheidh lonnaithe sa nGaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantair shainiúla aitheanta sin. D’fhéadfaí, mar shampla, sainriachtanais phobal na Gaeltachta a thabhairt san áireamh sna caighdeáin teanga a leagfar amach faoi scáth an phlean.

Fáiltím roimh an bhfeidhm bhreise do m’Oifig atá leagtha síos sa mBille nua, is é sin gur féidir faireachán a dhéanamh ar fhorálacha in achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúla. Tá os cionn céad píosa reachtaíochta ann a d’fhéadfadh teacht faoi scóip obair faireacháin na hOifige de thoradh an leasaithe seo – an tAcht Craolacháin, an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, agus an tAcht Oideachais, gan ach cúpla ceann a lua. Roimhe seo is i bhfoirm imscrúdú amháin a d’fhéadfainn aghaidh a thabhairt ar aon sárú féideartha.

Tá iarracht déanta sa mBille nua dul i ngleic leis na fadhbanna aitheanta ó thaobh reachtaíocht teanga de. Táimid tagtha chomh fada anois, agus ag fanacht chomh fada, ba thrua go mór gan cur leis an méid atá geallta. Teastaíonn níos mó cinnteachta a chur faoin sprioc cainteoirí Gaeilge a earcú, breis ionchuimsitheachta a chinntiú i gcás an Choiste Chomhairligh agus an fhreagracht a shoiléiriú ó thaobh chur i bhfeidhm an phlean.

Tuarascáil Bhliantúil - Léargas Ginearálta. 
Tugadh cuireadh dom anseo inniu chun phríomhthorthaí mo Thuarascála Bliantúla agus mo Thuarascála Faireacháin, 2019 a chur in bhur láthair.

Tá cur síos sa Tuarascáil Bhliantúil ar na himscrúduithe a cuireadh i gcrích le linn na bliana 2019. Bhain an ceann is suntasaí díobh sin le Comhairle Contae Chiarraí.

Ba é seo an chéad uair a tionscnaíodh imscrúdú faoi fhoráil de chuid an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000. Leagtar síos san Acht sin nach mór d’údaráis phleanála a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram cuspóirí a áireamh ina bplean forbartha contae a bhaineann le cosaint oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta. Léiríodh san imscrúdú gur sháraigh Comhairle Contae Chiarraí an reachtaíocht sin nuair nár chuir sí i bhfeidhm coinníoll teanga a cheangail an Bord Pleanála de chead pleanála a deonaíodh d’fhorbairt tithíochta i mBaile an Fheirtéaraigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Is den riachtanas é go gcuirtear i bhfeidhm mar is ceart an fhoráil reachtúil seo mar gheall ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar inmharthanacht na teanga má thagann ardú ar líon na ndaoine nach cainteoirí Gaeilge iad sna pobail a bhfuil an Ghaeilge i réim iontu go fóill.

Mhol mé go n-ullmhódh agus go mbunódh an Chomhairle Contae nósanna imeachta a bheidh le leanúint in aon chás ina gceanglófar coinníoll teanga de chead pleanála le haghaidh forbairt tithíochta sa nGaeltacht. Mhol mé, chomh maith, go gcuirfeadh Comhairle Contae Chiarraí m’Oifig ar an eolas maidir le haon chead pleanála a dheonófar i nGaeltacht Chiarraí go ceann cúig bliana i dtaca le hiarratais mhóra phleanála. Tá an faireachán atá á dhéanamh ag m’Oifig ar chur i bhfeidhm mholtaí an imscrúdaithe leanúnach, agus tá mé sásta leis an gcomhoibriú atá faighte ag m’Oifig ó Chomhairle Contae Chiarraí.

Faireachán
Is feidhm eile de mo chuidse, mar Choimisinéir Teanga, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla. Chomh fada siar le 1925 dúradh i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, chun an dochar a dhéantar do stádas na Gaeilge sa nGaeltacht ag feidhmeannaigh stáit gan Ghaeilge a thuiscint, nár ghá ach stáisiún de chuid an Gharda Síochána a shamhlú, lán de chomhaltaí gan Ghaeilge i lár ceantair Gaeltachta.

