30.12.12

Aifreann beo ón nGaeltacht

Bíonn beo chraoladh ar an idirlín ó Séipéal Naomh Ainnín, Paróiste an Chnoic in Indreabhán le fáil anois. Chuireann Comharchumann Shailearna an seirbhís ar fáil tré chomhlucht MCN Media i mBeal Feiriste, agus tá an pictiúir agus an fhuaim an-shoiléar ann.

Séipéal an Chnoic
Gnáth Aifreann pharóiste a bhíonn á chéiliúradh chuile deireadh seachtaine agus chuile lá. An an nDomhnach tá an t-Aifrean á gcéiliúradh ag 11.00 ar maidin am na hÉireann agus ar an Sathairn ag 19.30 (7.30pm).

I rith na seachtaine bíonn sé ag a 19.00 ar an Luain agus ar an Aoine agus ag 10.00 ar maidin ar an Máirt agus an Daordaoin.  Uaireanta bíonn Aifreantaí ar siúil ag amantaí eile, le haghaidh socraide mar shampla.

Go bhfios dúinn sé seo an t-aon Aifreann Gaeilge a bíonn á chraoladh ar an idirlín go rialta!


Share/Save/Bookmark

6.12.12

Ciorraithe ar son na teanga? Céad amharc ar an gcáinfhaisnéis!

Airigead roinn na Gaeltachta laghdaithe €2,413,000 don bhliain seo chugainn ach "tacófaí leis an Straitéis 20 Bliain na Gaeilge!"

Dúirt an tAire Stáit Dinny McGinley go gcreideann sé go bhfuil soláthar dóthanach curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta, d'Oifig an Choimisinéara Teanga agus don Fhoras Teanga, lena n-áirítear Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, chun cur ar a gcumas a gcuid feidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh le linn 2013.

I bpreaseisiúint a foilsíodh inné ar an gcáinfháisnéis dúirt sé, "Cé go bhfuil cinntí crua le tógáil againn i gcomhthéacs an leithdháilte laghdaithe, tá sé i gceist agam na seirbhísí túslíne a chosaint oiread agus is féidir. Sa chomhthéacs sin, beimid ag cur béim níos mó ná riamh ar luach ar airgead a fháil ó allúntas an Státchiste."

Go bunúsach tá buiséad don Ghaeltacht agus do na hOileáin laistigh den Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ciorruithe de bhreis agus 4%, ó €35,853,000 go dtí €34,290,000 agus buiséad caipitil na Roinne seo don Ghaeltacht íslithe de 10% ó €8,927,000 go dtí €8,077,000.

Lean an Aire Stáit , "Agus Acht na Gaeltachta ina dhlí anois, tá sé i gceist againn tús áite a thabhairt don phróiseas pleanála teanga agus muid ag treabhadh ar aghaidh le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Dá bhrí sin, tá allúntas méadaithe de mhaoiniú reatha tugtha d'Údarás na Gaeltachta chun an próiseas pleanála teanga a chur i gcrích. Ina theannta sin, táim an-shásta go mbeidh an t-allúntas céanna ann do na seirbhísí iompair do na hoileáin."

Ach má scrúdaítear mionsonraí na cinntí sin is cosúil nach bhfuil an scéal chomh maith san.

Deireann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge áfach i ráiteas ar Buiséad 2013, "Tá buiséad don Ghaeltacht agus do na hOileáin laistigh den Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ciorruithe de bhreis agus 4%, ó €35,853,000 go dtí €34,290,000 agus buiséad caipitil na Roinne seo don Ghaeltacht íslithe de 10% ó €8,927,000 go dtí €8,077,000. 

Ach ná bíodh aon imní orainn faoin Stratéis 20 Bliain, "Luaitear i gcáipéisí an lae inniu freisin go dtacófaí leis an Straitéis 20 Bliain na Gaeilge agus go soláthrófaí na torthaí ar féidir a bhaint amach."

Maoín an Aire Stáit go bhfuil maoiniú tugtha d'Údarás na Gaeltachta, agus tá sin fíor ach nuair a smaoinítear nach bhfuil ach €6m le bheith acu i gcomparáid le €26m+ sé mbliain ó shin. Anuireadh bhí €5,938,000 agus tá €62,000 (páigh beirt stáit sheirbhíseach shoisearach) á thabhairt acu sa bhliain 2013.

Meabhraíonn urlabhraí Shinn Féin na Gaeltachta, an Seanadóir Trevor Ó Clochartigh, "Tá laghdú praiticiúil de €3m ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta, in ainneoin go bhfuil méadú de €30m curtha ar fáil d’Fhiontraíocht Éirinn, €12m don IDA & €1.5m do SFADCO.  Is léir ó na figiúir seo nach bhfuíl cothrom na féinne dhá thabhairt don Ghaeltacht sa réimse seo." I ráiteas a d'éisigh sé go déanach aréir (agus nach bhfuil ar shuíomh a pháirtí go bhfios dúinn), deireann sé, "Tá beagnach sé mhilliún déag euro bainte de bhuiséad na Gaeilge & na Gaeltachta ag Aire Stáit na Gaeltachta le dhá bhliain. Is ionann sin agus 16% den bhuiséad iomlán agus caillfear postanna dá bharr".

Go bhfios dúinn níor éisigh ionadaí Gaeltachta Fianna Fáil, Michael Kitt, ráiteas ar bith faoin mbuiséad seo.



Share/Save/Bookmark