Cuairt ón Aire Carey, TD ar Chruinniú Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.![Aire Pat Carey](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEhmneNciKTs1ny85bCkYwJ515Z4vnsg620sWt3u2RaVdsMdkAgGzYdVZeaajo9_ljh69Y67xiFt8ZLYXIvQueDCTjW5biYewQEnjbm79c2Uo8ps6_g1l4GDgaTi_1SQZDortVvRmOC5u5D4/s128/aire.jpg)
Thug an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta,
Pat Carey TD, cuairt aréir ar chruinniú de bhalleagraíochtaí
Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Is í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge lár-chomhairle phobal na Gaeilge, agus tá sí comhdhéanta faoi láthair de 24 balleagraíocht, ó mhór-réimsí uile na hearnála timpeall na tíre.
Thug ionadaithe ó bhalleagraíochtaí na Comhdhála léiriú don Aire ar a gcuid oibre, chomh maith leis na deiseanna agus na dúshláin atá rompu. Ag éirí as léiriú na n-eagras, lean plé leathan ar obair na hearnála agus na deacrachtaí i láthair na huaire a bhaineann le héiginnteacht mhaoinithe.
Luaigh Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge,
Dr Helen Ó Murchú, go raibh flosc chun athraithe léirithe ag an earnáil, agus í réidh chun cabhrú le Straitéis Fiche Bliain Don Ghaeilge 2010-2030 an Rialtais a chur i bhfeidhm, ach go raibh an comhthéacs ag athrú go síoraí, agus gur theastaigh cinnteacht ón earnáil i dtaobh a todhchaí.
Labhair an tAire Carey ar thábhacht na hearnála deonaí i gcoitinne agus thug sé ardmholadh d’earnáil dheonach na Gaeilge de bharr an oiread dul chun cinn atá á dhéanamh ar bhonn leanúnach acu i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge agus an fhorbairt atá tagtha ar sheirbhísí Gaeilge.
Ag labhairt dó ar thodhchaí na teanga, dúirt an tAire,
“Tá Straitéis fadtéarmach ag an Rialtas i dtaobh na Gaeilge, tá spriocanna uaillmhianacha leagtha amach sa Straitéis sin, agus beidh an Rialtas ag brath ar pháirtnéireachtaí le hearnáil na Gaeilge chun na spriocanna sin a bhaint amach agus chun na Straitéise a chur i gcrích”.Bhronn an tUachtarán tuairisc ar an Aire ar obair bhalleagraíochtaí na Comhdhála, agus bhronn Stiúrthóir na Comhdhála,
Pádraig Mac Criostail, Fáinne Óir ar an Aire, mar aitheantas ar an tacaíocht a thugann an tAire Carey do chur chun cinn na Gaeilge.
![Share/Save/Bookmark](https://lh3.googleusercontent.com/blogger_img_proxy/AEn0k_tzoJzYHNEogNifqpHO0RJERESi5oxJrN0XFsnPhy5pwrO6moXeBlspD-XNrlERhjJ2Pi10Oxmekg0VNdHgdb_BwZlUon7AGeCqj4jcxKCT8crvmAfNgzec61U=s0-d)
Cuairt ón Aire!