Tá cuntas i dTuarascáil 2019 ar an bhfaireacháin a rinneadh ar chur i bhfeidhm moltaí a bhí déanta in imscrúdú a rinne mo réamhtheachtaí, Seán Ó Cuirreáin, in 2011 inar léiríodh gur sháraigh an Garda Síochána foráil de chuid Acht an Gharda Síochána. Bhain an fhoráil sin lena chinntiú, an oiread agus is féidir, gur comhaltaí den Gharda Síochána atá inniúil sa nGaeilge a bheidh ar stáisiún i ndúiche ina bhfuil limistéar Gaeltachta.

Rinneadh moltaí san imscrúdú sin a raibh d’aidhm acu a chinntiú gur Gardaí atá inniúil sa nGaeilge a bheadh ar dualgas sna stáisiúin sa nGaeltacht. In ainneoin teagmhálacha leanúnacha m’Oifige, níos mó ar an ábhar seo ná le haon chomhlacht poiblí eile maidir le cur i bhfeidhm moltaí imscrúdaithe riamh, níor cuireadh i bhfeidhm mar is ceart moltaí an imscrúdaithe sin. De réir na faisnéise a cuireadh ar fáil anuraidh ní raibh inniúlacht sa nGaeilge ach ag tuairim agus trian de chomhaltaí an Gharda Síochána atá ar stáisiún sa nGaeltacht.

I gcás ina measaim nár cuireadh moltaí imscrúdaithe i bhfeidhm go cuí laistigh d’achar réasúnta ama, is féidir liom tuarascáil ar an ábhar a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Tá chuile chosúlacht ar an scéal gurb é sin an t-aon rogha a bheidh os mo chomhair amach maidir leis an ábhar seo.

COVID-19
Tá an tír seo, fearacht an chuid eile den domhan, i ngreim ag géarchéim de bharr phaindéim COVID-19. Tá seirbhísí stáit ag tabhairt a n-aghaidhe ar dhúshláin mhóra san am i láthair agus soláthar á dhéanamh do riachtanais agus leas an phobail.

Is i gcúinsí den chineál seo a fhaighimid léargas éigin ar a dhaingne agus atá reachtaíocht atá dírithe ar chearta – ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla – fréamhaithe i gcórais riaracháin an Stáit.

Maidir leis na gearáin a d’fhiosraigh m’oifig, a bhain bealach amháin nó bealach eile leis an bpaindéim, feictear dom téama coitianta i gcuid de na freagraí a tugadh: go mb’éigean gníomhú go práinneach agus, i gcúinsí fíoreisceachtúla na géarchéime sláinte, cinneadh an dualgas reachtúil teanga a chur i leataobh, é a chur ar atráth, nó níor tugadh aird ar an dualgas sin toisc go gcuirfeadh sé moill ar an ngníomh a chur i gcrích.

Dá nglacfaí leis nach raibh dlite ar chomhlacht poiblí na seirbhísí seo a chur ar fáil go dátheangach ar an údar nárbh acmhainn dó sin a dhéanamh gan moill a chur leo, d’fhéadfaí a fhorléiriú as sin nuair ba thábhachtaí agus ba phráinne an tseirbhís nó an chumarsáid, gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í.

Críoch
Mar fhocal scor agus chun filleadh ar an bpríomh chúis go bhfuilim i bhur láthair anseo inniu, sé sin chun labhairt faoin leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, is cinnte go mbeidh go leor cainte idir seo agus achtú an Bhille faoi chéard atá indéanta agus céard nach bhfuil. Ba chóir, dar ndóigh, ag chuile staid den phróiseas seo, go bhféachfaí́ i gcónaí le freastal ar riachtanais phobal na teanga agus a gcearta, ag cur san áireamh stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus mar chéadteanga oifigiúil na tíre.

@Ceartateanga @aosnodaigh @OireachtasNews 

Share/Save/Bookmark

17.10.20

Deireadh le támáilteacht agus méarfhadachas?

Baineadh ardú €17.6m amach sa cháinaisnéis don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. 

