I mí Feabhra fuair mé billeog éolais uaidh. Ós rud go raibh sé scríofa i mBéarla amháin agus gur seo ceantair Gaeltachta chuir mé thar n-ais chuige ag lorg an leagan Gaeilge.
Nuair nach bhfuair mé aon fhreagra uaidh scríobh mé chuige arís le cóip den chéad litir ar an 21 Márta. Fuair mé freagra uaidh trí lá ó shin agus an leagan Ghaeilge den billeog.
Seo cuid dá litir:
Chun an fhirrinne a rá ní raibh mé ag súil le leagan Gaeilge den bhilleoig. Tá an nós ag na páirtithe poiliticiúla Móra billeoigí i mBéarla agus "beagáinín den Ghaeige tríd" le fada. Mar sin tá an "bhriseadh" seo ón norm ag Seán Kyne le moladh.
Léiríonn sé áfach, mar aon le an-chuid doiciméidí ón Rialtas, ón gComhairle Chontae, an nós an leagan Gaeilge de billeoigí eolais, foirmeacha, a fhoilsiú seachtainí nó míonna tar éis an leagan Béarla (fiú nuair atá dualgais dlí é sin a dhéanamh - féach an mhoill a bhí ar eolas agus foirmeacha faoin mhuirear theaghlaigh!). Agus ansin deirtear linn nach bhfuil "éileamh" ortha i nGaeilge.Tá cúis an-mhait leis seo ar ndóigh. Níl mórán daoine chomh cantalach liomsa atá chun gearán a dhéanamh agus ós rud é go dtuigeann siad Béarla baineann siad úsáid as na rudaí atá le fáil.
Rud eile a deireann Seán! Lúann sé "an aistriúchán agus an leagan amach!" mar cúis leis an moill! Is nós é sin anois ag an stáit an leagan Béarla a aistriú go Gaeilge. Bheadh sé deas uair nó dhó an leagan Ghaeilge a bheith scríte agus aistriú a bheith déanta ansin ón Gaeilge go dtí an Bhéarla! Seans go mbeadh an sláinte níos fearr ag "an duine le Béarla" agus nach chuireadh moill ar an bhfoilsiú dá bharr!
Ach tá sé le moladh.