"An bhagairt is cinnte agus is dainséarai do thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht...."
Bhí alt mhaith ag Conchubhar Ó Liatháin i nGaelscéal na Nollag faoin mbagairt is mó don Ghaeltacht agus saol na Gaeltachta dár leis. “Tá gluaiseacht na Gaeilge fós ag fidléireacht agus tinte á lasadh faoin bpobal teanga!” a deireann sé! Agus cad iad na tinte nach bhfuil aghaidh lucht na gluaiseachta tugtha dó? Na scoileanna! Tá sé fíor aige nach bhfuil rid ar bith ar shuíomh Conradh na Gaeilge faoi - ach i ndairíre ní fhéadfá "suíomh aighneachta" a thabhairt ar shuíomh mar an suíomh áirithe sin. D'fhéadfá a rá nach bhfuil a leithéad ag aon ghluiaseacht Ghaeilge nó Gaeltachta. (Tá sé foilsithe ar-líne anseo!)
"Tá líon mór scoileanna Gaeltachta ar liosta thargaidí na Roinne.
I mo cheantar féin, Múscraí, tá dhá scoil as seisear i gceist.
I gCiarraí, tá 13 as 14 i mbaol ag na ‘treoirlínte’ nua;
i nGaillimh tá 22 as 41 i gcontúirt agus
i Maigh Eo níl ach trí scoil as 24 slán.
I dTír Chonaill tá ocht scoil is fiche faoi bhagairt agus
tá dhá scoil as an trí cinn sa Rinn ar liosta thargaidí na Roinne.
Má dheineann tú do chuid matamaitice, tuigfidh tú go bhfuil beagnach leath de na scoileanna Gaeltachta sa bhearna bhaoil."
Bhí clár ar RTÉ inné faoin na hábhair a bhí á lorg ag an bpobal ar an idirlíon - an nuacht a bhí á lorg i rith 2011 (Béarla). Ar ndóigh níl an méid sin suíomhanna i nGaeilge le fáil ach tá siad ann! Rinne mé chuardach "Scoileanna Gaeltachta" - bain triall as - agus ar maidin inniú (29 Nol 2011) agus is beag tagairt d'fhadhb na scoileanna Gaeltachta atá ann ó ghluaiseacht ar bith! Is ceart dár ngluaiseacht a bheith "amuigh ansin" ag blagáil, ag agóid, ar facebook, ar twitter ar chuile diabhal meán sóisialta atá ann. Cuirtear réabhlóidí i gcríoch ansin!I mo cheantar féin, Múscraí, tá dhá scoil as seisear i gceist.
I gCiarraí, tá 13 as 14 i mbaol ag na ‘treoirlínte’ nua;
i nGaillimh tá 22 as 41 i gcontúirt agus
i Maigh Eo níl ach trí scoil as 24 slán.
I dTír Chonaill tá ocht scoil is fiche faoi bhagairt agus
tá dhá scoil as an trí cinn sa Rinn ar liosta thargaidí na Roinne.
Má dheineann tú do chuid matamaitice, tuigfidh tú go bhfuil beagnach leath de na scoileanna Gaeltachta sa bhearna bhaoil."
Tá an-chuid faoin gCoimisinéir agus an phlean deireadh a chuir len a oifig siúid. Tá sé sin tabhachtach gan aon amhras. Ach is beag tabhacht a bheidh ag Coimisinéir muna bhfuil pobal Ghaeltachta agus Gaeilge ann. Le bheith "féarálta" bhí agóid déanta roimhe seo i gcoinne tuairimí "Snip" Mhic Charthaigh i dtaobh chúrsaí oideachas i 2009 ag Guth na Gaeltachta! Ach is léir anois go n-aontaíonn an Roinn Oideachas le Mac Carthaigh!
Is ionsaí ar saol agus pobal na Gaeltachta an plean seo gach scoil beag sa Ghaeltacht a dhúnadh tré nascadh a dhéanamh le scoileanna móra. Ach baineann an scéal seo le níos mó ná an Ghaeltacht. Sa Chúradh Chonnachtach tá scéal a léiríonn cé chomh trom is a bheidh sé ar saol gach pharóiste ní hamháin sa Ghaeltacht ach i nGaillimh agus ar fud na tíre -"Fears for future of more than half of county’s small schools!" Breathnaigh ar an alt seo san Irish Times - "Save our small schools by applying good practice rather than cuts!" Agus é so i The Hidden Ireland! 90% of Gaeltacht Schools to close!
Thár n-ais chuig Conchubhair Ó Liatháin: "Mar gheall ar lofacht na mbaincéirí, na bhforbróirí agus míchumas agus mí-ionracas na haicme polaitiúla, tá éiric le díol ag ár bpáistí. Ní leor go mbeidh siad ag díol as an gcalaois ollmhór a deineadh orthu i gcaitheamh a saol oibre tré cháin, dhleachtanna is a leithéid, tá orthu tosnú anois agus iad fós ar scoil." Ar bhealach tá Rialtas na hÉireann ag díol fíor-shaibreas na tíre, Óige na hÉireann!
"Is léir ón méid atá le rá sa ráiteas a d’éisigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta (ní híoróin go dtí an teideal seo!) go bhfuil siad ag iarraidh na scoileanna beaga a dhúnadh agus níos mó páistí a bhrú isteach i scoileanna comhnasctha......An chosúlacht atá ar an scéal anois go bhfuil sé ina pholasaí ag an Roinn na scoileanna a dhúnadh le go múchfaí na pobail atá timpeall orthu...." Níos mó ná sin fiú "is cinneadh frith-oideachais é freisin – nó is fearr iad na scoileanna áitiúla chun oideachas a chur ar pháistí go háitiúil."
Is beag eagrais Gaeilge a léiríonn go dtuigeann siad an cinneadh seo! "...níl na mór-eagrais Ghaeilge tar éis ráitis a éisiúint nó agóidí a chur ar bun faoin gcinneadh seo de chuid na Roinne Oideachais." An t-aon eagrais go bhfios dom-sa a thuigeann an bagairt seo agus atá ag eagrú i gcoinne an cinneadh marfach seo, ESG - Eagraíocht Na Scoileanna Gaeltachta. Ach níl suíomh idirlíon acu! Tá an scéal ar Gaelscéal afach, "Scoileanna Gaeltachta i mbun feachtais in aghaidh ciorruithe!"
Nach ceart dúinn go léir dul taobh thiar den fheachtas seo ESG?
Mar a deireann Ciarán Dunbar in alt eile "an é atá i ndán don Ghaeilge ná í a bheith ina teanga chultúrtha amháin? Gan í a bheith beo mar theanga phobail agus theaghlaigh, gan í a bheith mar ‘chaitheamh aimsire’ ach oiread, ach mar rud éigin idir eatarthu - ach ní mar chéad teanga labhartha?"
Mairfidh an Ghaeilge mar teanga chultúrtha ach an mairfidh sí mar teanga bheo?