Cinnte ba ardú an-suntasach don Ghaeltacht é a bhí ann. Cé go bhfuil sé go maith go bhfuil tús curtha le ciorruithe ar Fhoras na Gaeilge ó 2008 a aisiompú, tá obair mhór fós le déanamh leis an sprioc i leith maoiniú an Fhorais,  maoiniú, láidriú agus daonlathú an Údaráis, agus do na tionscadail aontaithe sa phlean infheistíochta, a bhaint amach. 

Is fiú a rá chomh maith gur baineadh €8m amach don Údarás agus €1.9m amach do TG4 mar airgead aon-uaire i mbliana chomh maith. Ta an-mholadh ag dul do gach duine páirteach sna fheachtais éagsúil, go háirithe iad siúd páirteach i SEAS an Chonartha agus/nó a rinne teagmháil lena polaiteoirí ó 2016, leis an airgead seo a bhaint amach. Agus cé go bhfuil buíochas ag dul do na hAirí, na polaiteoirí agus do na daoine sna húdaráis a rinne gníomh ar son ár n-éileamh chomh maith ní an ach tús - go fiú tús mall!

Dúirt Cathaoirleach ar an gCoiste Gaeltachta & Gaeilge an Oireachtais, Aengus Ó Snodaigh,   gur caitheadh “go dona leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht trí chéile” i gcomparáid le réimsí eile." (Tuairisc.ie 14/10/2020)  Tá sé deacair easaontú leis go mór mór nuair a deintear comparáid leis an méid atá á infheistiú ag Rialtas na hÉireann sna ceantair Ghaeltachta agus an teanga sa Bhuiséad seo leis an méid a bhí roinnte leo roimh 2008.

Deireadh ré?
Dúirt an céad Coimisinéir Teanga sular éirigh sé as 2014 go raibh gach cosúlacht go raibh "an teanga á ruaigeadh ar leataobh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán poiblí?"  (Fochoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 23/1/2014)

Bhí alt son Irish Times i 2015 (Mapping the State 21/11/2015 i mBéarla) eile ina dúradh "Even though (Arts, Heritage and the Gaeltacht) is really important in terms of national profile, in terms of funding, the drop since the recession might suggest that is not as important as other aspects.”

Bhuil an dearcadh sin athraithe? 

Fós ar an imeall?
Tá fáilte roimh an tús seo agus tá súil again gur tús atá ann agus nach mbeadh gá ag lucht na Gaeilge a rá go deo arís mar a dúirt Seosamh Mac Donnchadh tráth: “Níl againn ach fo-rannóg ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta – fo-rannóg de roinn atá mór agus ilghnéitheach...Agus tá an fho-rannóg sin lonnaithe i bhfad ó lár na cumhachta (thiar sna Forbacha i gConamara); tá siad ag bun an tslabhra cumhachta inmheánaigh laistigh dá Roinn féin; agus tá an mháthair-Roinn atá acu ag bun an tslabhra cumhachta lena mbaineann na Ranna Stáit i gcoitinne, rud a fhágann gur deacair di mórthionchar a imirt ar cheapadh polasaí ná ar fheidhmiú polasaí na Rann eile sin a bhfuil ról lárnach acu i bhfeidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge...”

Sílim nach bhfuil ann ach deireadh leis an dtús.  An chúis dóchais é go dtógfar caisleán mór dár bhféiniúlacht ar an mbunús seo agus go bhfuil deireadh leis an támáilteacht agus an méarfhadachas?

Moill, moilliú nó stopadh? Torthaí thaighde an Choimisinéara ar pholasaí Rialtas i leith na Gaeilge. (3/9/2013)


Share/Save/Bookmark

12.10.20

Sásta agus níos saibhre!

 Fuair mé litir "Dear Eoin," ó Electricity Ireland. Tá mé mar custaiméir leo le fada mar siad an t-aon dream a chuireann bille i nGaeilge chugam. Bhí an litir go hiomlán i mBéarla áfach.

Mar is gnáth dom  scríobh mé chucu ag gearán nach raibh an litir i nGaeilge agus mar is gnáth liom, chuir mé cóip de chuig an Coimisinéir Teanga. Sin nós atá agam nuair a fhaighim chomhfhreagas ó comhlucht poiblí nó ó roinn stáit. 

