24.2.11

Bhí Enda ar RnaG inniú!

Bhí agallamh le hEnda Kenny ar Raidió na Gaeltachta ag 1.30 inniu. Ar an seó Athmhaidin inniu scaoileadh le cúpla líne den agallamh a bhaineann leis an nGaeilge mar chroí-ábhar Ardteiste.

Dúirt Enda Kenny "Ní chuirfidh sé deireadh leis an nGaeilge éigeantach nó go mbeidh an iniúchadh déanta agus beidh an iniúchadh bunaithe ar thaighde eolaíochta."

Tá tuairim ann go bhfuil dul chun cinn sa mhéad a bhí le rá ag Enda Kenny san agallamh agus tá sa mhéad is atá sé ag caint faoi thaighde eolaíochta don chéad uair. Ach is gá an t-agallamh a rinne sé inné ar Pat Kenny (tá tras-scríbhinn den agallamh) agus ar Raidió na Gaeltachta ar an 7 Feabhra a thabhairt san áireamh chomh maith. Bhí sé soiléir sa dá agallamh sin go bhfuil Enda Kenny chun an pholasaí seo a chur i gcrích beag beann ar na torthaí a bheidh ar an taighde seo nó aon chomhairliúchán. Mar sin, is í an cheist is tábhachtaí:

An mbeidh Enda Kenny sásta glacadh le pé moltaí a thagann as an taighde seo?

Is iad roinnt de na ceisteanna eile gur gá a fhreagairt chomh maith:
1.    An mbeidh COGG i gceannas ar an taighde eolaíoch a choimisiúnú agus a stiúradh nó/agus an comhairliúchán atá molta i bhforógra Fhine Gael a eagrú? (ag glacadh leis gurb í COGG an ionstraim rialtais is oiriúnaí de réir an Acht Oideachais agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030)

2.    Cén scála ama a bheidh i gceist?

3.    Cén critéir a bheidh ann sa taighde, i. an mbeidh múineadh agus foghlaim na Gaeilge sa chóras oideachais ina iomláine i gceist, i. ón mbunscoil go dtí an tríú leibhéal?
Beidh an moratorium meáin chumarsáide i bhfeidhm ó 2.00 i.n. inniu agus ní bheidh deis, mar sin, na ceisteanna seo agus ceisteanna eile a bheidh agaibh féin a chur ar Fhine Gael go dtí na seachtainí os ár gcomhair.

Pléifear na ceisteanna luaite thuas agus ceisteanna/moltaí agatsa ag an gcruinniú ar an Aoine, 11 Márta 2011, ag 14.00 i.n. san óstán Menlo Park i nGaillimh.  Is féidir leat do chuid moltaí a sheoladh ar aghaidh chuig Julian de SpáinnÉamonn Mac Niallais roimh an gcruinniú chomh maith más mian leat.

Share/Save/Bookmark

Litir don Eagathóir

A Eagarthóir, a chara,

Molann Enda Kenny an Ghaeilge a dhíbirt as croí an churaclaim ag leibhéal na hArdteistiméireachta. Nuair a fiafraíodh de conas a fheabhsódh laghdú ar a stádas comhdhaonnach na seansanna go slánófaí teanga atá i mbaol, d’fhreagair sé gur tuairim phearsanta aige é.

Ábhar buaileam sciath ag Fine Gael go bhfuil a gcuid polasaithe eile go léir bunaithe ar eolas agus ar thaighde. Ach níl eolas teoiriciúil ná impiriciúil ar fáil gur féidir teanga atá faoi bhagairt a shlánú, trí stádas sóisialta na teanga sin a ísliú le hais na teanga lena bhfuil sí ag iomaíocht.

Deir na húdaráis teangeolaíochta linn gur annamh a shealbhaíonn lucht labhartha teangacha ardstádais teangacha atá ar stádas íseal. Deineann daoine áirithe sin. D’fhéadfadh gur suim sa teanga, nó grá don chultúr a bhaineann léi, nó dílseacht náisiúnta nó áitiúil a spreagann iad. Dlúthchuid den iarracht teanga a chothú is ea na daoine sin, ach i bpobal ar bith is mionlach i gcónaí iad. Formhór na gcainteoirí ag a bhfuil teanga ardstádais, foghlaimíonn siad an dara teanga nuair a fheiceann siad go bhfuil an teanga sin riachtanach dá saol, agus dá spriocanna saoil. Má bhraitheann siad sin, is ardú stádais ann féin don teanga faoi bhagairt é.

Nasc beo idir sinne, na glúinte romhainn agus na glúinte atá le teacht is ea an Ghaeilge. Más mian le hÉireannaigh teanga shainiúil na hÉireann a bhuanú agus a athréimiú, caithfidh siad na tacaíochtaí comhdhaonnacha a cealaíodh de bharr concais a chur ar fáil. Ina measc san tá: seasamh bunreachtúil agus dlíthiúil na teanga; líon agus seasamh comhdhaonnach na ndaoine a bhaineann gnáthúsáid as an teanga; an méid a fheictear an teanga a bheith riachtanach san oideachas agus i ngach réim eile den saol comhdhaonna; an méid a úsáidtear an teanga i gcúrsaí rialtais agus riaracháin phoiblí; infheictheacht na teanga agus a húsáid sa chumarsáid phoiblí; gradam a cuid litríochta agus an chultúir a bhaineann léi, agus na feidhmeanna sóisialta is féidir a chomhlíonadh tríd an teanga.

Ó 1893, tráth a raibh an teanga ar an dé deiridh, tá sé mar chuspóir ag an ngluaiseacht náisiúnta sa chiall is leithne an Ghaeilge a shlánú agus a athréimiú; agus tá dul chun cinn suntasach déanta ag an nGaeilge de réir na slata tomhais réamhluaite. Ach i 1973, dúirt cuid den ghluaiseacht náisiúnta, Fine Gael, go mba mhór an cúnamh i leith an Ghaeilge a shlánú a stádas sa chóras stáit a ísliú. Chuireamar i gcoinne na tuairime sin, agus léiríomar dóibh, cheal tacaíochtaí agus idirghabhálacha láidre stádais, go ndíbreodh an teanga cheannasach an teanga ba laige laistigh de thamall gearr i bpobal ar bith. Mar atá fós á rá acu inniu, dúirt Fine Gael an uair sin gur raiméis a bhí sa chritic againne. Bhaineadar na tacaíochtaí stádais den Ghaeilge sa chóras riaracháin. Cén toradh a bhí air sin?

