Éamon Mac Niallais ag caint ag an gcruinniú i nGaillimh |
Is iad seo na cinntí a glacadh ag an gcruinniú sa bPillo i nGaillimh ar 2 Nollaig 2011 maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga agus an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003:
• Feachtas láidir a chur ar bun le hOifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil mar oifig neamhspleách.
Le déanamh:
Tá sé ríthábhachtach go labhróidh muid len ár bpolaiteoirí féin le hiarraidh orthu tacú leis an éileamh seo agus dul i bhfeidhm ar an Aire Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe, ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ar Aire Stáit na Gaeltachta.
• Páirt láidir a ghlacadh sa phróiseas athbhreithnithe.
Le déanamh:
Aontaíodh ar an lá go líonfadh gach duine suirbhé agus go bhfaigheadh gach duine deichniúr eile le suirbhé a líonadh.
Tuigtear go bhfuil roinnt oibre i gceist anseo ach is gá tarraingt le chéile leis an gcinneadh tromchúiseach a rinneadh maidir le hOifig an Choimisinéara a Teanga a athrú.
D'éirigh leis an bhfeachtas le stop a chur leis na moltaí chun deireadh a chur le hÚdarás na Gaeltachta agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta le cúpla bliain anuas. Is féidir mar sin an cinneadh seo a athrú chomh maith.
(Féach: Deireadh leis an gCoimisinéir Teanga! 17/11/2011; Croí na hAchta Teanga le baint ag an Rialtas! 17/11/2011; Caomhnaigh ár gCoimisinéir Teanga! 21/11/2011; Cosaint gan fhaisnéis! 29/11/2011; Cá seasann Fianna Fáil i dtaobh an Choimisinéara? 1/12/2011; agus i mBéarla: Government undermines language act 17/11/2011; Developing a language policy by hunch! 21/11/2011 agus an alseo san Irish Times (Béarla) Language experts question merger! 15/12/2011)
Cén fáth go bhfuil an cinneadh seo mícheart?
1. D’admhaigh Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil ar an 24 Samhain go bhfuil an baol ann go gcosnóidh an cinneadh seo airgead ar an Stát. (“B’fhéidir, nuair a bheadh an deireadh thart go gcosnóidh sé níos mó." Aire Shoisearach McGinley sa Dáil.)
Leis an státchiste i gcruachás faoi láthair níor chóir aon chostas breise a chur air gur féidir a sheachaint. ("We all know that if, in our own lives, we are spending more than we are earning — we have a problem!" Taoiseach Éireann ina aitheasc (i mBéarla amháin) don phobal - Pobal an Bhéarla - níor labhair sé le poball na Gaeilge go fóill seachas tré chinntí bhorb gan miniú an Rialtais amháin?)
2. Níor tógadh san áireamh nuair a rinneadh an cinneadh go bhfuil conradh ag an gCoimisinéir Teanga le bheith mar choimisinéir neamhspleách go dtí 2016. Ní féidir, mar sin, cinneadh an Rialtais a chur i bhfeidhm i 2012 gan baol ann go mbeidh an Stát oscailte do chásanna dlí amach anseo.
3. Aithnítear go forleathan an Coimisinéir Teanga mar choimisinéir thar a bheith éifeachtach agus dinimiciúil atá molta ní hamháin dá chuid oibre le cearta saoránaigh a chosaint ach chomh maith mar dhuine réamhghníomhach i gcur chun cinn an dea-chleachtais teanga. Mar shampla, le déanaí d’fhorbair a oifig modúl ar chearta teanga go ginearálta le húsáid san idirbhliain in ár scoileanna dara leibhéal.
4. Tógadh an cinneadh faoi Oifig an Choimisinéara Teanga, atá croí-lárnach i gcur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, gan an próiseas comhairliúcháin poiblí a thógáil san áireamh. Tá go dtí 31 Eanáir 2012 ag an bpobal aighneachtaí a chur chuig Roinn na Gaeltachta. Níor chóir aon athrú a dhéanamh go dtí go bhfuil an t-athbhreithniú curtha i gcrích agus mianta an phobail tógtha san áireamh.
5. Níor aithin an Bord Snip Nua aon éifeachtúlacht le déanamh nuair a rinneadh measúnú ar Oifig an Choimisinéara Teanga agus níor mhol an tuairisc aon athrú i stádas na hoifige mar oifig neamhspleách. Níl Aire Stáit na Gaeltachta tar éis aon éifeachtúlacht a aithint chomh maith agus ní dócha go mbeidh aon ann nuair a thógtar san áireamh go bhfeidhmíonn Oifig an Choimisinéara Teanga go hiomlán trí Ghaeilge agus Oifig an Ombudsman trí Bhéarla. (Ait go leor níl a chuid dhualgaisí féin faoin Áct Teanga á chomhlíonadh ag Oifig an Ombudsman go fóil! "Tá comhlacht amháin a sheasann amach ar liosta na gcomhlachtaí atá ag feitheamh ar scéim nua agus is é sin Oifig an Ombudsman. D’imigh scéim teanga an Ombudsman in éag sa bhliain 2007. Díol spéise conas mar atá ag éirí leis an Ombudsman a dhualgais féin faoin Acht Teanga a chur i bhfeidhm- go háirithe más amhlaidh go mbeidh cúraimí an Choimisinéara teanga le cur faoina scáth."Gaelport 12/12/2011!)
6. Tá gach páirtí polaitiúil agus na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta tar éis tacaíocht a léiriú don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030. Aithnímid go mbeidh fadhbanna le maoiniú sa ghearrthéarma ach céard is fiú an bonn agus an dea-thoil a bhaint den straitéis leis an gcinneadh seo atá aitheanta nach ndéanfaidh aon choigilt don státchiste.
Céard atá le déanamh?
Creidim gur chóir don Rialtas na hargóintí geilleagrach chomh maith le mianta agus tuairim láidir phobal na Gaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, a thógáil san áireamh agus gur chóir tacaíocht a chur ar fail d’Oifig an Choimisinéara Teanga Tá muinín an phobail ag an oifig agus tá seirbhís an-éifeachtach curtha ar fáil ó bunaíodh é i 2004.
Is é, mar sin, an rud loighciúil agus ceart le déanamh ná an cinneadh a athrú láithreach.
Céard is féidir liom a dhéanamh?
An triúir a shabhálaigh Oifig an Choimisinéara Teanga? |
Tá gá brú a chur ar an Aire Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin T.D., ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Séamus Ó Duibhneacháin T.D. , agus ar Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. leis an gcinneadh a athrú go práinneach in ionad moill a chur leis agus níos mó damáiste a dhéanamh d’éifeacht Oifig an Choimisinéara Teanga.
No comments:
Post a Comment