Scríobh mé chucha agus ar ball, gan mórán mhoill caithfidh mé a rá, fuair me freagra deas uatha.

Chuir mé cóip den fhreagra chuig an Coimisinéir Teanga agus tá mé €40 níos saibhre!

Is fiú gearán a dhéanamh!


Share/Save/Bookmark

6.10.20

Meas Oifige an Tánaiste!

Scríobh mé teachtaireacht chug an Tánaiste faoin méid a dúirt sé ar chlár teilifíse aréir. Mar is gnáth scríobh mé sa Teanga Náisiúnta agus seo a fuair mé mar admháil óna Rúnaí.

Teachtaireacht simplí. 

Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga tráth "Bíodh is go bhfuil muid imithe i dtaithí ar an gcur chuige sin ní shin le rá go bhfuil sé ceart!"


@ceartateanga, 
@LeoVaradkar

Share/Save/Bookmark

11.8.20

An Dara Tuarascáil Faireacháin foilsithe ag an gCoimisinéir Teanga.

Ní gceadaítear don gCoimisinéir Teanga ach faireachán a dhéanamh ar fhorálacha a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla.

Acoimre

Creideann sé go mba chóir aghaidh a thabhairt air seo agus Bille nua na dTeangacha Oifigiúla á achtú. Fágann an staid reatha nach bhfuil ar a chumas faireachán réamhghníomhach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm aon fhorálacha a bhaineann le stádas ná le húsáid teanga oifigiúla atá in aon achtachán eile amhail an tAcht Oideachais, 1998, an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 agus an tAcht Craolacháin, 2009.

Is i bhfoirm imscrúdaithe amháin is féidir leis aon neamh­chomhlíonadh a líomhnaítear a fhiosrú i láthair na huaire.

Mar sin foilsíonn a oifig an dara tuarascáil faireacháin ó bunaíodh í. Tá gearrchuntas le fáil ar an obair faireacháin i dTuarascáil Bhliantúil na hOifige agus leanfar le heolas achomair a chur ar fáil ar an mbealach sin feasta. Tá cúntas ar an gcéad ceann anseo: Tuarascáil Faireacháin 2018.

Tá cuntas sa tuarascáil ar an obair a cuireadh i gcrích i leith na réimsí oibre seo a leanas a aithníodh mar thosaíochtaí faireacháin don bhliain 2019  -
• Cur i bhfeidhm moltaí imscrúduithe
• Úsáid na dteangacha oifigiúla ar chomharthaíocht ag
suíomhanna oidhreachta
• Gealltanais teanga de chuid ceithre Bhord Oideachais agus Oiliúna
• Úsáid na dteangacha oifigiúla ar chomharthaíocht in ollscoileanna faoi scáth Ollscoil na hÉireann
• Suíomhanna gréasáin na n­údarás áitiúil
• Gealltanais Ghaeltachta na n­údarás áitiúil
• Gealltanais teanga Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
An Garda Síochána
Níl ach 35 Garda le Gaeilge lonnaithe i stáisiúin Ghaeltachta de réir chóras féinmheasúnaithe na heagraíochta. Sin as 99 Garda san iomlán atá ar stáisiún sa Ghaeltacht. Deir an Coimisinéir TeangaRónán Ó Domhnaill gur léir anois nach bhfuil moltaí imscrúdaithe a rinneadh in 2011 ar an ábhar seo curtha i bhfeidhm mar ba chóir.

Agus Tuarascáil Faireacháin Oifig an Choimisinéara Teanga don bhliain 2019 á seoladh aige inniu, dúirt an Coimisinéir Teanga, “...is cosúil go bhféadfadh sé gurb é an toradh a bheidh ar an easpa dul chun cinn seo ná tuarascáil ar an ábhar a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Sin de réir an dualgais atá leagtha orm nuair nach gcuirtear moltaí atá in imscrúdú i bhfeidhm tar éis achar réasúnta ama. Ba dheacair a áitiú nach bhfuil achar réasúnta ama caite ó rinneadh moltaí in imscrúdú in 2011 maidir leis an nGarda Síochána ag comhlíonadh a ndualgas faoi Acht an Gharda Síochána gur Gardaí le Gaeilge atá ar stáisiún sa Ghaeltacht, a mhéad is atá sin indéanta."