I nGaeilge ba mhó ar fad a reáchtáiltí an Roinn Oideachais tráth. Léiríonn taighde le deireanas go bhfuil níos mó ná 9% den daonra fásta a rugadh in Éirinn Líofa / An-Líofa i nGaeilge. Ach toisc gur bhain Fine Gael a stádas den Ghaeilge sa chóras riaracháin i 1973/75, tráth ar chuir siad dreasaithe áirithe deonacha ina áit sin, níl ach 1.5% d’fhoireann na Roinne in ann seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge anois. Seo sa Roinn Oideachais agus Scileanna, an ghníomhaireacht chultúir is cumhachtaí dá bhfuil ag an stát, ina bhfuil, is dócha, foireann ar ardchéim oideachais.

Is ar éigean a chothaíonn an toradh seo muinín i moladh Fhine Gael go n-isleofaí stádas na Gaeilge sa chóras oideachais dara leibhéal.

Is sinne,

Pádraig Mac Fhearghusa, uachtarán Chonradh na Gaeilge
Dáithí Mac Cárthaigh, iar-uachtarán
Séagh Mac Siúrdáin, iar-uachtarán
Tomás Mac Ruairí, iar-uachtarán
Gearóid Ó Cairealláin, iar-uachtarán
Áine De Baróid,
iar-uachtarán
Íte Ní Chionnaith, iar-uachtarán
Albert Fry, iar-uachtarán
Pádraig Ó Snodaigh, iar-uachtarán
Maolsheachlainn Ó Caollaí, iar-uachtarán
Cathal Ó Feinneadha, iar-uachtarán
Share/Save/Bookmark

18.2.11

Agus i gCorca Duibhne....

Bhí cruinniú mór i gConamara le déanaí, agus ceann eile i dTír Chonaill ar an gCéadaoin anois tá tuairisc againn ó Chorca Duibhne chun plé ar impleactaí pholasaí díultach  Fhine Gael i leith na Gaeilge.

D'eagraigh Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Conradh na Gaeilge agus Todhchaí na Gaeltachta an cruinniú chun deis a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta  i gCiarraí Theas buaileadh leis na hiarrathóirí don olltoghachán a bheidh ann ar an 25ú Feabhra.  D'fhreastal ceathrar (Fleming, Tom; Gleeson, Michael; Griffin, Brendan; O'Donoghue, John) as an deichniúr, chuir triúr (Healy-Rae, Michael; Moloney, Marie; Sheahan, Tom) ionadaí i láthair agus bhí leithscéal ó thriúr (Behal, Richard; Comerford, Oonagh; Finn, Dermot).  Seán Ó Cinnéide (Dún Chaoin, iar-Sheirbhís Oideachais Chiarraí) a bhí ina chathaoirleach agus d'fhreastal timpeall 200 duine ar an gcruinniú.

Thug Treasa Ní Mhainín, stiúrthóir ar Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, léargas ar an tionchur a bhéadh ag polasaí nua Fhine Gael ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht.  Mheas sí gur céim chun deiridh a bhéadh ann agus go ndéanfadh sé dochair don teanga sa tír ar fad agus go speisíalta sa Ghaeltacht. D'ardaigh sí ceisteanna bunreachtúla chomh maith le ceisteanna teangeolaíochta agus soceolaíochta nach raibh aon fhreagra orthu.

Ina dhiaidh sin, labhair gach iarrathóir nó ionadaí a bhí i láthair agus thugadar a ndearcadh féin ar an bpolasaí atá molta ag Enda Kenny.  Bhí gach duine, fiú amháin iarrathóirí Fhine Gael, i gcoinne aon athrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge san Ardteist agus léiriodar meas ar agus spéis sa Ghaeilge.

Bhí plé bríomhar on úrlár agus do bhí imní ar dhaoine maidir leis an bpolasaí ó Fhine Gael mar go raibh an cuma air gur polasaí pearsanta ó Enda Kenny a bhí ann gan mórán machnamh ná staidéar,  Baineann an Ghaeilge linn ar fad in Éirinn, sa Ghalltacht agus sa Ghaeltacht, agus ba cheart go ndéanfaí iarracht idir-pháirtí agus idir-phobail chun í a láidriú agus chaomhnú sna blianta atá ag teacht.

D'admhaigh na daoine i láthair go bhfuil gá le staidéar a dhéanamh ar an gcóras oideachais chun feabhas a chuir ar chumas na múinteoirí agus ar an modh múinte atá á chleachtadh ins na scoileanna.  Ní bhainfeadh san do stádas na Gaeilge ach ba cheart go gcuirfeadh sé le líofacht agus dílseacht an phobail i leith na Gaeilge.

Aontaíoch gur ceart feachtas leanúnach a bhunú chun an deis a thapú a bhí fachta ón diospóireacht ar pholasaí Fhine Gael agus gur ceart brú a choimead ar na hiarrathóirí anois agus ar an rialtos, agus ar an bhfreasúra níos déanaí, chun dul chun cinn na Gaeilge a choimead os chomhair an phobail.

Glacadh d'aon guth le rún ag cáineadh Enda Kenny as iarracht a dhéanamh deireadh a chur le stádas éigeantach don Ghaeilge san Ardteist, ach ag an am céanna ag moladh na tuairimí atá aige gur ceart ath-bhreithniú a dhéanamh ar a gcóras oideachais chun chur le meas, sásamh agus úsáid na teanga.  "Tír gan teanga, tír gan anam."
Share/Save/Bookmark

Cruinniú i dTír Chonaill

Bhí slua mór de 150 duine i láthair ag an chruinniú phoiblí a d’eagraigh Guth na Gaeltachta agus Coiste Mhná Tí Thír Chonaill sa Chrannóg i nGaoth Dobhair Dé Máirt, 15 Feabhra. Rinne Éamonn Mac Niallais cathaoirleach ar an chruinniú agus chuir sé tús leis go gairid i ndiaidh 7:00i.n. Mhínigh sé gurbh é príomhaidhm an chruinnithe plé a dhéanamh ar pholasaí Fhine Gael .i. deireadh a chur le stádas éigeantach na Gaeilge san Ardteist.

I ndiaidh dó na haoichainteoirí a chur in aithne: Dinny McGinley TD (Fine Gael), Pearse Doherty TD (Sinn Féin), An Seanadóir Brian Ó Domhnaill (Fianna Fáil), John Duffy agus Seán Ó Maolchallann (An Comhaontas Glas), thug Mac Niallais le fios go bhfuair sé leithscéal  ón Tánaiste Mary Coughlan agus ó Frank McBrearty (Páirtí an Lucht Oibre). Ina dhiaidh sin, léigh an cathaoirleach amach an ráiteas a fuair sé ón Chomhairleoir McBrearty. Bhí ábhar na litreach sin ag teacht le cuid mhór den phlé a bheadh le cloisteáil níos moille .i. cur i gcoinne pholasaí Fhine Gael!

