Bhí cospóid le deanaí faoi dhream na péinte duibhe anseo i gConamara. Scríobh mé píosa Creachadóireacht nó gníomh fónta dhá sheachtain ó shin.
Dúradh ar thaobh amháin go raibh sé mar ionsaí ar an mBearla, (agus mar sin ar lucht an Bhéarla) gur tharaing sé drochcháil ar na Gaeilgeoirí agus muintir na Gaeltachta. Mar aon le sin bhí argóint gur i gcoinne réadmhaoine phríobháideacha a bhí sé dírithe agus nach raibh sé sin ceart dá bharr. (Ach mar a dúradh ar RnaG le deanaí tá an-chuid de na fógraí ar a cuireadh an ornáidíocht nua seo ortha, táid fhéin mí dleathach cheanna féin mar níor fhuarathas cead pleanála dóibh).
Sílim fhéin nach féidir íomhá níos measa a bheith ag lucht an Bhéarla, ar phobal na Gaeilge bíodh sa "Ghalltacht" nó sa Ghaeltacht iad, ná mar atá ná atá léirithe ag a leithéid Kevin Myres, Declan Lynch, nó fiu Miriam Lord!
Ach féach siar sa stair.
Ar bhaineadh rud ar bith sa tír seo gan an dlí a bhriseadh?
Bhí alt ag Donnchadh Ó hÉallaithe sa nuachtán le deanaí faoin Stáisiún Teilifís Bradach a cruthaíodh ar bharr Chnoc Mordáin sna hochtódaí, gníomh a "a las an lóchrann 25 bliana ó shin!" Níl aon amhras ach tréan gníomh brádach sin a bunaíodh TG4. Fiche bliain roimhe sin stáisiún bradach eile i Ros Muc a d'oscail Raidío na Gaeltachta. Gníomhartha dleathacha agus neamhdleathacha ghlórach de chuid Cumann Cearta Sibhialta Gaeltachta agus a cháirde a thug Údarás na Gaeltachta - lag go leor is atá sé - ar an saol. Agus is aithreacha agus máithreacha lucht péintéireachta an lae inniú a dhubhaigh Bhéarla ar chomharthaí bóithre a chuir iallach ar an Rialtas gníomh dá réir.
Deireann éagarfhocal Gaelscéal, Molaimis a misneach, agus é ag caint faoin ngníomhícht theilifíse, "Is cinnte go rabhadar ag feachtasaíocht ar gach bealach roimhe seo agus gurb é seo an rogha dheireanach a bhí acu.
I ndeireadh na dála, is cumhachtaí gníomh na focail agus chuaigh siad i mbun ghnímh, gníomh a bhí ‘bradach’."
Leanann Gaelscéal:
"In amanna, is riachtanach an rud é an dlí a bhriseadh chun cearta daonna a bhaint amach agus b’amhlaidh sin sa chás seo.
Tá an Ghaeilge ag dul i léig sna Gaeltachtaí i rith an ama ach faraor is róshéimh atá ár gcainteoirí dúchais.
Seans go bhfuil Gaeilgeoirí na Galltachta ‘níos radacaí’ agus ní cinnte sin, go fóill féin is í gluaiseacht na Gaeilge an ghluaiseacht teanga is coimeádaí ar an saoil.
Tá go leor le foghlaim ó mhuintir ‘Theilifís na Gaeltachta’ is léir."
Seans gur fhoghlaim Lucht na Péinte Duibhe, an ceacht sin?
16.10.12
11.10.12
An labhrann tusa Gaeilge?
Tá firinne sa ráiteas "Beatha teanga í a labhairt!" nó a scríobh!
Uaireanta chuireann sé íontas orm an méid "Gaeilgeóirí" a scríobhann i mBéarla ar facebook nó ar twitter, fiú daoine atá ag obair san "earnáil Gaeilge!" Muna n-úsáideann siad san a dteanga cén mhaitheas éinne é a dhéanamh.
Ar bhealach is obair in aisce a bheith ag cur brú ar an Rialtas len é seo nó é siúd a dhéanamh "don teanga" nó "don Gaeltacht."
Déileáil le gach Roinn Rialtas, Comhairle Chontae, Comhlacht Poiblí agus an Aontas Eorpach i nGaeilge amháin agus diúltú aon teanga eile a úsáid. Tá dualgas ortha tú a fhreagairt i nGaeilge.
Deireann an Daonáireamh i 2011 go bhfuill 1.7milliún daoine le Gaeilge acu. Dá mbeadh siad san sásta an teanga sin a úsáid leis na forais nó chomhlucht nach ndeanfadh sé difríocht? Nó fiú milliún? Nó fiú leath milliún? Nó fiú céad míle? nó fiu caoga míle?
Bhí litir (Béarla) ag Ceannaire Shinn Féin sa Dáil san Irish Times le déanaí mar fhreagra ar alt Mhiriam Lord sa páipéar ina dúirt sé gur ceart do chuile duine le Gaeilge acu í a labhairt i gcónaí i ngach áit! (Feach leis ar an alt i nGaelscéal - 17 Deareadh Fomhair 2012 - ‘Gaeilge-phobia’ sa Dáil, ag Colm Ó Broin!)