Comharthaí
(Tuairisc.ie) Léirítear sa Tuarascáil Faireacháin chomh maith go raibh 75% de na comharthaí ag na 10 n-ionad oidhreachta a scrúdaíodh ag cloí le riachtanais na reachtaíochta, ach go raibh os cionn 40% de na comharthaí in ollscoileanna faoi scáth Ollscoil na hÉireann i mBéarla amháin.

Suíomhanna Gréasáin
Scrúdaíodh suíomhanna gréasáin de chuid na n-údarás áitiúil, scéimeanna teanga na mBord Oideachais agus Oiliúna agus seirbhísí idirghníomhacha Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim chomh maith mar chuid den iniúchadh.

Acht na dTeangacha Oifigiúla arís...
Dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh súil aige go gcuirfeadh an láidriú atá geallta a dhéanamh sa Chlár Rialtais ar Acht na dTeangacha Oifigiúla deireadh leis an gconstaic atá ar fhaireacháin gníomhach a dhéanamh ar aon fhoráil in achtacháin eile a bhaineann le húsáid na Gaeilge, amhail an tAcht Oideachais, an tAcht um Pleanáil agus Forbairt agus an tAcht Craolacháin, 2009. Is trí imscrúdú amháin is féidir leis an gCoimisinéir aon neamh-chomhlíonadh a líomhnaítear a fhiosrú i láthair na huaire.


Share/Save/Bookmark

18.7.20

(Eas)Aontú

19 Iúl 2020: Ó scríobhadh é seo fuair mé teachtaireacht neodrach ag miniú go raibh deachrachtaí ag Aontú agus iad ag dearadh an suíomh. Tuigim san ó mo thaithí féin go mór mór nuair is rud nua atá ar siúl nó á dtosnú. 

I gcás Pairtí Nua go h-áraithe tá cúrsaí eile ag chuir isteach ar fhoilsiú shuímh - cursaí chaighdeáin agus chosaint poiblí (Coimisiún um Chaighdeán Poibli, GDPR agus eile). Ar bharr ar sin ní raibh mórán cumhacht ar an dearadh féin ar dtús acu. Bhí an iarracht á bhainistiú ag oibreoirí deonach chomh maith agus ba cosúil narbh é chúrsaí teanga mar príomh chloch ar a bpaidrín! Anois áfach, agus le déanaí, is cosúil go bhfuil chúrsaí faoi phroifisiúnaigh acu. Is dócha gur b'shin a bhí i geist ag Peadar Tóibín nuair a dúirt se, "Tá muid beagnach ann. Tá go leor obair idir láimh againn ar an dtogra seo."

Bíodh sin mar atá sílim go bhfuil an chuid den fhirinne sa mhéid a scríobh mé inné

Feicimíd!

Fuair mé freagra ó Pheadair Tóibín ar giolch a chuir mé ar líne tar éis fógra de chuid Aontú ag déanamh bolscaireach don díospóireacht a bhí le bheith ar Facebook idir é féin agus Éamon Ó Cuív a fheiscint. Bhí an fógra i mBéarla ar fad. Rinne mé tagairt do san i ngiolch le focal géar ó an Teachta Dála Catherine Connolly anuireadh. "Tá an teachtaireacht ag dul amach ... má tá rud tabhachtach le rá abair i mBéarla é!" (Coiste Oireachtais Samhain 2019). Seo mar a fhreagair Peadair Tóibín é:


Ar an deichiú lá Iúl rinne an Tóibíneach oráid tabhachtach sa Dáil faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus an dímheas ar "luachmhaireacht" na teanga. Chuir a Pháirtí giolch den oráid ach bhí an giolch féin i mBéarla. Chuaig mise chuig suíomh an Pháirtí agus bhí cineál íontas orm nach raibh aon phíosa de sa Teanga Náisiúnta. Luaigh mé sin i ngiolch, "Má tá an teanga chomh luachmar sin cén fáth nach n-úsáidtear ar bhur suíomh í? - 'protect and nurture?'" D'fhreagair Peadair Tóibín féin mé an giolch sin "Tá muid beagnach ann. Tá go leor obair idir láimh againn ar an togra seo."