Sular labhair na haoichainteoirí, thug Mac Niallais breac-chuntas ar an obair a bhí ar bun ag Guth na Gaeltachta ó bhí an cruinniú poiblí deiridh ann agus ar an ról neamhchlaonta a bhí sé ag glacadh mar ghrúpa tacaíochta neamhpholaitiúil, traspháirtí ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. Mhínigh sé tábhacht chriticiúil na hArdteiste i gcóras oideachais na hÉireann ina iomlán agus na himpleachtaí diúltacha a bheadh ag polasaí Fhine Gael ar ról na Gaeilge ar fud an chórais, ní hamháin ag leibhéal na hArdteiste. Dá gcuirfí an polasaí i bhfeidhm, bheadh todhchaí na gcoláistí samhraidh Ghaeilge agus inmharthanacht eacnamaíochta phobal na Gaeltachta go mór i mbaol. D’aontaigh Gráinne Mhic Géidigh leis an mhéid sin agus í ag déanamh ionadaíochta do na Mná Tí. 

Thug Seán Ó Maolchallann, agus é ag feidhmiú mar urlabhraí Gaeilge do John Arthur, breac-chuntas ar pholasaí  an Chomhaontais Ghlais i dtaca leis an Ghaeilge de. Chuir sé deireadh lena chuid cainte ag rá go raibh a bpáirtí 150% i gcoinne pholasaí Fhine Gael! Rinne Pearse Doherty TD tagairt don dóigh ar sheol Sinn Féin a chuid moltaí i leith na Gaeilge taobh amuigh de Cheanncheathrú Fhine Gael ní ba luaithe sa lá. Dúirt sé go raibh a pháirtí iontach go deo míshásta le polasaí Fhine Gael agus go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha eacnamaíochta ann do phobail Ghaeltachta dá gcuirfí i bhfeidhm é.

Dinny Mc Ginley
"míchompordach leis an
bpolasaí..."
Ba é Dinny McGinley TD an chéad chainteoir eile. Dúirt sé go mbeadh sé féin go pearsanta go mór in éadan aon rud a dhéanfadh dochar don Ghaeltacht nó don Ghaeilge. Mhaígh sé nár cuireadh ina luí air go fóill nach ndéanfadh an athrú polasaí seo dochar don Ghaeltacht nó don Ghaeilge ach go raibh sé ag fanacht le fáil amach cén toradh a bheadh ar an phróiseas taighde agus comhairliúcháin a gheall Éanna Ó Cionaoith. Dúirt sé afach go raibh neart gnéithe dearfacha ag baint le polasaí Fhine Gael chomh maith agus chuir sé béim ar a thiomantas pearsanta féin don teanga agus ar a chuid iarrachtaí Gaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir leis in imeachtaí na Dála. Dúirt sé go raibh sé féin míchompordach leis an pholasaí ach gur léirigh taighde ar nós an Staidéir Chuimsithigh Theangeolaíoch (2007) go raibh an Ghaeilge i mbaol báis mura ndéanfaí bearta radacacha.

Ba é an Seanadóir Brian Ó Domhnaill an polaiteoir deiridh a labhair. Thug sé achoimre ar an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas: TG4, Foras na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla, Stádas Oifigiúil agus Oibre san AE agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Dúirt sé go raibh a pháirtí dubh in éadan pholasaí Fhine Gael fosta agus, cosúil leis na cainteoirí eile, labhair sé faoin tionchar diúltach eacnamaíochta a bheadh ag a leithéid de pholasaí ar cheantair Ghaeltachta.

I ndiaidh cloisteáil ó na polaiteoirí uilig, chuir an cathaoirleach fáilte roimh cheisteanna ón urlár. Ba léir ón chéad chainteoir go bhfuil polasaí Fhine Gael ina cnámh spairne i measc phobal na Gaeltachta. Níor cuireadh fiacail ann!

D’éist na polaiteoirí le tuairimí an lucht éisteachta agus ní raibh dabht ar bith ar McGinley go bhfuil an pobal thar a bheith míshásta le polasaí Fhine Gael agus go bhfuil an-imní orthu fá dtaobh de. Iarradh ar an pholaiteoir sinsearach a mhíniú cén dóigh a ndearna a pháirtí a leithéid de chinneadh; an ndearna breithniú cúramach air nó an é gur cleas a bhí ann, dírithe ar vótaí a tharraingt i gceantair uirbeacha?

Mar pháirt den phlé agus caibidil, d’admhaigh McGinley nach ndeachthas i gcomhairle leis riamh ó thaobh cheapadh pholasaí Gaeilge Fhine Gael. Ní raibh sé ábalta a mhíniú ach an oiread cén taighde go sonrach a d’úsáid a pháirtí agus é ag ceapadh an pholasaí. Rinne McGinley iarracht fearg an lucht éisteachta a cheansú, ag rá go mbeadh sé ag súil go ndéanfaí comhairliúchán agus taighde mar is ceart sula ndéanfaí aon athrú ar stádas na Gaeilge.

D’iarr Éamonn Mac Niallais ar an Fheisire McGinley sampla iarrthóirí eile de chuid Fhine Gael a leanúint; chuir baill áirithe den pháirtí i nGaeltacht Chiarraí agus i nGaeltacht na Gaillimhe in iúl go hoscailte d’Éanna Ó Cionaoith go raibh siad in éadan an pholasaí seo. Cuireadh deireadh leis an chruinniú i ndiaidh an tseisiúin ceisteanna agus freagraí. Ghabh an cathaoirleach buíochas le gach duine a ghlac páirt sa díospóireacht agus d’impigh sé ar gach duine an achainí ar líne a shíniú in éadan pholasaí Fhine Gael. Lena chois sin, d’iarr sé ar gach duine ceist na Gaeilge a ardú leis na polaiteoirí uilig nuair a thiocfaidh siad a chuardach vótaí agus go bhfreastalódh siad ar an chéad chruinniú poiblí eile a bheadh ag na polaiteoirí leis an scéal seo a phlé arís (Féach thíos!)

