Bhí ocáid, "Slán le Seán," i gConamara i mí Márta 2014, nuair a d'éirigh Seán Ó Chuirreáin as mar Choimisinéir Teanga ionas nach mbeadh sé "páirteach sa chur i gcéill." (Ós comhair Choiste Oireachtais 23/1/2014).
Seán Kyne T.D. |
Tá Blag Fágála Sheáin Kyne mar Aire Stáit Ghaeltachta foilsithe aige inniú.
(He has subsequently published an English Language version of this blog.)
Cé gur aontaím go bhfuil an-chuid damáiste déanta ag Fine Gael i leith na Gaeilge (éirí as Coimisinéir Teanga ina measc), ní dóigh liom gur féidir a shéanadh go raibh an chuid déanta - nó tosaithe - ag a bhfear óg seo ó ceapadh anuireadh é. Sílim go bhfuil buíochas na nGael tuilte aige dá bharr san. Cá bhfios cád a bheadh déanta aige i dtrí nó ceithre bhliain. Seans go mbeinn ag scríobh píosa de short eile ar fad anseo.
Dár liom féin is mór an trua nár fágadh é sa phost mar aitheantas ar an obair dian atá curtha isteach aige ann.
Tá súil agam go mbeidh a chomharba i ndán leanúint leis agus cur leis an tosach maith seo. Go bhfeichfidh muid toradh ar a chuid oibre go luath.
Slán le Seán 2014
• Slán le Seán (Feabhra 2014)
• Freagra ón Aire Dinny McGinley (Márta 2014)
No comments:
Post a Comment