Tá mé ag ceapadh go bhfuil Aontú ar an saol le breis agus dhá bhlian go leith nó mar sin. Cé mhéid ama a thógann sé suíomh a dhearadh i nGaeilge? Mar a dúirt iar-choimisinéir teanga tráth, "...más fíor gur go mall a mheileann muilte Dé, is léir gur níos moille fós a mheileann muilte an státchórais, go speisialta i réimse na teanga." Nach cosúil go bhuil an galar áirithe seo (na moille) an-thógálach?

Nuair a bunaíodh Aontú cheap mé go mbeadh suim agam ann mar bhí fhios agam go raibh suim nach beag ag Peadair féin sa teanga. Nuair a bhí sé le Sinn Féin ba uarlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta é. Bhí mé ag cruinniú a bhí aige agus Trevor Ó Clochartaigh agus iad ar chamcuirt Gaeltachta a thug dóchas éigin dom. (Ait go leor d'ardaigh mé Bhéarla ar shuíomh Shinn Féin ag an gcruinniú sin!). Ar ndóigh taobh istigh de bhliain dibríodh an beirt acu as a bpáirtí ar chúis amháin nó ar chúis eile.

Nuair a bunaíodh Aontú bhí súil agam go mbeidh aitheantas á thabhairt ag an bPairtí dár dTeanga Náisiúnta. Bhí dóchas ann a cheap mé!

Irish Language!
Ach anois ní fheicim aon difríocht idir Aontú agus Páirtí ar bith eile ó thaobh na teanga de. Molann siad an teanga ach níl siad sásta í a úsáid (mar shmpla) ar na meán shóisialta. (Tá píosa ar an suíomh in nGaeilge faoin nGaeilge féin ach is píosa beag ar leathanach faoin ceann líne, "Irish Language".

Cé mhéid giolchanna atá curtha amach ag Aontú sa Teanga ó bunaíodh iad? Dá mba rud é go dteastaíonn dul isteach sa pháirtí ar line bheadh orm iompú ar an mBéarla - "Join us today!" Tá rial beag agam ó bhí mé 21 bliain d'aois (fadó ó shin) gan aon bhaint agam leis an stáit nó le haon pháirtí polaitíochta i mBéarla. Tá sé bunaithe ar rud a dúirt Heinrich Boell fadó: "Dá scríobhfainn in mBearla bheinn níos Sasanaí ná an Príomh Aire!"

Deireann Peadair Tóibín go bhfuilim "giota beag diúltach ar fáth éigin." Níl mé ag easaontú leis. Go dtí seo faraoir, níor thug Aontú, nó Páirtí ar bith eile, fáth le bheith dearfach ó thaobh chúrsaí teanga de!

Deirtear "Is beatha teanga í a labhairt". Nach beatha teanga í a scríobh ar líne, í a úsáid go poiblí sna meáin, í a labhairt taobh amuigh de na chúl seomraí?

Ar son na Gaeilge - mar dhea! (20/12/2010)
• An Coimisinéir ós comhair fochoiste stratéis 20 Bliain do Ghaeilge (23/1/2014)
Share/Save/Bookmark

27.5.20

Litir chuig na ceannairí!

Agus an conspóid faoi easpa seirbhís agus measa á dtaispeáint ag an Roinn Oideachas dár dteanga, cheap mé go mbeadh sé chomh maith agam an litir seo a roinnt. 

Chuir mé an litir chuig na Ceannairí agus Teachtaí atá ag idirbheartú agus ag airgóint le Rialtas nua a bhunú dúinn. Go dtí seo ní fhuair mé ach admháil amháin, ait go leor i mBéarla amháin ó ceannaire Fhianna Fáil - rud a insíonn a scéal féin!