Beidh cruinniú poiblí eile i nGaoth Dobhair oíche Luan seo ag teacht an 21 Feabhra ag a 8 a chlog in Ionad Dhobhair. Seo deis eile don phobal ceisteanna a chuir ar na hairrrthoírí áitiúla don toghchán. Féach preas raitéas thíos le haghaidh tuilleadh eolais.

Share/Save/Bookmark

16.2.11

Neamhspleach ar son na Gaeilge!

Ar na 31 iarratasóirí neamhspleácha a shínigh an litir bhí:
James Breen- An Clár
Sarah Ferrigan- An Clár
Pádraig O Sullivan- Corcaigh Thuaidh-Lár
Paul O Neill – Corcaigh Thoir
Mick Finn- Corcaigh Theas-Lár
Diarmaid Ó Cadhla  Corcaigh Theas-Lár
John Kearney –Corcaigh Thiar Theas
Michael O Sullivan- Corcaigh Thiar Theas
Michael Healy Rae- Ciarraí Theas
John Dillon- Luimneach
Séamus Sherlock-Luimneach
Dr. Ben Nutty- Port Láirge
Eamon Walsh- Gaillimh Thiar
Catherine Connolly – Gaillimh Thiar
Mike Cubbard – Gaillimh Thiar
Noel Grealish – Gaillimh Thiar
Michael Kilcoyne- Maigh Eo
Luke Ming Flanagan -  Ros Comáin-Liatroim Theas
John McDermott  - Ros Comáin-Liatroim Theas
Gabriel McSharry Sligeach-Liatroim Thuaidh
Cllr Seamus Treanor- An Cabhán/Muineachan
Caroline Forde – An Cabhán/Muineachan
Ian McGarvey – Dún na nGall Thoir-Thuaidh
Thomas Pringle- Dún na nGall Thiar-Theas
Stephen McCahill- Dún na nGall Thiar-Theas
Eugene Finnegan-Cill Mhantáin
Michael J Loftus- Baile Átha Cliath Thiar-Thuaidh
Maureen O’Sullivan- Dublin Central
Christy Burke- Baile Átha Cliath Láir
Cieran Perry- Baile Átha Cliath Láir
Raymond Whitehead- Baile Átha Cliath Theas

Tacaíonn Iarratasóirí neamhspleácha le Stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar ar shiollabas na hArdteistiméireachta
Léirigh iarratasóirí neamhspleácha don Olltoghchán 2011 a dtacaíocht don Ghaeilge i litir chuig eagarthóirí na nuachtáin náisiúnta agus réigiúnacha inniu.

D’eascair sé seo as staidéar ar mheon an phobail i leith na Gaeilge mar ábhar scoile, coimisiúnaithe ag Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Gaelscoileanna Teoranta agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus curtha i gcrích ag MRBI/IPSOS le déanaí.

Léiríonn torthaí an staidéir go bhfuil tacaíocht de 61% i bhfabhar na Gaeilge mar chroí-ábhar ag leibhéal na hArdteistiméireachta.

Chuir na hiarratasóirí neamhspleácha ó dháilcheantair éagsúla ar fud na tíre in iúl go gcreideann siad go bhfuil sé de cheart ag gach dalta scoile a dteanga náisiúnta a fhoghlaim.  Gheall siad a dtacaíocht iomlán don Ghaeilge mar cheann de chroí-ábhair na hArdteistiméireachta, agus go seasfaidh an Ghaeilge mar riachtanas iontrála do chúrsaí tríú leibhéal amach anseo.

Share/Save/Bookmark

Abair i gceart é a Cheannairí!

QuickGuide Irish Grammar seolta chuig ceannairí do dhíospóireacht TG4

Tá cóip de QuickGuide Irish Grammar seolta chuig Enda Kenny, Micheál Martin agus Éamon Gilmore don díospóireacht ar TG4 oíche Dé Céadaoin (16 Feabh). Beidh an treoir nua seo ina chabhair mhór dóibh agus iad ag iarraidh dul i ngleic le gnéithe éagsúla den ghramadach, go háirithe comhaireamh as Gaeilge, ar scil í nach bhfuil go maith as Béarla ag polaiteoirí le tamall anuas.

Is é QuickGuide Irish Grammar an chéad treoir den chineál seo in Éirinn agus déantar iarracht ann gramadach na Gaeilge a dhéanamh sothuigthe don phobal i gcoitinne, is cuma cén t-aoisghrúpa nó cúlra polaitiúil lena mbaineann siad. Cuirtear béim sa treoir neamhpholaitiúil seo ar an tábhacht a bhaineann le gramadach agus litriú maith, eg chomh tábhachtach is atá sé gan an síneadh fada in ‘Fianna Fáil’ a fhágáil ar lár.

Seoladh an treoir chuig gach ceannaire polaitíochta agus chuig Dan Boyle, a dúirt sa Seanad le déanaí: “My concerns about making a speech like this in Irish are that issues such as tenses, plurals, the use of pronouns, the way the Irish language puts in letters just for the sake of it a lot of the time.” Tá súil ag Gaelchultúr go gcabhróidh an treoir seo le polaiteoirí a gcuireann forainmneacha agus aimsirí mearbhall orthu de ghnáth.

Is áis atá an-éasca a úsáid é QuickGuide Irish Grammar ina ndírítear ar na príomhghnéithe de ghramadach na Gaeilge. Cuireann an dearadh nuálach agus an scéim dathanna ar chumas an úsáideora eolas a aimsiú go tapa, agus beidh na míniúcháin shoiléire sholéite ina gcabhair mhór dóibh siúd a úsáideann an Ghaeilge go rialta agus ag lucht foghlama na teanga araon. Is féidir QuickGuide Irish Grammar a cheannach ar www.siopa.ie.

Foilsíodh QuickGuide Irish Grammar i mí Eanáir agus is é an táirge is mó díol é atá ag Gaelchultúr.
Share/Save/Bookmark

14.2.11

An feachtas! Mar atá anois!!!

