17.1.23

Athru post don gCoimisinéir Teanga.

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD inniu go mbeadh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, le ceapadh mar Choimisinéir um Fhorbairt na Meán leis an rialálaí nua, Coimisiún na Meán.
Rónán Ó Domhnaill
I measc thorthaí oibre Oifig an Choimisinéara Teanga ó 2014 i leith, tá:
• Próiseas leasaithe monatóireachta chun faireachán bliantúil a dhéanamh ar dhualgais reachtúla teanga. 
• Imscrúduithe mórshuntasacha i gcroí-réimsí teanga amhail craoladh na Gaeilge ar RTÉ; polasaí na Roinne Oideachais maidir le soláthar oideachais lán-Ghaeilge; dualgas na n-údarás áitiúil maidir le gnóthaí pleanála sa Ghaeltacht;
• Tuarascálacha chuig Thithe an Oireachtais maidir le h-inniúlacht Ghaeilge chomhaltaí den Gharda Síochána sa Ghaeltacht agus an córas Eircode.
• Treoirlínte nua maidir le fógraíocht ag comhlachtaí poiblí;
• Tráchtaireacht chuimsitheach ar chur i bhfeidhm Scéimeanna Teanga agus Acht na dTeangacha Oifigiúl

D’fháiltigh Rónán Ó Domhnaill roimh fhógra an Aire Catherine Martin agus labhair sé ar thábhacht Oifig an Choimisinéara Teanga: “Onóir cheart chríochnaithe a bhí ann nuair a rinne Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, mé a cheapadh mar Choimisinéir Teanga ar an 12 Márta 2014. Beidh buíochas go deo agam ar an tacaíocht a thugann Oireachtas Éireann do m’Oifig i gcónaí.

“Tá bród as cuimse orm as an dúthracht mhór a chaith foireann m’Oifige le cearta teanga a chur chun cinn i measc an phobail ar bhonn leanúnach. Cuideoidh forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 le daingniú a dhéanamh ar chultúr agus cleachtas na gceart teanga san earnáil phoiblí.

“Is beart tairbheach é go bhfuil Coiste Comhairleach bunaithe ag an Rialtas chun Plean do Sholáthar Seirbhísí Stáit trí Ghaeilge a ullmhú: is cinnte go mbeidh obair an Choiste cinniúnach chun an sprioc 20% d’earcaithe nua sa tSeirbhís Phoiblí a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu a bhaint amach faoi 2030. Ardtosaíocht phráinneach náisiúnta atá ann, dar liom.

“Gabhaim buíochas ó chroí le foireann Oifig an Choimisinéara Teanga as a ndíograis ghairmiúil agus a gcuid saineolais. Fáiltím go mór roimh an deis leas earnáil na meán a chur chun cinn leis an rialálaí nua, Coimisiún na Meán, agus táim ag súil go mór le bheith ag obair le Cathaoirleach Feidhmiúcháin agus an bheirt Choimisinéirí eile ar Choimisiún na Meán.”

Scoirfidh Rónán Ó Domhnaill de bheith ina Choimisinéir Teanga nuair a rachaidh sé i mbun a chuid cúraimí nua i lár mhí Feabhra.

@CeartaTeanga @DeptCulturelRL #CeartaTeanga #NaMeáin


Share/Save/Bookmark