Ar ndóigh sé an Roinn Oideachas a deireann go bhfuil siad ag "comhlíonadh na ngealltanas mar atá leagtha síos ina bplean forfheidhmithe faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar bhonn céimnithe agus córasach." sa tuairisc deireannach atá le fáil ar an suíomh acu. Nach bhfuil sé ait nach bhfuil aon tuairisc uatha ó shin ann?

26 Bealtaine 2020

A chara,

Tá súil agam go bhfuil cúrsaí ag dul ar aghaidh sna cainteanna le Rialtas nua a bhunú.

Tá an imní ormsa faoi chúrsaí teanga sa cheantair ina bhfuil cónaí ormsa, Conamara. Tá sé thar a bheith deachair seirbhís a fháil ón stáit nó ón gComhairle Áitiúil nó ó chuile Eagras Stáit nach mór sa Teanga Náisiúnta. Bíonn orm troid go láidir leis an ceart sin a fháil - ceadúnas tiomána mar shampla nó an carta nua seirbhísí poiblí nuair atá orm dul faoi agallamh. Ní luafidh mé an Córas Sláinte!

Agus sibh ag obair ar an gclár nua Rialtas tá sé tabhachtach go n-athnaíonn sibh gur géirchéim atá ann mar a dúirt an Coimisinéir Teanga ina thuairisc ar 2019 (agus i ngach tuairisc a scríobhann sé): “Tá géarchéim teanga sa Ghaeltacht mar atá agus mura gcloítear leis an dlí atá ann le cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht is amhlaidh gur in olcas a rachaidh an scéal….”

Mar sin tá sé tabhachta go mbeaidh Aire láidir Ghaeltachta ann, Gaeilge ar a toil aici agus tuiscint ceart ar a cúram agus a dualgas atá sásta é sin a chosaint i ngach cinneadh Rialtais. Is ceart go mbeadh go leor airgead le fáil ón stáit chiste don Ghaeilge agus don Ghaeltachta chomh maith (€20 milliún atá luaite ag saineolaithe). Chomh maith leis sin is ceart go mbeaidh atangaire i gcónaí ag an Dáil agus sa tSeanaid agus cluasaíní ag gach suíocháin ann.

Ceann de na dualgaisí a bheadh ag an tAire seo ná Bille láidir Teanga a chuir roimh an oireachtais. Sa bille sin is ceart go mbeadh trí phríomhleasú a bheadh "riachtanach chun bonn níos láidre a chur faoin Acht. Baineann na leasuithe sin le

(1) soláthar seirbhísí an Stáit sa Ghaeltacht,
(2) le hathruithe ar pholasaithe earcaíochta an Stáit agus
(3) le bunú córais caighdeán teanga a leagfaidh dualgas níos soiléire ar chomhlachtaí poiblí maidir le freastal ar an bpobal i gcéadteanga oifigiúil na tíre.” (TB2019 - Feabh 2020).

Is ceart go mbeadh meas ag an Roinn Oideacais agus an Aire Oideachais féin ar an dteanga i ngach léibhéal ón naíscoil, trén bhun- agus meán-léibhéil thus go dtí a tríú leibhéal.

Go n–éirí libh in bhúr n-obair tabhachtach ar son na tíre ársa seo.

Beir bua ónár nead thiar!


Eoin Ó Riain


Go gonta tá mé ag lorg ceithre rud agus sílim gur bun rudaí iad má tá an Rialtas dairíre agus is baolach nach raibh a leithéid againn ó aimsir Mhichíl Uí Choilleáin agus Éarnán de Blaghad 1920-1928
  • Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht líofa sa Ghaeilge. (Geallta ag cuid de na páirtithe atá ag caint anois)
  • €20m sa bhreis don Ghaeilge agus don Ghaeltacht
  • Bille na dTeangacha Oifigiúla 2019 a láidriú agus spriocbhliain, de 2030 ar a dhéanaí, a chur leis an bhforáil go mbeidh 20% de na daoine a earcófar san earnáil phoiblí amach anseo inniúil ar an nGaeilge
  • Polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an 3ú leibhéal
Go bunúsach mar dhuine tá mise ag súil leis an lá ina mbeidh mé in ann dul isteach le mo cheadúnas tiomána a athnúachan gan troid; nó go mbeinn in ann glaogh ar aon eagras riarachán nó comhlucht poibli agus gan an fhreagra "I'm sorry the person with Irish isn't in today...."