Déanta:
1.    Bhí thar 200 i láthair ag cruinniú poiblí a d'eagraigh CONCOS i nGaillimh an Chéadaoin seo caite faoi pholasaithe Gaeilge na bpáirtithe don toghchán.  Léiríodh míshástacht láidir maidir le polasaí Fhine Gael ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge san Ardteist.  D'aontaigh na hiarrthóirí Fhine Gael a bhí i láthair, Sean Kyne agus an Seanadóir Fidelma Healy Eames ar iarratas a dhéanamh ar Enda Kenny bualadh le toscaireacht (is féidir tuairisc ar an gcruinniú agus eolas ar thaighde Chomhar na Múinteoirí Gaeilge a fheiceáil)

"Creidimid má dhéanaimid athchóiriú ar an mbealach ina múinimid an Ghaeilge go spreagfar níos mó scoláirí chun staidéar a dhéanamh ar an teanga agus chun í a úsáid taobh amuigh den chóras oideachais. Creidimid nár chothaigh an Ghaeilge éigeantach fás na teanga nó grá don teanga. Déanfaimid athchóiriú ar an gcuracalam dara leibhéal agus scrúdóimid go criticiúil an tionchar atá ag na modhanna oiliúna do mhúinteoirí atá i bhfeidhm i láthair na huaire. Ní bheidh an Ghaeilge mar ábhar roghnach go dtí go mbeidh cainteanna ar an dá ábhar tugtha i gcrích."
2.    Tá 20,000 cóip den bhileog eolais scaipthe ar fud na tíre

3.    Chuir Rossa Ó Snodaigh ceist ar Enda Kenny ag an gcruinniú baile i Liatroim (is féidir féachaint ar an gceist agus an freagra  - ceist ag 1.44.09  agus freagra ag 1.52.15)

4.    Tá nach mór 8,000 duine tar éis a rá gur maith leo an leathanach Facebook curtha le chéile don fheachtas ag AMLÉ. Is féidir leat-sa clárú ann.  Bhí go leor litreacha curtha i gcló, labhair Morning Ireland faoin scéal ar an raidió, agus bhí go leor clúdaigh eile sna meáin chumarsáide. Beidh píosa ar Prime Time an tseachtain seo, síleann muid agur ar oíche Cheadaoine a bhéas sé.

Cruinnithe Poiblí le teacht:
1.    Baile Átha Cliath: Dé Luain, 14 Feabhra 2011 - Bhí feachtas feasachta le cártaí vailintín scaipthe ar an bpobal ó 8r.n. go dtí 10.00r.n. ar maidin (d'éirigh leo labhairt le 5,000 duine - cúpla grianghraf mar iatán leis seo). Beidh an grúpa mac léinn ón maidin agus níos mó mac léinn ag bailiú le chéile ag an Dáil ag a 12.00i.n. Déanfaidh siad feachtas ciúin ansin agus rachaidh siad ar aghaidh go dtí oifigí Fhine Gael.

2.    Dún na nGall: Dé Máirt, 15 Feabhra 2011 - Tá Guth na Gaeltachta agus Coiste na mBan Tí i dTír Chonaill ag eagrú cruinnithe poiblí sa Chrannóg i nGaoth Dobhair ag a 7 a chlog.  Tá cuireadh tugtha do na hiarrthóirí toghcháin freastal ar an gcruinniú agus a bpolasaí i leith na Gaeilge agus go háirithe i leith na Gaeilge mar chroí-ábhar san Ardteist a chur in iúl.

3.    Baile Átha Cliath: Dé Céadaoin, 16 Feabhra 2011 - Beidh cruinniú poiblí i mBaile Brigín ag a 8 a chlog leis an éileamh chun Gaelcholáiste a phlé leis na hiarrthóirí ó BÁC Thuaidh. Beidh deis ceisteanna eile a chur ar an oíche chomh maith.  

4.    Ciarraí: Déardaoin, 17 Feabhra 2011 - Tá Conradh na Gaeilge, Todhchaí na Gaeltachta agus go leor grúpaí eile ag eagrú cruinnithe poiblí in Óstán Benners sa Daingean ag a 8 a chlog. Tá cuireadh tugtha do na hiarrthóirí toghcháin freastal ar an gcruinniú agus a bpolasaí i leith na Gaeilge a chur in iúl.

5.    Cill Dara: Déardaoin, 17 Feabhra  2011 - Tá Sult na Sollán agus Glór na Ríogh ag eagrú cruinnithe poiblí ag 8 a chlog sa Bridgewater Inn (thuas staighre) sna Solláin. Tá cuireadh tugtha do na hiarrthóirí toghcháin freastal ar an gcruinniú.

Le déanamh:
1.    Táimid ag cur brú ar Enda Kenny bualadh le toscaireacht an Chéadaoin seo nuair a bheidh sé i nGaillimh do dhíospóireacht TG4.

2.    Tá moladh ann le fógraí a chur i nuachtáin mar gheall ar an bhfeachtas leis an bpobal go ginearálta a chur ar an eolas. Beidh seo costasach dar ndóigh agus ba mhaith linn a fháil amach an bhfuil eagraíochtaí eile sásta síntiúis a íoc chun cabhrú leis an gcostas (cuirfidh an Conradh EUR1,000 ar fáil)

3.    Ceist a chur ar gach iarrthóir tacú go pearsanta leis an nGaeilge mar phríomhábhar don Ardteist a dhéanfaidh gach mac léinn staidéar uirthi. Bheadh sé an-chabhrach más féidir na freagraí a chur chuig Julian nó Éamonn.

4.    COGG a mholadh le haon bhall de Fhine Gael a thuigeann an scéal mar an ngrúpa le bheith i gceannas ar aon chainteanna nó aon chomhairliúchán maidir leis an nGaeilge don Ardteist i ndiaidh an Olltoghcháin.

5.    B'fhiú úsáid a bhaint as Candidate Watch (Béarla) chomh maith le ceisteanna a chur ar bhur n-iarrthóirí mura bhfuil sé déanta cheana féin.
Share/Save/Bookmark

An coimhlint ó Dheas!

Eagraithe ag:
Tuismitheoirí na Gaeltachta
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
Todhchaí na Gaeltachta
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
Comharchumann Dhún Chaoin
Ceiliúradh an Bhlascaoid
Cumann Cearta Sibhialta na Gaeltachta
Corca Dhuibhne ag Caint
Comharhcumann Forbartha an Leith Triúigh
Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta
Cumann Caide na Gaeltachta
Comharchumann Forbartha Mhúscraí
Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh
Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne
Aisling Geal, Múscraí

Ag éirí as an bpolasaí sonraithe ag Fine Gael maidir leis an nGaeilge gan a bheith éigeantach san Ardteist, beidh cruinniú poiblí á thionól chun an cheist seo ar fad a chíoradh in Óstán Benner (Béarla), An Daingean, oíche Déardaoin seo, 17ú Feabhra, ag 8.00pm. 


Tá cuireadh tugtha dos na hiomaitheoirí áitiúla ar fad sa toghchán a bheith i láthair d'fhonn deis a thabhairt dóibh a ndearcadh ar an gceist seo ar fad a roinnt le pobal na Gaeltachta agus leis an bpobal i gcoitinne.
Share/Save/Bookmark

11.2.11

An t-aon pháirtí leis an bpolasaí!