Nach ceart na gluaiseachtaí Gaeilge díriú air an 1.7milliún a deireann iad féin go bhfuil Gaeilge acu ná díriú ar Rialtas agus iad siúd nach bhfuil mórán spéis acu sa teanga.
Má scríonn tú chuig do Theachta Dála, cén teanaga a úsáideann tú? Má scríonn tú le hAire Stáit, cén teanga a úsáideann tú? Má déanann tú teangabhaíl leis an Roinn Leasa Shóisialaigh cén teanga a úsáideann tú? Má chuireann tú scairt ar an VHI cén teanga a úsáideann tú. Má tá tú ag lorg cead pleanála cén teanga a úsáideann tú.
Cén freagra a thabhairfá-sa ar an gceist, "Céard a rinne tusa ar son na teanga, a Dhaideo?"
Bíodh muid sa G spota!

Labels:
An Ghaeltacht,
Conchubhar Ó Liatháin,
Daonáireamh,
Gaeilge
4.10.12
Creachadóireacht nó gníomh fónta!
Comharthaíocht Bhéarla sa Ghaeltach (Eagarfhocal Gaelscéal 3/10/2012)
Tá an-chuid díospóireachta ar siúl faoin bhfeachtas péintéireachta atá ar siúl ag dream i gConamara. Is cosúil gur dream a dtugann Ceithearnach Coille Chonamara ortha féin atá ina mbun. Níl fhios agam cé h-iad agus is cosúil nach bhfuil fhios ag éinne atá sásta a rún a scaoileadh! Ach rud is aistí gur cuid mór de na comharthaí a fuair an "athdhearadh" nua seo is i gcoinne an dlí atá siad mar cuireadh suas iad gan cead pleanála.Bhí caint cuíosach bríomhar ar twitter mar shampla bhí roinnt a cheap gur rud maith an feachtas a bhí ann agus dream eile nár cheap, agus dream eile a cheap gur ceart fán amach ó réadmhaoin nó gnóanna príobháideacha.
Creachadóireacht
Glaoadh "Creachadóireacht," ar an ngníomh agus seans go bhfuil an ceart aige ach léiríonn sé (an gníomh féin) mothúcháin eile. Léiríonn ainm na Gluaiseachta "Ceathearnach Coille" an mothú chéanna. "Is daoine gan cumhacht iad Pobal na Gaeilge agus Muintir na Gaeltachta," a deireann sé!
Baineadh na comharthaí Béarla sa Bhreatain Bheag sna Seascaidí |
Lagmisneach!
Ní nach íonadh go ndúirt an Coimisinéir Teanga, "Ní dóigh liom go bhfaca mé oiread lagmhisnigh nó easpa muiníne riamh roimhe seo i measc cheannairí na n-eagras Gaeilge agus Gaeltachta is atá ann faoi láthair." (Ag cothú na todhchaí! 13 Iúl 2012). Agus má tá an lagmisneach agus a éadóchas seo sa gluaiseacht tá sé níos mó i measc pobal na Gaeltachta. Ar bhealach is íontach an rud é nár thárla rud i bhfad níos tromchúisí i rith na seachtaine mar tá muid ag caint faoi bhás teanga tré neamh-aird, tré "patuaireacht" agus tré fimíneacht lucht polataíochta. D'fhéadfá a rá go bhfuil an meas ceanna a thabhairt ag Ceathearnach Coille Chonamara don dlí agus a thugann na Gárdaí Síochán i dTír Chonail! (Rialtas ag déanamh neamhaird ar sárú dlí na tíre! 25 Aib 2012).
Gníomh fónta? |
Ar maidin chuala muid go bhfuil áit na Gaeilge i gcúrsaí dlí sabhálta fiú má dúntar an Teach Cúirte i nDoire n'Fhéich. (Cé creideann sin?) Inné chualamar faoi fear nach raibh i ndán bás a bhean a chlárú i nGaeilge i gCorca Duibhne. Chualamar le deanaí nach bhfuil Comhairle Co na Gaillimhe logainmneach cearta na Gaeltachta a úsáid i gcúrsaí pleanála. Agus tá an coiste phobáil áitiúil ag gearán leis na húdaraisí nach bhfuil fáil ag pobal na háite ar sheirbhís leasa shóisialaigh trí Ghaeilge. Conas a cabhródh paimfléid eile leo siúd?
Mea culpa
Is cuimhín liom an chéad uair a bhí mé i gConamara i 1967 (in my disrespectful youth!) chuamar amach go rúnda, déanach san oíche, agus chuamar amach agus chuireamar péint dubh ar na comhairthaí bóthar ó Bhearna chomh fada siat le crosbhóthair Charna. Níos déanaí fuarthas amach go raibh tarra i bhfad níos éifeachtaí!
Is cosúil nach dtárlaíonn aon rud i gcúrsaí teanga sa tír seo gan an dlí a bhriseadh! Raidío na Gaeltachta, Comhairthaí Bóthre, Údarás na Gaeltachta, TG4 an féidir le h-éinne a rá go mbeadh siad ann gan agóid mí dleathúil?
Creachadóireacht nó gníomh fónta!
Subscribe to:
Posts (Atom)