• Straitéis 20 bl: 6.1 RÉIMSÍ GNÍMH – OIDEACHAS


Share/Save/Bookmark

20.5.20

Ardú suntasach ar líon na ngearán

"Tá géarchéim teanga sa Ghaeltacht mar atá agus mura gcloítear leis an dlí atá ann le cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht is amhlaidh gur in olcas a rachaidh an scéal,” 


Sháraigh Comhairle Contae Chiarraí an dlí pleanála nuair nár chuir sí i bhfeidhm coinníoll teanga a bhí ag dul le cead pleanála do scéim tithíochta i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, de réir imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, gur “imscrúdú tábhachtach” a bhí anseo mar gheall ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ardú ar líon na ndaoine nach cainteoirí Gaeilge iad “ar thodhchaí na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht”.

“Tá géarchéim teanga sa Ghaeltacht mar atá agus mura gcloítear leis an dlí atá ann le cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht is amhlaidh gur in olcas a rachaidh an scéal,” arsa an Coimisinéir Teanga.

Siod í an chéad uair a rinneadh fiosrúchán maidir le foráil de chuid an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000. Tá eolas faoin imscrúdú sin le fáil i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga, a foilsíodh inniu.

De réir na tuarascála, tháinig ardú suntasach (11%) ar líon na ngearán a rinneadh le hOifig an Choimisinéara Teanga anuraidh. Dúirt an Coimisinéir Teanga gur léiriú é an t-ardú ar líon na ngearán ar na deacrachtaí leanúnacha atá ag daoine seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fháil.

Bhain formhór na ngearán le comharthaíocht agus stáiseanóireacht, freagraí i mBéarla ar chumarsáid i nGaeilge, comharthaí bóthair agus deacrachtaí maidir le húsáid ainmneacha agus sloinnte i nGaeilge.

"Ní raibh ar ár gcumas thart ar leath na ngearán a fhiosrú de bharr nár tháinig ábhar na ngearán sin, den chuid is mó, faoi chuimsiú Acht na dTeangacha Oifigiúla ná faoi chuimsiú aon achtachán eile a bhain le stádas nó le húsáid teanga oifigiúla." Léiríonn sé seo an géar ghá atá ann Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003 - 17 mbliain déag ó shin) a leasú.

In 2019 chomh maith (Mí Iúl), foilsíodh a chéad Tuarascáil Faireacháin ag an gCoimisinéir. Dhírigh sé ar an líon foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge i ranna rialtais, suíomhanna gréasáin na n-údarás áitiúil agus ar chomharthaíocht ag suíomhanna oidhreachta. Tá súil aige Tuairascáil nua a fhoilsiú sa Samhradh.

Tugtar uasdátú sa Tuarascáil Bhliantúil ar an bhfreagra a thug RTÉ ar chinneadh an Choimisinéara gur sháraigh RTÉ an dlí craolacháin maidir lena dhualgas i leith na Gaeilge agus 99.3% dá sceideal teilifíse i mBéarla amháin.

D’fháiltigh an Coimisinéir Teanga roimh ghealltanas a fuair sé ó RTÉ go dtiocfadh ardú suntasach ar líon na gclár Gaeilge a chraolfar ar chainéil teilifíse an stáisiúin i mbliana, ach dúirt sé go gcaithfí tuilleadh a dhéanamh chun a chinntiú go mbeadh a ndualgais teanga faoin Acht á gcomhlíonadh go hiomlán ag an gcraoltóir.

Leag an Coimisinéir Teanga béim chomh maith ina thuarascáil ar an ngá le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a leasú. Dúirt sé nach dtéann an Bille leasaithe a foilsíodh ag deireadh na bliana anuraidh i ngleic mar ba chóir leis an easpa seirbhísí Stáit atá ar fáil trí Ghaeilge. Tharraing sé aird chomh maith ar an scéala nach raibh sprioc-am luaite sa Bhille maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge a deirtear a earcófar sa tseirbhís phoiblí.
Share/Save/Bookmark