Féach thíos sa deireadh thíar polasaí oifigiúil Fhine Gael don Ghaeilge. Tabhair faoi deara go bhfuil an Ghaeilge mar ábhar roghnach fos mar pholasaí acu:

'Ní bheidh an Ghaeilge mar ábhar roghnach go dtí go mbeidh cainteanna ar an dá ábhar tugtha i gcrích. '

raitéas a d'eisigh Éamon Gilmore areir anseo (Béarla) ag tabhairt tacaíocht oifigiúil an Lucht Oibre don Ghaeilge mar chroí ábhar don Ardteist.

Fágann seo go hoifigiúil gurb é Fine Gael an t-aon pháirtí atá ag moladh an t-athrú tromchuiseach seo a dhéanamh ar stadas na Gaeilge san Ardteist.

Níl an polasaí le feiscint i measc na polasaithe in san "Policy Archive" (Béarla) acu agus an blag seo a fhoilsiú!


An Ghaeilge

Tá Fine Gael go láidir ar son forbairt na Gaeilge agus na gceantracha Gaeltachta.Aithnímid luach agus tábhacht cultúrtha ár dtraidisiúin Ghaelaigh agus ár n-oidhreachta agus táimid diongbháilte go bhfuilimid chun a chinntiú go mairfidh agus go mbeidh borradh ar an teanga agus ar na ceantracha Gaeltachta.

Straitéis Náisiúnta:  

Táimid ag tacú le mórán gnéithe den straitéis fiche bliain do thodhchaí na Gaeilge agus tabharfaimid i gcrích na spriocanna gur féidir agus na haidhmeanna atá curtha chun tosaigh.
 

Oideachas:  
Tacaíonn Fine Gael le forbairt leanúnach na nGaelscoileanna agus aithníonn sé an ról suntasach atá ag gluaiseacht na nGaelscoileanna in athbheochaint na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh dena ceantracha Gaeltachta. Chomh maith le sin, oibreoimid lena Coláistí Samhraidh chun níos mó scoláirí a mhealladh go dtí an Ghaeltacht.

Táimid meáite ar athchóiriú a dhéanamh ar an mbealach ina múintear an Ghaeilge sa chóras bunoideachais agus sa chóras iarbhunoideachais, chun féachaint chuige go bhfuil múinteoirí in inmhe grá don teanga a spreagadh sna scoláirí go léir agus go bhfuil an curacalam leagtha amach ar bhealach a ghríosóidh na scoláirí chun an teanga a labhairt tar éis dóibh an scoil a fhágáil.

Creidimid má dhéanaimid athchóiriú ar an mbealach ina múinimid an Ghaeilge go spreagfar níos mó scoláirí chun staidéar a dhéanamh ar an teanga agus chun í a úsáid taobh amuigh den chóras oideachais. Creidimid nár chothaigh an Ghaeilge éigeantach fás na teanga nó grá don teanga. Déanfaimid athchóiriú ar an gcuracalam dara leibhéal agus scrúdóimid go criticiúil an tionchar atá ag na modhanna oiliúna do mhúinteoirí atá i bhfeidhm i láthair na huaire. Ní bheidh an Ghaeilge mar ábhar roghnach go dtí go mbeidh cainteanna ar an dá ábhar tugtha i gcrích.

Bronnfaimid 50% dena marcanna ar an mbéaltriail.

Déanfar iniúchadh ar churacalam dúbailte go dtí an Ardteist, ceann amháin ar an gcóras reatha agus ceann eile ar an nGaeilge chumarsáideach. Déanfar iniúchadh ar phoinntí breise sa chóras iontrála go coláistí tríú leibhéal.
 

Déanfaidh Fine Gael lion na ndaltaí atá ag gabháil don chúrsa Ardteiste Ard leibhéal a mhéadú faoi dhó faoin mbliain 2018.

Cruthú postanna sna ceantracha Gaeltachta:
 

Cabhróidh ár bpleananna Ré Nua agus Ag obair don todhchaí chun fostaíocht sna ceantracha Gaeltachta a chur ar fail, Déanfaimid infheistíocht i mbonneagair fuinnimh, leathanbhannda agus uisce, chun an bonneagar atá riachtanach chun comhluchtaí agus postanna nua a mhealladh agus a choimeád a chruthú. Tabharfaimid tacaíocht láidir do chruthú postanna sa turasóireacht agus i ngníomhachtaí mara.

Scála Líofachta Náisiúnta:
 

Déanfaimid iniúchadh ar fhorbairt scála líofachta náisiúnta don Ghaeilge. Chuirfeadh an scála deich gcéim seo ar cumas gach saoránaigh measúnú d'fháil ar a chumas agus úsáid a bhaint as modhanna nua-aimseartha múinteoireachta agus as an nua-theicneolaíocht chun feabhas de réir a chéile a chur ar a líofacht de réir mar a oireann dó féin.

Oileáin:  

Creidimid go láidir go gcaithfimid pobail a chothú ar na hoileáin agus oibreoimid chun feabhas a chur ar na seirbhísí riachtanacha dona hoileáin i dtreo is go mbeidh fail cuí ag pobail na n-oileán ar sheirbhísí sláinte agus ar sheirbhísí sóisialta eile.

Acht um Teangacha Oifigiúla: 

Déanfaidh Fine Gael athbhreithniú ar na dualgaisí faoin Acht um Teangacha Oifigiúla chun a chinntiú go bhfuil an caiteachas ar an teanga dírithe ar fhorbairt na teanga ar an mbealach ia éifeachtaí.

Share/Save/Bookmark

10.2.11

Cruinnithe poiblí faoin Ghaeilge san Ardteist

1.    Bhí thar 200 i lathair ag cruinniú poiblí a d'eagraigh CONCOS i nGaillimh inne faoi pholasaithe Gaeilge na bpáirtithe don toghchan.  Léiríodh míshástacht laidir maidir le polasaí Fhine Gael abhar roghnach a dhéanamh dén Ghaeilge san Ardteist.
Cuid den slua ag an gcruinniú ar an gCéadaoin.

D'aontaigh na hiarrthoirí Fine Gael a bhí i lathair, Sean Kyne (Béarla) agus an Seanadaóir Fidelma Healy Eames (Béarla) iarratas a dhéanamh ar Enda Kenny buaileadh le toscaireacht ón chruinniú go luath.  Níl aon freagair faighte fos ó Enda Kenny ar an t-iarratas eile a rinne eagraíochtaí Gaeltachta agus Gaeilge buaileadh leis taréis an chruinniú náisiúnta a bhí acu i nGaillimh ar an 21 Eanair.

