11.11.16

Lárnach dár bhféiniúlacht!

Seo cuid den méid a dúirt Taoiseach Éireann, Enda Kenny TD, ag oscailt oifigiúil Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh ar an 10ú Lá Samhain 2016.

“Tá sé oiriúnach go bhfuil muid ag oscailt an t-ionad seo inniu, ar an 10ú lá de mhí na Samhna. Ní haon chomhtharlú é, gurb é inniu lá breithe an Phiarsaigh, duine de cheannairí Éirí Amach 1916, chomh maith. Ní fhéadfá theacht ar bhealach níos fearr lena bhreithlá a cheiliúradh nó le hómós a thabhairt dó ná ionad cultúrtha nua a oscailt ina ainm ag an láthair seo, ag Teach an Phiarsaigh.

"Ní haon rún é go ndeachaigh teanga agus cultúr an cheantair i bhfeidhm go mór ar an bPiarsach nuair a tháinig sé anseo ar dtús i 1903 chun scrúdú Gaeilge a chur ar dhaltaí do Chonradh na Gaeilge. Chomh mór sin, go deimhin, gur shocraigh sé a chuid laethanta saoire gach samhradh, ó 1909 go dtí 1915, a chaitheamh anseo ag Teach an Phiarsaigh.”

“Dar ndóigh bhí ról lárnach ag Pádraig Mac Piarais mar réabhlóidí in imeachtaí Éirí Amach na Cásca 1916. Ach bhí róil tábhachtacha eile aige - mar oideachasóir, mar scríbhneoir agus mar ghníomhaí paiseanta ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.

"San ionad léirmhíniúcháin nua seo rinneadh chuile iarracht cur leis an léargas iontach a bhíodh á fháil ag cuairteoirí chuig Teach an Piarsaigh cheana féin. Tugann an t-ionad, freisin, léargas do chuairteoirí ar thábhacht na Gaeilge agus ar thábhacht chultúr na Gaeltachta mar thobar ár n-oidhreachta agus, dar ndóigh, is gnéithe iad seo atá chomh lárnach dár bhféiniúlacht sa lá atá inniu ann is a bhí le linn ré an Phiarsaigh.”

• Tuairisc ar an oscailt ag Tuairisc.ie: ‘An Ghaeilge chomh lárnach dár bhféiniúlacht inniu is a bhí le linn ré an Phiarsaigh’ – An Taoiseach (10 Samhain 2016)



Share/Save/Bookmark

7.11.16

Ardú meanma ó Bhríd Ní Neachtain!

Bríd Ní Neachtain a rinne an píosa seo agus ba é TG4 a chuir ar an aer é le déanaí. Ba í Niamh Ní Bhaoill a chum an script don fhíseán

Braoin Ó Braoin tár éis "an téacs mar a chuala mé é" a chuir ar a shuíomh ar an bhfeidhmchlár Facebook. 



Céard atá cearr linn ar aon chaoi?
An English Translation!

An bhfuil ár gcloigne sáite chomh fada sin suas ár gcuid tónacha nach dtuigeann muid go bhfuil an todhchaí tagtha cheana féin? An bhfuil ár dteanga caillte againn? Sin sin! Ró-mhall! Chaill muid an cath. Nó ar chaill?

An cath a bhí ann ar aon chaoi? Cé a dúirt gurb ea?

Nach mbeadh sé iontach a bheith in ann do theanga féin a labhairt is gan a bheith ag streachailt leis i gcónaí? Gan a bheith ag troid ar son cearta? Gan a bheith ag éileamh seirbhísí? Gan a bheith dod' chur féin soir leis? Gan a bheith go síoraí á cosaint? Nárbh fhearr i bhfad an t-airgead a chaitheamh ar ospidéil, nó bóithre, aon rud eile, deir siad linn. Níor chóir go mbeadh iachall ar dhaoine í a fhoghlaim ar scoil, dar leo. Iachall? Tá mé a cheapadh go bhfuair a chuile dhuine a chaith coicís saoire riamh i Sasana an "exemption". Seans go bhfaighinn féin ceann dá mbeinn á iarraidh.

Agus céard atá fágtha dóibh siúd atá ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge? Leagan chomh cúng, chomh bunúsach, chomh simplí gur ar éigin go bhfuil aon bhlas dár litríocht, dár bhfilíocht, dár saibhreas teangan fágtha chun go gcuirfeadh ár scoláirí aithne uirthi, go mbeadh deis acu titim i ngrá léi.

Tá sé i bhfad níos éasca gan a bheith i do ghaeilgeoir, gan aon dualgas ort foirmeacha dothuigthe a líonadh isteach ar líne, gan a bheith ag fanacht le "do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge", agus ar deireadh thiar thall nuair a fhaigheanns tú duine, nach mbíonn a fhios ag an diabhal bocht céard atá á rá agat?

Ba bhreá liom éirí maidin eicint agus nach mbeadh orm m'ainm a litriú go deo arís, nach gcuirfeadh éinne ceist orm "Cad é an béarla air sin?"

Gread leat! Is é m'ainm é! Is é an t-aon ainm amháin atá agam.

Ní ghéillfidh mise.

Is í mo theanga í!
Share/Save/Bookmark