2.    Tá Guth na Gaeltachta agus Coiste na mBan Tí i dTír Chonaill ag eagrú cruinniú sa Chrannóg i nGaoth Dobhair ar an Mháirt seo chugainn, 15 Feabhra, ag a 7 a chlog.  Beidh cuireadh tugtha dona iarrthoirí toghcháin freastal ar an gcruinniú agus a bpolasaí i leith na Gaeilge agus go háirithe i leith na Gaeilge mar chroí ábhar san Ardteist a chuir in iúil.  Iarrtar ar an phobal freastal ar an chruinniú seo le tacaíocht laidir a léiriú don teanga agus don Ghaeltacht

3.    I suirbhé IPSOS-MRBI a rinneadh faoi dearcaithe i leith an Ghaeilge, dúirt 61% gur chóir go mbeadh an Ghaeilge mar chroí ábhar don Ardteist(tacaíocht 65% i measc an aoisghrúpa 15-24).
Share/Save/Bookmark

5.2.11

Na céimeanna tosaigh!

Na Céimeanna Tosaigh i dtreo Straitéis Inmharthana don Ghaeilge.

Ag seimineár poiblí lae a d’eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge inné, labhair saineolaithe ó réimsí éagsúla na pleanála teanga Gaeilge, ar na céimeanna tosaigh ar ghá a ghlacadh chun an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a bhaint amach.

Agus é ag labhairt ag an seimineár, dúirt Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Liam Ó Cuinneagáin go bhfuil sé “tábhachtach go mbeadh an rannpháirtíocht lárnach atá molta d’Údarás na Gaeltachta soiléirithe go luath agus aontú ar bun faoi na pleananna atá i gceist i bhfeidhmiú na straitéise. Cé go bhfuil ról náisiúnta molta do Údarás na Gaeltachta agus Gaeilge, is ar bhonn Gaeltachta a fheidhmeoidh an eagraíocht go dtí go mbeidh na socruithe cuí déanta le feidhm náisiúnta a thabhairt dó”.

Labhair an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuireáin, ar an toradh atá anois le feiceáil ar an gcinneadh a ghlacadh sna 1970idí chun deireadh a chur leis an riachtanas do státseirbhísí Gaeilge agus Béarla a bheith acu agus dúirt gur “teip iomlán” a bhí sa bheart sin don Ghaeilge.  Luaigh sé cás na Roinne Oideachais agus Scileanna, a thug le fios le deireanas nach raibh dóthain Gaeilge ach ag 1.5% dá foireann riaracháin chun seirbhís a chur ar fáil sa teanga sin. “Ní haon eisceacht í an Roinn sin” a dúirt sé “ach tá easpa cumais sa Ghaeilge forleathan i bhformhór na Ranna Rialtais agus na ngníomhaireachtaí stáit.” (breis faoi oráid Sheaín Uí Chuireáin: Teip Iomlán!)

I láthair do dhíospóireacht idir na páirtithe polaitíochta ar cheisteanna na Gaeilge bhí, An tAire Pat Carey T.D., Fianna Fáil; Frank Feighan, TD., Fine Gael; Brian O’Shea, T.D., Páirtí an Lucht Oibre; Aengus Ó Snodaigh, T.D.,  Sinn Féin; agus Dominic Ó Brollcháin, CTR, Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre.  I measc na gceisteanna a pléadh, cíoradh an Ghaeilge ag leibhéal na hArdteistiméireachta, an Ghaeilge sa Státchóras, tacaíochtaí do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus plean feidhmithe chuige sin, agus ceist fheidmeanna Údarás na Gaeltachta. 

Ag eascairt as an seimineár is iad seo thíos na príomhéilimh á mbeidh á chur faoi bhráid na bpáirtithe polaitíochta ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge:


An Ghaeltacht
• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear na hacmhainní agus na tacaíochtaí cuí ar fáil  d’Údarás na Gaeltachta chun leanúint dá chúram fiontraíochta sa Ghaeltacht.
• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear gach tacaíocht ar fáil do theaghlaigh ar mian leo a bpáistí a thógáil trí Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus ar ndóigh timpeall na tíre. 


Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
• Éilíonn an Chomhdháil go mbunófar na struchtúir chuí d’fhonn Straitéis 20 Bliain na Gaeilge a chur i gcrích go héifeachtach agus go héifeachtúil, agus go mbainfear gach leas as saineolas agus scileanna earnáil dheonach na Gaeilge chuige seo.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar cúraimí Údarás na Gaeltachta a shoiléiriú trí na cúraimí seo a dhaingniú i reachtaíocht chuí agus go leagfar síos clár ama d’achtú na reachtaíochta riachtanaí seo, agus go gcuirfear bonn reachtúil faoin Straitéis dá réir. 


An Ghaeilge sa Chóras Oideachais
• Éilíonn an Chomhdháil go dtabharfar tacaíocht iomlán don Ghaeilge mar chroí-ábhar ag leibhéal na hArdteistiméireachta, agus mar bhunchritéir iontrála do chúrsaí tríú leibhéal.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar soláthar sa chóras oideachais chun curaclam Gaeilge a chur ar fáil go leibhéal na hArdteistiméireachta a thógann san áireamh sainriachtanais daltaí atá líofa sa Ghaeilge.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar athbhreithniú ar an gcóras oideachais, d’fhonn bealaí feabhais a aimsiú chun cur le líofacht Gaeilge na ndaltaí ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar freastal i gcónaí ar éilimh thuismitheoirí i dtaca le soláthar oideachas trí Ghaeilge.


An Ghaeilge sa Státchóras
• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm go hiomlán agus go forleathan i measc an státchórais.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar atheagar ar chórais an Stáit chun seirbhísí feabhsaithe trí Ghaeilge a sholáthar go réamhghníomhach do phobal na Gaeilge.  Chuige sin, molann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go dtabharfar faoi idirdhealú dearfach i bpróisis earcaíochta an státchórais i bhfabhar siúd atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.

Ag labhairt dó ag an seimineár poiblí, dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Mac Criostail: “Teastaíonn go mbeidh polasaithe a fheidhmítear i dtaobh na Gaeilge, faoi chlár an chéad Rialtais eile, bunaithe ar fhianaise agus dea-chleachtas pleanála teanga, ar mhaithe le seasamh na Gaeilge a neartú.  Eascraíonn éilimh thoghchánaíochta na Comhdhála as saineolas na hearnála, mar aon le héilimh an phobail.  Rachaidh an Chomhdháil i mbun stocaireachta chun gealltanais na bpáirtithe polaitíochta i dtaobh na n-éileamh seo a dheimhniú”. 
Share/Save/Bookmark

4.2.11

"Teip iomlán" dár leis an Coimisinéir Teanga

“Teip iomlán” a thug an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar an mbeart a rinneadh 40 bliain ó shin deireadh a chur leis an riachtanas a bhí ann do státseirbhísigh inniúlacht a bheith acu sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. Bhí sé ag labhairt ag comhdháil i mBaile Átha Cliath ar an 3 Feabhra 2011

Richie Ryan: Bunús iomlán
fabhtach ag a chinneadh
Nuair a rinne an tIar-Aire Airgeadais, Richie Ryan TD, socrú sa bhliain 1974 nach mbeadh eolas ar an nGaeilge ina riachtanas feasta do státseirbhísigh, mhínigh sé do Dháil Éireann go raibh an Rialtas “lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin bhreise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmaisféar níos fabhraí a chothú di….”

Dúirt an Coimisinéir Teanga, cé gur féidir gur le dea-mhéin a mhaígh an tAire Ó Riain an méid sin, gurb é ceacht na staire go raibh bunús iomlán fabhtach leis. Ó shin i leith, brúdh an teanga an oiread sin go leataobh gur cuma ann nó as di i bhfeidhmiú an-chuid Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí stáit.

Luaigh sé cás na Roinne Oideachais agus Scileanna, a thug le fios le deireanas nach raibh dóthain Gaeilge ach ag 1.5% dá foireann riaracháin chun seirbhís a chur ar fáil sa teanga sin. “Ní haon eisceacht í an Roinn sin” a dúirt sé “ach tá easpa cumais sa Ghaeilge forleathan i bhformhór na Ranna Rialtais agus na ngníomhaireachtaí stáit.”
Cé nár mhaígh an tUasal Ó Cuirreáin gur cheart filleadh ar chóras na Gaeilge éigeantaí, mhol sé gur gá teacht ar chomhréiteach éigin mura raibh an Béarla le bheith ina riachtanas don phobal ina ngnóthaí ar fad leis an Stát.

“Déanann an Stát infheistíocht mhór i múineadh na Gaeilge agus cuireann sé de dhualgas ar dhaltaí scoile na tíre staidéar a dhéanamh ar na teangacha oifigiúla, ar aon dul leis an gcleachtas i dtíortha eile. Ach, os a choinne sin, teipeann ar an Stát úsáid na Gaeilge a éascú dóibh siúd atá tar éis í a shealbhú. Tá lúb ar lár suntasach sa chur chuige seo,”
a dúirt sé.

Dúirt an tUasal Ó Cuirreáin go raibh súil aige go bhfeicfí bunleasuithe tábhachtacha de thoradh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, a sheol an Rialtas le tacaíocht traspháirtí.

Mhaígh sé go raibh gá le cur chuige nua-aimseartha, comhtháite, céimnithe a d’athródh ó bhonn an tslí ina múintear an Ghaeilge ionas go mbainfeadh mic léinn uile na tíre líofacht bhunúsach amach inti ón gcóras oideachais. Sa bhreis air sin, ba ghá córais a chinntiú le gurbh fhurasta do na daoine a bhain amach an líofacht teanga sin, í a úsáid go saoráideach ina gcuid gnóthaí le heagraíochtaí stáit.

“Is fís réalaíoch, spreagúil í seo”,
a dúirt sé, “agus, i ndeireadh báire, is í an t-aon slí í le luach ar airgead a fháil ar an infheistíocht shuntasach a dhéantar i múineadh agus i gcur chun cinn na Gaeilge agus lena hinmharthanacht a chinntiú i bhfad na haimsire i saol an náisiúin.”
Share/Save/Bookmark

1.2.11

Díospóireacht stairiúil molta

Tréaslaíonn Conradh na Gaeilge le TG4, a bhfuil beartaithe an chéad díospóireacht riamh i nGaeilge a chraoladh beo idir cheannairí páirtithe polaitíochta roimh olltoghchán. Bheadh an díospóireacht i nGaeilge idir Éamon Gilmore, Enda Kenny agus Micheál Martin - ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre (Béarla), Fhine Gael (Béarla) agus Fhianna Fáil (Béarla ach le cnaipe Gaeilge!) faoi seach - le craoladh beo ar TG4 ag 10.00rn Dé Céadaoin, 16 Feabhra 2011.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Léiriú a bheadh anseo - an chéad díospóireacht bheo i nGaeilge idir cheannairí polaitíochta na tíre - ar an dul chun cinn atá déanta ag na meáin Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas, agus tréaslaíonn Conradh na Gaeilge le TG4 as a ndíograis ag an am cinniúnach seo, ar son na polaitíochta agus na teanga araon."

Tá Conradh na Gaeilge i mbun stocaireachta faoi láthair lena chinntiú go bhfuil sé mar bheartas oideachais ag gach páirtí polaitíochta in Éirinn go múinfear an Ghaeilge do gach dalta scoile mar chroí-ábhar Ardteiste i ndiaidh an olltoghcháin, agus táthar ag lorg tacaíocht do bhunú Gaelscoileanna nua chomh maith.

Tá pobal na Gaeilge agus tacaíocht na bpáirtithe uile don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge nua-fhoilsithe fíorthábhachtach freisin, agus tá súil ag Conradh na Gaeilge go dtapóidh ceannairí na bpáirtithe an deis chun an Straitéis agus beartas oideachais a bpáirtithe a phlé go mion agus go hoscailte ar lá na díospóireachta.

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí  Chonradh na Gaeilge: "Tá sé ag dul do phobal na Gaeilge go mbeadh díospóireacht cheart, trí mheán na Gaeilge, ar na cúrsaí is tábhachtaí do thodhchaí na tíre seo sula gcaithidís vóta in Olltoghchán 2011. Tá Conradh na Gaeilge ag tnúth le plé mar is cóir ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ar an gcóras oideachais, agus ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, chomh maith le cúrsaí eacnamaíochta, sóisialta, timpeallachta, agus eile.

"Molann Conradh na Gaeilge TG4 as éacht stairiúil eile a bheartú i bhforás na teanga, agus tréaslaímid a gcuid iarrachtaí leo an díospóireacht Ghaeilge seo a shocrú idir cheannairí polaitíochta na tíre seo in am don olltoghchán."

Share/Save/Bookmark